Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Cuanta a bhféadfar orduithe um lárionaid cuanta iascaigh a dhéanamh ina leith)

18 1968


Uimhir 18 de 1968


AN tACHT UM LÁRIONAID CHUANTA IASCAIGH, 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LÁRIONAID A BHUNÚ AGUS A OIBRIÚ I gCUANTA ÁIRITHE LE hIASCAIREACHT FARRAIGE A THIONSCNAMH, A FHORBAIRT AGUS A CHOINNEÁIL AR SIÚL, LE hIASC A PHRÓISEÁIL, A PHACÁIL AGUS A DHÍOL, LE TÁIRGÍ Ó ÉISC A MHONARÚ AGUS LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAOLMHARA, AGUS CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2 Iúil, 1968]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn ‘“na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “lárionad chuan iascaigh” aon limistéar a sonraítear le hOrdú atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 2 den Acht seo agus a ndearbhaítear leis an Ordú sin gur lárionad chuan iascaigh é;

ciallaíonn “údarás bainistíochta”, maidir le cuan, an t-údarás atá freagrach i mbainistí, rialú, oibriú agus cothabháil an chuain;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste um Lárionaid Chuanta Iascaigh a bhunófar faoi alt 9 den Acht seo.

Orduithe um lárionad chuan. iascaigh.

1924, Uimh. 49 .

1934, Uimh. 2 .

1847, c. 27.

1836, c. 108.

1846, c. 3.

1946, Uimh. 9 .

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, i ndáil le haon chuan a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) a dhearbhú gur lárionad chuan iascaigh an limistéar sin den chuan nó an talamh atá tadhlach leis an gcuan nó an cuan agus an talamh réamhráite sin le chéile, de réir mar a shonrófar san ordú;

(b) limistéar (a chuimsíonn cibé limistéar den chuan (an cuan go léir nó cuid de) nó an talamh atá tadhlach leis an gcuan nó an cuan agus an talamh mar a shonrófar san ordú) an lárionaid chuan iascaigh a shonrú;

(c) an mhaoin go léir (réadach nó pearsanta) atá sa lárionad chuan iascaigh ag údarás bainistíochta an chuain agus gach ceart agus dliteanas de chuid an údaráis bhainistíochta sin sa lárionad sin nó maidir leis a aistriú chun an Aire;

(d) a fhoráil go scoirfidh údarás bainistíochta an chuain d'aon chumhachtaí, feidhmeanna nó dualgais i ndáil leis an lárionad chuan iascaigh a chur i bhfeidhm agus i gcrích.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo maidir le haon chuan—

(a) ar dháta thosach feidhme an ordaithe sin agus uaidh sin amach, gan aon tíolacas, aistriú ná sannadh eile—

(i) an mhaoin a aistreofar leis an ordú dílseoidh sí don Aire i leith eastáit agus leasa uile údarás bainistíochta an chuain sa chuan,

(ii) teachtfaidh an tAire na cearta go léir a aistreofar leis an ordú,

(iii) na dliteanais a aistreofar leis an ordú beidh siad de dhliteanais ar an Aire;

(b) scoirfidh údarás bainistíochta an chuain agus oifigigh agus seirbhísigh an údaráis, ar dháta thosach feidhme an ordaithe agus uaidh sin amach, d'aon chumhachtaí, feidhmeanna nó dualgais lena mbaineann an t-ordú a chur i bhfeidhm agus i gcrích i ndáil leis an lárionad chuan iascaigh;

(c) más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, go mbeidh imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh inar páirtí údarás bainistíochta an chuain agus go mbainfidh na himeachtaí sin le cumhachtaí, feidhmeanna nó dualgais dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, cuirfear, ar dháta thosach feidhme an ordaithe agus uaidh sin amach, ainm an Aire sna himeachtaí in ionad ainm an údaráis bhainistíochta agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal i ngeall ar an gcur in ionad sin;

(d) ar dháta thosach feidhme an ordaithe agus uaidh sin amach, féadfaidh an tAire leanúint ar aghaidh, nó críoch a chur le haon ní a tosaíodh roimh thosach feidhme an ordaithe ag, nó faoi, údarás bainistíochta an chuain, sa mhéid go mbaineann sé le cumhachtaí, feidhmeanna nó dualgais dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo;

