An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVI Liúntais Bhliantúla i Leith Caiteachais Chaipitiúil áirithe ar Fhoirgnimh agus Déanamhais Thionscail, ar Innealra agus Gléasra, ar Phaitinní agus ar Dhreidireacht) Ar Aghaidh (Caibidil III Paitinní: Liúntais Bhliantúla agus Liúntais Chothromaíochta agus Muirir Chothromaíochta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Innealra agus Gléasra: Liúntais Chothromaíochta agus Muirir Chothromaíochta

Léiriú.

[1959, a. 33;

1965, a. 2 (b).]

271. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “liúntas tosaigh” liúntas faoi Chaibidil 1 de Chuid XV;

ciallaíonn “liúntas taighde eolaíochta”—

(a) maidir le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, méid iomlán aon liúntas a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna mhéadú méid aon liúntais a tugadh faoi alt 244 (4) (b) nó, de réir mar a bheidh, arna laghdú aon mhéid a measfar gur fáltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c), agus

(b) maidir le haon chaiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin, méid aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna laghdú aon mhéid a measfar gur fháltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c) mar a bhaineann sé le caiteachas faoina ndeachthas an dáta sin nó dá éis;

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” asbhaint arna lamháil faoi alt 241.

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta.

[1959, a. 34.]

272. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon teagmhas acu seo a leanas i gcás aon innealra nó gléasra ar tugadh liúntas tosaigh nó liúntas caithimh agus cuimilte ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta do dhuine agus é ag seoladh trádala:

(a) aon teagmhas a tharlóidh tar éis an trádáil a bhunú agus roimh bhuanscor di trína scoirfidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála (cibé acu ar an innealra nó ar an ngléasra a dhíol é nó in aon chúinsí eile de shaghas ar bith),

(b) aon teagmhas a tharlóidh mar a dúradh trína mbuanscoirfear den innealra nó den ghléasra (agus é i gcónaí ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála) de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige,

(c) buanscor den trádáil, gan an t-innealra nó an gléasra do scor roimhe sin de bheith ina mhaoin dá chuid féin an duine a bheidh ag seoladh na trádála,

déanfar, sna cúinsí a luaitear san alt seo, liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirir cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine sin, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine sin in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann nó i gcás inar mó ná an t-airgead sin ná an méid caipitil a bheidh caite ag an duine sin ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, tabharfar liúntas cothromaíochta, agus is é an méid a bheidh ann méid an chaiteachais a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith mar a dúradh, nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an chaiteachais sin ar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná an méid, más aon mhéid é, den chaiteachas sin a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis nó, más nialas an méid a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith, is comhionann leis an airgead sin.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3), ní bheidh an méid ar a ngearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine níos mó, i gcás ar bith, ná comhiomlán na méideanna seo a leanas:

(a) méid an liúntais thosaigh a thabharfar dó, má thugtar, i leith an chaiteachais a bheidh i gceist,

(b) méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a thabharfar dó i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh i gceist,

(c) méid aon liúntais thaighde eolaíochta a thabharfar dó i leith an chaiteachais, agus

(d) méid aon liúntais chothromaíochta a tugadh dó roimhe sin i leith an chaiteachais.

(5) Más rud é, maidir le haon innealra nó gléasra, go dtarlóidh teagmhas lena mbainfidh mír ar bith de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) agus go dtarlóidh teagmhas eile dá éis lena mbainfidh aon mhír de na míreanna sin, ní áireofar an teagmhas is déanaí acu mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin.

Rogha i gcás ina gcuirfear innealra nó gléasra in ionad innealra nó gléasra.

[1959, a. 35 (1) (2).]

