An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXVIII Forálacha Speisialta la hAghaidh Cánachais Socraitheoiri, etc., i leith Ioncaim Shocraithe nó Aistrithe) Ar Aghaidh (Caibidil III Ioncam ó Urrúis a Aistriú)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Socraíochtaí ar Leanaí i gCoitinne

Ioncam a socraíodh ar leanaí.

[1937, a. 2 (1) (9) (11); 1938 a. 2.]

443. —(1) Más rud é, de bhua nó de dhroim socraíochta agus i rith saoil an tsocraitheora, go ndéanfar, aon bhliain mheasúnachta, aon ioncam a íoc, nó go mbeidh sé iníoctha, le leanbh, nó carnaithe chun sochair linbh, de chuid an tsocraitheora, déanfar, má bhíonn an leanbh sin faoi bhun bliain agus fiche agus gan phósadh i dtosach na bliana sin, é a áireamh chun críocha an Achta seo mar ioncam de chuid an tsocraitheora don bhliain sin agus ní mar ioncam de chuid aon duine eile.

(2) Baineann an Chaibidil seo le gach socraíocht, cibé áit a ndearnadh í agus cibé acu roimh dháta an Achta seo nó dá éis a rinneadh í.

(3) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon ioncam a éireoidh faoi shocraíocht in aon bhliain mheasúnachta nach mbeidh an socraítheoir inmhuirir maidir léi i leith cánach ioncaim mar chónaitheoir sa Stát, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'ioncam sa Chaibidil seo.

(4) Ní bhainfidh an Chaibidil seo le haon ioncam a ndearnadh, de bhua nó de dhroim socraíochta agus i rith saoil an tsocraitheora, é a íoc in aon bhliain mheasúnachta le leanbh de chuid an tsocraitheora nó is iníoctha leis an leanbh sin nó atá carnaithe chun sochair dó má chruthaíonn an socraitheoir chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) nach mó ná £60 méid comhiomlán an ioncaim sin a íocadh, is iníoctha, nó a charnaigh amhlaidh sa bhliain sin, agus

(b) go bhfuil an leanbh sin os cionn sé bliana déag i dtosach na bliana sin agus buan-éagumasach, mar gheall ar easláine mheabhrach nó choirp, ar é féin a chothabháil agus ar theagasc lán-aimsire a ghlacadh in ollscoil, coláiste, scoil, nó bunachas oideachais eile, agus

(c) nach bhfuil teideal ag an leanbh sin in aghaidh na bliana sin chun ioncaim is mó san iomlán ná £40, lasmuigh d'ioncam a mbeadh feidhm ina leith ag an gCaibidil seo dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo.

Ionstraimí neamhinchúlghairthe.

[1937, a. 2 (2).]

444. —Más rud é de bhua ionstraime neamhinchúlghairthe go mbeidh maoin dílsithe d'iontaobhaithe nó á teachtadh acu ar iontaobhais de shórt go mbeadh feidhm (mura mbeadh an t-alt seo) in aon bhliain mheasúnachta, ag alt 443 (1) maidir le hioncam na maoine sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:

(a) ní bheidh feidhm ag alt 443 (1) maidir le haon chuid den ioncam sin a bheidh, sa bhliain mheasúnachta sin, carnaithe chun sochair linbh de chuid an tsocraitheora (is leanbh faoi bhun bliain agus fiche agus gan phósadh i dtosach na bliana sin) ná maidir le hioncam a éireoidh sa bhliain mheasúnachta sin ó charnaithe ar an ioncam a luaitear anseo roimhe seo;

(b) uair ar bith in aon bhliain mheasúnachta a íocfar suim ar bith faoi iontaobhais na hionstraime neamhinchúlghairthe sin as an maoin sin nó as an ioncam a charnaigh uirthi nó as ioncam na maoine sin nó as ioncam na gcarnaithe sin le leanbh nó chun sochair do leanbh de chuid an tsocraitheora (is leanbh a bheidh faoi bhun bliain agus fiche agus gan phósadh i dtosach na bliana sin), measfar, chun críocha na Caibidle seo, an tsuim sin a bheith íoctha mar ioncam, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid sin den tsuim sin is comhionann leis an mbreis a bheidh ag comhiomlán na suime sin agus na suimeanna eile go léir (más ann) a íocadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1937, faoi iontaobhais na hionstraime neamhinchúlghairthe sin leis an leanbh sin nó aon leanbh eile, nó chun sochair don leanbh sin nó d'aon leanbh eile, de chuid an tsocraitheora (is leanbh faoi bhun bliain agus fiche agus gan phósadh i dtosach na bliana measúnachta a íocadh an tsuim eile sin) ar mhéid comhiomlán an ioncaim a d'éirigh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1937, ón maoin sin i dteannta an ioncaim a d'éirigh tar éis an dáta sin ó na carnaithe sin.

