An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Réamhráiteach) Ar Aghaidh (Caibidil II Sceideal B)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID II

Sceidil A agus B

Caibidil I

Sceideal A

Sceideal A.

[1918, Sc. A.]

[1929, a. 8 agus Sc. 1, Cuid I.]

9. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal A—

Sceideal A

1. Muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith na maoine sna tailte, sna tionóntáin agus sna hoidhreachtáin uile sa Stát, in aghaidh gach fiche scilling dá luach bliantúil.

2. Ní bhaineann mír 1 le tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a ndéantar, de bhua alt 53, an mhaoin iontu a mhuirearú faoi Sceideal D, Cás 1.

Luach Bliantúil a Mheas

Luach bliantúil do Sceideal A.

[1918, a. 187 (1); 1935, a. 3 (1) (6) (7) (8); 1944, a. 3 (1).]

10. —(1) Baineann an t-alt seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chuid seo, le luach bliantúil na maoine uile ar maidir léi a bheidh cáin faoi Sceideal A le muirearú.

(2) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is é luach bliantúil na maoine uile cúig cheathrú luacháil inrátaithe na maoine sin de thuras na huaire.

(3) Is é luach bliantúil tailte agus tithe feirme agus foirgneamh feirme a bheidh áitithe i dteannta tailte chun feirmeoireacht a dhéanamh ar na tailte sin a luacháil inrátaithe de thuras na huaire.

(4) Is é luach bliantúil na maoine uile atá i gContae-Bhuirg Phort Láirge luacháil inrátaithe na maoine de thuras na huaire.

(5) Má bhíonn ar áireamh sa luach bliantúil ar maidir leis a bheidh cáin le muirearú ar aon mhaoin de bhun fho-alt (2) (arna ríomh de réir an fho-ailt sin) codán de phunt nach cúig scilling nó iolrú ar chúig scilling féadfar—

(a) más mó é ná deich scilling, an codán sin de phunt a laghdú, chun an luach bliantúil sin a ríomh amhlaidh, go dtí an chéad iolrú eile is ísle ar chúig scilling, nó

(b) más mó é ná cúig scilling ach gur 1ú é ná deich scilling, an codán sin de phunt a laghdú, chun na críche a dúradh, go cúig scilling, nó

(c) más 1ú é ná cúig scilling, neamhshuim a dhéanamh den chodán sin de phunt chun na críche a dúradh.

(6) I gcás ina mbeidh, de bhua fho-alt (2), cáin muirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta ar mhaoin faoi threoir luach bliantúil arna ríomh de réir an fho-ailt sin, agus go laghdófar ina dhiaidh sin an luacháil ar an maoin a bhí i bhfeidhm sa bhliain mheasúnachta sin chun críocha an ráta chontae nó an ráta bhardasaigh agus go dtiocfaidh an laghdú i ngníomh chun críocha an ráta chontae nó an ráta bhardasaigh tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta sin, ansin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir faoiseamh i leith na cánach sin a bheidh muirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin a dheonú maidir le luach bliantúil arna ríomh de réir chúig cheathrú den luacháil sin arna laghdú amhlaidh, féadfaidh siad an faoiseamh sin a dheonú trí aisíoc nó ar shlí eile.

Áit chónaithe úinéir-áitithe phríobháideach.

[1954, a. 5.]

11. —(1) Má dhéanann pearsa aonair éileamh sa tslí a fhorordaítear leis an Acht seo agus go gcruthóidh sé gurb eisean úinéir aon mhaoine a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, feidhm ag alt 10 (2) maidir léi agus go bhfuil an mhaoin sin á háitiú aige go heisiatach mar áit chónaithe dó féin, ansin—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 10 (2) maidir leis an maoin,

(b) faoi réir forálacha na Coda seo, is é luach bliantúil na maoine faoi Sceideal A a luacháil inrátaithe de thuras na huaire, agus

(c) má muirearaíodh cáin i leith na maoine iomchuí ar shlí seachas de réir an ailt seo, aisíocfar aon cháin a ró-íocadh.