(e) ar dháta thosach feidhme an ordaithe agus uaidh sin amach, beidh éifeacht ag ceadúnas, deimhniú nó doiciméad eile dá shamhail a deonaíodh nó a rinneadh i bhfeidhmiú cumhachta, feidhme nó dualgais de chuid údarás bainistíochta an chuain sa mhéid go raibh sé i ngníomh roimh thosach feidhme an ordaithe;

(f) ar dháta thosach feidhme an ordaithe agus uaidh sin amach, ní bheidh feidhm ag aon cheann de na hAchtanna seo a leanas, is é sin le rá, Acht na gCuanta Stáit, 1924, Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934 , na h Achta Cuanta, 1946 agus 1947, agus an Harbours, Docks, and Piers Clauses Act, 1847, maidir leis an lárionad chuan iascaigh lena mbainfidh an t-ordú;

(g) más é Cuan na gCealla Beaga an cuan agus go ndéanfar maoin, cearta agus dliteanais uile Choimisinéirí Cuain na gCealla Beaga a aistriú chun an Aire le hordú, beidh Coimisinéirí Cuain na gCealla Beaga, arna ndíscaoileadh ar dháta thosach feidhme an ordaithe;

(h) más é Cuan Bhaile Chaisleáin Bhéarra an cuan, ní bheidh feidhm ag an Public Works (Ireland) Act, 1836, ná ag an Fisheries (Ireland) Act, 1846, maidir leis an lárionad cuanta iascaigh lena mbainfidh an t-ordú.

(3) Aon ordú, rialachán, fodhlí nó ionstraim eile (seachas ionstraim de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a bhaineann le bainistí, rialú, oibriú nó forbairt cuain agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme ordaithe faoin alt seo i ndáil leis an gcuan, measfar é a bheith, ar dháta thosach feidhme an ordaithe sin agus uaidh sin amach, sa mhéid go mbaineann sé leis an lárionad chuan iascaigh lena mbaineann an t-ordú faoin alt seo, arna dhéanamh ag an Aire mar fhodhlí faoi alt 4 den Acht seo agus a bheith i bhfeidhm maidir leis an méid sin den chuan atá sa lárionad chuan iascaigh sin agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

(4) Aon ordú, rialachán, fodhlí nó ionstraim eile a bhí, díreach roimh thosach feidhme ordaithe faoin alt seo maidir le cuan, i bhfeidhm maidir leis an gcuan sin agus baint aige le rátaí nó dleach tanna is inmhuirir maidir leis an gcuan, measfar, i dtosach feidhme an ordaithe sin agus uaidh sin amach, sa mhéid go mbaineann sé le lárionad chuan iascaigh lena mbaineann an t-ordú faoin alt seo, gurbh é an tAire a rinne é mar ordú faoi alt 4 den Acht seo agus go bhfuil feidhm aige maidir leis an méid sin den chuan atá sa lárionad chuan iascaigh sin agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

(5) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) nó (7) den alt seo maidir le cuan a bhí díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi bhainistí agus faoi stiúrú údaráis chuain a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cuanta, 1946 , gan toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta.

(6) (a) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) nó (7) den alt seo, foilseoidh sé fógra san Iris Oifigiúil agus i cibé slí eile a mheasfaidh sé is fearr chun eolas a thabhairt do dhaoine lena mbaineann, i dtaobh é a bheith beartaithe ordú a dhéanamh agus i dtaobh na háite inar féidir cóipeanna den dréacht-ordú a fháil agus i dtaobh an ama (nach giorra ná lá agus fiche) a bhféadfar aon agóid a dhéanfaidh daoine lena mbaineann nó a dhéanfar thar a gceann maidir leis an dréacht-ordú a chur ar aghaidh chun an Aire.

(b) Is i scríbhinn a bheidh gach agóid agus luafar inti—

(i) sainfhorais na hagóide,

(ii) cad é a iarrtar a fhágáil amach, a chur isteach nó a mhodhnú.

(c) Aon agóid a dhéanfaidh aon daoine nó a dhéanfar thar ceann aon daoine a measfaidh an tAire go mbaineann an dréacht-ordú leo agus a chuirfear chuige laistigh den am is gá, breithneoidh sé í agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, an dréacht-ordú a mhodhnú.

