An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Sceideal D) Ar Aghaidh (Caibidil III Trádála agus Gairmeacha a Sheoltar i gComhpháirtíocht)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Cásanna I agus II

Méid an mhuirir.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 1 (1).]

57. —Muirearófar an cháin faoi Chásanna I agus II de Sceideal D gan aon asbhaint eile ach amháin mar a lamháiltear leis an Acht seo.

Foras measúnachta.

[1918, Sc. D, Cna.

I agus II, r. 1 (2);

1929, a. 9, 12;

1932, a. 5 (4);

1942, a. 5.]

58. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus ailt 59 agus 60, muirearófar cáin faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan na bliana roimh an bhliain mheasúnachta.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis trádáil nó gairm a bhunú agus a thosú sa bhliain mheasúnachta, déanfar ríomh na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirir faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta nó de réir an mheán-mhéid i cibé tréimhse, nach mó ná bliain, is gá sa chás agus a ordóidh an cigire.

(3) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta muirearófar é ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan bliana amháin ó am an bhunaithe agus an tosaithe sin, ach beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófar é i leith cánach ioncaim ar mhéid brabús nó gnóchan na bliana measúnachta.

(4) Duine ar bith ar arb inmhuirir cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan aon trádála nó gairme a bunaíodh agus a tosaíodh sa bhliain díreach roimh an mbliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta beidh sé i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go laghdófar an mheasúnacht an méid (más ann) a bheidh ag comhshuim na measúnachtaí faoi seach don bhliain mheasúnachta agus don bhliain roimh an mbliain sin de bhreis ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan an dá bhliain sin.

(5) (a) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go mbuanscoirfear de thrádáil nó de ghairm ansin d'ainneoin aon ní san Acht seo—

(i) déanfar an duine a mbeidh cáin muirearaithe nó inmhuirir air ina leith sin a mhuirearú in aghaidh na bliana sin ar mhéid brabús nó gnóchan na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán na bliana sin agus dar críoch dáta an bhuanscortha, faoi réir aon asbhainte nó fritháirimh a mbeidh teideal aige chuige faoi alt 308 nó 309, agus, má muirearaíodh é ar shlí seachas de réir na míre seo, aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, nó féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh air, de réir mar is gá sa chás;

(ii) más mó brabúis nó gnóchain na bliana dar críoch an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a tharlóidh an buanscor ná an méid a muirearaíodh ar an duine sin in aghaidh na bliana sin roimhe sin, nó a mhuirearófaí air dá mba nár lamháladh aon asbhaint nó fritháireamh mar a dúradh, féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh air, ionas go muirearófar é in aghaidh na bliana roimhe sin ar mhéid brabús nó gnóchan na bliana sin dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, faoi réir aon asbhainte nó fritháirimh mar a dúradh a mbeidh teideal aige chuige.

(b) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoin bhfo-alt seo, mura mbeadh go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

(6) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (5) do bhuanscor trádála nó gairme a fhorléiriú mar thagairt do bhuanscor de dheasca an duine a bhí ag gabháil don trádáil nó don ghairm d'fháil bháis le linn dó bheith ag gabháil don chéanna agus freisin do bhuanscor le linn beo an duine sin, agus chun críocha fho-alt (5) measfar an bás sin a bheith ina chúis le buanscor agus measfar an buanscor sin do tharlú lá an bháis sin.

Athruithe dílseánachta.

[1918, Cna. I agus II, Sc. D, r. II;

1965, a. 55 (1).]

59. —(1) Má tharlaíonn tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, i gcás trádála nó gairme a bhí á seoladh díreach roimh an am sin ag pearsa aonair (dá ngairtear an réamhtheachtaí ina dhiaidh seo san fho-alt seo), go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh ag duine aonair eile nó ag comhpháirtíocht daoine (lena n-áirítear comhpháirtíocht inar comhpháirtí an réamhtheachtaí), déanfar an cháin is iníoctha ag an réamhtheachtaí in aghaidh na mblianta measúnachta uile a ríomh ionann agus dá mba rud é gur buanscoireadh an tráth sin den trádáil nó den ghairm.