(2) Measfar maoin a bheith á háitiú go heisiatach mar áit chónaithe dó féin ag an bpearsa aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) más rud é gur chuige sin atá sí á háitiú aige go formhór agus nach bhfuil aon chuid di á háitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid di á háitiú chun críocha gairme.

Tithe nua-thógtha.

[1935, a. 2.]

12. —D'fhonn a dhéanamh amach i gcás teach nó foirgneamh a bheidh rátaithe den chéad uair, cad é an luach bliantúil ar faoina threoir a bheidh cáin inmhuirir, de bhun na Coda seo, faoi Sceideal A, measfar an luacháil ar faoina threoir a bheidh an teach nó an foirgneamh rátaithe amhlaidh a bheith i bhfeidhm don bhlian mheasúnachta ar lena linn a áiteofar an teach nó an foirgneamh den chéad uair, ach sin faoi réir aon fhaoiseamh is gá i leith na coda sin (más aon chuid é) den bhliain sin nach raibh an teach nó an foirgneamh áitithe.

Measúnacht faoi threoir cíosa bhliantúil.

[1918, a. 187 (4) (5) (6);

1935, a. 3 (5);

1944, a. 3 (1).]

13. —(1) I gcás achomhairc ag duine ar dóigh leis gurb éagóir air aon mheasúnacht faoi Sceideal A, má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta a éistfidh an t-achomharc, nó an Bhreithimh a athéisteoidh an t-achomharc, gur mó an luach bliantúil ar a bhfuil an mheasúnacht bunaithe ná an cíos bliantúil ar ar fiú an mhaoin ar ina leith a dhéantar an mheasúnacht a ligean ó bhliain go bliain, tabharfar faoiseamh tríd an measúnacht a laghdú agus an cháin a mhuirearú ar an méid ar a muirearófaí í dá nglacfaí leis an gcíos sin mar fhoras na measúnachta in ionad an luacha bhliantúil sin.

(2) Más mó an cíos bliantúil sin ar ar fiú an mhaoin a ligean ó bhliain go bliain ná an cíos iarbhír is iníoctha go bliantúil ag an tionónta nó ag an áititheoir, déanfar an tiarna talún nó an léasóir is neasa a mheasúnú agus a mhuirearú, faoi Sceideal A, ar mhéid an chíosa iarbhír amháin, agus déanfar an tionónta nó an t-áititheoir a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal A ar an difear.

(3) Más dóigh le cigire nó le cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin gur mó an luach bliantúil ar faoina threoir atá measúnacht chánach déanta ar aon mhaoin de bhun alt 10 (2) ná an cíos bliantúil ar ar fiú an mhaoin a ligean ó bhliain go bliain, féadfaidh sé, d'ainneoin nach ndearnadh aon achomharc in aghaidh na measúnachta agus d'ainneoin alt 416 (6), faoiseamh a dheonú aon tráth roimh dheireadh na bliana measúnachta tríd an measúnacht a laghdú agus an cháin a mhuirearú ar an méid ar a muirearófaí í, dar leis, dá mba gur measúnaíodh í faoi threoir an chíosa bhliantúil a dúradh in ionad í a mheasúnú faoi threoir an luacha bhliantúil sin, agus is measúnacht chríochnaitheach dhochloíte chun gach críche an mheasúnacht arna laghdú amhlaidh.

(4) Más rud é, maidir le duine a fhaigheann cíos i leith aon mhaoine atá díolmhaithe óna rátú faoin ráta chontae, nó nach bhfuil inmheasúnaithe faoin ráta bardasach ach amháin ar chionúireacht den luacháil inrátaithe, go bhfuil ráta inmhuirir ar an duine sin go feadh leath phuntáiste aon ráta chontae nó nach bhfuil sé inmheasúnaithe i leith an chíosa sin faoin ráta bardasach ach amháin ar chionúireacht den luacháil inrátaithe, déanfar an cháin faoi Sceideal A a mheasúnú agus a mhuirearú air ar lánmhéid an chíosa sin.

Daoine is Inmhuirir

Daoine is inmhuirir.

[1918, a. 187 (2);

1944, a. 3 (1);

1963, a. 24 (1).]