(d) Más rud é tar éis an fógra maidir le dréacht-ordú a fhoilsiú go ndéanfar agóid laistigh den am is gá maidir leis an dréacht, agus nach mbeidh sí tarraingte siar, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, a ordú go ndéanfar fiosrú de réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

(e) I gcás ina mbeidh fiosrú le déanamh maidir le dréachtordú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an bhfiosrú:

(i) ceapfaidh an tAire duine inniúil nó daoine inniúla chun an fiosrú a dhéanamh, agus chun tuarascáil a thabhairt dó air,

(ii) go poiblí a dhéanfar an fiosrú, agus féadfaidh aon agóideoir agus aon duine eile a bhfuil de thuairim faoi ag an duine a bheidh ag déanamh an fhiosraithe nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, a bhfuil de thuairim faoi ag an duine a bheidh i bhfeighil a fhiosraithe, go mbaineann an dréacht-ordú leis, féadfaidh siad láithriú ag an bhfiosrú go pearsanta nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire,

(iii) más oiriúnach leis an duine a bheidh ag déanamh nó i bhfeighil an fhiosraithe é, féadfar na finnéithe a scrúdú faoi mhionn (agus tugtar leis seo cumhacht don duine sin chun duine a chur faoi mhionn), agus aon duine a thabharfaidh fianaise bhréagach faoi mhionn ag an bhfiosrú beidh sé ciontach i mionnú éithigh agus gearrfar pionós air dá réir.

(7) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

Talamh a fháil i lárionaid chuanta iascaigh.

1919, c. 57.

1845, c. 18.

1941, Uimh. 23 .

1920, c. 28.

3. —(1) Aon uair is cuí leis an Aire é féadfaidh sé aon talamh i lárionad chuan iascaigh nó aon cheart thar thalamh nó uisce nó i leith talamh nó uisce i lárionad chuan iascaigh a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach.

(2) (a) Tráth nach déanaí ná mí amháin sula rachaidh an tAire isteach ar aon talamh nó sula bhfaighidh sé aon cheart, cuirfidh sé faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha maidir leis an gcéanna a thaisceadh de réir an fho-ailt seo.

(b) Beidh na léarscáileanna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeáinfidh siad ar leorscálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a bheartaítear a fháil agus gach cur isteach (a mhéid is féidir é a thaispeáint ar líníocht) a bheartaítear a dhéanamh ar aon mhaoin, chorprach nó neamhchorprach.

(c) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha na n-úinéirí nó na n-úinéirí ainme, na léasaithe nó na léasaithe ainme agus áititheoirí na talún go léir a bheartaítear a fháil faoin alt seo agus na cearta go léir a bheartaítear a fháil faoin alt seo.

(d) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha in oifig an Aire agus cibé áiteanna eile (más ann) a shonróidh an tAire agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh go ceann cibé tréimhse a shonróidh an tAire, agus fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar oscailt lena scrúdú ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

(e) A luaithe is féidir tar éis aon léarscáileanna, pleananna nó leabhair thagartha a thaisceadh, tabharfaidh an tAire fógra oifigiúil faoin taisceadh sin trí fhógra a fhoilseofar i cibé nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar atá tadhlach leis an lárionad agus a shonróidh an tAire.

(f) Tabharfaidh an fógra oifigiúil le fios go bhféadfaidh an pobal na léarscáileanna, na pleananna nó na leabhair thagartha a iniúchadh de réir na míre seo agus luafaidh sé na hamanna agus na háiteanna a bhféadfar iad a iniúchadh.

(3) (a) Cheal comhaontaithe, socrófar faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, an praghas nó an cúiteamh a bheidh le híoc ag an Aire ar aon talamh a gheofar faoin alt seo leis na daoine, uile agus faoi seach, a bheidh ina theideal nó ag a bhfuil eastáit ná leasanna ann, nó a bheidh le híoc ar nó i leith aon chearta a gheofar amhlaidh le húinéir an chéanna nó leis na daoine, uile agus faoi seach, a bhfuil teideal acu chun na talún nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna sa talamh ar a bhfuil an ceart sin á fháil amhlaidh nó ina leith.

(b) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna mhodhnú nó arna leasú le haon Acht dá éis sin nó faoi), maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha faoin mír seo agus maidir le maoin, chorprach nó neamhchorprach, a gheofar faoin Acht seo, a thíolacadh don Aire agus chun críche na feidhme measfar gurb é an tAire tionscnóir an bheartais.