(2) I gcás pearsa aonair (dá ngairtear an comharba ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a theacht, tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, i gcomharbas trádála nó gairme a bhí díreach roimh an am sin á seoladh ag pearsa aonair eile nó ag comhpháirtíocht daoine (lena n-áirítear comhpháirtíocht inar chomhpháirtí an comharba), déanfar an cháin is iníoctha ag an gcomharba in aghaidh na mblianta measúnachta uile a ríomh ionann agus dá mba rud é gur ag an am sin a bhunaigh sé nó a thosaigh sé an trádáil nó an ghairm.

(3) I gcás báis duine a thiocfadh, mura mbeadh gur éag sé, chun bheith, faoi fhoráil an ailt seo, inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

Tréimhse ríofa brabús.

[1929, a. 15.]

60. —(1) Más rud é, i gcás aon trádala nó gairme nó i gcás áitiú a aon talún a áitítear d'aon toisc nó go formhór chun críche feirmeoireachta nó i gcás áitiú aon talamh coille, gur ghnách cuntais a dhéanamh suas:—

(a) mura ndearnadh ach cuntas amháin suas go dtí dáta sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, agus gur chuntas in aghaidh tréimhse bhliana é sin, measfar gurbh iad brabúis nó gnóchain na bliana dar chríoch an dáta sin brabúis nó gnóchain na bliana roimh an mbliain mheasúnachta;

(b) mura ndearnadh aon chuntas in aghaidh tréimhse bliana suas go dtí dáta sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó má rinneadh níos mó ná aon chuntas amháin suas go dtí dátaí sa bhliain sin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim cén tréimhse dhá mhí dhéag a measfar gurb í an bhliain í a mbeidh sé le háireamh gurb iad na brabúis nó na gnóchain ina haghaidh brabúis nó gnóchain na bliana roimh an mbliain mheasúnachta.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1) (b) agus gur dóigh leo gur chóir dá dhroim sin an cháin in aghaidh na bliana measúnachta deiridh roimhe sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ón mbunadh céanna a ríomh ar bhrabúis nó gnóchain thréimhse comhréire, féadfaidh siad orduithe sa chéill sin a thabhairt agus déanfar measúnacht nó measúnacht bhreise nó aisíocaíocht chánach dá réir sin.

(3) Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne aon mheasúnachta nó measúnachta breise nó i leith aon aisíocaíocht chánach faoi fho-alt (2), agus déanfar aon achomharc den sórt sin chun na gCoimisinéirí Speisialta agus breithneoidh siad sin na himthosca agus tabharfaidh siad cibé faoiseamh is dóigh leo a bheith cóir, más aon fhaoiseamh é, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh ina gcinneadh, mura gceanglóidh an duine a bheidh measúnaithe go n-athéisfí a achomharc faoi alt 429, nó mura gceanglaítear faoin Acht seo go ndéanfaí cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte.

(4) I gcás duine d'fháil bháis a thiocfadh, faoi fhorálacha an ailt seo, mura mbeadh go bhfuair sé bás, chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí agus is fiach a bheidh inti a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

Riail Ghinearálta maidir le hasbhaintí.

[1918, Sc. D, Cásanna I agus II, r. 3;

1921, a. 31;

1922, a. 18 (1);

1929, a. 19, Sc. 3.]

61. —Faoi réir forálacha an Achta seo, nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a bheidh le muirearú á ríomh, ní dhéanfar aon suim a asbhaint i leith na nithe seo a leanas:—

(a) aon eisíocaíochtaí nó costas, nach airgead a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála nó na gairme;

(b) aon eisíocaíochtaí nó costas chothabhála de chuid na bpáirtithe nó a dteaghlach nó a mbunachas nó aon suimeanna a caitheadh chun aon críocha tís nó críocha príobháideacha eile ar leithligh ó chríocha na trádála nó na gairme sin;

(c) cíos nó luach bliantúil aon tí chónaithe nó oifigí tís nó aon choda den chéanna, ach amháin an chuid sin den chéanna a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme:

