An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXVI Forcháin, Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe agus Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí) Ar Aghaidh (Caibidil III Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe

Ioncam neamhdháilte cuideachtaí.

[1922, a. 21;

1940, a. 4.]

1963, Uimh. 33 .

530. —(1) D'fhonn cosc a chur le híoc forchánach a sheachaint trí ioncam cuideachta a choinneáil ó imdháil a imdháilfí mura mbeadh sin, achtaítear leis seo go bhféadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, i gcás inar dóigh leo nach ndearna aon chuideachta áirithe lena mbaineann an t-alt seo, laistigh de thréimhse réasúnach tar éis deireadh aon bhliana nó tréimhse eile a mbeifear tar éis cuntais a dhéanamh suas ina haghaidh, cuid réasúnach dá hioncam iarbhír ó gach bunadh in aghaidh na bliana nó na tréimhse oile sin a dúradh a imdháil ar a comhaltaí i slí go ndlífear an méid a imdháilfí a áireamh sna ráitis a bheadh le déanamh ag comhaltaí na cuideachta ar a n-ioncam iomlán chun críocha forchánach, go bhféadfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn chun na cuideachta, a ordú go measfar, chun críocha measúnacht i leith forchánach, gurb é a bheidh in ioncam sin na cuideachta, in aghaidh na bliana nó na tréimhse eile a shonrófar san fhógra, ioncam na gcomhaltaí, agus cionroinnfear méid an ioncaim sin ar na comhaltaí:

Ar choinníoll, nuair a bheifear á chinneadh an ndearna nó nach ndearna aon chuideachta áirithe cuid réasúnach dá hioncam a imdháil amhlaidh, go dtabharfaidh na Coimisinéirí aird ní amháin ar riachtanais reatha ghnó na cuideachta ach freisin ar cibé riachtanais eile is gá nó is inmholta chun an gnó sin a chothabháil agus a fhorbairt.

(2) Aon fhorcháin is inmhuirir faoin alt seo i leith an méid d'ioncam na cuideachta a cionroinneadh ar aon chomhalta áirithe den chuideachta, measúnófar í ar an gcomhalta sin in ainm na cuideachta, agus, faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, beidh sí iníoctha ag an gcuideachta, agus beidh ag forálacha uile an Achta seo agus ag aon rialacháin fúthu maidir le measúnachtaí forchánach agus bailiú agus gnóthú forchánach feidhm, le haon mhodhnú is gá, i gcás measúnachtaí forchánach agus bailiú agus gnóthú forchánach a muirearaíodh faoin alt seo.

(3) Déanfar fógra faoi mhuirear i leith forchánach faoin alt seo a sheirbheáil sa chéad ásc ar an gcomhalta den chuideachta ar a mbeidh an cháin muirearaithe, agus mura roghnóidh an comhalta sin an cháin a íoc laistigh d'ocht lá fhichead ó dháta an fhógra an cháin a íoc seirbheálfar fógra muirir ar an gcuideachta agus, air sin, tiocfaidh an cháin chun bheith iníoctha ag an gcuideachta:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo dochar don cheart chun an fhorcháin a ghnóthú ón gcuideachta a muirearaíodh i leith aon chomhalta a roghnaigh mar a dúradh ach nach n-íocfaidh an cháin faoin gcéad lá d'Eanáir an bhliain mheasúnachta nó laistigh d'ocht lá fhichead ón dáta a roghnaigh sé amhlaidh, cibé acu is déanaí.

(4) Maidir le haon ioncam neamhdháilte a measúnaíodh agus a muirearaíodh i leith forchánach faoin alt seo measfar, nuair a dháilfear ina dhiaidh sin é, nach cuid é d'ioncam iomlán ó gach bunadh chun críocha forchánach aon phearsan aonair a bheidh ina theideal.

I gcás comhalta den chomhlacht a bheith measúnaithe i leith forchánach agus é a bheith tar éis forcháin a íoc ar shlí seachas faoin alt seo i leith aon ioncaim a bheidh measúnaithe freisin agus ar a mbeidh forcháin íoctha faoin alt seo, beidh sé i dteideal, ar an measúnacht dúbailte a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, aisíoc a fháil ar cibé méid den fhorcháin a bheidh íoctha amhlaidh aige agus ab inchurtha i leith an ioncaim chéadluaite a áireamh ina ioncam iomlán ó gach bunadh.

(5) I gcás ina muirearófar forcháin faoin alt seo i leith ioncaim chuideachta in aghaidh aon bhliana nó tréimhse eile, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar dheimhniú ó na Coimisinéirí Speisialta gur tugadh cuntas i leith na forchánach, méid aon chánach brabús corparáide a aisíoc leis an gcuideachta a d'íoc an chuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta comhréire nó in aghaidh coda di.

(6) Bainfidh an t-alt seo le haon chuideachta—

(a) is cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ; agus

(b) nach mó ná caoga an líon scairshealbhóirí inti arna ríomh mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo; agus

(c) nach mbeidh tar éis aon chuid dá scaireanna a eisiúint de dhroim cuireadh poiblí chun suibscríobh le haghaidh scaireanna; agus

(d) atá faoi rialú cúigear daoine ar a mhéid.

Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) Nuair a bheidh líon scairshealbhóirí cuideachta á ríomh fágfar as an áireamh aon scairshealbhóir is iontaobhaí nó ainmní do dhuine éigin atá ar shlí eile ina úinéir ar scaireanna nó ag a bhfuil leas tairbhiúil i scaireanna sa chuideachta, nó is fostaí don chuideachta, nó is banchéile úinéir thairbhiúil scaireanna sa chuideachta nó is naíon neamhphósta le húinéir den sórt sin;

(ii) Measfar cuideachta a bheith faoi rialú aon daoine i gcás tromlach na cumhachta vótála nó na scaireanna a bheith i lámha na ndaoine sin nó i lámha gaolta nó ainmnithe leis na daoine sin, nó i gcás ina bhfuil an rialú i lámha na ndaoine sin trí mheán eile ar bith;

(iii) Ciallaíonn “gaol” fearchéile nó banchéile, sinsear, nó dírshliochtach, deartháir, nó deirfiúr;

(iv) Ciallaíonn “ainmní” duine a bhféadfar a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú ar ordú ó dhuine eile, nó duine a shealbhaíonn scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach thar ceann duine eile;

(v) Daoine i gcomhpháirtíocht agus daoine ag a bhfuil leas in eastát duine éagtha nó i maoin atá ar teachtadh ar iontaobhas measfar, faoi seach, gur duine aonair iad.

(7) San alt seo folaíonn “comhalta” aon duine ag a bhfuil scair nó leas i gcaipiteal nó i mbrabúis nó in ioncam cuideachta, agus ní fholaíonn “fostaí” aon stiúrthóir rialaithe, stiúrthóir bainistí, nó stiúrthóir.

(8) Beidh éifeacht ag na forálacha atá i Sceideal 16 maidir le hioncam iarbhír na cuideachta ó gach bunadh a ríomh, maidir lena chionroinnt ar chomhaltaí na cuideachta, agus ar aon bhealach eile d'fhonn an t-alt seo a chur i gcrích nó i ndáil leis sin.

Cosaint do chuideachtaí a tharchuireann cuntais chun na gCoimisinéirí Speisialta.

[1966, a. 3.]

531. —(1) Aon chuideachta lena mbaineann alt 530, féadfaidh sí, aon tráth tar éis an chruinnithe ghinearálta ag a nglacfar le cuntais na cuideachta mar a bheidh siad déanta suas d'aon bhliain nó tréimhse eile, cóip de na cuntais sin, mar aon le cóip den tuarascáil, más ann, ó na stiúrthóirí don bhliain nó don tréimhse sin agus cibé eolas breise, más ann, is oiriúnach léi a chur chuig na Coimisinéirí Speisialta chun iad a bhreithniú acu, agus, nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí Speisialta na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a dúradh, rachaidh siad, faoi réir forálacha an ailt seo, i mbun staid na cuideachta maidir leis an alt sin 530 a bhreithniú.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta a luaithe is féidir é le réasún, ach tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a fháil, a iarraidh ar an gcuideachta cibé sonraí breise a iarrfaidh siad le réasún a thabhairt dóibh laistigh d'ocht lá is fiche, nó cibé tréimhse fadaithe a cheadóidh siad dá éis sin:

Ar choinníoll, mura ndéanfar na sonraí a iarrfar amhlaidh a thabhairt do na Coimisinéirí laistigh den tréimhse nó den tréimhse fhadaithe a cheadófar chuige sin, go bhféadfaidh siad dul ar aghaidh faoin alt seo ar bhonn an eolais a bheidh os a gcomhair.

(3) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis cuntais na cuideachta d'aon bhliain nó tréimhse eile, i dteannta nó d'éagmais aon doiciméad eile, a chur, faoi fho-alt (1), chuig na Coimisinéirí Speisialta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) mura ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh na cuntais agus na doiciméid eile sin, nó má iarradh tuilleadh sonraí mar a dúradh, laistigh de thrí mhí tar éis na sonraí sin a fháil, nó tar éis deireadh na tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí sin le tabhairt, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don chuideachta go bhfuil beartaithe acu gníomh breise a dhéanamh i gcás na cuideachta faoin alt sin 21 maidir leis an mbliain sin nó an tréimhse eile sin, beidh deireadh agus foirceann, go hiomlán, le cumhacht na gCoimisinéirí aon ghníomh breise eile den sórt sin a dhéanamh maidir leis an mbliain sin nó leis an tréimhse eile sin; agus

(b) d'ainneoin beartú acu mar a dúradh a bheith curtha in iúl ag na Coimisinéirí Speisialta, ní bheidh, tar éis sé mhí ó dháta an beartú a chur in iúl, cumhacht acu maidir leis an gcuideachta sin fógra a eisiúint faoi Sceideal 16, mír 4, maidir leis an mbliain nó an tréimhse sin, nó, mura mbeidh fógra den sórt sin eisithe roimh dheireadh na tréimhse sé mhí sin, ordú a thabhairt maidir leis an gcuideachta faoi alt 530 (1).