An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Cáin Bhrabús Corparáide)

17 1967

AN tACHT AIRGEADAIS, 1967

CUID III

Dleachtanna Stampa

Díolúine ó dhleacht stampa.

1965, Uimh. 2 .

20. —(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “duine cáilithe” atá leis in alt 5 den Acht Talún, 1965 , agus ciallaíonn “airleacan” airleacan faoin alt sin.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir agus measfar nach raibh dleacht stampa inmhuirir ariamh ar ionstraim do thabairt éifeachta do cheannach talún ag duine cáilithe, is ionstraim—

(a) ina bhfuil muirear ar an talamh i bhfabhar Choimisiún Talún na hÉireann chun airleacan an aisíoc, nó

(b) a bhfuil ordú formhuinithe air a rinne Coimisiún Talún na hÉireann ag muirearú airleacain ar an talamh.