Ar choinníoll, i gcás aon chuid den sórt sin a bheith a húsáid amhlaidh, gur suim de mhéid a chinnfidh an cigire a asbhainfear amhlaidh agus mura dóigh leis an gcigire, ag féachaint do na himthosca uile, gur chóir suim éigin is mó ná sin a asbhaint, de mhéid nach mó ná dhá thrian den luach bhliantúil nó den chíos bliantúil a íoctar bona fide ar an teach cónaithe nó na hoifigí sin;

(d) aon suim a caitheadh ar dheisiú áitreabh nó a áitítear nó i leith soláthar, deisiúchán, nó athrú aon uirlisí, áiseanna, nó earraí a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme, seachas an tsuim a caitheadh iarbhír chun na gcríocha sin;

(e) aon chaillteanas nach mbaineann leis an trádáil nó an ghairm nó nach n-éiríonn aisti;

(f) aon chaipiteal a astarraingíodh as an trádáil nó as an ngairm sin, nó aon suim a úsáideadh nó a beartaíodh a úsáid sa trádáil nó sa ghairm sin;

(g) aon chaipiteal a úsáideadh ag feabhsú áitreabh a áitítear chun críocha na trádála nó na gairme;

(h) aon ús a bheadh déanta dá mba rud é gur cuireadh aon suimeanna den sórt a dúradh ag saothrú úis;

(i) aon fhiacha, ach amháin drochfhiacha ar cruthaíodh chun sástacht an chigire gur drochfhiacha iad agus fiacha amhrasacha a mhéid a mheastar faoi seach gur droch fhiacha iad sin. I gcás féimheacht nó dócmhainneacht féichiúnaí, measfar gurb é luach aon fhéich an méid a bhféadfaí bheith ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar aon fhiach den sórt sin;

(j) aon mheán-chaillteanas thar méid iarbhír an chaillteanais tar éis coigeartaithe;

(k) aon suim is inghnóthaithe faoi árachas nó faoi chonradh slánaíochta;

(l) aon ús bliantúil, nó aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha as na brabúis nó na gnóchain;

(m) aon ríchíos nó suim eile a íocadh i leith úsáid paitinne.

Stoc trádála a bhain le trádáil scortha.

[1918, Cna. I agus II, Sc. D, r. 19;

1942, a. 2;

1955, a. 55 (2).]

62. —(1) Nuair a bheidh brabúis nó gnóchain trádála a buanscoireadh á ríomh, déanfar aon stoc trádála a bhain leis an trádáil tráth a scortha a luacháil de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i gcás aon stoic thrádála den sórt sin—

(i) a dhíolfar le duine ag a bhfuil trádála á seoladh nó a bheartaíonn trádáil a sheoladh sa Stát, nó a aistreofar chun an duine sin ar chomaoin luachmhar, agus

(ii) a bhféadfaidh an duine sin an costas ina leith a bhain dó ar an díol nó ar an aistriú sin a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchain na trádála sin a bhí á seoladh aige nó a bheartaigh sé a sheoladh á ríomh chun críche ar bith den Acht seo,

measfar gurb é luach an stoic thrádála sin an praghas a íocadh air ar an díol sin nó luach na comaoine a tugadh ina leith ar an aistriú sin, cibé acu é;

(b) i gcás aon stoic thrádála eile den sórt sin, measfar gurb é a luach an méid a gheofaí air dá mba rud é gur díoladh é ar an margadh oscailte tráth an trádáil a scor.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “stoc trádála” maoin d'aon chineál, réadach nó pearsanta, agus is—

(a) maoin de shórt a dhíoltar i ngnáthchúrsa na trádála a n-úsáidtear an abairt maidir léi nó a dhíolfaí amhlaidh dá mbeadh sí aibí nó dá mbeadh a monarú, a hullmhú nó a déanamh críochnaithe, nó

(b) ábhair de chineál a úsáidtear i monarú, ullmhú, nó déanamh maoine de shórt a dhíoltar i ngnáthchúrsa na trádála sin,

déanfar tagairtí do scor de thrádáil a fhorléiriú mar thagairtí nach dtagraíonn d'aon chás nó nach bhfolaíonn aon chás ina raibh trádáil den sórt sin á seoladh ag pearsa aonair agus ar scoireadh di de dheasca a bháis (cibé acu a lean nó nár lean duine eile den trádáil sin tar éis a bháis) ach forléireofar iad mar thagairtí a thagraíonn do gach cás eile, agus a fholaíonn gach cás eile, inar scoireadh de thrádáil nó a n-áirítear, de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur scoireadh di chun críocha cánach a ríomh.

