|
||||
|
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V Ilghnéitheach agus Ginearálta | |
[EN] |
Mar a dheonófar liúntais agus mar a mhuirearófar cáin i gcásanna áirithe. [1959, a. 58; 1960, Sc. 4, Cuid I.] |
295. —(1) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo, agus tabharfar an liúntas ar mhodh asbhainte nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) maidir leis an liúntas mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra. |
[EN] | (2) Aon mhuirear a bheidh le gearradh faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo ar dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála déanfar é trí mheasúnacht i dteannta aon mheasúnachta eile a bheidh le déanamh ar an gcéanna don bhliain sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu maidir le trádála. | |
[EN] |
Modh deonta, agus éifeacht, liúntas a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach. [1959, a. 59.] |
296. —(1) I gcás ina mbeidh aon liúntas le tabhairt, faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo, do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus a bheidh le tabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus a bheidh ar fáil, nó ar fáil go príomha, i gcoinne saghas sonraithe ioncaim, déanfar méid an liúntais a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne ioncaim, den saghas sin dá chuid don bhliain mheasúnachta sin, agus, más mó an méid a bheidh le lamháil ná méid a ioncaim den saghas sin don bhliain mheasúnachta sin, déanfar an iarmhéid a asbhaint as a ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne a ioncaim, den saghas sin don chéad bliain mheasúnachta eile agus mar sin maidir le blianta measúnachta dá éis sin, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin: |
[EN] | Ar choinníoll, más go príomha i gcoinne ioncaim den saghas sonraithe a bheidh an liúntas ar fáil agus gur mó méid an liúntais ná méid ioncaim an duine sin den saghas sin don bhliain mheasúnachta céadluaite, go bhféadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire bliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta, a roghnú go ndéanfar an bhreis a asbhaint as a ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne a ioncaim, eile don bhliain mheasúnachta sin, agus déanfar é a asbhaint as an ioncam sin, nó a fhritháireamh i gcoinne an ioncaim sin agus cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin agus ní dhéanfar ach an bhreis a bheidh ag an liúntas, má bhíonn, ar a ioncam go léir don bhliain mheasúnachta sin a asbhaint as a ioncam, nó a fhritháireamh i gcoinne a ioncaim, den saghas sonraithe do bhlianta dá éis sin. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 524 (2) maidir leis na liúntais a luaitear i bhfo-alt (1) mar atá feidhm aige maidir leis na liúntais agus na coigeartuithe a luaitear in alt 524 (2). | |
[EN] | (3) Aon éileamh ar liúntas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) déanfar é chun an chigire agus a chinneadh ag an gcigire, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon bhreith ón gcigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá is fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta. | |
[EN] | (4) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc chucu faoi fho-alt (3) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus cás a shonrú ag iarraidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí. | |
[EN] | (5) Má dhéanann aon duine, go feasach, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile i leith liúntais den sórt a luaitear i bhfo-alt (1), dlífidh sé pionós £500 a chur air. | |
[EN] |
An bhrí atá le “bonn-tréimhse”. [1959, a. 60.] |
297. —(1) Sa Chuid seo tá le “bonn-thréimhse” an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhórala den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon trádála— | |
[EN] | (a) má théann dhá bhonn-tréimhse isteach ar a chéile, go measfar, chun críche an fho-ailt seo, gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo i gcoitinne, | |
[EN] | (b) má tá eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin bliain na trádála a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus | |
[EN] | (c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buan-scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do dhá thréimhse do dhul isteach ar a chéile a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le dhá thréimhse. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh liúntas nó muirear le tabhairt nó le gearradh faoi Chaibidil II den Chuid seo do nó ar dhuine a sheolann nó a shealbhaíonn gairm, fostaíocht nó oifig, beidh feidhm ag forálacha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thrádáil tagairtí do ghairm, fostaíocht nó oifig agus dá bhfolódh na tagairtí do Chás I de Sceideal D tagairtí do Chás II de Sceideal D agus do Sceideal E. | |
[EN] | (5) I gcás aon duine eile a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoin gCuid seo, is í an bhliain mheasúnachta féin a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta áirithe. | |
[EN] |
Cionroinnt comaoine agus malartú agus forghéilleadh leasanna léasachta. [1959, a. 61.] |
298. —(1) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo d'aon mhaoin a dhíol tagairt don mhaoin sin a dhíol i dteannta aon mhaoine eile agus, i gcás maoin a dhíol i dteannta maoine eile, measfar, chun críocha na Coda seo, gurb iad na glanfháltais ón maoin chéadluaite a dhíol an méid sin de na glanfháltais ón maoin go léir a dhíol is inchurtha ó cheart, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, i leith na maoine céadluaite, agus déanfar tagairtí do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag ceannach na maoine a fhorléiriú dá réir sin. |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, measfar an mhaoin go léir a díoladh de bhun an aon-mhargaidh a dhíol i dteannta a chéile, d'ainneoin gur comhaontaíodh nó go n-urchiallaítear gur comhaontaíodh ar phraghsanna éagsúla i leith míreanna éagsúla den mhaoin sin nó go ndearnadh nó go n-urchiallaítear go ndearnadh an mhaoin sin a dhíol ina míreanna éagsúla de thoradh díolanna éagsúla. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1), modhnaithe mar is gá, maidir le hairgead eile díola, árachais, tarrthála nó cúitimh mar atá feidhm acu maidir le glanfháltais ó dhíolachán. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag an gCuid seo ionann is dá bhfolódh aon tagairt sa Chuid sin (lena n-áirítear aon tagairt sna forálacha roimhe seo den alt seo) d'aon mhaoin a dhíol tagairt d'aon mhaoin a aistriú agus, i gcás leasa léasachta, dá bhfolódh sí freisin tagairt don chéanna a ghéilleadh ar chomaoin luachmhar agus beidh éifeacht dá réir sin, faoi réir na modhnuithe is gá, ag aon fhorálacha atá sa Chuid seo i dtaobh díolachán agus, go háirithe, faoi réir na modhnuithe go measfar go bhfolaíonn tagairtí do ghlanfháltais ó dhíolacháin agus don phraghas tagairtí don chomaoin i leith an mhalartaithe nó an ghéillte agus go bhfolaíonn tagairtí do shuimeanna caipitiúla a bheidh ar áireamh sa phraghas tagairtí don mhéid sin den chomaoin arbh shuim chaipitiúil é dá mba íocaíocht in airgead é. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht, faoi réir na modhnuithe is gá, ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le— | |
[EN] | (a) ailt 241 agus 243, agus | |
[EN] | (b) Caibidil I de Chuid XV, | |
[EN] | ionann agus dá mba fhorálacha de chuid na Coda seo na hailt sin 241 agus 243 agus an Chaibidil sin I. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le díolacháin áirithe. [1959, a. 62.] |
299. —(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le haon mhaoin a dhíol— |
[EN] | (a) i gcás inar comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an díoltóir an ceannaitheoir nó inar comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an gceannaitheoir an díoltóir, nó inar comhlachtaí daoine an díoltóir agus an ceannaitheoir agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon, nó | |
[EN] | (b) go ndealraíonn sé maidir leis an díol nó maidir le hidirbhearta ar ceann acu an díol gurb é an t-aon sochar nó an príomh-shochar a bhféadfadh, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, súil a bheith ann lena fhaibhriú chun na bpáirtithe nó aon pháirtí acu liúntas nó asbhaint a fháil faoi alt 241 nó 243, faoi Chaibidil I de Chuid XV nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo. | |
