An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí) Ar Aghaidh (CUID XXXVIII Tosach Feidhme, Aisghairm, Cosaint, Forálacha Sealadacha agus Forálacha Eatramhacha agus Gearrtheideal)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXVII

Ilghnéitheach

Rialacha maidir le ráitis a sheachadadh.

[1918, a. 207,]

533. —Duine ar bith a dhéanfaidh, thar a cheann féin nó thar ceann duine nó daoine eile, ráiteas a sheachadadh ar mhéid luach bliantúil na mbrabús ar arb inmhuirir cáin, urramóidh sé na rialacha agus na hordacháin atá i Sceideal 18 a mhéid is inchurtha chun feidhme an céanna.

Measúnacht chánach ioncaim a bheith dochloíte le linn an t-ioncam iomlán a bheith á mheas.

[1918, a. 18;

1920, a. 32.]

534. —I gcás ina mbeidh measúnacht tagtha chun bheith críochnaitheach dochloíte chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, beidh an mheasúnacht sin críochnaitheach dochloíte freisin le linn ioncam iomlán ó gach bunadh chun críocha an Achta seo a bheith á mheas, agus ní chuirfear aon liúntas ná coigeartú dliteanais, ar fhoras laghdú ioncaim nó caillteanais, san áireamh nuair a bheidh an t-ioncam iomlán sin ó gach bunadh á mheas chun na gcríocha sin mura mbeidh an liúntas nó an coigeartú sin déanta roimhe sin ar iarratas faoi na forálacha speisialta den Acht seo a bhaineann leis sin.

Srian le hasbhaintí agus brabúis á ríomh.

[1918, a. 209.]

535. —(1) Nuair a bheidh méid brabús nó gnóchan chun críocha cánach ioncaim á dhéanamh amach—

(a) ní dhéanfar aon asbhaintí eile seachas iad sin a áirítear go sainráiteach san Acht seo;

(b) ní dhéanfar aon asbhaint ar chuntas aon leasa bhliantúla, bhlianachta nó íocaíochta bliantúla eile a bheidh le híoc as na brabúis nó na gnóchain sin in oirchill go lamhálfar cuid chomhréire den cháin a asbhaint le linn aon íocaíocht den sórt sin a dhéanamh.

(2) Nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan ó aon mhaoin a thuairiscítear san Acht seo, nó ó aon oifig nó fostaíocht bhrabúis, á dhéanamh amach ní dhéanfar aon asbhaint ar chuntas caipitil a úsáideadh, nó caillteanais a tharla, in aon trádáil nó in aon ghairm nó fostaíocht.

Barántais agus orduithe a fhorghníomhú.

[1918, a. 214.]

536. —(1) Forghníomhóidh na daoine faoi seach chun a mbeidh siad dírithe barántais agus proiceachtanna na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Cabhróidh comhaltaí an Gharda Síochána leis an Acht seo a chur i ngníomh, agus déanfaidh siad de réir cibé proiceachtanna agus barántas a dhíreofar chucu chuige sin faoi údarás an Achta seo agus forghníomhóidh siad iad.

Eifeacht easpa foirme, dearmaid, etc., ar mheasúnachtaí, ar mhuirir, ar bharántais agus ar imeachtaí eile.

[1918, a. 216.]

537. —(1) Ní dhéanfar measúnacht, muirear, barántas ná imeacht eile a airbheartóidh a bheith déanta de bhun an Achta seo a neamhniú, ná ní mheasfar é a bheith ar neamhní ná inneamhnithe mar gheall ar easpa foirme, ná ní difear dó dearmad, locht nó aon ní a bheith ar lár ann, má bhíonn sé, ó thaobh substainte agus éifeachta, ar cothrom nó i gcomhréir le hintinn agus brí an Achta seo, agus má ainmnítear ann de réir ghnáth-intinne agus ghnáth-thuisceana an duine nó an mhaoin a mhuirearaítear nó a mbeartaítear go ndéanfaí muirearú air nó difear dó leis an gcéanna.

