|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XXIII Ceannach agus Díol Urrús) | Ar Aghaidh (CUID XXV Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID XXIV Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i Leith Caillteanas Trí Cháin a Aisíoc i gCás Díbhínní a Íocadh as Brabúis Charnaithe | |
[EN] |
Gnóthais airgeadais agus daoine faoi dhíolúine ó cháin do cheannach scaireanna. [1958, a. 51.] |
371. —(1) Má tharlaíonn i gcás duine a bheidh ag seoladh trádála arb éard í féin nó cuid di déileáil i scaireanna nó infheistíochtaí eile go dtiocfaidh sé chun teideal a bheith aige chun díbhinne ó shealbhán scaireanna de chineál lena mbaineann an t-alt seo agus is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a charnaigh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin, nó na scaireanna sin mar aon le— |
[EN] | (a) aon scaireanna eile arb iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh an trádáil faoin rialú céanna le trádáil eile arb éard í féin nó cuid di déileáil i scaireanna nó infheistíochtaí eile, aon scaireanna arb iníoctha an díbhinn orthu leis an duine atá ag gabháil don trádáil eile sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus | |
[EN] | (c) aon scaireanna den sórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3), | |
[EN] | ar cóimhéid le, nó níos mó ná, 10 faoin gcéad de na scaireanna den chineál sin a eisíodh, cuirfear glanmhéid na díbhinne a fuarthas as na scaireanna sa sealbhán i gcuntas, a mhéid sin di a íocadh as brabúis a charnaigh sula bhfuarthas na scaireanna, nuair a bheifear ag ríomh, chun eríocha an Achta seo, brabúis nó gnóchan nó caillteanas na trádála ionann is dá mb'fháltas trádála é nár íocadh cáin ina leith. | |
[EN] | (2) Má tharlaíonn i gcás duine ag a mbeidh teideal faoin Acht seo chun díolúine ó cháin ioncaim a fholaíonn díbhinní ó scaireanna go dtiocfaidh sé chun teideal a bheith aige chun díbhinn a fháil ó shealbhán scaireanna de chineál lena mbaineann an t-alt seo is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a charnaigh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin nó na scaireanna sin mar aon le— | |
[EN] | (a) aon scaireanna eile arb iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus | |
[EN] | (b) aon scaireanna den sórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3), | |
[EN] | ar cóimhéid le, nó níos mó ná, 10 faoin gcéad de na scaireanna den chineál sin a eisíodh, ní bhainfidh an díolúine leis an díbhinn méid ar comhréir leis an méid den díbhinn a íocadh as brabúis a charnaigh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna: | |
[EN] | Ar choinníoll go measfar, má bhíonn aon íocaíocht bhliantúil iníoctha ag an duine sin as an díbhinn, an íocaíocht bhliantúil sin go léir a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchain nár tugadh faoi mhuirear cánach agus go mbeidh feidhm dá réir sin ag alt 434. | |
[EN] | (3) Má bhíonn gach duine de bheirt daoine nó níos mó is daoine a sheolann trádala den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) nó a bheidh i dteideal díolúine den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) tar éis scaireanna a fháil i gcuideachta agus gurbh idirbhearta ar dá mbun a fuarthas na scaireanna sin idirbhearta a rinne na daoine sin as comhghníomhú nó idirbhearta i dteannta a chéile in aon chomhshocraíochtaí a rinne aon duine áirithe, ansin, agus ceachtar de na fo-ailt sin á chur chun feidhme maidir le díbhinn is iníoctha le duine de na daoine sin ar scaireanna ar a n-áirítear scaireanna a fuarthas amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin), cuirfear i gcuntas faoi fho-alt (1) (c), nó de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (2) (b) aon scaireanna arb iníoctha an díbhinn orthu le haon duine eile de na daoine sin, is scaireanna a fuair an duine eile sin amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin). | |
[EN] | (4) I gcás aon scaireanna a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ag duine a shealbhaigh scaireanna den sórt sin a fuarthas tráthanna éagsúla toimhdeofar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh na scaireanna is faide a bhí ar seilbh a dhiúscairt níos luaithe ná na scaireanna is giorra a bhí ar seilbh. | |