(4) Déanfar gach éileamh ar phraghas nó cúiteamh maidir le haon talamh nó ceart (corprach nó neamhchorprach) a gheofar faoin alt seo laistigh de bhliain tar éis dul isteach an chéad uair ar an talamh nó tar éis an ceart a fheidhmiú an chéad uair faoin alt seo.

(5) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(b) Aon uair a gheobhaidh an tAire go buan aon talamh a bheidh, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi bhlianacht cheannaigh talún, íocaíocht in ionad cíosa nó aon suime bliantúla eile (nach éard í go háirithe cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a gheofar amhlaidh—

(i) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas go n-íocfaidh sé leis an údarás poiblí cibé suim bhliantúil nó cibé cuid di a chionroinnfidh an t-údarás poiblí ar an talamh sin ionann is dá mba gur aistrigh úinéir na talún an talamh sin chun an Aire ar an dáta sin, agus

(ii) beidh sé i dteideal, más cuí leis an Aire é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt, agus

(iii) beidh sé faoi oibleagáid, má cheanglaíonn an t-údarás poiblí air é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt.

(6) (a) Aon uair tar éis don Aire déanamh de réir fho-alt (2) den alt seo maidir le haon talamh nó ceart nó sula dtíolacfar nó sula gcinnfear cúiteamh, féadfaidh an tAire, faoi réir na bhforálacha anseo ina dhiaidh seo den fho-alt seo, dul isteach ar an talamh sin agus seilbh a ghlacadh air agus an ceart sin a fhoirceannadh.

(b) I gcás ina bhfeidhmeoidh an tAire aon chumhacht a thugtar dó le mír (a) den fho-alt seo—

(i) faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, déanfaidh an tAire ús de réir sé faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht go dtí go n-íocfar an cúteamh a íoc leis an duine is áititheoir ar an talamh a ndeachthas isteach air nó leis an úinéir ar foirceannadh a cheart thar an talamh,

(ii) más rud é—

(I) go mbeidh tairiscint neamhchoinníollach déanta i scríbhinn ag an Aire ag tairiscint aon suime mar chúiteamh den sórt sin don duine, agus

(II) nach mbeidh glactha ag an duine leis an tairiscint, agus

(III) nach mó ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh an tsuim a dhámhaigh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh don duine,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin maidir le haon tréimhse tar éis dáta na tairisceana.

(c) Gan toiliú an áititheora—

(i) ní rachaidh an tAire isteach, ná ní ghlacfaidh sé seilbh, ar aon talamh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra a thabhairt i scríbhinn d'áititheoir na talún sin trí mhí roimh ré go bhfuil beartaithe aige é sin a dhéanamh. nó

(ii) ní fhoirceannfaidh an tAire aon cheart faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra a thabhairt d'úinéir na talún sin mí ar a laghad roimh ré go bhfuil beartaithe aige é sin a dhéanamh.

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) den fho-alt seo a thabhairt d'aon duine trína chur leis an bpost i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine sin ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige.

(e) Mura bhféadfar, ar aon chúis, an clúdach a luaitear i mír (d) den fho-alt seo a dhíriú sa tslí a fhoráiltear leis an mír sin, féadfar é a dhíriú ar cheachtar slí nó so dá shlí acu seo a leanas chuig an duine dá bhfuil sé beartaithe—

(i) tríd “an t-áititheoir” nó “an t-úinéir” (cibé acu é) a thabhairt mar thuairisc gan a ainm a lua,

(ii) go dtí an talamh nó go dtí suíomh na maoine lena mbainfidh an fógra a bheidh sa chlúdach.

(7) Ní bhfaighidh an tAire go héigeantach faoin alt seo—

(a) aon talamh, ná

(b) aon cheart thar thalamh nó uisce, nó i leith talún nó uisce, a úsáidtear i ndáil le hoibriú loingis thráchtála (seachas báid iascaireachta) nó le feidhmiú cheart poiblí loingseoireachta gan toiliú an Aire Iompair agus Cumhachta.