273. —(1) Má dhéanann úinéir innealra nó gléasra a mbeidh aon teagmhas dá luaitear in alt 272 (1) tar éis tarlú ina chás innealra nó gléasra a chur in ionad an innealra nó an ghléasra chéadluaite agus go mbeidh muirir cothromaíochta le gearradh air mar gheall ar an teagmhas sin nó go mbeadh, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, muirear cothromaíochta le gearradh air mar gheall air, ansin, má roghnaíonn sé amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire cánach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) má bíonn an méid ar a ngearrfaí an muirear níos mó ná an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra nua—

(i) ní ghearrfar an muirear ach amháin ar mhéid is comhionann leis an difear,

(ii) ní thabharfar aon liúntas tosaigh, aon liúntas cothromaíochta ná aon liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra nua ná i leith an chaiteachais a tabhaíodh á sholáthar, agus

(iii) nuair a bheifear a bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus má tá cad é an muirir cothromaíochta atá, le gearradh i leith an chaiteachais leis an innealra nó an gléasra nua, measfar liúntais tosaigh is comhionann le hiomlán an chaiteachais sin a bheith tugtha i leith an chaiteachais sin;

(b) más comhionann an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra nua agus an méid ar a ngearrfaí an muirear, nó más mó é ná an méid sin—

(i) ní ghearrfar an muirear,

(ii) déanfar méid aon liúntais thosaigh i leith an chaiteachais sin agus méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a ríomh amhail is dá mbeadh an caiteachas laghdaithe an méid ar a mbeifí tar éis an muirear a ghearradh, agus

(iii) nuair a bheifear a bhreithniú an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh i leith an innealra nó an ghléasra nua, agus má tá cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh ina leith liúntas tosaigh is comhionann leis an méid ar a ngearrfaí an muirear, i dteannta aon liúntais thosaigh a tugadh iarbhír ina leith.

(2) I gcás aon roghnú a dhéanamh den sórt a luaitear in alt 243, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra a gcuirfear innealra nó gléasra ina ionad.

An bhrí atá le tagairtí do mhéid nach bhfuil liúntas tugtha ina leith.

[1959, a. 36.]

274. —Na tagairtí sa Chaibidil seo don méid d'aon chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt ina leith fós amhail aon tráth áirithe, forléireofar iad mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide—

(a) aon liúntas tosaigh a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha ina leith don duine a thabhaigh é,

(b) aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra ar i ndáil lena sholáthar a tabhaíodh an caiteachas, agus ar liúntais iad in aghaidh aon bhliana measúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina leith a tharlaíonn an tráth iomchuí nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin,

(c) aon liúntas taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) aon liúntas cothromaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais.

Feidhm maidir le comhpháirtíochtaí.

[1959, a. 37;

1965, a. 55 (5) (6) (7).]

275. —(1) I gcás aon teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra tarlú tar éis trádáil a bhunú agus an tráth nó roimh an tráth a bhuanscoirfear di ar trádáil í a bheidh tráth ar bith á seoladh i gcomhpháirtíocht, déanfar, faoi réir alt 72, aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheidh, dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air i leith an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar an teagmhas sin a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála an bhliain mheasúnachta sa bhonntréimhse arb ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas sin, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mba é an duine nó dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaithe ag seoladh na trádála sin:

Ar choinníoll, nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha alt 272 (4) maidir le haon liúntas cothromaíochta den sórt sin, nach measfar, i gcás na n-asbhaintí agus na liúntas a lamháladh nó a tugadh i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó in aghaidh aon bhliana measúnachta níos luaithe ná sin, go bhfolaíonn siad sin asbhaintí nó liúntais a tugadh do dhaoine, nó is inchurtha i leith scaireanna daoine, nach raibh, ina n-aonar nó i gcomhpháirtíocht le daoine eile, ag seoladh na trádála i dtús na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(2) Nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, lamhálfar, tabharfar agus gearrfar na liúntais chéanna, na hasbhaintí céanna agus na muirir chéanna i leith innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha na trádála sin agus ba le comhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe ach nár mhaoin chomhpháirtíochta agus a bheadh le lamháil, le tabhairt nó le gearradh dá mba leis na comhpháirtithe uile gach tráth ábhartha an t-innealra nó an gléasra agus gur mhaoin chomhpháirtíochta an céanna agus go ndearnadh ag nó leis na comhpháirtithe uile gach ní a rinneadh ag nó le aon chomhpháirtí áirithe acu i ndáil leis an gcéanna.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 272, ní dhéanfar díol nó bronnadh innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, ar díol nó bronnadh é ag ceann amháin nó níos mó, de na comhpháirtithe le ceann amháin nó níos mó, nó ar cheann amháin níos mó, de na comhpháirtithe, a áireamh mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta má leantar den innealra nó an gléasra a úsáid tar éis an díola nó an bhronnta chun críocha na trádála sin.