Asbhaintí maidir le bunú nó athrú scéimeanna aoisliúntais.

[1963, a. 7.]

63. —I gcás scéim aoisliúntais a bheith bunaithe i ndáil le trádáil nó gnóthas nó scéim aoisliúntais a bheith bunaithe amhlaidh a athrú agus go ndéanfaidh an duine a bheidh ag seoladh na trádála nó an ghnóthais íocaíocht i leith costas (ar a n-áirítear íocaíocht i leith táillí gairmiúla ach gan áireamh a dhéanamh ar íocaíocht ar mhodh ranníoca i leith costas soláthair na sochar is iníoctha faoin scéim) i ndáil leis an mbunú nó leis an athrú sin, ansin, más amhlaidh don scéim nó, de réir mar a bheidh, don scéim athraithe—

(a) go n-oibrítear í trí chiste a bheidh ceadaithe, go hiomlán nó go páirteach, ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha alt 222,

(b) go mbeidh sí ceadaithe, go hiomlán nó go páirteach, ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229,

(c) gur scéim eiscthe í de réir bhrí alt 228 (2),

ceadófar méid na híocaíochta a asbhaint agus ríomh á dhéanamh, chun críocha measúnachta cánach ioncaim, ar bhrabúis nó gnóchain na trádála nó an ghnóthais mar chostas a tabhaíodh le linn íocaíocht a dhéanamh:

Ar choinníoll, i gcás lena mbaineann mír (a) nó mír (b), nach mbeidh ach cuid den chiste nó den scéim iomchuí ceadaithe mar a luaitear ansin, nach mbainfidh an asbhaint ach amháin leis an oiread sin den íocaíocht agus is inchurtha i leith na coda sin.

Asbhaint i leith cáin bhrabús corparáide.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 4;

1920, a. 31;

1949, a. 2;

1961, a. 7;

1966, a. 5.]

64. —(1) I gcás ina mbeidh aon chuideachta tar éis cáin bhrabús corparáide a íoc in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó dáta dá éis, ansin, nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchan na cuideachta chun críocha cánach ioncaim lamhálfar an méid a bheidh íoctha amhlaidh a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar neamhshuim chun críocha an fho-ailt seo de cibé méid den cháin bhrabús corparáide a íocadh in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, is inchurtha i leith brabús a cionroinneadh faoi alt 21 (2) den Acht Airgeadais, 1966 , i leith na coda den tréimhse chuntasaíochta roimh an lá sin.

(2) I gcás ina mbeidh aon chuideachta tar éis aon mhéid a fháil d'aisíocaíocht a d'íoc sí roimhe sin ar mhodh cháin bhrabús corparáide, áireofar an méid a aisíocadh mar bhrabús in aghaidh na bliana a fuarthas an aisíocaíocht, ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i gcás inar lamháladh méid a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchain á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(3) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go dtiocfaidh na brabúis nó na gnóchain óna bhféadfar asbhaint a dhéanamh faoin alt seo faoi ríomh, ach mar gheall ar an am a fionnadh méid na cánach brabús corparáide nárbh fhéidir éifeacht a thabhairt don asbhaint nuair a bhí an cháin ioncaim á measúnú, déanfar an méid a laghdófaí an cháin sin dá dtabharfaí éifeacht don asbhaint a asbhaint as an méid is iníoctha i leith cáin bhrabús corparáide nó, mura mbeidh aon cháin bhrabús corparáide ann, aisíocfar leis an gcuideachta é.

Luach bliantúil maoine a eisiamh.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 5;

1922, a. 18 (1);

1929, a. 19;

1959, a. 32 (2).]

65. —(1) Déanfar cáin a ríomh d'eisiamh luach bliantúil maoine a áitítear chun críche na trádála nó na gairme agus a ndéantar measúnú agus muirearú ar leithligh uirthi faoi Sceideal A.

