An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Réamhscrúdú Cionta Indíotáilte sa Chúirt Dúiche) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

12 1967

AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967

CUID III

Athchur Cúisí

Cumhacht chun cúisí a athchur.

21. —I gcás ina mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte Dúiche i ndáil le cion, féadfaidh an Chúirt, faoi réir forálacha na Coda seo, an cúisí a athchur ó am go ham de réir mar is gá.

Athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí ag an gCúirt Dúiche.

22. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Dúiche duine a athchur nó é a chur ar aghaidh chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe, féadfaidh an Chúirt—

(a) é a chimiú chun priosúin nó faoi choimeád dleathach eile, nó

(b) é a scaoileadh go coinníollach ar é a dhul i gcúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí.

Na tagairtí atá sa Chuid seo do “coimeád”, is tagairtí iad do chimiú faoi mhír (a), agus na tagairtí atá inti do “bannaí”, is tagairtí iad do scaoileadh coinníollach faoi mhír (b).

(2) Féadfaidh an Chúirt, in ionad cúirtbhanna a ghlacadh ó dhuine de réir fho-alt (1), a shocrú cad é méid an chúirtbhanna a mbeidh sé féin agus a urraí, más ann, le bheith faoi cheangal ann d'fhonn go nglacfar iad dá éis sin de réir fho-alt (3) agus idir an dá linn é a chimiú faoi choimeád de réir fho-alt (1) (a).

(3) I gcás ina socróidh an Chúirt méid aon chúirtbhanna faoi fho-alt (2), féadfaidh breitheamh den Chúirt nó feidhmeannach síochána an cúirtbhanna a ghlacadh dá éis sin.

(4) I gcás ina dtabharfar duine os comhair na Cúirte tar éis é a athchur faoi fho-alt (1), féadfaidh an Chúirt é a athchur tuilleadh.

Foirm an chúirtbhanna.

23. —(1) I gcás ina n-athchuirfear duine faoi bhannaí faoi alt 22, beidh sé ina choinníoll sa chúirtbhanna go láithreoidh sé os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir agus gach áit agus am chun a ndéanfar, i gcúrsa na n-imeachtaí, an éisteacht a chur ar atráth.

(2) Measfar gurb athchur é an t-am don chéad láithriú eile a shocrú tráth ar bith.

(3) Ní bhainfidh aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) den Chúirt an chumhacht é a athchur as an nua ag aon éisteacht dá éis sin.

Tréimhse athchuir.

24. —(1) Ní dhéanfaidh an Chúirt duine a athchur go ceann tréimhse is faide ná ocht lá, ach amháin i gcás ina bhforálann an t-alt seo a mhalairt.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine a athchur faoi bhannaí, féadfaidh sí é a athchur go ceann tréimhse is faide ná ocht lá má thoilíonn sé féin agus an t-ionchúisitheoir leis sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine a athchur faoi choimeád (seachas ar an gcéad ócáid aige ag láithriú os comhair na Cúirte), féadfaidh sí é a athchur go ceann tréimhse is faide ná ocht lá ach nach faide ná tríocha lá, má thoilíonn sé féin agus an t-ionchúisitheoir leis sin.

(4) Más deimhin leis an gCúirt i gcás aon duine atá arna athchur nach féidir leis de dheasca tinnis nó tionóisce láithriú os comhair na Cúirte nó nach féidir dá dheasca sin é a thabhairt os a comhair i ndeireadh na tréimhse athchuir, féadfaidh an Chúirt, gan é a bheith i láthair, é a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná ocht lá, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

(5) Mura suífidh an Chúirt an lá a mbeidh duine athchurtha chuige, beidh sé arna athchur go dtí an chéad suí eile den Chúirt a bheidh ar bun sa dúiche chúirte dúiche chéanna.

Athchur faoi choimeád an Gharda Síochána.

25. —(1) Féadfaidh an Chúirt, i gcás ina n-athchuirfidh sí duine faoi choimeád go ceann tréimhse nach faide ná ceithre lá, é a chimiú faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána.

(2) Lasmuigh de Cheantar Póilíneachta Cathrach Bhaile Átha Cliath, deimhneoidh an Chúirt di féin, sula n-athchuirfidh sí é amhlaidh, go bhfuil saoráidí oiriúnacha ar fáil chun an duine sin a choimeád ar feadh na tréimhse athchuir.

Taisce a ghlacadh in ionad urraí.

26. —I gcás ina gcinnfidh breitheamh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannach síochána duine a cúisíodh i gcion a ligean faoi bhannaí, féadfaidh sé a ordú go nglacfar le suim airgid, cóimhéid le suim an bhanna, in ionad urra nó urraí.

Bannaithe leormhaithe.

27. —Deimhneoidh an breitheamh nó an feidhmeannach síochána dó féin i ngach cás gur daoine leormhaithe na daoine a mholtar a ghlacadh mar bhannaithe.

Forálacha maidir le ligean faoi bhannaí.

28. —(1) Ligfidh breitheamh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannach síochána faoi bhannaí duine a cúisíodh os a chomhair i gcion, seachas cion lena mbaineann alt 29, más léir dó gur cás é inar cheart bannaí a cheadú.

(2) Má dhiúltaítear duine a ligean faoi bhannaí ag láithriú áirithe os comhair na Cúirte Dúiche, ní chuirfidh sin cosc le hathnuachan an iarratais chun é a ligean faoi bhannaí ag láithriú ina dhiaidh sin nó le linn don chúisí bheith faoi choimeád ag fanacht lena thriail.

(3) Má dhiúltaítear d'iarratas ar dhuine a ligean faoi bhannaí, nó má bhíonn an t-iarratasóir míshásta leis na bannaí, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte.