[EN] | Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht. | |
[EN] | (2) I gcás maoin a dhíol ar phraghas seachas an praghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í, ansin, faoi réir forálacha fho-ailt (3) agus (4) cinnfidh an iarmairt chéanna chun críocha na n-achtachán a luaitear i bhfo-alt (1), mar bhainfidh siad le cáin ioncam na ndaoine uile a bheidh i gceist, a chinnfeadh dá ndíolfaí an mhaoin ar an bpraghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í. | |
[EN] | (3) I gcás inar díol inneallra nó gléasra an díol— | |
[EN] | (a) ní thabharfar aon liúntas tosaigh don cheannaitheoir, agus | |
[EN] | (b) faoi réir forálacha fho-alt (4), más mó an praghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í ná an méid a measfaí, d'fhonn a chinneadh ar ceart aon mhuirear cothromaíochta, agus más ceart, cad é an mhuirear cothromaíochta is ceart, a ghearradh ar an díoltóir i leith na maoine faoi Chaibidil II den Chuid seo, gurb é méid an chaiteachais chaipitiúil é a thabhaigh an díoltóir ag soláthar na maoine, beidh éifeacht ag fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí tagairt don méid sin in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le díol innealra nó gléasra nár úsáideadh ariamh má ba é gnó nó cuid de ghnó an díoltóra innealra nó gléasra den saghas sin a mhonarú nó a sholáthar agus gur i ngnáth-chúrsa gnó an díoltóra a rinneadh an díol. | |
[EN] | (4) (a) Faoi réir fho-alt (5), i gcás inar díol a mbaineann fo-alt (1) (a) leis agus nach mbaineann fo-alt (1) (b) leis, agus go roghnóidh na páirtithe sa díol amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (i) beidh éifeacht ag fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í tagairt don phraghas sin nó don tsuim a luaitear anseo ina dhiaidh seo, cibé acu is lú, | |
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) (b), agus | |
[EN] | (iii) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, is ar an gceannaitheoir a ghearrfar an muirear cothromaíochta sin, ar aon teagmhas tarlú tar éis dáta an díola, a bheadh le gearradh ar an díoltóir dá leanadh an díoltóir de bheith ina úinéir ar an maoin agus go ndearna sé gach ní agus gur lamháladh dó gach liúntas nó asbhaint i ndáil leis an maoin a rinne an ceannaitheoir nó a lamháladh don cheannaitheoir. | |
[EN] | (b) Is í suim dá dtagraítear i mír (a) (i)— | |
[EN] | (i) i gcás foirgneamh nó déanmhas tionscail, iarmhar an chaiteachais a caitheadh díreach roimh an díol ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, arna ríomh de réir forálacha alt 266, | |
[EN] | (ii) i gcás innealra nó gléasra, méid an chaiteachais ag soláthar an chéanna a bheidh fós gan liúntas a bheith tugtha ina leith díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha alt 274, | |
[EN] | (iii) i gcás ceart paitinne, an méid den chaiteachas caipitiúil a caitheadh ag fáil na gceart sin a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, arna ríomh de réir forálacha alt 286. | |
[EN] | (5) Ní fhéadfar roghnú faoi fho-alt (4) (a) a dhéanamh— | |
[EN] | (a) má bhíonn aon pháirtí de na páirtithe sa díol gan bheith ina chónaí sa Stát tráth an díola, agus | |
[EN] | (b) nach amhlaidh do na himthosca an tráth sin go mbeidh nó go mb'fhéidir go mbeadh liúntas nó muirear faoin gCuid seo le tabhairt don pháirtí sin nó le gearradh ar an bpáirtí sin de dhroim an díola, | |
[EN] | ach, cé is moite mar a dúradh, beidh éifeacht ag an alt seo maidir le díol d'ainneoin nach inchurtha chun feidhme go hiomlán é de dhroim gan cónaí amhlaidh a bheith ar pháirtí sa díol nó de dhroim cúise eile. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó chun níos mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta. | |
[EN] |
An éifeacht a bheidh, i gcásanna áirithe, ag teacht i gcomharbas trádála, etc. [1959, a. 63; 1965, a. 55 (9).] |
