An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 17 Dearbhuithe.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 19 Achtacháin a Aisghairtear)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 18

Ráitis, Liostaí agus Dearbhuithe.

Ailt 24 , 135 , 136 , 137 , 144 , 145 , 154 , 189 , 533 , 555.

I.—Ag Gach Tiarna Talún, Neasléasóir, Duine atá Rátaithe i leith Ráta Bhardasaigh nó Ráta Chontae nó áititheoir Tailte, Tionóntán nó Oidhreachtán a Bheidh le Muirearú faoi Sceidil A nó B, nó faoi Cheachtar Acu.

[1918, Sc. 5, Foirm I.]

Ráiteas ar chíos luach bliantúil, nó ar luach bliantúil, de réir mar is gá sa chás, na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán uile atá á n-áitiú, agus iad sin atá áitithe mar úinéir nó tionónta, agus iad sin freisin atá á dteachtadh faoi thiarnaí talún éagsúla, agus iad sin freisin atá inmhuirir faoi threoir an chíosa nó an luacha bhliantúil, nó ar mhéid na mbrabús, a mheas ar leithligh; agus an cíos nó an luach bliantúil is inmhuirir i leith na maoine, agus an méid is inmhuirir i leith an áitithe a mheas ar leithligh, agus an céanna a shonrú go leithleach mar a leanas:—

Tailte agus tionóntáin a áitítear mar úinéir;

Tailte agus tionóntáin atá ligthe, agus a gcíos agus a luach bliantúil á meas ar leithligh;

Luachálacha inrátaithe na talún agus na dtionóntán sin;

Méid aon chíosmhuirir deachún a íocadh an bhliain roimhe sin i leith na dtailte agus na dtionóntán thuasluaite;

Méid gach asbhainte a éilíodh ina leith.

[1918, Sc. 5, Foirmeacha VII, VIII.]

II.—Ag Gach Duine, nó thar ceann Gach Duine, a Sheolann aon Trádáil nó a Fheidhmíonn aon Ghairm atá le Muirearú faoi Sceideal D.

Méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan uathu a d'éirigh sa bhliain roimhe sin.

III.—Ag Gach Duine atá i dTeideal Brabús ar Neamhchinnte sa Luach agus Nár Luadh Cheana, nó aon úis, blianachta, íocaíochta Bliantúla, Lascaine nó Díbhinne, atá le Muirearú Faoi Sceideal D.

[1918, Sc. 5. Foirm IX.]

Méid iomlán na mbrabús a d'éirigh ón gcéanna an bhliain roimhe sin.

IV.—Ag Gach Duine atá i dTeideal nó ag Fáil Ioncaim ó Urrúis nó Sealúchais Lasmuigh den Stát atá le Muirearú Faoi Sceideal D.

[1918, Sc. 5, Foirmeacha X, XI.]

(1) An méid iomlán a d'éirigh an bhliain roimhe sin, agus méid gach asbhainte nó liúntais a éilítear ina leith, mar aon le sonraí ar an asbhaint sin agus na forais ar a n-éilítear an liúntas sin; nó

(2) I gcás aon duine den sórt sin a chruthóidh do na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil sainchónaí air sa Stát, nó gur saoránach Éireannach é ach nach sa Stát atá gnáthchónaí air, nó i gcás ioncam ó urrúis agus sealúchais den sórt a dúradh ar cuid iad d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche méid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin is iníoctha sa Stát nó ó mhaoin a allmhairíodh, nó ó airgead nó luach ó mhaoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas i leith na seoltán, na maoine, an airgid nó an luacha a tugadh isteach sa Stát an bhliain roimhe sin gan aon asbhaint nó laghdú.

V.—Ag Gach Duine atá i dTeideal aon Bhrabús nó Gnóchan Bliantúil nach dTagann faoi aon Cheann de na Rialacha Sin Roimhe Seo, agus nach Muirearaítear le haon Cheann de na Sceidil Eile, atá le Muirearú faoi Sceideal D.

[1918, Sc. 5, Foirm XII.]

An méid iomlán den chéanna a fuarthas go bliantúil, nó de réir an mheán-mhéid a d'ordaigh an cigire a thógáil ar ráiteas ar chineál na mbrabús nó na ngnóchan sin agus na forais ar ar ríomhadh an méid, agus ar ar tógadh an meán-mhéid, feadh eolais agus tuairime an duine sin.

VI.—Ráiteas ar Bhrabúis aon Oifige Poiblí, nó Fostaíochta Brabúis Poiblí, atá le Muirearú faoi Sceideal E.

[1918, Sc. 5, Foirm XIV.]

Méid tuarastal, táillí, pá, peircuisí, agus brabús na bliana measúnachta nó na bliana roimhe sin, de réir mar is gá sa chás.

