An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXV Pionóis agus Measúnachtaí) Ar Aghaidh (Caibidil II Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXVI

Forcháin, Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe agus Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí

Caibidil I

Forcháin

Muirearú i leith forchánach.

[1928, a. 3;

1963, a. 25 (1).]

522. —(1) I dteannta na cánach ioncaim a mhuirearófar de réir an ráta a fhorordófar d'aon bhliain áirithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar don bhliain sin i leith ioncaim aon phearsan aonair, ar mó a iomlán ó gach bunadh ná an méid forordaithe, dleacht bhreise chánach ioncaim (dá ngairtear forcháin san Acht seo) de réir an ráta nó na rátaí a fhorordófar don bhliain sin.

San fho-alt seo ciallaíonn “a fhorordófar” a fhorordófar ag an Oireachtas.

(2) Beidh forcháin dlite agus iníoctha an 1ú lá d'Eanáir an bhliain mheasúnachta, ach amháin go measfar forcháin nó aon chuid d'fhorcháin a bheidh ar áireamh i measúnacht a dhéanfar an 1ú lá d'Eanáir a dúradh nó dá éis sin a bheith dlite agus iníoctha an lá díreach i ndiaidh an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

Asbhaint le linn forcháin a bheith á muirearú.

[1959, a. 3.]

523. —(1) Chun forcháin a mhuirearú d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, déanfar méid is comhionann leis na hasbhaintí a mbeidh teideal aige iad a lamháil dó faoi ailt 138 (1) (2), 139,140, 141 agus 142 a bhaint as iomlán ioncaim aon phearsan le linn méid an ioncaim a muirearófar cáin ioncaim air ina leith don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh.

(2) I gcás teideal a bheith ag pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát chun asbhainte in aghaidh aon bhliana áirithe faoin alt seo, laghdófar an asbhaint an choimhréir a laghdaíonn alt 153 (2) aon fhaoiseamh a thabharfar dó in aghaidh na bliana sin faoi na forálacha a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) I gcás fearchéile agus banchéile a mheasúnófar ar leithligh i leith cánach in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe de bhua iarratais faoi alt 197 nó 198, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon asbhaint a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) don bhliain sin:

(a) cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a mheasúnú ar leithligh i leith forchánach, is é asbhaint a bheidh le baint as a n-ioncam iomlán an asbhaint a dhéanfaí dá mba nach ndearnadh aon mheasúnacht ar leithligh;

(b) má mheasúnaítear iad ar leithligh i leith forchánach, déanfar an faoiseamh ó fhorcháin a gheofar de sin a roinnt eatarthu trína ghlacadh go bhfuil a n-ioncaim faoi seach arna laghdú mar a leanas:

(i) an méid (más aon mhéid é) a bheidh ar áireamh san asbhaint i leith faoisimh faoi alt 141 (2) nó 142, glacfar leis mar ní a laghdaíonn ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an leanbh, an gaol, an mac nó an iníon, ar ina leith a thabharfar an faoiseamh sin,

(ii) faoi réir fhomhír (i), glacfar go ndéanann an asbhaint a n-ioncaim faoi seach a laghdú de réir an ráta chéanna,

ach sin i slí, má bhíonn breis ag an méid a bheidh ioncam cheachtar acu le laghdú faoi fhomhíreanna (i) agus (ii) ar mhéid an ioncaim sin, go nglacfar go bhfuil ioncam an duine eile arna laghdú méid na breise.

An modh chun ioncam a mheas le haghaidh forchánach.

[1918, a. 5;

1920, a. 15 (4) Sc. 3;

1928, a. 3 (3);

1965, Sc. 3, Cuid I.]

524. —(1) Chun críocha forchánach, measfar gurb é ioncam iomlán aon phearsan aonair ó gach bunadh ioncam iomlán na pearsan sin ó gach bunadh, arna mheas sa tslí chéanna agus a cheanglaítear an t-ioncam iomlán ó gach bunadh a mheas i dtuairisceán a dhéanfar i ndáil le haon éileamh ar asbhaint as ioncam inmheasúnaithe, ach sin faoi réir na bhforálacha atá anseo ina dhiaidh seo.