(2) I gcás inar lasmuigh den Stát atá aon tailte, tionóntáin, oidhreachtáin nó áitreabh eile de thuairisc ar bith a úsáidtear chun críche aon trádála nó gairme, ní dhéanfar aon asbhaint nó fritháireamh a lamháil ar shlí ar bith ar chuntas nó i leith luach bliantúil an áitribh sin nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan bliantúla a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh ón trádáil nó ón ngairm sin á meas.

(3) Más rud é, nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a d'éirigh nó a d'faibhrigh ó aon trádáil nó gairm agus is inmhuirir i leith cánach faoin Sceideal seo á meas, go n-asbhainfear aon suim ar chuntas luach bliantúil na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán a úsáidtear chun críche na trádála nó na gairme sin, ní bheidh an tsuim a asbhainfear amhlaidh níos mó ná méid na measúnachta ar na tailte, na tionóntáin agus na hoidhreachtáin chun críche cánach faoi Sceideal A arna laghdú chun críche cruinnithe.

(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás foirgnimh nó déanmhais thionscail de réir bhrí alt 255 nach foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264.

(b) Más rud é, i gcás áitreabh atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, gur foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264 cuid de agus nach ea cuid, tiocfar ar luach bliantúil gach coda trí luacháil inrátaithe an áitribh a chionroinnt, agus bainfidh alt 54 (3) (c) agus alt 54 (4) le haon chionroinnt den sórt sin mar a bhaineann siad le cionroinnt a cheanglaítear le halt 54 (3).

Cumhacht chun measúnachtaí Sceideal A a fhágáil ar lár i gcásanna áirithe.

[1964, a. 10.]

1964, Uimh. 15 .

66. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a ríomhfar cáin ioncaim don bhliain sin go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás arb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile a bheidh le glacadh, de bhua an Achta seo, mar bhrabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

tá le “gearr-léas” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil VI de Chuid IV;

ciallaíonn “trádáil” trádáil de réir bhrí Chás I de Sceideal D;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála.

(2) (a) Faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, baineann an t-alt seo le haon aonad luachála a bhfuil cáin inmheasúnaithe ar chuideachta ina leith faoi Sceideal A agus is aonad luachála nach dteipeann ar aon chuid de, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ceann nó an ceann eile de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, is é sin le rá:

(i) go bhfuil sé áitithe go huile ag an gcuideachta is inmheasúnaithe mar a dúradh chun críocha trádála,

(ii) go bhfuil sé, i dteannta nó d'éagmais áitribh eile faoi réir gearr-léas a dheonaigh cuideachta agus nach léas den chineál dá dtagraítear in alt 86.

(b) Ní bhaineann an t-alt seo le haonad luachála—

(i) a bhfuil a iomlán nó cuid de á áitiú chun críocha trádála arb é atá inti ar fad nó go páirteach oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XXV, nó

(ii) a bhfuil aon ús iníoctha ina leith faoi ghearr-léas ag an gcuideachta is inmheasúnaithe faoi Sceideal A ina leith.

(c) Chun críocha fhomhír (a) (ii) cinnfear ré léasa mar a chinnfí é chun críocha alt 81 (4).

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal A a dhéanamh d'aon bhliain mheasúnachta i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo; agus más rud é, i gcás aon bhliana measúnachta, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A, ní dhéanfar, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, luach bliantúil an aonaid luachála a chur i gcuntas chun aon críche den Acht seo maidir leis an gcuideachta is inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A.

(4) I gcás—

(a) an t-iomlán nó cuid d'aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) a bheith áitithe tráth ar bith i rith bliana measúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) chun críocha trádála a sheolann an chuideachta a bheidh i gceist, agus

(b) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain iomchuí i leith an aonaid,

bainfidh na forálacha seo a leanas le méid brabús agus gnóchan na trádála a ríomh chun críocha measúnachta don bhonn-tréimhse don bhliain iomchuí, ach ní bhainfidh le caillteanas a fulaingíodh i gcúrsaí trádála sa tréimhse sin a ríomh chun críocha faoisimh:

(i) ríomhfar ar dtús brabúis nó gnóchain na bonntréimhse ionann agus dá mbeifí tar éis measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid a dhéanamh do gach bliain mheasúnachta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhonn-tréimhse nach ndearnadh measúnacht den sórt sin di;