14. —Muirearófar cáin faoi Sceideal A ar thiarna talún nó ar léasóir is neasa na maoine, ach féadfar, más dóigh leis an gcigire gur gá nó gur cuí sin, í a mhuirearú ar an duine a bheidh rátaithe faoin ráta contae nó faoin ráta bardasach i leith na maoine.

Measúnachtaí ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B i gcásanna áirithe.

[1965, a. 3 (1) (2) (3) (6).]

15. —(1) Má bhíonn duine—

(a) i gcaitheamh aon choda de bhliain mheasúnachta, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine nó le daoine eile sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó

(b) i gcaitheamh iomlán aon bhliana measúnachta, i gcomhpháirt mar a dúradh,

i dteideal aon eastáit nó leasa i maoin a mbeadh sé inmheasúnaithe ar leithligh nó i dteannta an duine nó na ndaoine eile ina leith faoi Sceideal A nó Sceideal B, dá mbeadh seisean, nó eisean agus an duine nó na daoine eile, i dteideal an eastáit nó an leasa sin ar feadh na bliana go léir, measúnófar é ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B, cibé acu é, i leith a eastáit nó a leasa, nó i leith a choda den eastát nó den leas, sa mhaoin in aghaidh na coda den bhliain nó in aghaidh na bliana go léir ar an gcionúireacht iomchuí den luach bliantúil nó den luach inmheasúnaithe.

(2) Is iad na himthosca ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine ag a bhfuil teideal chun eastáit nó leasa i maoin i gcomhpháirt le duine nó daoine eile go bhfuil an t-eastát nó an leas sin aige mar chomhoidhrseach, mar nasc-thionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta ar thailte nó ar thionóntáin i gcomhpháirtíocht.

(3) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo a bheith faoi dhliteanas cuid a íoc d'íocaíocht bhliantúil atá forcoimeádta as an maoin iomchuí nó ina muirear uirthi déanfar, chun críocha alt 433, an chuid sin a áireamh mar ní is iníoctha mar fhorcoimeád as an eastát nó an leas, nó as an gcuid den eastát nó den leas, ar ina leith a mheasúnófar é faoin alt seo, nó mar mhuirear ar an gcéanna.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan ar thaobh an duine a bhfuil an íocaíocht á déanamh aige, cáin inasbhainte faoi alt 433.

Ionadaithe taidhleoireachta.

[1918, Sc. A, Uimh., VII, r. 10.]

16. —Aon cháin a bheidh le muirearú i leith aon tí nó tionóntáin a bheidh á áitiú ag ionadaí taidhleoireachta creidiúnaithe aon Stáit choigríche beidh a muirear agus a híoc ar an tiarna talún nó ar an duine ag a mbeidh an teideal is neasa chun cíosa an tí nó an tionóntáin.

Morgáistithe i seilbh.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 13.]

17. —Aon mhorgáistí a bheidh i seilbh na maoine morgáistithe beidh sé faoi dhliteanas i leith na hasbhainte céanna agus a bheadh aon tiarna talún, agus in aon socrú cuntas idir an morgáistí sin agus an morgáisteoir, déanfar an cháin is iníoctha ar ús a bheidh dlite i leith an mhorgáiste a lamháil mar airgead a fuarthas ar chuntas úis.

Ceart a bheith ag daoine a d'íoc cáin aisíoc a fháil i gcásanna áirithe.

[1918, Sc. A, Uimh. VIII, r.1, 2, 4-7, 11.]

1847, c. 32.

18. —(1) Tionónta-áititheoir aon mhaoine a íocann an cháin beidh sé, faoi réir alt 93 (2), i dteideal méid a asbhaint agus a choinneáil i leith an chíosa is iníoctha leis an tiarna talún de thuras na huaire (agus na suimeanna go léir a lamháiltear de bhua an Achta seo a asbhaint i dtosach) is ionann agus an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an cíos sin ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite in aghaidh gach fiche scilling den chéanna, agus déanfar an asbhaint sin as an gcéad íocaíocht a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chuntas cíosa, agus déanfaidh aon ghlacadóir thar ceann an Stáit nó aon duine eile a gheobhaidh an cíos an asbhaint a lamháil ar iarmhar an chíosa a fháil:

Ar choinníoll nach mbeidh tionónta ná áititheoir i dteideal aon suim a asbhaint as an gcíos is mó ná an méid cánach a bheidh muirearaithe i leith na maoine sin a dúradh, agus a d'íoc sé iarbhír.