(2) I gcás ina mbeidh measúnacht i leith cánach ioncaim tar éis teacht chun bheith críochnaitheach dochloíte chun críocha cánach ioncaim, beidh an mheasúnacht críochnaitheach dochloíte freisin agus an t-ioncam iomlán ó gach bunadh á mheas chun críocha forchánach, agus ní chuirfear san áireamh, le linn an t-ioncam iomlán ó gach bunadh a bheith á mheas, aon liúntas nó coigeartú dliteanais ar fhoras laghdú ioncaim nó caillteanais, mura mbeidh an liúntas nó an coigeartú sin déanta roimhe sin i leith cánach ioncaim ar iarratas faoi na forálacha speisialta den Acht seo a bhaineann leis sin.

(3) Nuair a bheidh an t-ioncam chun críocha forchánach á mheas—

(a) asbhainfear, i gcás aon talamh ar a muirearófar cáin ioncaim ar an luach bliantúil arna mheas ar shlí seachas i ndáil le brabúis (i dteannta aon asbhainte eile), aon suim a ndéanfar a méid de laghdú ar an measúnacht chun críocha bailithe, nó ar a mbeidh cáin ioncaim aisíoctha faoi fhorálacha an Achta seo maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais, agus bainistí; agus

(b) aon ioncam ar arb inmhuirir cáin ioncaim ar mhodh asbhainte measfar gurb ioncaim de chuid na bliana í arb infhaighte í, agus aon asbhaintí is inlamháilte ar chuntas aon suimeanna bliantúla a íocadh as maoin nó as brabúis na pearsan aonair lamhálfar iad mar asbhaintí in aghaidh na bliana arb iníoctha iad, d'ainneoin gur fhaibhrigh an t-ioncam nó na suimeanna bliantúla, de réir mar a bheidh, go hiomlán nó go páirteach roimh an mbliain sin.

(4) Nuair a bheidh ioncam iomlán aon phearsan á mheas chun críche forchánach, measfar gurb é méid aon ioncaim thuillte méid iomlán an ioncaim sin gan aon liúntas a asbhaint faoi alt 134.

Muirearófar forcháin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe, etc.

[1964, a. 7.]

525. —(1) I gcás—

(a) ina dtabharfaidh pearsa aonair a bhí, atá nó atá ar tí dul i seilbh oifige nó fostaíochta, gealltanas (cibé acu gealltanas iomlán nó gealltanas coinníollach é agus cibé acu bailí nó nach bailí dó de réir dlí) i ndáil lena sealbhú aige, arb é a bhrí nó a éifeacht srian a chur leis an bpearsa sin maidir lena iompar nó lena ghníomhaíochtaí; agus

(b) go mbeifear tar éis suim ar bith a íoc leis féin nó le haon duine eile an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis i leith é do thabhairt an ghealltanais sin nó dá chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach; agus

(c) nach ndlífí, mura mbeadh an t-alt seo, an tsuim a íocadh a áireamh mar ioncam de chuid duine chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta nó í a chur i gcuntas mar fháltas, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ar ioncam aon duine nó ar chaillteanas a thabhaigh aon duine,

is iad na torthaí céanna a bheidh ann maidir le forcháin don bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis an tsuim sin a íoc a bheadh ann dá mba leis an bpearsa aonair sin (agus nach le haon duine eile) a íocadh an tsuim sin mar ghlanmhéid agus i leith glanmhéid íocaíochta bliantúla a raibh teideal ag an bpearsa aonair sin chuige, arb íocaíocht bhliantúil í ab inmhuirir i leith cánach ioncaim agus ar baineadh cáin go hiomchuí as a mór-mhéid faoi alt 434:

Ar choinníoll, i gcás an phearsa aonair d'fháil bháis sular íocadh an tsuim sin go mbeidh éifeacht ag an oiread de na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus a bhaineann leis na torthaí a bheidh ann be bharr na n-ábhar a shonraítear i míreanna (a) go (c) mar a bheadh dá n-íocfaí an tsuim sin roimh an mbás.

