An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Míniú ar Cháin Ioncaim a Asbhaineadh a chur ag gabháil le Barántais Díbhinne agus Úis) Ar Aghaidh (CUID XXXII Iasachtaí Rialtais agus Iasachtaí Poiblí Eile)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXI

Díbhinní Coigríche, etc.

Mínithe

[1918, Sc. D, r. Ilgh. 7;

1938, a. 5 (7);

1965, a. 7 (1) (2).]

459. —(1) Sa Chuid seo, ciallaíonn “díbhinní lena mbaineann an Chuid seo” aon ús, díbhinní, nó íocaíochtaí bliantúla eile is iníoctha as, nó is iníoctha maidir le, stoic, cistí, scaireanna, nó urrúis aon chomhlacht daoine nach gcónaíonn sa Stát agus forléireofar tagairtí do dhíbhinní dá réir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon íocaíocht lena mbaineann alt 433 nó 434.

(2) Sa Chuid seo folaíonn “baincéir” duine a ghníomhaíonn mar bhaincéir agus folaíonn tagairtí do chúpóin maidir le haon díbhinní barántais le haghaidh na ndíbhinní sin nó billí malairte a airbheartaíonn a bheith tarraingthe nó déanta mar íoc ar na díbhinní sin.

Díbhinní a cuireadh faoi iontaobh le híoc sa Stát.

[1918, Sc. D, r. Ilgh. 7.]

460. —I gcás ina ndéanfar díbhinní lena mbaineann an Chuid seo a chur ar iontaobh aon duine sa Stát le híoc le haon daoine sa Stát—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta na díbhinní a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach faoi Sceideal D; agus

(b) beidh feidhm ag forálacha Codanna IV, V agus VI de Sceideal I maidir leis an gcáin a bheidh le measúnú agus le muirearú faoin alt seo.

Díbhinní a íocadh lasmuigh den Stát agus an toradh ó chúpóin díbhinní dhíol.

[1938, a. 5 (2) (3) (4) (6).]

461. —Más rud é—

(a) go bhfaighidh baincéir nó duine éigin eile sa Stát, trí chúpóin a fuarthas ó dhuine eile nó a fuarthas ar shlí eile thar a cheann, íocaíocht aon díbhinní lena mbaineann an Chuid seo in áit seachas sa Stát; nó

(b) go ndíolfaidh baincéir sa Stát nó go réadóidh sé ar shlí eile cúpóin le haghaidh aon díbhinní lena mbaineann an Chuid seo agus go n-íocfaidh sé anonn toradh an réadaithe sin nó go dtabharfaidh sé an toradh sin anonn chun cuntais aon duine áirithe; nó

(c) go gceannóidh déileálaí cúpón sa Stát cúpóin le haghaidh aon díbhinní lena mbaineann an Chuid seo ar shlí seachas ó bhaincéir nó ó dhéileálaí cúpón eile,

sroichfidh an cháin faoi Sceideal D, sa chás a luaitear i mír (a), na díbhinní, sa chás a luaitear, an toradh ón réadú agus, sa chás a luaitear i mír (c), an praghas a íocadh ar an gceannach sin agus beidh éifeacht ag Codanna IV, V agus VI de Sceideal I maidir le measúnú, muirearú agus íoc na cánach.

Díbhinníneamhchónaitheoirí a dhíolmhadh.

[1918, Sc. C, r. Gin 2 (d);

1918, r. Ilgh. 7 (2);

1925, a. 12 (1) (2) (3);

1965, a. 4 (6).]

462. —(1) Ní bheidh aon cháin inmhuirir i leith díbhinní lena mbaineann an Chuid seo is iníoctha sa Stát má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach sa Stát a chónaíonn an duine ar leis na stoic, na cistí, na scaireanna nó na hurrúis agus atá i dteideal an ioncaim uathu ach, ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo, ní thabharfar aon liúntas ná ní dhéanfar aon aisíoc maidir leis an gcáin ar dhíbhinní lena mbaineann an Chuid seo agus is iníoctha sa Stát:

Ar choinníoll, i gcás inar díbhinní iad ó stoic, cistí, scaireanna, nó urrúis atá ar teachtadh faoi aon iontaobhas agus gurb é an duine is tairbhí i seilbh faoin iontaobhas an t-aon tairbhí amháin i seilbh agus go bhféadfaidh sé, tríd an iontaobhas a aisghairm nó trí aon chumhachtaí faoin iontaobhas a fheidhmiú, a iarraidh ar na hiontaobhaithe tráth ar bith na stoic, na cistí, na scaireanna nó na hurrúis a aistriú chuige go hiomlán saor ó aon iontaobhas, go measfar chun críocha an ailt seo, gurb eisean an duine ar leis na stoic, na cistí, na scaireanna nó na hurrúis.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh faoin alt seo a thabhairt ar mhodh liúntais nó aisíocaíochta, ar éileamh a dhéanamh chucu chuige sin.

(3) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar aon cheist maidir le cónaí a éireoidh faoin alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí ón dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh dó, a iarraidh go ndéanfadh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (3), déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh ionann agus dá mba achomharc é a rinneadh chucu i gcoinne measúnachta agus beidh éifeacht dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile an Achta seo maidir le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomhairc a athéisteacht agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).