(2) Beidh tionónta a íocfaidh an cháin saortha agus urscaoilte ón méid airgid is comhionann leis an asbhaint, ionann agus dá mba rud é gur íocadh an tsuim sin iarbhír mar chíos.

(3) I gcás ina mbeidh maoin ar bith faoi réir aon suim bhliantúil a íoc uirthi, cibé acu is iníoctha í go leath-bhliantúil nó de réir aon tréimhse is giorra nó is faide ná sin, beidh teideal, faoi réir alt 93 (2), ag tiarna talún nó ag úinéir a muirearaíodh i leith cánach faoin Sceideal seo nó a bhfuil cáin inbhainte de faoin bhfo-alt seo nó faoi fho-alt (1) ar an íocaíocht sin a dhéanamh, cibé méid den cháin sin a asbhaint agus a choinneáil is ionann agus an ráta nó na rátaí cánach ioncaim a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an íocaíocht sin ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite, in aghaidh gach fiche scilling den chéanna (agus an chionúireacht chuí d'aon suimeanna a lamháladh de bhua an Achta seo a asbhaint i dtosach), agus déanfaidh gach glacadóir thar ceann an Stáit, agus déanfaidh gach duine dá dtabharfar íocaíocht den sórt sin, ar iarmhar an chéanna a fháil, an asbhaint a lamháil, gan aon táille a bhaint amach as sin a dhéanmh:

Ar choinníoll nach mbeidh aon duine den sórt a dúradh ar tionónta nó áititheoir freisin é ar an maoin i dteideal aon mhéid a bhaint as aon chíos is mó ná an méid cánach a bheidh muirearaithe i leith aon mhaoine den sórt sin agus a d'íoc sé iarbhír.

San fho-alt seo ciallaíonn “suim bhliantúil” aon ús, blianacht, cíos, cíosmhuirear, cíos feofheirme nó íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta nó muirearaithe ar aon mhaoin.

(4) Beidh an tiarna talún nó an t-úinéir saortha agus urscaoilte ón méid airgid is comhionann leis na hasbhaintí ionann agus dá mba gur íocadh an tsuim sin iarbhír.

(5) Más rud é go mbeidh, faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847, nó faoi aon Achtanna ag leasú an Achta sin, airgead poiblí airleactha ar mhodh iasachta chun feabhsú tailte a chur ar aghaidh, agus a aisíoc áirithe trí chíosmhuirear ar na tailte a bheidh le híoc thar téarma blianta, trína ndéanfar an phríomhshuim a airleacadh a aisíoc faoi dheireadh le hús, féadfaidh an duine a bheidh ag íoc aon chíosmhuirir den sórt sin an oiread sin den cháin faoi Sceideal A a bheidh muirearaithe i leith na dtailte a asbhaint agus a choinneáil as agus is comhionann leis an gcáin ar an tríú cuid, ar a mhéid, den mhéid is iníoctha de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a raibh an íocaíocht ag faibhriú ar a feadh chun bheith dlite; agus déanfaidh bailitheoirí agus glacadóirí na gcíosmhuirear sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhar an chíosmhuirir sin a bheidh dlite an uair sin a fháil.

(6) Aon duine is tionónta-áititheoir aon mhaoine de thuras na huaire agus ar ceanglaíodh air, agus a rinne, aon suimeanna a íoc ina leith sin faoi Sceideal A ar chóir nó ar cóir, faoi fhorálacha an Achta seo, gur cóir iad a bheith íoctha nó a íoc ag tionónta nó áititheoir roimhe sin, féadfaidh sé an tsuim, nó aon chuid di, is cóir a bheith íoctha nó is cóir a íoc amhlaidh, a asbhaint agus a choinneáil as aon íocaíocht cíosa a dhéanfar ina dhiaidh sin lena thiarna talún.

