|
||||
|
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III Liúntaís i leith Caiteachais Chaipitiúil ar Longa Nua a Cheannach | |
[EN] |
Liúntais infheistíochta loingis. [1957, a. 17.] |
246. —(1) I gcás duine a sheolann trádáil do thabhú caiteachais chaipitiúil ag ceannach loinge nua le haghaidh na trádála, tabharfar dó, don bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar tharla an caiteachas ina leith liúntas (dá ngairtear liúntas infheistíochta loingis sa Chaibidil seo) ar cóimhéid le dhá chúigiú den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheidh brabúis nó gnóchain na trádála á muirearú agus is liúntas é in ionad, agus ní liúntas é i dteannta, liúntais tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV: |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1957. | |
[EN] | (2) Chun críocha na Caibidle seo, measfar gurb é an lá a tabhaíodh aon chaiteachas an lá a tháinig an tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha. | |
[EN] | (3) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a thabhairt faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag ceannach loinge nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt. | |
[EN] | (4) San alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite. | |
[EN] |
Forálacha maidir le caitheamh agus cuimilt agus seandacht. [1957, a. 18.] |
247. —(1) D'fhonn a dhéanamh amach cad é méid aon asbhainte a bheidh le lamháil do dhuine ar bith faoi alt 241 (1), is ionann agus an laghdú luacha a tháinig in imeacht na bliana measúnachta, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt, ar aon loing, ní chuirfear liúntais infheistíochta loingis san áireamh nuair a dhéanfar luach na loinge i dtús na bliana a chinneadh. |
[EN] | (2) In alt 241 (6) déanfar “na hasbhaintí mar gheall air sin, agus” agus an abairt “na n-asbhaintí” mar a bhfuil an abairt sin roimh na focail “agus na liúntas” a fhorléiriú mar abairtí nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta loingis a tugadh don duine a sheolann an trádáil. | |
[EN] | (3) Measfar nach gceanglaíonn alt 243 aon liúntas infheistíochta loingis a asbhaint as costas aon loinge chun críocha an ailt sin. | |
[EN] |
Feidhm alt 241 (3). [1957, a. 19; 1960, Sc. 4, Cuid 1.] |
248. —Beidh feidhm ag alt 241 (3) maidir le liúntas infheistíochta loingis mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra. |
[EN] |
An bhrí atá le “bonntréimhse”. [1957, a. 20.] |
249. —(1) Sa Chaibidil seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a thugtar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCaibidil seo, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse arb ar a brabúis agus a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon trádála— | |
[EN] | (a) má théann dhá bhonn-tréimhse isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon; | |
[EN] | (b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin murab í an bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin bliain na trádála a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonntréimhse an t-eatramh; agus | |
[EN] | (c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh. | |
[EN] | (3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil a bhuanscor a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do tharlú aon ní a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil a bhuanscor. | |
[EN] | (b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul isteach ar a chéile a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse. | |
[EN] |
Liúntas infheistíochta loingis a aistarraingt. [1957, a. 21.] |
250. —I gcás ina mbeifear tar éis liúntas infheistíochta loingis a thabhairt d'aon duine i leith caiteachas a thabhaigh sé ag ceannach loinge nua agus go ndíolfaidh sé an long gan é d'úsáid na loinge chun críocha a thrádála nó go ndíolfaidh sé í roimh dheireadh na tréimhse chúig mblian ón lá a tosaíodh á húsáid amhlaidh, déanfar an liúntas infheistíochta loingis a aistarraingt agus déanfar cibé measúnachtaí agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí sa bhreis is gá le haghaidh nó de dhroim liúntas infheistíochta loingis a astarraingt nó liúntas tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV a chur in ionad an chéanna. |