(ii) déanfar an méid a bheidh ríofa de réir mhír (i) den fho-alt seo a choigeartú ar dtús ionann agus dá mbeadh, i dteannta na bhfáltas trádála a cuireadh i gcuntas nuair a bhíothas á chinneadh, méid fáltas trádála faighte ag an gCuideachta sa bhonn-tréimhse ar cóimhéid leis an tsuim a shonraítear sa chéad mhír eile ina dhiaidh seo agus, chun críocha uile an Achta seo, measfar gurb é an méid a ríomhadh de réir na míre sin (i) arna choigeartú amhlaidh méid brabús nó gnóchan na bonn-tréimhse;

(iii) an tsuim dá dtagraítear i mír (ii) den fho-alt seo is suim í is comhionann le méid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh i leith an aonaid don bhliain iomchuí nó, i gcás ina mbeadh feidhm ag alt 23, is le glanmhéid, arna laghdú chun críocha bailiúcháin, na measúnachta a d'fhéadfaí a dhéanamh mar a dúradh, ar choinníoll go ndéanfar, i gcás gan iomlán an aonaid a bheith áitithe chun críocha na trádála ar feadh na bliana iomchuí, an tsuim atá luaite anseo roimhe seo a laghdú go cuí.

(5) (a) I gcás—

(i) ina mbeadh an mheasúnacht faoi Sceideal A d'aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) le laghdú, dá ndéanfaí í, chun críocha bailiúcháin, faoi alt 23,

(ii) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain sin i leith an aonaid,

(iii) tréimhse (dá ngairtear an tréimhse neamheasúnaithe anseo feasta san fho-alt seo) arb í an bhliain sin uile nó cuid di í a bheith laistigh de thréimhse (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta anseo feasta san fho-alt seo) a mbeidh cuntais na cuideachta a bheidh i gceist déanta amach ina haghaidh, agus

(iv) iomlán an aonaid nó cuid de a bheith áitithe tráth ar bith i rith na tréimhse neamheasúnaithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta,

ansin, nuair a bheidh méid caillteanais a fulaingíodh sa trádáil sa tréimhse chuntasaíochta á ríomh, lamhálfar cibé asbhaint, más aon asbhaint í, a údaraítear le mír (b).

(b)   (i) I gcás an tréimhse neamheasúnaithe do chomhthitim leis an mbliain iomchuí agus go raibh iomlán an aonaid áitithe ar feadh na tréimhse sin chun críocha na trádála, beidh an asbhaint faoi mhír (a) comhionann leis an méid, más aon mhéid é, a bheidh glanmhéid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh don bhliain iomchuí i leith an aonaid faoi bhun na suime a bheadh, dá ndéanfaí an mheasúnacht sin, le hasbhaint, faoi alt 65, i leith na tréimhse neamheasúnaithe ar scór luach bhliantúil an aonaid.

(ii) In aon chás eile, is é a bheidh san asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo an chomhréir den asbhaint ab inlamháilte faoi, dá mbeadh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo, is comhionann leis an gcomhréir a bheadh idir an tsuim a bheadh le hasbhaint, faoi alt 65, i gcúinsí an cháis, dá ndéanfaí measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid don bhliain iomchuí, in aghaidh na tréimhse neamheasúnaithe mar gheall ar luach bliantúil an aonaid agus an tsuim a bheadh le hasbhaint faoin alt sin dá mbeadh na cúinsí mar a dúradh san fhomhír sin (i).

(6) Má tharlaíonn, de dhroim oibriú na bhforálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh méid brabús nó gnóchan trádála arb inmhuirir cáin ar chuideachta ina leith faoi Chás I de Sceideal D níos mó in aon bhliain mheasúnachta ná bheadh mura mbeadh sin, ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin de na brabúis nó de na gnóchain arb inmhuirir an chuideachta ina leith amhlaidh nach dtéann thar an méid ar arbh inmhuirir í amhlaidh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo agus ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin den cháin is iníoctha ag an gcuideachta agus is inchurtha i leith na coda sin de na brabúis nó de na gnóchain nuair a bheifear ag cinneadh méid aon fhaoisimh a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta in aghaidh na bliana measúnachta faoi alt 220 nó faoi Chaibidil II, III nó IV de Chuid XXV.