(7) Amhail idir an t-úinéir agus morgáistí ar a chuid maoine nó aon duine ag a bhfuil muirear uirthi sin nó atá i dteideal aon bhunchíosa, cíosmhuirir, blianachta, nó suime bliantúla eile is iníoctha aisti, ní dhéanfaidh aon fhaoiseamh faoi alt 23 difear do cheart an úinéara faoin alt seo i leith cánach.

Áititheoir.

[1918, Sc. A, Uimh. VII, r. 2.]

19. —Gach duine ag a mbeidh úsáid aon mhaoine measfar gurb eisean áititheoir na maoine sin.

Asbhaintí agus Liúntais

Liúntas i gcás comhlachta eaglaisigh nó choláistigh.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 1 (c) agus 3.]

20. —(1) Tabharfar liúntas faoi Sceideal A i leith an mhéid a bheidh caite i gcaitheamh na bliana roimh an mbliain mheasúnachta ar dheisiúcháin a rinne aon chomhlacht eaglaiseach nó comhlacht coláisteach ar aon eaglais choláisteach nó séipéal coláisteach nó ar shaingeal eaglaise, nó ar aon choláiste nó halla in aon ollscoil sa Stát, nó a rinne aon duine a raibh de cheangal air an céanna a dheisiú.

(2) Féadfar na liúntais a dheonófar faoin alt seo a dheonú don chomhlacht nó don duine a thuairiscítear ansin in aon tsuim amháin, trína n-asbhaint ón measúnacht, más ann, ar an gcomhlacht nó ar an duine sin, nó trí aisíocaíocht.

Liúntas i leith rátaí siltin agus rátaí eile agus caiteachais ar mhuirbhallaí.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 1 (f), (g) agus 2.]

21. —(1) Tabharfar liúntas faoi Sceideal A—

(a) i leith an mhéid a bheidh muirearaithe ar mhaoin le ráta poiblí nó le measúnacht phoiblí i leith siltin, fálaithe, nó tógáil cladhfoirt;

(b) i leith an mhéid a bheidh caite ag tiarna talún nó ag úinéir tailte de réir mheán an bhliain is fiche roimhe sin, ag déanamh nó ag deisiú muirbhallaí nó cladhfoirt eile is gá le haghaidh na dtailte a bhuanchoimeád nó a chosaint i gcoinne cúngrach nó tuiliú na farraige nó aon abhann taoide, bíodh is nach ndearnadh na suimeanna a caitheadh a mhuirearú ar na tailte trí ráta poiblí nó trí mheasúnacht phoiblí.

(2) Deonófar na liúntais a dheonófar faoin alt seo (mura tionónta a dhéanann na híocaíochtaí lena mbaineann siad, nó aon chuid díobh) ón measúnacht ar an maoin lena mbaineann.

Nós imeachta agus teorainneacha ama le haghaidh éileamh faoi na forálacha sin roimhe seo.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 5 agus 6;

1925, a. 9 (3).]

22. —(1) An duine a bheidh i dteideal aon cheann de na liúntais sin roimhe seo nach ndearnadh ar mhodh asbhainte nó cealaithe ón measúnacht agus a fhéadfar a dhéanamh trí aisíoc, féadfaidh an duine sin an liúntas a éileamh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis bheith caite don bhliain mheasúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire.

(2) Ar chruthúnas a fháil dó go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal an liúntais, deimhneoidh an cigire sonraí agus méid an liúntais do na Coimisinéirí Speisialta, agus eiseoidh siad sin ordú aisíoca.

Liúntas deisiúchán.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 7;

1934, a. 2;

1959, a. 32 (1).]