VII.—Dearbhú Ginearálta ó Gach Duine a Thabharfaidh Ráiteas ar Bhrabúis nó Gnóchain atá le Muirearú faoi Sceidil A, B, D, nó E.

[1918, Sc. 5, Foirm XV.]

á dhearbhú go bhfuil an fhírinne ann, agus go bhfuil an céanna luaite go hiomlán ar gach tuairisc maoine brabús nó gnóchan, atá san Acht maidir leis an gcáin sin, agus a bhaineann leis an duine sin, arna mheas feadh iomlán a bhreithiúnais agus a thuairime, de réir forálacha an Achta seo.

VIII.—Liostaí agus Dearbhuithe d'Urasú Forghníomhú an Achta maidir leis an gCáin is Inmhuirir ar dhaoine eile.

[1918, Sc. 5, Foirm XVI.]

A hAon. Liosta ina mbeidh ainm gach lóistéara nó áitritheora a chónaíonn in aon teach cónaithe, mar aon le gnáth-áit chónaithe gach lóistéara nó áitritheora ag a bhfuil aon ghnáth-áit chónaithe in aon áit eile ina bhféadfar, agus inar mian leis, é a mheasúnú.

A Dó. Liosta ina mbeidh ainm agus áit chónaithe gach duine in aon seirbhís nó fostaíocht, agus na híocaíochtaí a rinneadh le gach duine den sórt sin i leith na seirbhíse nó na fostaíochta.

A Trí. Liosta a bheidh le seachadadh ag gach duine is inmhuirir thar ceann duine eile, agus ag duine ar bith a ghlacann, i gcáil ar bith, aon airgead nó luach, nó brabúis nó gnóchain, le haon duine eile, agus ina dtabharfar tuairisc ar an duine ar thar a cheann a ghníomhaíonn sé, agus ina n-inseofar a ainm agus a sheoladh, agus méid an airgid, an luacha, na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus ina ndearbhófar maidir leis an duine sin ar duine lánaoise é nó ar bean phósta í nach gcónaíonn lena fearchéile nó bean phósta nach bhfuil a fearchéile freagrach in íoc aon chánach a muirearaíodh uirthi nó ar duine é a chónaíonn sa Stát nó ar duine éagumasaithe é. An duine a sheachadfaidh an liosta sin seachadfaidh sé freisin liosta ina mbeidh ainmneacha agus seolta aon duine nó daoine eile a bheidh ag gníomhú i gcomhar leis.

A Ceathair. Dearbhú ar an duine ar arb inmhuirir an cháin i leith aon airgid, luacha, brabús nó gnóchan den sórt sin.

A Cúig. Liosta ina mbeidh an tuairisc cheart ar gach comhlacht daoine, nó iontaobhas, a bhfuil aon duine freagrach ann faoin Acht seo; agus i gcás ina mbeidh aon duine den sórt sin freagrach faoin Acht seo i leith na cánach a mhuirearófar maidir le maoin nó le brabúis nó le gnóchain daoine eile, seachadfaidh sé na liostaí sin mar a dúradh, mar aon leis na ráitis is gá ar na brabúis nó ar na gnóchain sin.

IX.—Liostaí, Dearbhuithe, agus Ráitis a bheidh le Seachadadh chun aon Liúntas nó Asbhaint a Fháil.

[1918, Sc. 5, Foirm XVII; 1920, Sc. 3.]

A hAon. Dearbhú ar mhéid luach maoine nó brabús nó gnóchan a tuairiscíodh, nó a ndearnadh nó a ndlítear go ndéanfaí, an t-éilitheoir a mheasúnú ina leith.

A Dó. Dearbhú ar mhéid na gcíosanna, na n-ús, na mblianachtaí, nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile, a ndlítear go ndéanfadh an t-éilitheoir cáin a lamháil ina leith, mar aon le hainmneacha na ndaoine faoi seach a mbeidh na híocaíochtaí sin le déanamh acu, agus méid gach íocaíochta a shonrú ar leithligh.

A Trí. Dearbhú ar mhéid an úis, na mblianachtaí, nó na n-íocaíochtaí bliantúla eile a bheidh le dhéanamh a san maoin nó as na brabúis nó as na gnóchain a measúnaíodh ar an éilitheoir, agus gach bunadh a shonrú ar leithligh.

A Ceathair. Ráiteas ar mhéid an ioncaim a fuarthas dé réir an trí dhearbhú roimhe seo.

A Cúig. Ráiteas ar aon cháin a bheidh an t-éilitheoir i dteideal a asbhaint, a choimeád nó a mhuirearú i gcoinne aon duine eile.