300. —(1) I gcás duine a theacht, an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, i gcomharbas ag seoladh aon trádála nó gairme a bhí go dtí sin á seoladh ag duine eile agus go mbeidh sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha alt 59, go bhfuil scortha den trádáil nó den ghairm déanfar aon mhaoin a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don chomharbas sin, á húsáid chun críocha na trádála nó na gairme scortha, agus, gan í a dhíol, a bheidh, díreach tar éis an comharbas a theacht i bhfeidhm, á húsaid chun críocha na trádála nó na gairme nua, a áireamh, chun críocha na Coda seo, agus ailt 241 agus 243, ionann is gur díoladh í leis an gcomharba ar theacht i bhfeidhm don chomharbas, agus dá mba iad glanfháltais an díola sin an praghas a rachadh an mhaoin sin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar, tar éis trádáil nó gairm a bhunú, agus sula mbuanscoirfear de thrádáil nó de ghairm, a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht aon tráth, aon ní chun críocha an chéanna, déanfar, faoi réir alt 72, aon liúntas nó muirear a bheadh, dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála nó na gairme i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air faoi alt 241 nó faoi Chuid XV nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála nó na gairme sin ó am go ham, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mba é an duine sin nó dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála nó na gairme sin i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh le nó ag réamhtheachtaithe an duine nó na ndaoine sin ag seoladh an chéanna. | |
[EN] | (3) Maidir le hinnealra nó gléasra, beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forálacha Chaibidil II den Chuid seo. | |
[EN] |
Nós imeachta tar éis cionroinnte, etc. [1959, a. 64.] |
301. —(1) I gcás ina mbeidh, faoi réim nó de bhua aon fhorálácha den Chuid seo, aon suim le cionroinnt agus go ndealróidh sé, tráth na cionroinnte, go mbaineann sé le hábhar maidir le dliteanas beirt daoine nó níos mó i leith cánach ioncaim (is cuma cad é an bhliain mheasúnachta ar ina haghaidh é), déanfar aon cheist a éireoidh i dtaobh na slí a bheidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach ioncaim na ndaoine sin go léir, ag na Coimisinéirí Speisialta, ionann is dá mba achomharc í i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin: |
[EN] | Ar choinníoll go mbeidh teideal ag na daoine sin go léir láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla a chur chucu i scríbhinn. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an bpraghas a rachadh maoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í a chinneadh chun críocha na Coda seo mar atá feidhm aige maidir le cionroinnt. | |
[EN] |
Maoin a úsáideadh chun críocha “oibríochtaí trádála díolmhaithe”. [1959, a. 65.] |
302. —(1) I gcás teagmhas tarlú is cúis, nó ba chúis mura mbeadh an t-alt seo, le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith aon mhaoine a thabhairt do chuideachta, nó a ghearradh ar chuideachta, a mbeidh deimhniú faoi alt 374 (2) tugtha ina leith, ansin, cibé acu a bheidh an deimhniú i bhfeidhm nó nach mbeidh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo. |
[EN] | (2) Más go heisiach chun críocha a hoibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XXV a d'úsáid an chuideachta an mhaoin, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta ná ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta. | |
[EN] | (3) Má úsáideadh an mhaoin go páirteach chun críocha oibríochtaí trádála díolmhaithe na cuideachta agus go páirteach chun críocha a hoibríochtaí trádála eile, tabharfar aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus déanfar liúntas a thabhairt don chuideachta a mbeidh ann cibé méid, nó, dé réir mar a bheidh, muirear a ghearradh ar an gcuideachta a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir réasúnach. | |
[EN] |
Tagairtí áirithe do chaiteachas, etc., a léiriú. [1959, a. 66.] |
303. —(1) Na tagairtí atá sa Chuid seo do chaiteachas caipitiúil agus suimeanna caipitiúla— |
[EN] | (a) maidir leis an duine a thabhaigh an caiteachas nó a d'íoc na suimeanna, ní fholaíonn siad aon chaiteachas ná suim a lamháiltear a asbhaint nuair a bhítear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, brabús nó gnóchan trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige, agus | |