23. —(1) I gcás ina mbeidh cáin muirearaithe ar luach bliantúil arna mheas ar shlí seachas i ndáil le brabúis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) i gcás measúnacht ar aon tailte nó ar aon teach feirme nó foirgnimh feirme atá áitithe i dteannta aon tailte le feirmeoireacht a dhéanamh ar na tailte sin, déanfar, chun críocha bailithe, méid na measúnachta a laghdú suim is ionann agus an t-ochtú cuid di; agus

(b) i gcás measúnachta ar aon áitribh is foirgnimh nó déanmhais tionscail de réir bhrí alt 255, déanfar, chun críocha bailithe, méid na measúnachta a laghdú—

(i) i gcás inarb é an t-úinéir an t-áititheoir nó gurb inmhuirir é mar thiarna talún, nó i gcás inar tionónta an t-áititheoir agus gur ghlac an tiarna talún air féin costas na ndeisiúchán a íoc, suim is ionann agus an tríú cuid den mhéid sin; agus

(ii) i gcás inar tionónta an t-áititheoir agus gur ghlac sé air féin costas na ndeisiúchán a íoc, cibé suim, nach mó ná an tríú cuid den mhéid sin, is gá chun é a laghdú le bheith cothrom leis an méid cíosa is iníoctha aige.

(2) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (a), go bhfuil méid na measúnachta níos mó ná an t-ochtú cuid nó, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (b) níos mó ná an tríú cuid faoi bhun an chíosa, tar éis aon eisíocaíocht a bhaint as an gcíos sin ba chóir de réir dlí a bhaint as agus an mheasúnacht á déanamh, ní dhéanfar na laghduithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Liúntas le haghaidh cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 8;

1918, a. 17;

1922, a. 25;

1934, a. 2;

1959, a. 32 (1).]

24. —(1) Má dhéanann úinéir aon mhaoine a laghdófar faoi alt 23 chun críocha bailithe an mheasúnacht uirthi a chruthú go ndeachaigh a chostas maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí, de réir meán na gcúig bliana roimhe sin, thar an ochtú cuid, i gcás lena mbaineann alt 23 (1) (a), de luach bliantúil na talún mar a glacadh leis faoi Sceideal A agus, i gcás lena mbaineann alt 23 (1) (b), thar an tríú cuid den luach sin, beidh teideal aige, i dteannta aon laghdú ar an measúnacht chun críocha an bhailithe, go n-aisíocfaí leis méid na cánach ar an mbreis ar éileamh a dhéanamh chuige sin:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon aisíoc cánach faoin bhfo-alt seo maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais nó bainistí, má rinneadh agus a mhéid a rinneadh an costas sin a lamháil ar shlí eile mar asbhaint agus ioncam á ríomh chun críche cánach ioncaim; agus

(b) nach mbeidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin bhfo-alt seo i leith aon ioncaim a mbeidh teideal aige an cháin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile nó é a asbhaint, a choimeád nó a íoc as aon íocaíocht a bheidh dlite de a dhéanamh le haon duine eile.

(2) Nuair a bheidh costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí aon talún nó tithe á chur i gcomparáid, chun críche an ailt seo, le luach bliantúil na talún nó na dtithe, déanfar costas iomlán na cothabhála, na ndeisiúchán, an árachais agus na bainistí ar aon talamh a bhainistítear mar eastát amháin, nó ar aon tithe ar aon talamh den sórt sin, a chur i gcomparáid le luach bliantúil iomlán na talún nó na dtithe, de réir mar a bheidh.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 maidir le héilimh ar aisíoc faoin alt seo:

Ar choinníoll, má dhéanann úinéir aon talún nó tí dearbhú i dtaobh an chostais a bhain dó maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí agus an dearbhú sin a sheachadadh do chigire, agus go mbeidh an cigire sásta i dtaobh an dearbhú a bheith ceart, go ndeimhneoidh an cigire méid an liúntais a mbeidh teideal chuige ag an úinéir faoin alt seo, agus ansin déanfar aisíoc de réir a dheimhnithe.

(4) Nuair a bheidh meán na gcúig bhliana chun críocha an ailt seo á ríomh, is í an bhliain lena nglacfar an bhliain dar críoch an 31ú lá de Mhárta, nó cibé dáta eile, ghlacfaidh úinéir na talún nó na dtithe le toiliú an chigire, agus measfar gurb iad na cúig bliana roimhe sin na blianta sin roimh thosach na bliana arb ina haghaidh atá an cháin muirearaithe ar ina leith a éilítear aisíoc.