(4) Nuair a ligfidh breitheamh nó feidhmeannach síochána faoi bhannaí duine cúisithe atá faoi choimeád, scaoilfear an duine sin ar an gcúirtbhanna a bheith comhlánaithe, mura bhfuil de chúis lena bheith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é.

Bannaí i gcás tréasa, dúnmharú agus cionta áirithe eile.

1939, Uimh. 10 .

1939, Uimh. 13 .

1962, Uimh. 11 .

1963, Uimh. 1 .

29. —Baineann an t-alt seo le gach cion acu seo a leanas—

(a) tréas,

(b) cion faoi alt 2 nó 3 den Acht Tréasa, 1939 ,

(c) cion faoi alt 6, 7 nó 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ,

(d) sárú tromchúiseach den saghas dá dtagraítear in alt 3 (1) (i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 ,

(e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit,

(f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh.

(2) Ní dhéanfar aon duine a bheidh cúisithe i gcion lena mbaineann an t-alt seo a ligean faoi bhannaí ach amháin le hordú ón Ard-Chúirt.

(3) Más rud é i gcúrsa imeachtaí, lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc, maidir le duine a cúisíodh i gcion faoi mhír (a), (b), (c) nó (e) d'fho-alt (1) a ligean faoi bhannaí, go ndéanfaidh an t-ionchúisitheoir, ar an bhforas go rachadh sé chun dochair do shlándáil nó caomhnú an Stáit aon fhianaise nó ráiteas a fhoilsiú a thabharfar nó a dhéanfar le linn aon chuid den éisteacht, iarratas chun an chuid sin de na himeachtaí a bheith in camera, déanfaidh an Chúirt ordú chuige sin, ach fógrófar breith na Cúirte go poiblí.

Formhuiniú ar bharántais maidir le scaoileadh faoi bhannaí.

30. —(1) Nuair a eiseoidh breitheamh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannach síochána barántas chun aon duine a ghabháil, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, trífhormhuiniú ar an mbarántas, a ordú go ndéanfar, ar é a ghabháil, an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas a scaoileadh ar é a dhul i gcúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, go láithreoidh sé mar a shonrófar san fhormhuiniú, agus socróidh an formhuiniú na suimeanna a mbeidh an duine sin agus a urraí (más ann) le cur faoi cheangal iontu.

(2) I gcás ina ndéanfar formhuiniú den sórt sin, déanfaidh an sáirsint nó an comhalta eile den Gharda Síochána a bheidh i gceannas aon stáisiúin chun a dtabharfar, ar é a ghabháil, an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas, an duine sin a scaoileadh, ar é a dhul i gcúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí a cheadóidh an comhalta sin, de réir an fhormhuinithe.

Scaoileadh faoi bhannaí i gcásanna áirithe ag comhaltaí den Gharda Síochána.

[1951, s. 14].

1954, Uimh. 18 .

31. —(1) Aon uair a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a thabhairt faoi choimeád go dtí stáisiún Garda Síochána, féadfaidh an sáirsint nó an comhalta eile i gceannas an stáisiúin, má mheasann sé gur den chríonnacht é agus mura mbeidh aon bharántas i bhfeidhm á ordú an duine sin a choinneáil, é a scaoileadh faoi bhannaí agus chuige sin glacfaidh sé uaidh cúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, go láithreoidh sé go cuí os comhair na Cúirte Dúiche san am agus san áit iomchuí.

(2) Féadfar an cúirtbhanna a eistréatadh mar a dhéanfaí eistréatadh ar chúirtbhanna ina ndeachthas os comhair breitheamh den Chúirt Dúiche.

(3) Féadfar glacadh le suim airgid, cóimhéid leis an mbanna, in ionad urra nó urraí. Déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a ghlacfaidh é an t-airgead a thaisceadh leis an gcléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an stáisiún Garda Síochána.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a ghabhfar faoi alt 251 den Acht Cosanta, 1954 , ar amhras gur tréigtheoir nó neamhláithrí gan chead ó Óglaigh na hÉireann é.

Imeachtaí chun cúirtbhanna a eistréatadh.

32. —I gcás inar loic duine láithriú os comhair cúirte de réir a chúirtbhanna, is sa chúirt sin a sheolfar aon imeachtaí chun an cúirtbhanna a eistréatadh.

Cúisí atá ar tí éalú a ghabháil.

33. —(1) I gcás inar ligeadh faoi bhannaí duine a cúisíodh i gcion, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannach síochána, más oiriúnach leis é, ar iarratas a fháil ó urra, nó ó aon duine d'urraí, an chúisí nó ó chomhalta den Gharda Síochána agus ar fhaisnéis a dhéanamh i scríbhinn agus faoi mhionn don urra nó don chomhalta sin nó thar a cheann go bhfuil an cúisí ar tí éalú chun dul ón dlí, barántas a eisiúint chun an cúisí a ghabháil.

(2) Nuair a ghabhfar é, tabharfar os comhair breitheamh den Chúirt Dúiche é.

(3) Má thugtar an cúisí os comhair breithimh ar dhóigh seachas ag suí den Chúirt don dúiche ina ndearnadh an t-ordú á chur ar aghaidh chun trialach nó, i gcás é a bheith arna athchur, den Chúirt a raibh ceangal air faoina chúirtbhanna láithriú os a comhair, athchuirfidh an breitheamh é chun láithriú os comhair suí den sórt réamhráite, agus chun na críche sin beidh ag an mbreitheamh na cumhachtaí athchuir a thugtar don Chúirt leis an gCuid seo.

(4) Féadfaidh an Chúirt ina suí di mar atá ráite an cúisí a chimiú chun príosúin chun feitheamh lena thriail nó go dtí go rachaidh sé i gcúirtbhanna as an nua nó, i gcás é a bheith arna athchur, é a athchur tuilleadh.