[EN] | (b) maidir le duine a fuair na méideanna a caitheadh nó na suimeanna a bheidh i gceist, ní fholaíonn siad tagairtí d'aon mhéideanna nó suimeanna a bheidh le cur i gcuntas mar fháltais nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchan aon trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige, | |
[EN] | agus ní fholaíonn siad, maidir le haon duine mar a dúradh, aon chaiteachas ná suim a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh, asbhaint chánach le déanamh ina leith, seachas de bhua forálacha Chaibidil III den Chuid seo a bhaineann le muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas i leith ceart paitinne, faoi alt 433 nó 434. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo don dáta a tabhaíodh caiteachas a fhorléiriú mar thagairt don dáta a tháinig na suimeanna a bheidh i gceist chun bheith iníoctha. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar chun aon cheann de chríocha na Coda seo gur thabhaigh aon duine caiteachas sa mhéid go bhfuil an caiteachas sin íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó údarás áitiúil: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo nuair a bheifear a bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus, má tá, cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh ar dhuine faoi Chaibidil II den Chuid seo i leith aon innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959. | |
[EN] |
Forálacha eile maidir le léiriú. [1959, a. 67.] |
304. —(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | folaíonn “ioncam” aon mhéid a n-údaraítear muirear i leith cánach a ghearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo; | |
[EN] | folaíonn “léas” comhaontú i leith léasa i gcás ina bhfuil téarma an léasa tosaithe, agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí”, “léasóir” agus “leas léasachta”; | |
[EN] | ciallaíonn “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” maidir le teagmhas is cúis nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt d'aon duine nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar aon duine— | |
[EN] | (a) i gcás inar díol aon mhaoine an teagmhas, na glanfháltais don duine sin ón díol, | |
[EN] | (b) i gcás inar scartáil nó díthiú aon mhaoine an teagmhas, an glan-mhéid a fuair sé ar iarmhar na maoine, mar aon le haon airgead árachais a fuair sé i leith na scartála nó an díthithe agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, | |
[EN] | (c) maidir le hinnealra nó gléasra, i gcás inarb é an teagmhas buanchailliúint an chéanna ar shlí seachas de dhroim a scartála nó a dhíthithe, aon airgead árachais a fuair sé i leith na cailliúna agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, agus | |
[EN] | (d) i gcás inarb é an teagmhas go bhfuiltear tar éis scor ar fad d'fhoirgneamh nó déanmhas a úsáid, aon chúiteamh d'aon sórt a fuair sé i leith an teagmhais sin, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le scair in innealra nó gléasra mar atá feidhm acu maidir le cuid d'innealra nó gléasra, agus measfar, chun críocha na bhforálacha sin, scair in innealra nó gléasra a bheith á húsáid chun críocha trádála an fad, agus amháin an fad, a úsáidtear an t-innealra nó an gléasra chun críocha an chéanna. | |
[EN] | (4) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo do thráth aon díola a fhorléiriú mar thagairt do thráth an chríochnaithe nó tráth seilbh a thabhairt, cibé acu is luaithe. | |
[EN] | (5) Act amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite, folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do thrádáil a bhunú nó a bhuanscor tagairt do tharlú aon teagmhais a measfar, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur teagmhas é is comhionann le trádáil a bhunú nó a bhuanscor. | |
[EN] | (6) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do liúntas a thabhairt nó asbhaint a lamháil tagairt do liúntas nó asbhaint a thabharfaí nó a lamhálfaí mura mbeadh neamhdhóthanacht bhrabús nó gnóchan, nó ioncaim eile, lena thabhairt nó lena lamháil ina choinne. |