[EN] | (5) I gcás, aon tráth a bheidh trádáil, nó a measfar trádáil a bheith, arna bunú agus arna tosú, inar cuid de stoc trádála na trádála aon scaireanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an tráth sin a fuair an duine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin na scaireanna sin; agus, faoi réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás malairt daoine do dhul ag seoladh trádála nach malairt a measfar deireadh a bheith leis an trádáil dá bhíthin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an duine a bhí ag seoladh na trádála amhlaidh tar éis na malairte ionann is dá mb'eisean a rinne nó leis-sean a rinneadh aon ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaí. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht ag forálacha Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht seo chun a dhéanamh amach an mbeidh sé le meas gur as brabúis a charnaigh roimh dháta áirithe a íocadh aon chuid de dhíbhinn. | |
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo agus Sceideal 12— | |
[EN] | (a) folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe, ach ní bhaineann sé le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát; | |
[EN] | (b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine a deir go mbaineann sí le hioncam iontaobhais nó le hioncam ciste, folaíonn tagairtí do dhuine ag a bhfuil teideal chun aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine ag a bhfuil teideal a éileamh go ndeonófar an díolúine sin; | |
[EN] | (c) ciallaíonn “scaireanna de chineál lena mbaineann an t-alt seo” scaireanna d'aon chineál is cuid de scairchaipiteal cuideachta seachas cineál scaireanna tosaíochta láníoctha nach dtugann ceart ach chun díbhinní de réir ráta faoin gcéad d'ainmluach na scaireanna atá fosaidh nó nach n-athraíonn ach de réir an ráta chánach ioncaim agus nach mó de mhórán, i dtuairim na gCoimisínéirí Speisialta, ná an toradh a fhaightear de ghnáth ó scaireanna tosaíochta a luaitear a bpraghsanna ar stocmhargaí sa Stát; | |
[EN] | (d) folaíonn “scair” stoc seachas stoc bintiúra nó iasachtstoc; | |
[EN] | (e) féachfar ar scaireanna mar scaireanna de chineálacha éagsúla más féidir a aithint idir na cearta agus na hoibleagáidí faoi seach a ghabhann leo maidir le híoc díbhinní nó leis an méid de na scaireanna sin a bheidh íoctha nó ar aon slí eile; | |
[EN] | (f) folaíonn aon tagairtí do scaireanna a fuarthas de cheart scaireanna eile tagairt do scaireanna a fuarthas de bhun tairisceana nó cuiridh nár tugadh ach do shealbhóirí na scaireanna eile sin; | |
[EN] | (g) measfar dhá thrádáil a bheith faoin rialú céanna má bhíonn siad ar siúl ag daoine ar comhlacht daoine ar a bhfuil rialú (de réir na brí a thugtar don abairt sin le fo-alt (8)) ar dhuine díobh ag an duine eile, nó ar comhlachtaí daoine iad araon atá faoi rialú (mar mhínítear sin) amhlaidh ag an tríú duine, agus measfar trádála iomaí a bheith faoin aon-rialú más faoin aonrialú do gach trádáil díobh agus do na trádála eile uile, | |
[EN] | agus i mír (g) folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht. | |
[EN] | (8) Chun críocha fho-alt (7) (g), glacfar gurb é seo a leanas an bhrí a shanntar do “rialú” leis an bhfo-alt seo: | |
[EN] | ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheoltar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite, agus maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó chun níos mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíoctha. | |
[EN] |
Srian le faoiseamh i leith caillteanas trí cháin a aisíoc i gcás díbhinní a íocadh as brabúis charnaithe. [1958, a. 52; 1963, a. 3 (d).] |
372. —(1) I gcás trádáil, seachas trádáil den sórt a luaitear in alt 371 (1), a bheith á seoladh ag duine agus gur cuid dá ioncam d'aon bhliain mheasúnachta áirithe díbhinn a mbeadh ceangal ann, dá mba thrádáil de shaghas a luaitear san alt sin an trádáil, aon chuid dá glanmhéid a chur i gcuntas mar fháltas trádála nár íocadh cáin ina leith, ansin, nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil aon aisíoc cánach, nó cad é an t-aisíoc cánach atá, le déanamh faoi alt 307 leis an duine sin faoi threoir aon chaillteanas a tharla sa trádáil, in aghaidh na bliana measúnachta sin, fágfar as cuntas— |
[EN] | (a) an mhór-mhéid a fhreagrann d'oiread den ghlanmhéid sin a bheadh de cheangal ann a chur i gcuntas mar a dúradh, agus | |
[EN] | (b) aon cháin a íocadh ar an méid a bheidh de cheangal ann a fhágáil as cuntas faoi mhír (a). | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine. |