(8) Na cumachtaí chun talamh a fháil go héigeantach a thugtar don Aire leis an alt seo ní roichfidh siad chun talamh ná chun cearta thar thalamh nó uisce nó i leith talún nó uisce, atá dílsíthe don Stát, d'Aire Stáit, do Choimisiún Talún na hÉireann, d'údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , do Bhord Soláthair an Leictreachais nó do ghnóthaire gáis (de réir bhrí an Gas Regulation Act, 1920 arna leasú).

(9) (a) Féadfaidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais socrú a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh na Coimisinéirí le haghaidh nó thar ceann an Aire ceann amháin nó níos mó dá chumhachtaí, dá fheidhmeana nó dá dhualgais faoi na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo.

(b) Leanfaidh socrú faoin bhfo-alt seo i ngníomh go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus féadfar, leis an gcomhthoiliú céanna, é a fhoirceannadh aon am nó é a athnuachan ó am go ham.

Larionaid chuanta iascaigh a oibriú agus a fhorbairt.

4. —(1) Déanfaidh an tAire gach lárionad chuan iascaigh a bhainistí, a rialú, a oibriú agus (a mhéid is cuí leis) a fhorbairt agus beidh gach cumhacht is gá aige chun na gcríocha sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, agus gan dochar dá ghinearáltacht, féadfaidh an tAire, maidir le gach lárionad chuan iascaigh—

(a) cibé fodhlíthe a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe le haghaidh bainistíocht, rialú, oibriú agus forbairt an lárionaid (gan fodhlíthe maidir le hábhair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a áireamh),

(b) le hordú, rátaí, dolaí agus muirir eile a cheapadh i leith saoráidí (lena n-áirítear an cuan) agus seirbhísí sa lárionad a úsáid agus foráil a dhéanamh i dtaobh a n-íoctha agus a mbailithe agus i dtaobh na bpionós agus na leigheasanna i leith a neamhíoctha (lena n-áirítear tochsal agus díol long, bád agus earraí a bhfuil aon rátaí, dolaí nó muirir iníoctha ina leith),

(c) saoráidí a chur ar fáil nó socrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil sa lárionad chun iasc a chuirfear i dtír sa lárionad a dhíol agus a chur faoi deara go dtairgfear iasc a chuirfear i dtír amhlaidh a dhíol sa lárionad agus go seolfar díolacháin éisc sa lárionad i cibé slí a shonróidh an tAire,

(d) cibé líon oifigeach agus seirbhíseach a cheapadh chun an lárionad a bhainistí, a rialú, a oibriú agus a fhorbairt a mheasfaidh sé is gá chuige sin agus foráil a dhéanamh i dtaobh a gcumhachtaí, a bhfeidhmeanna agus a ndualgas agus, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, i dtaobh téarmaí agus coinníollacha a seirbhíse (lena n-áirítear sochair aoisliúntais nuair is cuí leis é agus sna cásanna sin is cuí leis),

(e) cibé saoráidí agus suiteálacha a mheasfaidh sé a bheith inmhianaithe nó riachtanach sa lárionad a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt nó socrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt,

(f) cibé seirbhísí atá coimhdeach nó bainteach leis an tionscal éisc agus a mheasfaidh sé is inmhianaithe nó is gá a bheith sa lárionad a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt nó socrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le—

(i) seirbhís mar oifigeach nó seirbhíseach atá ar fostú ag údarás bainistíochta cuain seachas Cuan na Gaillimhe lena mbaineann ordú faoi alt 2 den Acht seo, ar seirbhís í a mbeidh deireadh léi díreach roimh thosach feidhme an ordaithe sin, agus

(ii) seirbhís a n-íoctar luach saothair ina leith as an gCiste.

(b) Chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, measfar más cuí leis an Aire Airgeadais é, maidir le seirbhís lena mbaineann an fo-alt seo gur seirbhís í a tugadh i roinn phoiblí agus gur as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a íocadh a luach saothair go léir, agus i gcás aon seirbhís den sórt sin a bheith i gcáil inphinsin, measfar, más cuí leis an Aire Airgeadais é, gur seirbhís mar oifigeach bunaithe i mbuan-státseirbhís an Rialtais an tseirbhís sin chun críocha na nAchtanna sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, comhshocrú a dhéanamh chun aon duine, a roghnóidh an tAire le comhthoiliú an duine sin, d'fheidhmiú ceann amháin nó níos mó dá chumhachtaí, dá dhualgais nó dá fheidhmeanna faoi fho-alt (1) agus faoi mhíreanna (c), (e) agus (f) d'fho-alt 2 den alt seo agus faoi alt 6 den Acht seo.