(4) Ná tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) d'úsáid chun críocha trádála ní fholaíonn siad tagairtí d'úsáid de bhun ligin ag an gcomhpháirtí nó na comhpháirtithe áirithe chun na comhpháirtíochta ná d'úsáid i gcomaoin aon íocaíocht a thabhairt don chomhpháirtí nó do na comhpháirtithe áirithe is féidir a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh.

Innealra nó gléasra a úsáideadh go páirteach chun críocha nach críocha trádála.

[1959, a. 38.]

276. —I gcás teagmhas tarlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a bheith le tabhairt d'aon duine, nó muirear cothromaíochta a bheith le gearradh ar aon duine, agus maidir leis an innealra nó an gléasra lena mbainfidh gur innealra nó gléasra é a d'úsáid an duine sin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige agus a úsáideadh chun críocha eile freisin, ansin, nuair a bheifear ag cinneadh méid an liúntais nó, de réir mar a bheidh, an mhéid ar a mbeidh an muirear le gearradh, tabharfar aird ar na himthosca iomchuí uile agus, go háirithe, ar mhéid na húsáide chun na gcríocha eile sin, agus tabharfar dó liúntas a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar a bheidh, gearrfar air muirear a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir, réasúnach

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta a ríomh i gcásanna áirithe.

[1959, a. 39.]

277. —(1) I gcás teagmhas tarlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt nó muirear cothromaíochta a ghearradh i leith innealra nó gléasra, gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil, agus, tráth nó um thráth an scoir, go dtarlóidh, maidir leis an innealra nó an gléasra, aon teagmhas den sórt a luaitear i míreanna (a) go (c) den mhíniú ar “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” atá in alt 304, nach é bheidh sa teagmhas díol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte seachas díol lena mbaineann alt 299, ansin, d'fhonn a chinneadh—

(a) an dtagann liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta den scor, agus, má thagann,

(b) méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid ar a bhfuil an muirear le gearradh,

measfar gurb é méid an ghlanfháltais, an chúitimh, an fháltais nó an airgid árachais a luaitear sna míreanna sin (a) go (c) a thiocfaidh den teagmhas deiridh a luaitear méid an airgid díola, árachais, tarrthála nó chúitimh a thiocfaidh ar bhuanscor den trádáil.

(2)   (a) Faoi réir fho-ailt (3) agus (5), beidh éifeacht ag mír (b) den fho-alt seo má tharlaíonn teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra, agus—

(i) gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil agus láithreach i ndiaidh trátha an scoir go leanfaidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bhí ag seoladh na trádála díreach roimh an tráth sin agus gur cás é nach mbaineann fo-alt (1) leis,

(ii) gurb é an teagmhas buanscor den trádáil agus go ndéanfar, tráth an scoir, an t-innealra nó an gléasra a dhíol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, agus nach díol é lena mbaineann alt 299, nó go dtabharfar an t-innealra nó an gléasra in aisce,

(iii) gurb éard é an teagmhas díol an innealra nó an gléasra ar phragas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, nach díol lena mbaineann an t-alt sin 299, nó gurb éard é an t-innealra nó an ghléasra a bhronnadh, nó

(iv) gurb éard é an teagmhas go dtarlóidh, tar éis an trádáil a bhunú agus sula mbuanscoirfear di, go scoirfidh an t-innealra nó an gléasra go buan de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála céadluaite, agus go scoirfidh sé amhlaidh de dhroim an duine sin d'aistriú an innealra nó an ghléasra chun úsáide eile nó, ar aistriú a dhéanamh ar an trádáil nach meastar go dtagann buanscor den trádáil de, de dhroim an t-aisteoir do choimeád an innealra nó an ghléasra.

(b) Chun a chinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é méid an liúntais nó, de réir mar a bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear le gearradh, áireofar an teagmhas amhail is dá mba chúis é le hairgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh de mhéid is comhionann le praghas margaidh oscailte an innealra nó an ghléasra.