(2) I gcás comaoin luachmhar a thabhairt, ar shlí seachas in airgead, i leith aon ghealltanas a thabhairt nó a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ionann agus dá n-íocfaí ina ionad sin suim ar cóimhéid le luach na comaoine sin.

(3) Ní bhainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le haon suim a íocadh nó comaoin a tugadh más roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, a tugadh an gealltanas a bheidh i gceist.

(4) I gcás aon suim a íoc le haon duine nó comaoin luachmhar a thabhairt d'aon duine in aon bhliain mheasúnachta i leith tabhairt, nó comhlíonadh, iomlán nó páirteach, gealltanais a tugadh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) (nach suim óna n-asbhaintear cáin go cuí faoi aon fhoráil den Acht seo), is é dualgas an duine a íocfaidh an tsuim nó a thabharfaidh an chomaoin sonraí an chéanna a sheachadadh i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana sin, ag sonrú an duine a fuair an íocaíocht nó an chomaoin, an ghealltanais arb i ndáil leis a rinneadh nó a tugadh í agus an phearsa aonair a thug an gealltanas sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “oifig nó fostaíocht” oifig nó fostaíocht ar bith a bhfuil nó a mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar na díolaíochtaí uaithi faoi Sceideal E, nó faoi Chás III de Sceideal D de réir alt 76 (1) in aghaidh aon bhliana measúnachta; agus na tagairtí atá san alt seo do chomaoin luachmhar a thabhairt ní fholaíonn siad tagairtí do ní is glacadh oibleagáide chun maoin luachmhar, cearta nó buntáistí luachmhara a aistriú nó a sholáthar agus an ní sin amháin, ach folaíonn siad tagairtí d'aon ní a dhéanamh ag comhlíonadh, nó i ndáil le comhlíonadh, oibleagáide den sórt sin.

Forcháin a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.

[1918, a. 7;

1925, a. 8 (3) (4);

1928, a. 3 (3);

1932, Sc. 5.;

1936, a. 3 (1);

1963, a. 18 (2). 26 (1) (2), Sc. 6, Cuid III.]

526. —(1) Is cigire a dhéanfaidh forcháin a mheasúnú agus a mhuirearú.

(2) Gach duine ar a seirbheálfaidh cigire fógra, sa slí a fhorordaítear le rialacháin faoin alt seo, á cheangal air tuairisceán ar a ioncam iomlán ó gach bunadh a thabhairt, nó, i gcás fógra a sheirbheálfar ar aon duine a ionadaíonn duine éagumasaithe, duine neamhchónaithigh, nó duine éagtha, ar ioncam iomlán an duine éagumasaithe, an duine neamhchónaithigh nó an duine éagtha ó gach bunadh, déanfaidh sé, cibé a bheidh nó nach mbeidh forcháin inmhuirir air, tuairisceán den sórt sin a thabhairt san fhoirm agus laistigh den am a cheanglófar leis an fhógra.

(3) Is é dualgas gach duine ar arb inmhuirir forcháin fógra gurb inmhuirir é a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair an bhliain i ndiaidh na bliana arb inmhuirir an fhorcháin ina haghaidh.

(4) Má mhainníonn aon duine tuairisceán a thabhairt faoin alt seo, nó mura mbeidh an cigire sásta le haon tuairisceán faoin alt seo, féadfaidh sé measúnacht forchánach a dhéanamh go feadh a bhreithiúnais.

(5) Na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le daoine a mbeidh cáin ioncaim le bheith inmhuirir orthu, agus a bhaineann le measúnachtaí cánach ioncaim agus le hachomhairc i gcoinne na measúnachtaí sin, agus le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim, agus le cásanna a shonrófar le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte beidh feidhm acu, sa mhéid gurb inchurtha chun feidhme iad, maidir le muirearú, measúnú, bailiú agus gnóthú forchánach faoin alt seo.