(b) Fanfaidh comhshocrú faoin bhfo-alt seo i ngníomh go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus féadfar, leis an gcomhthoiliú céanna, é a fhoirceannadh aon am nó é a athnuachan ó am go ham.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(6) (a) Aon duine a sháróidh foráil ordaithe nó fhodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(b) I gcás cion faoin alt seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh dá shamhail de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a airbheartaíonn gníomhú in aon cháil den sórt sin, measfar an duine sin agus an comhlacht corpraithe a bheith ciontach i gcion.

(7) (a) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú nó fodhlí a dhéanamh faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) déanfaidh an tAire fógra faoi sin a bheith beartaithe aige a fhoilsiú uair amháin ar a laghad i cibé nuachtán nó nuachtáin a shonróidh sé agus a léitear sa limistéar atá tadhlach leis an lárionad chuan iascaigh lena mbainfidh an t-ordú nó an fodhlí,

(ii) beidh ráiteas san fhógra ag insint na gcríocha a mbeartaítear an t-ordú nó an fodhlí a dhéanamh ina leith, faisnéis go mbeidh cóip den dréacht-ordú nó den dréacht-fhodhlí ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal in áit, sa lárionad chuan iascaigh réamhráite, a shonrófar san fhógra agus go bhféadfaidh aon duine agóidí in aghaidh dréacht an ordaithe nó an fhodhlí a chur faoi bhráid an Aire aon uair sa tréimhse lá is fiche dar tosach an lá a chéadfhoilsíodh an fógra,

(iii) coimeádfaidh an tAire cóip den dréacht-ordú nó den dréacht-fhodhlí faoi réir lena iniúchadh ag an bpobal san áit réamhráite sin i rith na tréimhse lá is fiche sin,

(iv) aon duine a mbeidh agóid á dhéanamh aige in aghaidh an dréacht-ordaithe nó an dréacht-fhodhlí féadfaidh sé a agóid a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn tráth ar bith sa tréimhse lá is fiche sin agus breithneoidh an tAire an agóid, agus

(v) ar bheith caite don tréimhse lá is fiche sin, staonfaidh an tAire, mar is cuí leis, ón ordú nó ón bhfodhlí a dhéanamh nó déanfaidh sé an t-ordú nó an fodhlí le modhnú nó gan mhodhnú nó le cibé modhnuithe is cuí leis.

(b) Cuirfidh an tAire cóip d'ordú nó d'fhodhlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo maidir le lárionad chuan iascaigh ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal sa lárionad le linn gnáthuaire oifige agus cuirfidh an tAire ar fáil don phobal ar cibé praghas (más ann) a chinnfidh an tAire cóipeanna d'ordaithe agus d'fhodhlíthe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo maidir leis an lárionad.

(c) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é d'ordú nó d'fhodhlí a rinneadh faoin alt seo agus a mbeidh deimhniú (a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire) formhuinithe air á dheimhniú gur fíorchóip é den ordú nó den fhodhlí, cibé acu é, agus go raibh an t-ordú nó an fodhlí, cibé acu é, i bhfeidhm ar dháta sonraithe, is fianaise é sin (go dtí go gcruthófar a mhalairt), gan cruthú ar shíniú an oifigigh sin ná ar gurbh eisean an t-oifigeach sin iarbhír, i ngach cúirt agus in gach imeacht dlíthiúil ar an bhfíoras go raibh sé i bhfeidhm ar an dáta sin.

(8) Ní dhéanfaidh an tAire ordú nó fodhlí faoin alt seo a bhaineann le, nó a dhéanann difear do, loingeas tráchtála (seachas báid iascaireachta) nó feidhmiú cheart poiblí loingseoireachta gan dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta.

(9) Foilseofar fógra faoi ordú nó fodhlí a dhéanamh faoin alt seo san Iris Oifigiúil a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta.

Maoin a dhílsítear don Aire leis an Acht seo a úsáid.