(3) Ní fholaíonn tagairtí i bhfo-alt (2) do dhíol innealra nó gléasra ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte tagairtí do dhíol i gcúinsí de shórt go ndéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal E de bhua forálacha Chaibidil III de Chuid V, agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) (b) de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh má tugadh an t-innealra nó an gléasra in aisce i gcúinsí den sórt a dúradh.

(4) Faoi réir forálacha fho-alt (5), i gcás ina mbeidh éifeacht ag fo-alt (2) (b) de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh ar dhuine ar bith nó a dhíol le duine ar bith agus go nglacfaidh nó go gceannóidh an duine sin é lena úsáid chun críocha trádála a sheolann sé, ansin, nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil aon liúntais chaithimh agus chuimilte nó aon liúntais chothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirear chothromaíochta le gearradh i ndáil leis an trádáil sin, agus, má tá, cad iad na liúntais nó na muirir iad, is é an toradh céanna a bheidh dá dhroim sin a bheadh air agus dá mba ar an bpraghas margaidh oscailte a bhí an fáltaí nó an ceannaitheoir tar éis an t-innealra nó an gléasra a cheannach.

(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (4), go ndéanfaidh an fáltaí nó an ceannaitheoir agus an deontóir nó an díoltóir, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, a roghnú amhlaidh i gcomhar le chéile, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (2) (b) agus ag fo-alt (4) amhail is dá gcuirfí in ionad na dtagairtí don phraghas margaidh oscailte tagairtí don phraghas sin nó do mhéid an chaiteachais a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith díreach roimh an mbronnadh nó an díol, cibé acu is lú;

(b) d'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, más ann, ar an bhfáltaí nó ar an gceannaitheoir ar aon teagmhas tarlú tar éis dáta a bhronnta nó an díola a bheadh le gearradh ar an deontóir nó ar an díoltóir dá leanadh an deontóir nó an díoltóir de bheith ina úinéir ar an innealra nó an gléasra agus dá ndéanadh sé gach ní agus go lamhálfaí dó gach liúntas i ndáil leis an gcéanna a rinne an fáltaí nó an ceannaitheoir nó a lamháladh don fháltaí nó don cheannaitheoir.

(6) San alt seo ciallaíonn “praghas margaidh oscailte”, maidir le haon innealra nó gléasra, an praghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é tráth an teagmhais áirithe sin.

Rogha i gcás comharbais faoi uacht nó díthiomnacht.

[1959, a. 40.]

278. —I gcás duine do theacht i gcomharbas trádála mar thairbhí faoi-uacht ní ar dhíthiomnacht dhuine mhairbh a bhí ag seoladh na trádála sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an tairbhí amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, maidir le haon innealra nó gléasra a bhí ar úinéireacht roimhe sin ag an duine marbh agus a bhí á úsáid aige chun críocha an chéanna:

(a) maidir leis an tagairt in alt 300 don phraghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte measfar, maidir leis an gcomharbas agus aon chomharbas roimhe sin a tharla ar bhás an duine mhairbh nó dá éis, gur tagairt í don phraghas sin nó don méid sin den chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra nach raibh liúntas tugtha fós ina leith díreach roimh an gcomharbas a bheidh i gceist, cibé acu is lú; agus

(b) d'ainneoin aon ní san alt sin, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, más ann, ar an tairbhí ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis a chomharbais, a bheadh le gearradh ar an duine marbh dá mba nach bhfuair sé bás agus gur lean an t-innealra nó an gléasra de bheith ar úinéireacht aige agus go raibh sé tar éis gach rud acu sin a dhéanamh agus gach liúntas acu sin a fháil i ndáil leis an gcéanna a rinne an tairbhí nó an comharba nó a lamháladh don tairbhí nó don chomharba ar aon chomharbas roimhe sin den sórt a luaitear i mír (a).

Measfar gur tugadh liúntas caithimh agus cuimilte i gcásanna áirithe.

[1959, a. 41.]

