|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967) | Ar Aghaidh (CUID II Réamhscrúdú Cionta Indíotáilte sa Chúirt Dúiche) |
AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh alt 3 agus Cuid II agus III i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú. |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún. |
[EN] |
Ionchúisitheoir. |
4. —San Acht seo ciallaíonn “an t-ionchúisitheoir”, maidir le cion, an duine atá ag ionchúiseamh an chiona, arb é an tArd-Aighne é, duine ag ionchúiseamh ar agra an Ard-Aighne nó duine atá údaraithe le dlí ionchúiseamh a dhéanamh. |