(7) Más rud é, de réir an ailt seo, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A i leith aon aonaid luachála ní fhágfaidh sé sin nach n-áireofar mar bhuntáiste de chuid oifige nó fostaíochta suim a áireofaí amhlaidh, mura mbeadh sin, de réir Chaibidil III de Chuid IV.

(8) (a) Féadfaidh cuideachta, trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire laistigh den am a theorannaítear le mír (b), a roghnú nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi agus, i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis roghnú amhlaidh, ní bheidh aon aonad luachála a mbeidh an chuideachta inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A ina aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo.

(b) Seachadfar fógra faoi mhír (a)—

(i) i gcás cuideachta a bhí ann ar dháta thosach feidhme an Achta seo (seachas cuideachta a corpraíodh ar dháta níos mó ná sé mhí roimh an dáta tosach feidhme sin) laistigh de shé mhí ó dháta an chuideachta a chorprú,

(ii) i gcás cuideachta nach raibh ann ar dháta thosach feidhme an Achta seo, laistigh de shé mhí ó dháta an chuideachta a chorprú.

(c) Féadfaidh cuideachta tráth ar bith fógra a bheidh tugtha aici faoi mhír (a) nó faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1964 , a tharraingt siar agus air sin scoirfidh an fógra d'éifeacht a bheith aige amhail ó thosach na chéad bhliana measúnachta eile.

Liúntas i leith áitribh thionscail.

[1919, a. 18;

1959, a. 32 (4).]

67. —(1) San alt seo ciallaíonn “áitreabh” foirgneamh nó déanamh tionscail de réir bhrí alt 255 nach foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 264.

(2) Nuair a bheifear ag meas méid na mbrabús nó na ngnóchan bliantúla a éireoidh nó a fhaibhreoidh ó aon trádála ar inmhuirir cáin ar a brabúis faoi Chás I de Sceideal D lamhálfar, d'ainneoin aon ní in alt 65, go n-asbhainfear, mar chaiteachais a tabhaíodh aon bhliain áirithe, i leith aon áitribh de chuid an duine ag a mbeidh an trádáil sin ar siúl agus a bheidh áitithe aige chun críocha na trádála sin, agus a bheidh lasmuigh den Stát, asbhaint ar cóimhéid leis an tríú cuid de luach bliantúil an áitribh sin.

(3) Nuair a bheidh meas á dhéanamh ar na brabúis in aghaidh aon bhliana áirithe i gcás aon cheann de na gnólachtaí a ndéantar, de bhua alt 53, iad a mhuirearú faoi Chás 1 (b) de Sceideal D, lamhálfar go n-asbhainfear, mar chostais a tabhaíodh aon bhliain áirithe, i leith aon áitribh leis an duine ag a raibh an gnólacht á sheoladh agus a bhí áitithe aige chun críocha an ghnólachta sin, asbhaint ar cóimhéid leis an tríú cuid de luach bliantúil an áitribh sin.

(4) Déanfar luach bliantúil chun críocha an ailt seo a mheas de réir na bprionsabal a rialaíonn meas an luacha bliantúil chun críocha Sceideal A.

Ráiteas ar bhrabúis.

[1918, Sc. D, Cna. I agus II, r. 16, 17;

1963, Sc. 6, Cuid II.]

68. —(1) Gach ráiteas ar bhrabúis a bheidh le muirearú faoi Sceideal D a dhéanfaidh duine ar bith—

(i) ar a chuntas féin; nó

(ii) ar chuntas duine éigin eile a mbeidh sé inmhuirir ina leith, nó is inmhuirir ina ainm,

beidh ann gach bunadh ioncaim is inmhuirir amhlaidh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine ráiteas ar bhrabúis a sheachadadh mar a dúradh thar ceann duine éigin eile, nó thar ceann comhlacht daoine, seachadfar an ráiteas sa cheantar measúnachta ina mbeadh an duine a sheachadfaidh an ráiteas nó an chomhlacht daoine faoi seach inmheasúnaithe agus inmhuirir dá mba thar a cheann nó a gceann féin a ghníomhaigh sé.