(6) Féadfaidh cigire aon mheasúnacht faoin alt seo a leasú nó measúnacht nó measúnacht bhreise a dhéanamh tráth ar bith maidir le haon bhliain mheasúnachta:

Ar choinníoll, chun críocha forcháin a mhuirearú ar sheiceadóirí nó riarthóirí duine éagtha maidir leis na brabúis nó leis na gnóchain nó leis an ioncam a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chuige roimh a bhás, nach ndéanfar aon ghníomh nó ní acu sin tráth nach déanaí ná deireadh an tríú bliain tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inarb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus nach bhféadfar aon ghníomh nó ní acu sin a dhéanamh tráth is déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach go mbeidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll go bhféadfar, i gcás an seiceadóir nó an riarthóir do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, aon ghníomh nó ní den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith roimh dheireadh dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh d'fhonn an t-alt seo a chur in éifeacht.

Sonraí a sheachadadh.

[1922, a. 22;

1963, a. 26 (1);

1963, Sc. 6, Cuid III.]

527. —Féadfaidh cigire, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh measúnacht i leith forchánach, a cheangal ar aon phearsa aonair ar iarradh air tuairisceán ar a ioncam iomlán a thabhairt chun críocha forchánach cibé sonraí a thabhairt dó laistigh de cibé am a fhorordóidh sé, nach giorra ná ocht lá fichead, i dtaobh bunadh iomaí a chuid ioncaim agus an méid a tháinig ó gach bunadh, agus i dtaobh méid aon asbhaintí a éileofar a lamháil as an ioncam sin, is dóigh leis is gá.

Méideanna áirithe a mheas.

[1963, a. 27.]

528. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh ar áireamh ioncaim iomláin pearsan aonair ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh a bheidh le ríomh ar fhoras na méideanna iarbhír is infhaighte sa bhliain mheasúnachta nó i gcás ina mbeidh aon asbhaintí is inlamháilte i leith aon suimeanna bliantúla a íocadh amach as maoin nó brabúis pearsan aonair le lamháil mar asbhaintí in aghaidh na bliana arb iníoctha iad, agus

(b) go mbeidh measúnacht i leith forchánach á déanamh roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht sin i leith forchánach,

ansin, le linn dó a bheith ag déanamh na measúnachta, déanfaidh an cigire, agus é ag ríomh an méid iomlán cánach is inmheasúnaithe i leith forchánach, an méid ioncaim ó gach bunadh den sórt sin nó méid aon asbhaintí inlamháilte den sórt sin a mheas agus, nuair a bheidh aon mheastachán den sórt sin á dhéanamh aige, tabharfaidh sé aird chuí ar aon mhéid comhréire ioncaim nó ar aon asbhaintí inlamháilte comhréireacha sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh meastachán déanta faoi fho-alt (1),

(b) nach mbeidh fógra achomhairc tugtha i gcoinne na measúnachta i leith forchánach, agus

(c) go dtabharfaidh an duine measúnaithe don chigire, laistigh de bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta, sonraí ar mhéid ceart an ioncaim nó na n-asbhaintí ar ina leith a rinneadh an meastachán,

coigeartóidh an cigire an mheasúnacht faoi threoir an difir idir méid ceart an ioncaim is inmheasúnaithe i leith forchánach agus méid na measúnachta, agus aisíocfar aon mhéid forchánach a bheidh ró-íoctha.

Méid laghdaithe forchánach a íoc an fad a bheifear ag feitheamh le hachomharc a chinneadh.

[1963, a. 28.]

529. —I gcás ina ndéanfar achomharc maidir le forcháin agus gur dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta gur mó an méid forchánach a muirearaíodh in aon mheasúnacht ná an méid forchánach a bheidh iníoctha nuair a bheidh an t-achomharc cinnte go críochnaitheach—

(a) ordóidh na Coimisinéirí Speisialta go n-íocfar cibé méid laghdaithe forchánach a mheasfaidh siad is cóir, ag féachaint don eolas a bheidh ar fáil,

(b) déanfar an méid laghdaithe forchánach sin a bhailiú agus a íoc i ngach slí ionann agus dá mba fhorcháin í a muirearaíodh i measúnacht a bhí tar éis teacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte,

(c) nuair a bheifear tar éis an méid forchánach is inmhuirir ó cheart a chinneadh go críochnaitheach, beidh aon iarmhéid forchánach is inmhuirir de réir an chinnte iníoctha nó aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, de réir mar is gá sa chás.