(2) Ní tháinseofar measúnacht ná muirear a rinneadh ar mheasúnacht ná ní dhéanfar difear don chéanna—

(a) mar gheall ar dhearmad a bheith ann—

(i) maidir le hainm nó sloinne an duine a bheidh faoi dhliteanas; nó

(ii) maidir le tuairisc aon bhrabús nó maoine; nó

(iii) maidir le méid na cánach a muirearaíodh;

(b) mar gheall ar aon difear idir an fógra agus an deimhniú muirir nó measúnachta:

Ar choinníoll i gcásanna muirir go ndéanfar an fógra muirir a sheirbheáil go cuí ar an duine a bheartaítear a mhuirearú, agus go mbeidh san fhógra agus sa deimhniú faoi seach, i substaint agus in éifeacht, na sonraí ar a mbeidh an muirear déanta; agus déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta gach muirear den sórt sin a éisteacht agus a chinneadh de réir a tuillteanais.

Measanna agus luachálacha a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa.

[1918, a. 217.]

538. —Ní dhlífear aon dleacht stampa a chur ar mheas nó luacháil ar bith a dhéanfar de bhun agus chun críocha an Achta seo.

Páipéir agus leabhair a bhaineann le cáin a sheachadadh.

[1918, a. 219.]

539. —(1) Duine ar bith a bhfuil aon leabhair nó páipéir maidir le cáin ioncaim nó forcháin ina choimeád nó ina sheilbh déanfaidh sé, laistigh de mhí tar éis fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim á cheangal air sin a dhéanamh, iad a sheachadadh don duine a bheidh ainmnithe san fhógra, agus má mhainníonn sé déanamh amhlaidh, tabhóidh sé pionós £50 in aghaidh gach ciona den sórt sin.

(2) Beidh admháil an duine a bheidh ainmnithe san fhógra ina leorghlanadh don duine a sheachadfaidh na leabhair nó na páipéir.

Imeachtaí coiriúla i gcoinne bailitheora.

[1918, a. 86 (3).]

1934, Uimh. 31 .

540. —I gcás aon bhailitheoir a ceapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 , measfar, chun críche aon díotála nó imeachtaí coiriúla i leith aon fheileonacht nó oilghníomh a rinne sé mar bhailitheoir amhlaidh, gur cléireach, oifigeach nó seirbhíseach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim é.

Cruthú i dtaobh duine a bheith ina Choimisinéir nó ina oifigeach.

[1918, a. 233.]

541. —In aon imeachtaí faoi réim nó de dhroim an Achta seo os comhair aon chúirt nó duine dá gcumhachtaítear fianaise a thógáil, féadfar cruthú prima facie go raibh aon duine áirithe ina choimisinéir nó ina oifigeach a thabhairt trína chruthú go raibh an duine sin in ainm bheith ina choimisinéir nó ina oifigeach, nó gur ghníomhaigh sé mar choimisinéir nó mar oifigeach, an tráth a bhí aon ní faoi aighneas in aon imeachtaí den sórt sin.

Seachadadh agus seirbheáil fógraí agus fianaise orthu.

[1918, a. 220;

1958, a. 5, 66, Sc. 4.]

542. —(1) Aon ordacháin a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Speisialta maidir leis an am agus leis an tslí ina ndéanfar orduithe a ghreaú, a sheachadadh nó a sheirbheáil ar shlí eile, agus na daoine ar a mbeidh siad le seirbheáil urramóidh an Bailitheoir iad nuair a thabharfaidh an cigire dó iad.

(2) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoin Acht seo a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim féadfar é a sheirbheáil tríd an bpost:

Ar choinníoll, maidir le haon fhógra nó doiciméad eile a bheidh le tabhairt, le seirbheáil, le cur ar aghaidh nó le seachadadh, faoin Acht seo nó faoi aon Acht maidir le cáin ioncaim, go bhféadfar é a sheirbheáil leis an bpost i cibé cásanna a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim le rialacháin a dhéanfaidh siad chuige sin.