San alt seo ní fholaíonn “maoin” aon íocaíocht bhliantúil ná aon íocaíocht thréimhsiúil eile arna hurrú ag cúnant an tsocraitheora nó le muirear a chuir an socraitheoir ar a mhaoin go léir nó ar aon chuid de nó ar a ioncam iomlán san am le teacht nó ar aon chuid de, nó leis an gcúnant sin agus leis an muirear sin.

An bhrí atá le “ionstraim neamhinaisghairthe”.

[1937, a 2 (10).]

445. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le forléiriú “ionstraim neamhinaisghairthe” sa Chaibidil seo:

(a) ní hionstraim neamhinchúlghairthe chun críche na Caibidle seo ionstraim má dhéanann a hiontaobhais foráil le haghaidh gach ní nó aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas:

(i) aon chaipiteal nó ioncam nó carnaithe ioncaim a íoc leis an socraitheoir nó a chur chun feidhme don socraitheoir chun sochair dó féin i gcás ar bith le linn saoil linbh de chuid an tsocraitheora a bhfuil nó a bhféadfadh go mbeadh aon ioncam nó carnaithe ioncaim iníoctha leis nó inchurtha chun feidhme dó faoi iontaobhais na hionstraime;

(ii) aon chaipiteal nó ioncam nó carnaithe ioncaim a íoc le banchéile nó le fearchéile an tsocraitheora nó a chur chun feidhme di nó dó chun sochair di féin nó dó féin le linn saoil an tsocraitheora in imthosca ar bith le linn beo aon linbh mar a dúradh de chuid an tsocraitheora;

(iii) foirceannadh iontaobhas na hionstraime trí ghníomh nó trí mhainneachtain dhuine ar bith;

(iv) íoc pionóis ag an socraitheoir i gcás é do mhainniú forálacha na hionstraime a chomhlíonadh;

(b) ní bheidh aon ionstraim coiscthe ó bheith ina hionstraim neamhinchúlghairthe chun críocha na Caibidle seo de bhíthin aon cheann nó níos mó de na forálacha seo a leanas a bheith in iontaobhais na hionstraime sin agus dá bhíthin sin amháin:

(i) foráil faoina dtiocfaidh aon chaipiteal nó ioncam nó carnaithe ioncaim, nó faoina bhféadfadh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socraitheoir nó lena bhanchéile nó lena fearchéile nó inchurtha chun sochair don socraitheoir, dá bhanchéile nó dá fearchéile, ar fhéimheacht linbh de chuid an tsocraitheora a bhfuil, nó a bhféadfadh go mbeadh, aon ioncam nó carnaithe ioncaim iníoctha leis nó inchurtha chun feidhme dó faoi iontaobhais na hionstraime;

(ii) foráil faoina dtiocfaidh aon chaipiteal nó ioncam nó carnaithe ioncaim, nó faoina bhféadfadh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socraitheoir nó lena bhanchéile nó lena fearchéile nó chun bheith inchurtha chun sochair don socraitheoir nó dá bhanchéile nó dá fearchéile, i gcás aon leanbh mar a dúradh de chuid an tsocraitheora do dhéanamh sannadh nó muirearú ar an gcaipiteal nó ar an ioncam nó ar na carnaithe ioncaim sin.

(iii) foráil chun iontaobhais na hionstraime a fhoirceannadh in imthosca nó slí nach rachadh an foirceannadh sin, le linn saoil aon linbh mar a dúradh de chuid an tsocraitheora, chun sochair d'aon duine eile seachas an leanbh sin nó a bhanchéile nó a fearchéile nó a chlann nó a clann;

(c) folaíonn “ionstraim neamhinchúlghairthe” ionstraimí arna ndéanamh roimh dháta an Achta seo a rith agus folaíonn sé ionstraimí arna ndéanamh tar éis an dáta sin.

Cáin a ghnóthú ó iontaobhaí agus ró-íoc cánach a íoc le hiontaobhaí.

[1937, a. 2 (3)(7).]

446. —(1) Más rud é, de bhua na Caibidle seo, go dtiocfaidh aon cháin ioncaim nó forcháin chun bheith inmhuirir ar shocraitheoir agus go n-íocfaidh sé í, beidh an socraitheoir sin i dteideal méid na cánach a íocfar amhlaidh a ghnóthú ó aon iontaobhaí nó duine eile lenarb iníoctha an t-ioncam de bhua nó de dhroim na socraíochta, agus chuige sin beidh sé i dteideal a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú a thabhairt dó á shonrú dó cad é an méid ioncaim ar ar íoc sé cáin amhlaidh agus méid na cánach a íocadh amhlaidh, agus beidh gach deimhniú a thabharfar amhlaidh ina fhianaise dhochloíte ar na fíorais a bheidh luaite ann.