(5) Chun críocha an ailt seo folóidh “cothabháil” athsholáthar tithe feirme, foirgneamh feirme, iostán, fál, agus oibreacha eile nuair is gá an t-athsholáthar chun an cíos láithreach a chothabháil.

Faoiseamh cothabhála do mhaointe beaga.

[1934, a. 2 (2); 1935, a. 3 (3).]

25. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haon teach nó foirgneamh nach mó ná sé phunt cúig scilling a luach bliantúil arna fhionnadh de réir alt 10—

(a) go bhfuil an teach nó an foirgneamh sin ligthe bona fide chun tionónta, agus

(b) gurb ar an tiarna talún nó ar an léasóir is neasa atá costas deisiúchán, cothabhála agus árachaithe an tí nó an fhoirgnimh, agus

(c) gur lú luach bliantúil an tí nó an fhoirgnimh sin arna fhionnadh amhlaidh ná an t-ioncam bliantúil a fhaigheann an tiarna talún nó an léasóir is neasa sin as an teach nó an foirgneamh sin, agus na blianta a thógáil le chéile, tar éis lamháil a dhéanamh i leith an méid a chosain na deisiúcháin, an chothabháil agus an t-árachas sin air,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh a dheonú, trí aisíoc nó eile, is cóir.

Caillteanas de dheasca tuile nó anfa.

[1918, Sc. A, Uimh. V, r. 9.]

26. —(1) I gcás ina ndearnadh talamh a fhorléasadh ar cíos forcoimeádta, gan fíneáil nó suim eile a íoc nó conradh a dhéanamh ina leith in ionad cíosa fhorcoimeádta, agus go rabhthas caillteach leis na barraí a bhí ag fás, nó leis an stoc, ar na tailte, nó go raibh na tailte nó aon chuid díobh neamhinsaothraithe in imeacht aon bhliana mar gheall ar thuile nó anfa, féadfaidh an cigire, ar é d'fháil cruthú gur lamháil nó gur chomhaontaigh an t-úinéir, cealú a dhéanamh don tionónta, i gcomaoin aon chaillteanais den sórt sin, ar an gcíos go léir nó ar aon chuid den chíos a bhí forcoimeádta nó iníoctha d'aon bhliain den téarma, an chomhréir chéanna de chealú a dhéanamh sa mheasúnacht faoi Sceideal A don bhliain ar cealaíodh cíos ina haghaidh, agus an céanna a urscaoileadh ón gcomhréir chéanna cánach.

(2) I gcás aon chaillteanas den sórt sin tarlú ar thailte a bhí á n-áitiú ag an úinéir, féadfaidh an cigire, ar é d'fháil cruthú ar an gcaillteanas, cealú den sórt, agus urscaoileadh ó cháin den sórt, a dhéanamh faoi Sceideal A a dhéanfaí dá mbeadh an talamh forléasta chun tionónta agus go ndearna an t-úineír an cealú sin cíosa ar comhréir leis an gcaillteanas a mheasann an cigire a dhéanfaí nó ba chóir a dhéanamh i leith an chaillteanais sin.

Ollscoileanna, coláistí, ospidéil, scoileanna agus tithe almsa.

[1918, Sc. A. Uimh. VI, r. 1.]

27. —Tabharfar na liúntais bhreise seo a leanas faoi Sceideal A—

(a) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon choláiste nó halla in aon ollscoil sa Stát, i leith na bhfoirgneamh agus na n-oifigí poiblí a bhaineann leis an gcoláiste nó leis an halla, a mhéid nach bhfuil siad á n-áitiú ag aon duine ar leithligh de nó ag aon duine atá ag íoc cíosa ar an gcéanna:

(b) an méid a caitheadh ar fhoirgnimh phoiblí agus oifigí aon choláiste nó halla den sórt sin a dheisiú, agus ar na gairdíní, na cosáin agus na faichí críléise, a deisíodh agus a cothabháladh as cistí an choláiste nó an halla:

(c) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon ospidéal, scoil phoiblí, nó teach almsa i leith na bhfoirgneamh, na n-oifigí, agus na n-áitreabh poiblí a bhaineann leis an gcéanna, agus sa mhéid nach bhfuil sin á áitiú ag aon oifigeach ar leithligh nó ag máistir an chéanna a bhfuil £150 nó níos mó aige d'ioncam iomlán bliantúil, cibé foinse as a dtagann sé, arna mheas de réir an Achta seo, nó ag duine atá ag íoc cíosa ar an gcéanna:

(d) an méid a caitheadh ag deisiú aon ospidéil, scoile poiblí, nó tí almsa den sórt sin, agus na n-oifigí a bhaineann leis an gcéanna, agus na ngairdíní, na gcosán, agus na bhfaichí a úsáidtear le haghaidh cothaithe nó críléise na mbiatach, na scoláirí agus na n-almsach faoi seach, a dheisítear agus a chothabháiltear le cistí an ospidéil, na scoile poiblí nó an tí almsa:

(e) méid na cánach a bheidh muirearaithe ar aon fhoirgneamh is maoin le haon fhoras litríochta nó eolaíochta, agus nach n-úsáidtear ach amháin chun críocha an fhorais sin, agus nach ndéantar nó nach n-éilítear aon íocaíocht ann ar aon teagasc a thugtar ann trí léachtaí nó eile, agus a mhéid nach bhfuil sé á áitiú ag oifigeach den fhoras ná ag aon duine a íocann cíos ar an gcéanna.

Liúntas do rátaí a íocann an tiarna talún.

[1918, a. 194: 1944, a. 3 (1).]

28. —Nuair a bheidh cáin is inmhuirir faoi Sceideal A ar an tiarna talún nó ar an léasóir is neasa á measúnú—

(a) mura lú an méid nó an luach bliantúil, ar a ndéanfar an mheasúnacht, ná an cíos bliantúil a fhorcoimeádtar nó is iníoctha leis i leith na maoine ar maidir léi a dhéanfar an mheasúnacht, tabharfar liúntas nó déanfar cealú i leith an mhéid den ráta contae nó na cionúireachta sin is inchurtha chun fóirithint ar na boicht den ráta bardasach a d'íoc sé i leith na maoine céanna an bhliain roimhe sin; agus

(b) más lú an méid nó an luach bliantúil ar a ndéanfar an mheasúnacht ná an cíos sin, tabharfar liúntas nó déanfar cealú ar aon-mhéid leis an mbreis a bheidh ar an gcíos sin ag méid an ráta chontae nó na cionúireachta is inchurtha chun fóirithint ar na boicht den ráta bardasach, i dteannta na suime ar a ndearnadh an mheasúnacht.

Aisíoc cánach i leith cíosa a cailleadh.

[1918, a. 204; 1925, a. 9 (4).]

29. —(1) Má bhíonn tiarna talún nó léasóir is neasa aon mhaoine a muirearaíodh i leith cánach faoi Sceideal A tar éis an cháin a íoc agus má chruthaíonn sé, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, go bhfuil an cíos, nó aon chuid de atá dlite dó nó iníoctha leis i leith na maoine sin, in aghaidh na tréimhse ar muirearaíodh an cháin sin ina leith, caillte go hiomlán agus go doghnóiteach—

(a) mar gheall ar fhéimheacht, dócmhainneacht, nó éalú an tionónta nó an áititheora ag arbh iníoctha an cíos sin; nó

(b) mar gheall ar an tionónta nó an t-áititheoir sin do shannadh nó d'aistriú a chuid earraí go calaoiseach, nó

(c) mar gheall ar an maoin a bheith fágtha ar diomailt gan áitiú,

beidh teideal aige go n-aisíocfar leis cibé cionúireacht den cháin sin a bheidh íoctha aige i leith an chíosa a cailleadh amhlaidh; agus eiseoidh na Coimisinéirí Speisialta ordú aisíoca, díreach mar a dhéanann siad i gcás aisíocaíochtaí eile.

(2) Déanfar aon éileamh den sórt sin ar aisíoc laistigh de bhliain tar éis bheith caite don bhliain mheasúnachta.