(3) Aon fhógra nó foirm a bheidh le seirbheáil ar dhuine féadfar é a sheachadadh dó nó é a fhágáil ag a ghnáth-áit chónaithe nó ag an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige:

Ar choinníoll, i gcás aon fhógra nó doiciméid eile a bheidh le tabhairt nó le seachadadh do dhuine fostaithe nó le seirbheáil air nó le cur ar aghaidh chuige, go bhféadfar é a sheirbheáil air leis an bpost ag a áit fostaíochta.

(4) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoin Acht seo a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun fógraí den chineál lena mbaineann an fógra a thabhairt, é a shíniú agus a thabhairt agus má shínítear agus má thugtar amhlaidh é beidh sé chomh bailí éifeachtúil agus dá mba iad na Coimisinéirí Ioncaim a shínigh faoina lámha agus a thug é.

(5) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra faoin Acht seo a thug na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a airbheartóidh gur cóip den fhógra é a thabhairt ar aird, agus ní gá postanna oifigiúla na ndaoine nó post oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb iad nó é a thug an fógra nó, má bhíonn sé sínithe, na sínithe nó an síniú, a chruthú, go raibh údarás ag na daoine nó ag an duine a shínigh agus a thug é é sin a dhéanamh.

(6) Aon fhógraí a bheidh le tabhairt agus le seachadadh do na Coimisinéirí Speisialta, nó le seirbheáil orthu, beidh siad bailí éifeachtúil má thugtar nó má sheachadtar iad dá gCléireach nó má sheirbheáltar air iad.

(7) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

[1918, a. 236;

1922, Uimh. 2 , a. 5 (2), 10;

1937, Uimh. 40 , a. 2 (1).]

543. —Na rialacháin sin uile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann—

(a) le forcháin a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú, nó

(b) le seirbheáil leis an bpost,

leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá agus fiche, nó i gcás rialacháin a bhaineann le forcháin, laistigh den daichead lá, a shuífidh an Teach sin tar éis aon rialachán den sórt sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Daoine den chléir agus pearsana eaglaise: asbhaint.

[1918, r. Gin., 2.]

544. —(1) Nuair a bheifear ag meas na cánach is inmhuirir faoi aon Sceideal ar dhuine den chléir nó ar phearsa eaglaise d'aicme chreidimh ar bith, bainfear na hasbhaintí seo a leanas as aon bhrabúis, táillí nó díolaíochtaí a bhaineann lena ghairm—

(a) aon suimeanna airgid a d'íoc sé nó caiteachais a thabhaigh sé go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas ag comhlíonadh a dhualgais mar dhuine den chléir nó mar phearsa eaglaise;

(b) cíbe cuid den chíos (nach mó ná an t-ochtú cuid), a cheadóidh na coimisinéirí nó an cigire a rinne an mheasúnacht, a bheidh íoctha aige maidir le teach cónaithe ar a n-úsáidtear aon chuid de go formhór agus go substaintiúil chun críocha a dhualgais mar dhuine den chléir nó mar phearsa eaglaise den sórt sin;

agus i gcás ina mbeidh teach cónaithe á áitiú ag aon duine den chléir nó ag aon phearsa eaglaise den sórt sin, ach gan aon chíos a bheith á íoc aige as, measfar chun críocha na forála roimhe seo go bhfuil cíos á íoc aige ar cóimhéid le luach bliantúil an tí chónaithe arna mheasúnú i leith cánach faoi Sceideal A.

(2) Mura ndearnadh aon asbhaint den sórt sin, déanfar cuid chomhréireach den cháin a d'íoc sé a aisíoc leis an duine den chléir nó leis an bpearsa eaglaise ar a chruthú do na Coimisinéirí Speisialta go ndearnadh aon suim a chaitheamh mar a dúradh.

Bord Soláthair an Leictreachais a mheasúnú.