5. —Féadfaidh an tAire aon mhaoin atá dílsithe dó de bhua an Achta seo a úsáid i cibé slí is cuí leis agus chun cibé críocha a bhaineann leis an tionscal éisc a fheabhsú agus a fhorbairt, agus chun seirbhisí atá coimhdeach nó bainteach leis an tionscal éisc a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt, agus féadfaidh sé aon talamh atá dílsithe dó de bhua an Achta seo, agus profits á prendre i leith talún den sórt sin, a dhíol, a léasadh, a ligean nó a mhalartú, éasúintí thar an gcéanna a dheonú nó a cheadú aon talamh den sórt sin a úsáid in aon slí is oiriúnach leis.

Cuanta i lárionaid chuanta iascaigh a chothabháil.

6. —Déanfaidh an tAire nó socróidh sé go ndéanfar, a mhéid (más ann) a mheasfaidh sé is gá, cothabháil, deisiú, feabhsú, méadú agus modhnú ar aon chuan, cuid de chuan, foirgneamh nó suiteáil atá i lárionad chuan iascaigh nó ar aon bhóthar nó bealach atá dílsithe don Aire agus atá sa lárionad sin.

Deontais neamhinaisíoctha maidir le lárionaid chuanta iascaigh.

7. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, nó féadfaidh sé a shocrú go ndéanfaidh na Coimisinéirí, deontais a thabhairt don Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuntais maidir le lárionaid chuanta iascaigh.

8. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go gcoimeádfar, maidir le lárionad chuan iascaigh, gach gnáthchuntas cuí, i cibé foirm a cheadóidh an tAire Airgeadais, ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an tAire, nó a gheobhaidh nó a chaithfidh aon duine eile a bheidh ag feidhmiú feidhme de chuid an Aire mar a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) d'alt 4 den Acht seo, i ndáil leis an lárionad.

(2) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais a choimeádfar faoin alt seo do gach bhliain airgeadais ar an airgid go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an tAire nó aon duine le linn dó a bheith ag feidhmiú feidhme de chuid an Aire dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a iniúchadh a luaithe is féidir tar éis deireadh na bliana sin agus nuair a bheidh na cuntais sin iniúchta amhlaidh leagfaidh an tAire cóipeanna de cibé cuntais acu a shonróidh an tAire agus de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

An Ciste Lárionad Cuanta Iascaigh.

9. —(1) Déanfaidh an tAire ciste (dá ngairtear an Ciste san Acht seo) dá ngairfear An Ciste Lárionad Cuanta Iascaigh a bhunú, a chothabháil agus a bhainistí de réir an ailt seo.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gCiste:

(a) íocfar isteach sa Chiste an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire nó a gheofar thar a cheann maidir le rátaí, dolaí nó muirir eile a íocfar faoi alt 4 (2) (b) den Acht seo, i dteannta an airgid go léir a gheobhaidh an tAire nó a gheofar thar a cheann ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 5 den Acht seo agus aon airgead eile a gheobhaidh an tAire nó a gheofar thar a cheann faoin Acht seo nó chun críocha an Achta seo, agus

(b) íocfar amach as an gCiste an eisíoc agus an caiteachas go léir a thabhóidh an tAire faoi fho-ailt (2), (3) nó (4) d'alt 2 nó faoi ailt 3, 4, 5, nó 6 den Acht seo nó a thabhófar ag feidhmiú cumhachta, feidhme nó dualgais de chuid ar Aire faoi alt 3 (9) nó 4 (4) den Acht seo.

(c) an méid sin den Chiste nach dteastaíonn láithreach de thuras na huaire i dtuairim an Aire chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (b) den fho-alt seo féadfaidh an tAire é a infheistiú in urrúis a bhfuil cumhacht de thuras na huaire de réir dlí ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu,

(d) féadfaidh an tAire ó am go ham dá rogha féin aon infheistíochtaí a údaraíonn an fo-alt seo a athrú nó a dhíol,

(e) íocfar isteach sa Chiste na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an tAire as infheistíochtaí (is cuid den Chiste) a bheidh déanta aige faoin bhfo-alt seo agus an fáltas a gheofar as aon infheistíochtaí den sórt sin a dhíol.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe An Oireachtais.

10. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi alt 2 den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cosaint do na hAchtanna Custam.

11. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo nó in aon ionstraim faoi dochar ná difear d'fhorálacha na nAchtanna Custam ná do chearta ná do chumhachtaí na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na hAchtanna sin.

Caiteachais.

12. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.