(2) Má fhaigheann duine, i leith aon liúntais nó faoisimh, aisíoc cánach ioncaim de bhreis ar mhéid na haisíocaíochta a mbeadh teideal aige chuici mura mbeadh an Chaibidil seo, déanfaidh sé méid is comhionann leis an mbreis a íoc leis an iontaobhaí nó leis an duine eile lena mbeidh an t-ioncam iníoctha de bhua nó de dhroim na socraíochta agus, i gcás beirt nó níos mó iontaobhaithe nó daoine eile den sórt sin a bheith ann, déanfaidh sé sin a íoc i cibé cionúireachtaí is gá sna himthosca.

Má éiríonn aon cheist maidir le méid aon íocaíochta nó maidir le haon chionroinnt a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo, cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta í agus is cinneadh críochnaitheach a gcinneadh sin uirthi.

(3) Aon ioncam a áireofar de bhua na Caibidle seo mar ioncam le haon duine áirithe, measfar gurb é an chuid is airde dá ioncam é.

(4) Ní dhéanfar aon aisíoc faoi alt 154 i dtaobh aon chánach a íocadh i leith ioncaim ar bith a mbeifear, de bhua na Caibidle seo, tar éis é a áireamh mar ioncam shocraitheora.

Mínithe.

[1937, a. 2 (11);

1938, a. 2 (2).]

447. —Sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo—

folaíonn “leanbh” leasleanbh, uchtleanbh, agus leanbh neamhdhlisteanach;

folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú, nó comhshocraíocht, agus aon aistriú ar airgead nó ar mhaoin eile nó aon aistriú ar cheart chun airgid nó chun maoine eile;

folaíonn “ioncam” (ach amháin sna cásanna ina bhfuil “mar” nó “dá” díreach roimhe in ailt 443 (1), 444 (b) agus 446 (3) (4)) aon ioncam is inmhuirir i leith cánach ioncaim trí asbhaint nó eile agus aon ioncam ab inmhuirir amhlaidh dá mba rud é go bhfuair duine sa Stát é a raibh cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát.

Leasanna i dtrádáil a aistriú chun leanaí.

[1949, a. 8.]

448. —(1) I gcás ina dtarlóidh, trí mheáin d'aon sórt (lena n-áirítear meáin neamhdhíreacha nó meáin is sraith oibríochtaí agus cibé acu roimh an Acht seo a rith a glacadh nó dá éis sin a ghlacfar iad) go dtiocfaidh trádáil, a bhí á seoladh aon uair roimh na meáin sin a ghlacadh ag aon duine ina aonar nó i gcomhpháirtíocht, chun bheith ina trádáil a bheidh á seoladh ag leanbh nó leanaí leis an duine sin nó ar mhodh comhpháirtíochta inar comhpháirtithe an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) is tuigthe, chun críocha na Caibidle seo, gur socraíocht, ar tuigthe gurb é an duine sin an socraitheoir ina leith, na meáin sin,

(b) is tuigthe, chun críocha na Caibidle seo, gurb iad na brabúis nó na gnóchain as an trádáil tar éis na meáin sin a ghlacadh, a mhéid a thiocfaidh siad chun linbh nó leanaí leis an duine sin nó chun an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin (de réir mar a bheidh), an t-ioncam céanna a thiocfadh chun an duine sin dá mba nach nglacfaí na meáin sin, agus

(c) is tuigthe go bhfolaíonn an focal “ioncam”, sa chéad áit a bhfuil sé in alt 443, na brabúis nó na gnóchain sin, a mhéid a thiocfaidh siad chun linbh nó leanaí leis an duine sin.

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn an focal “leanbh” leasleanbh, uchtleanbh, agus leanbh neamhdhlisteanach.

(3) Is é méid d'ioncam duine as brabúis nó gnóchain trádála ar tuigthe, de bhua fho-alt (1), gurb ioncam le duine eile é, i gcás an duine céadluaite a bheith ag gabháil go gníomhach do sheoladh na trádála, ná méid iomlán an ioncaim sin lúide suim (dá ngairtear an tsuim iomchuí i bhfo-alt (4)) ar cóimhéid leis an méid a lamhálfaí nuair a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin á ríomh i leith an duine chéadluaite dá mba rud é, in ionad é a bheith ina dhuine a bhí ag gabháil do sheoladh na trádála, gur dhuine é a bhí ar fostú ag duine nó daoine a bhí ag seoladh na trádála.

(4) Is tuigthe gur brabúis nó gnócháin a thagann chun an duine chéadluaite dá dtagraítear i bhfo-alt (3) as feidhmiú oifige nó fostaíochta de réir bhrí Sceideal E an tsuim iomchuí.