[1930, a. 3.]

545. —(1) Dearbhaítear agus achtaítear leis seo nach ionann agus narbh ionann riamh Bord Soláthair an Leictreachais agus an Stát ná brainse ná roinn de Rialtas an Stáit chun críche dliteanas maidir le measúnacht i leith cánach ioncaim agus íoc cánach ioncaim a chinneadh.

(2) Is faoi na suirbhéireachtaí agus na luachálacha faoi na hAchtanna Luachála a chinnfear an luach bliantúil ar maidir leis a bheidh cáin le muirearú faoi Sceidil A agus B den Acht seo i leith aon tionóntáin nó oidhreachtáin atá go heisiatach i seilbh nó faoi rialú Bhord Soláthair an Leictreachais nó á áitiú aige agus atá díolmhaithe de thuras na huaire ó mheasúnacht i leith an ráta chontae nó an ráta bhardasaigh.

Cáin a mhuirearú i gcás bunadh nach dtugann ioncam.

[1926, a. 3.]

546. —Aon uair in aon bhliain mheasúnachta a bheadh duine i dteideal ioncaim ó bhunadh áirithe nach dtugann ioncam iarbhír don bhliain sin nó laistigh de, agus go ndéanfaí an cháin air a ríomh, dá mba gur thug an bunadh ioncam, faoi threoir ioncaim ón mbunadh céanna aon bhliain nó blianta roimhe sin, beidh cáin inmhuirir ar an duine sin, sa bhliain mheasúnachta a dúradh, sa tslí chéanna agus i leith an mhéid chéanna agus dá mba gur thug an bunadh ioncam an bhliain sin.

Faoiseamh i gcás bronntanas áirithe.

[1965, a. 64.]

547. —(1) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid arna thabhairt don Aire Airgeadais an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis lena úsáid chun aon chríocha a soláthraítear airgead poiblí chun nó mar chabhair chun an costas a bhaineann leo agus a ghlacfaidh an tAire sin.

San fho-alt seo ciallaíonn “airgead poiblí” airgead arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó arna eisiúint as nó arna sholáthar ag an Oireachtas.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine a bheidh tar éis bronntanas lena mbaineann an t-alt seo a thabhairt faoiseamh ó cháin a éileamh faoi threoir an bhronntanais sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo.

(3) Chun críocha cánach don bhliain mheasúnachta a thabharfaidh an duine an bronntanas déanfar méid an chéanna a bhaint as aon ioncam nó a fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim de chuid an duine ar arb inmhuirir cáin don bhliain sin agus i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin; agus ríomhfar dá réir sin ioncam iomlán an duine nó i gcás inar bean phósta an duine a meastar gurb ioncam de chuid a fearchéile a hioncam, ioncam iomlán an fhearchéile.

San fho-alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

Faoiseamh i gcás tithe atá á n-áitiú ag daoine den chléir agus ag pearsana creidimh.

[1919, a. 22.]

548. —I gcás ina n-áitíonn duine den chléir nó pearsa creidimh d'aon aicme chreidimh teach cónaithe saor ó chíos de bhua a oifige in imthoscaí de shórt nach mbeidh luach bhliantúil an tí le háireamh mar chuid dá ioncam, beidh sé i dteideal, ar fhógra a thabhairt don chigire tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mheán Fómhair aon bhliain áirithe, nó, i gcás inar thosaigh áitiú an duine sin den chléir nó na pearsan creidimh sin ar dháta tar éis an 30ú lá de Mheitheamh, roimh dheireadh trí mhí tar éis dáta tosaithe an áitithe sin, a iarraidh go ndéanfaí luach bliantúil an tí, tar éis méid aon suime bliantúla is iníoctha i leith an tí sin a bhaint as, a áireamh chun críocha uile cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin mar ioncam tuillte de chuid an duine sin den chléir nó na pearsan eaglaise sin.

San alt seo tá le “suim bhliantúil” an bhrí chéanna atá léi in alt 18 (3).

Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit.

[1953, a. 10;

1965, a. 4 (7).]

549. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “ioncam sonrach” ioncam a bhfuil a bhunadh lasmuigh den Stát agus arb é a mhéid an méid, nó cuid den mhéid, (dá ngairtear an méid a dúradh san alt seo) ar a ríomhtar an cháin de réir an Achta seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), (4) agus (5), beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo i gcás—

(a) cáin a mhuirearú trí mheasúnacht in aghaidh aon tréimhse, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin a thosaigh sé, agus cibé acu roimh an dáta sin nó tar éis an dáta sin a rinneadh an mheasúnacht, agus

(b) gan an cháin a bheith íoctha.

(3) In aon chás ina dtabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim, ar an dáta a bheidh an cháin iníoctha nó dá éis sin, cibé cruthúnas is leor leo nach féidir, mar gheall ar reachtaíocht sa tír ina bhfuil a bhunadh nó mar gheall ar bheart feidhmiúcháin ag Rialtas na tíre sin, ioncam sonrach a chur chun an Stáit, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha bailiúcháin, an mheasúnacht a áireamh amhail is nár fholaigh an méid a dúradh an t-ioncam sonrach, ach beidh deireadh leis an áireamh sin a luaithe a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim gan leor-chruthúnas den sórt sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, aon eolas is dóigh leo is gá a éileamh.

(5) Duine ar bith atá míshásta le breith na gCoimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (3), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, a iarraidh an cás a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Speisialta, ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta, agus beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Ús ar cháin thar téarma.

[1962, a. 14 (1), (3)-(6);

1963, a. 102.]

550. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus ailt 551 agus 552, beidh ag gabháil le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide ús de réir leath faoin gcéad in aghaidh gach mí nó cuid de mhí ón dáta a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

(2) I gcás ina n-íocfar aon cháin tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith dlite agus iníoctha, maithfear an t-ús uirthi faoin alt seo.

(3) Ní bheidh ús iníoctha faoin alt seo ar an gcáin a mhuirearófar le haon mheasúnacht mura rud é nach lú ná £1 méid iomlán an úis.

(4) An t-ús is iníoctha faoin alt seo—

(a) beidh sé iníoctha gan aon asbhaint chánach ioncaim agus ní lamhálfar mar asbhaint é le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha an Achta seo, agus

(b) measfar gur fiach é atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim,

agus, faoi réir fho-alt (5), beidh ag forálacha gach achtachán a bhaineann le gnóthú aon chánach arna muirearú le measúnacht feidhm maidir le haon mhéid úis is iníoctha ar an gcáin sin a ghnóthú ionann agus dá mba chuid den cháin sin an méid sin úis.

(5) In imeachtaí a thionscnófar de bhua fho-alt (4)—

(a) beidh deimhniú ón mBailitheoir á dheimhniú méid áirithe úis a bheith dlite ón duine, agus iníoctha ag an duine, arbh ina choinne a tionscnaíodh na himeachtaí ina fhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, go bhfuil an tsuim sin dlite agus iníoctha, agus

(b) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith arna shíniú ag an mBailitheoir a thairiscint i bhfianaise gan chruthú agus measfar, go dtí go suífear a mhalairt, é a bheith arna shíniú ag an mBailitheoir.

An éifeacht ar ús a bheidh ag faoisimh a thabharfar trí urscaoileadh nó trí aisíoc.

[1962, a. 14 (7).]