279. —(1) Nuair a bheifear ag cinneadh, le linn brabúis nó gnóchain thrádála a bheith á muirearú, an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine ar bith, nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh ar dhuine ar bith, in aghaidh aon bhliana measúnachta agus, má tá cad é an liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach bliana measúnachta roimhe sin ar mhaoin dá chuid an t-innealra nó an gléasra agus is bliain mheasúnachta a bheidh le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte méadaithe, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mbeadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) comhlíonta maidir le gach bliain roimhe sin acu sin.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach bliain mheasúnachta roimhe sin ar bhliain í ar mhaon de chuid an duine an t-innealra nó an gléasra agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála,

(b) nach raibh an trádáil á seoladh aige,

(c) a raibh an trádáil á seoladh aige i gcúinsí a thugann, ar shlí seachas de bhua Chaibidil I de Chuid XXV, nach raibh iomlán brabús nó gnóchan na trádála inmhuirir i leith cánach ioncaim,

(d) nach raibh an cháin ioncaim go léir, nó cuid den cháin ioncaim, ab inmhuirir i leith brabús na trádála iníoctha de bhua Chaibidil II de Chuid XXV, nó

(e) a ndearnadh an cháin ioncaim ab iníoctha ina haghaidh i leith brabús na trádála a laghdú de bhua Chaibidil III nó Chaibidil IV de Chuid XXV,

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) an trádáil a bheith á seoladh ag an duine iomchuí riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus í a bheith á seoladh amhlaidh aige i gcúinsí a thugann gurbh inmhuirir cáin ioncaim ar iomlán brabús nó gnóchan na trádála sin,

(b) nach é a bhí, go hiomlán ná go páirteach, sa trádáil tráth ar bith oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XXV,

(c) gur go haonarach chun críocha na trádála a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé go cuí ceart-éileamh ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).

Foirdheontais i leith caithimh agus cuimilte.

[1959, a. 42.]

280. —(1) I gcás—

(a) teagmhas tarlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith, nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar dhuine ar bith, i leith aon innealra nó gléasra a sholáthraigh nó a d'úsáid sé chun críocha trádála; agus

(b) aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin ina dhiaidh seo san alt seo)—

(i) ar suimeanna iad in aghaidh nó i leith an chaithimh agus na cuimilte a bhain don innealra nó don ghléasra óna úsáid chun críocha na trádála, agus

(ii) nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam dá chuid ná le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain aon trádála a bhí á seoladh aige,

gur íocadh iad, nó go bhfuil siad le bheith iníoctha, leis go díreach nó go neamhdhíreach,

ansin, nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt don duine sin nó muirear cothromaíochta le gearradh air agus, má tá, cad é an liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh dó, in aghaidh na mblianta measúnachta a úsáideadh an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála, liúntais chaithimh agus chuimilte i leith an chéanna ar chomhionann a n-iomlán le hiomlán na suimeanna sin, de bhreis agus de bharr ar na liúntais, chaithimh agus chumailte a tugadh dó i leith an innealra nó an ghléasra, má b'ann.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).

Iarratas chun léasóirí.

[1959, a. 43 (1).]

281. —I gcás innealra nó gléasra a ligean ar théarmaí a thugann gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir leis an léasóir amhail is dá mba go raibh an t-innealra nó an gléasra á úsáid, i gcaitheamh téarma an ligin, chun críocha trádála a bhí á seoladh aige.

An modh ar a dtabharfar liúntais agus ar a ngearrfar muirir.

[1959, a. 44.]

282. —(1) Aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine ar bith, nó aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar ar dhuine ar bith, faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo déanfar, mura faoin réim nó de bhua alt 281 é, é a thabhairt don dhuine sin nó é a ghearradh air nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála.

(2) Aon liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 241 (5) nó aon liúntas cothromaíochta a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 281 is trí fhuascailt nó aisíoc cánach a thabharfar é agus beidh sé ar fáil go príomha in aghaidh ioncaim as ligean an innealra nó an ghléasra.

(3) Aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar faoi réim nó de bhua alt 281 is faoi Chás IV de Sceideal D a ghearrfar é.

Feidhm maidir le gairmeacha agus fostaíochtaí.

[1959, a. 45.]

283. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, modhnaithe mar is gá, maidir le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí, amhail mar tá feidhm acu maidir le trádála.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 34 nó 36, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil d'fhorálacha na Caibidle seo maidir le háitiú tailte (agus tailte coille a áireamh).