551. —(1) Faoi réir fho-alt (2)—

(a) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin arna muirearú le haon mheasúnacht den sórt dá dtagraítear in alt 550 (1) a thabhairt do dhuine ar bith trí aon chuid den cháin sin a urscaoileadh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt seo maidir leis, is gá chun a áirithiú gurb é méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más aon suim é, a íocfar nó is iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht an méid iomlán a bheadh inti dá mba nár muirearaíodh riamh an cháin a glanadh, agus

(b) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin a íocadh in aghaidh aon bhliana measúnachta nó aon tréimhse cuntasaíochta a thabhairt d'aon duine trí aisíoc, beidh teideal aige chun a cheangal go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo leis an méid a aisíocfar, an fad a rachaidh sé, ionann agus dá mba urscaoileadh é ar an gcáin a muirearaíodh air (cibé acu ina aonar é nó i dteannta daoine eile) le haon mheasúnacht in aghaidh na bliana céanna nó na tréimhse céanna, i slí, áfach, nach gcuirfear chun feidhme é maidir le haon mheasúnacht a rinneadh tar éis an faoiseamh a bheith tugtha agus ní chuirfear chun feidhme é maidir le níos mó ná measúnacht amháin ionas go ndéanfar an méid cánach a bheidh muirearaithe leis na measúnacht a laghdú gan é a mhúchadh.

(2) Ní dhéileálfar le haon fhaoiseamh, cibé acu trí urscaoileadh nó trí aisíoc, mar fhaoiseamh—

(a) a dhéanann difear do cháin arna muirearú le measúnacht i leith cánach ioncaim mura faoiseamh ó cháin ioncaim é, nó

(b) a dhéanann difear do cháin arna muirearú le haon mheasúnacht i leith fhorchánach mura faoiseamh ó fhorcháin é.

Tosach feidhme ailt 550 agus 551.

[1962, a. 14 (2) (9).]

1962, Uimh. 15 .

552. —(1) Beidh feidhm ag ailt 550 agus 551 maidir le measúnachtaí d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an Achta seo a rinneadh iad nó gur i leith blianta measúnachta roimh an mbliain 1967-68 a rinneadh iad, agus, maidir le haon mheasúnachtaí a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, measfar éifeacht a bheith acu i gcónaí:

Ar choinníoll nach measfar ús a bheith tosaithe ag rith faoi na hailt sin ó aon dáta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1963.

(2) Beidh éifeacht ag ailt 550 agus 551 agus ag fo-alt (1) den alt seo, maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim nó forchánach agus measfar éifeacht a bheith acu i gcónaí in ionad forálacha alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 :

Ar choinníoll go measfar aon ní a rinneadh faoin alt sin 14 nó dá bhua maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim nó forchánach a bheith déanta faoi réir forálacha comhréire ailt 550 agus 551 nó de bhua na bhforálacha sin agus go ndéanfar tagairtí in aon doiciméad don alt sin 14 nó d'aon fhoráil den alt sin a fhorléiriú dá réir sin maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim nó forchánach mar thagairtí do na forálacha comhréire de na hailt sin 550 agus 551.

Cearta mianraí a lamháil d'úinéir i leith costas.

[1922, a. 26.]

553. —(1) I gcás cearta chun mianraí a oibriú sa Stát a bheith ligthe in aghaidh aon bhliana measúnachta, beidh teideal ag an léasóir, ar éileamh a dhéanamh chuige, go n-aisíocfar leis an méid sin den cháin ioncaim a d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile i leith an chíosa nó na ríchíosanna don bhliain sin is comhionann le méid na cánach ar aon suimeanna a gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go ndearna sé iad a íoc go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, mar chostais bainistí nó maoirseachta ar na mianraí sin sa bhliain sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon aisíoc cánach—

(a) ach amháin ar a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur íocadh cáin ar mhéid comhiomlán an chíosa nó na ríchíosanna; nó

(b) má rinneadh nó go feadh an mhéid a rinneadh, na costais sin a lamháil, ar shlí eile, mar asbhaint le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(2) Déanfar fógra i dtaobh aon éilimh chun na gCoimisinéirí Speisialta faoin alt seo, mar aon le sonraí an éilimh sin, a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta ar ina leith a rinneadh an t-éileamh, agus má agóideann an cigire i gcoinne an éilimh sin éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an céanna ionann agus mar dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta faoi Sceideal D, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo maidir le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.