|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1968) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1968
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID I Cáin Ioncaim | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1968-69. |
1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus is de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearófar amhlaidh í, is é sin le rá: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Liúntas le haghaidh fios feasa. |
2. —(1) San alt seo ciallaíonn “fios feasa” eolas agus teicníochtaí tionscail ar dhóigh dóibh gur chabhair iad le hearraí nó ábhair a mhonarú nó a phróisiú nó le haon oibríochtaí talmhaíochta, foraoiseachta, iascaireachta nó mianadóireachta nó aon oibríochtaí eastóscaidh eile a sheoladh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine caiteachas le fios feasa chun é a úsáid i dtrádáil a sheolann sé nó a dhéanfaidh, agus caiteachas tabhaithe aige le fios feasa, trádáil ina n-úsáidtear é a bhunú agus a thúsú, lamhálfar, faoi réir forálacha an ailt seo, go n-asbhainfear mar chaiteachais, le linn áireamh a bheith á dhéanamh chun críocha Chás I den Sceideal D ar bhrabúis nó gnóchain na trádála, an méid sin den chaiteachas a lamhálfaí a asbhaint mura mbeadh an t-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon duine a thabhaigh caiteachas le fios feasa sular bunaíodh agus a túsaíodh an trádáil ina n-úsáidtear é, measfar gurb é tráth an bhunaithe agus an túsaithe sin a thabhaigh sé é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ina bhfaighidh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, trádáil nó cuid de thrádáil agus ina theannta sin, fios feasa a úsáidtear inti, ní lamhálfar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachas a tabhaíodh leis an bhfios feasa a fháil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ar aon fhios feasa a dhíol más comhlacht daoine atá faoi rialú an díoltóra an ceannaitheoir nó más comhlacht daoine atá faoi rialú an cheannaitheora an díoltóir nó más comhlachtaí daoine atá faoi rialú duine éigin eile an díoltóir agus an ceannaitheoir. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) San fho-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) tá le “rialú” an bhrí chéanna atá leis in alt 299 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) folaíonn tagairtí do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Faoiseamh do shuimeanna áirithe is inmhuirir faoi Sceideal E. |
3. —(1) (a) Faoi réir mhír (b), baineann an t-alt seo le haon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E agus a thabharfar do shealbhóir oifige nó fostaíochta de chúiteamh— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i leith laghdú a theacht, nó laghdú a d'fhéadfadh a theacht, ar luach saothair san am le teacht de bharr atheagrú ar ghnó an fhostóra faoina sealbhaítear an oifig nó an fhostaíocht nó athrú ar an nós imeachta oibre, ar mhodhanna oibre, ar dhualgais nó rátaí luach saothair na hoifige nó na fostaíochta sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i leith athrú ar an áit a gcomhlíontar dualgais na hoifige nó na fostaíochta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bhaineann an t-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) le híocaíocht lena mbaineann alt 114 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) le híocaíocht le haon duine dá sonraítear i míreanna (i) go (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 228 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó le haon duine is fostaí páirtaimsire de dhroim gan é a bheith air iomlán a ama go substainteach a chaitheamh le seirbhís a fhostóra. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás pearsa aonair a bheith tar éis íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a fháil, beidh sé i dteideal, ar éileamh chuige sin a dhéanamh agus ar na fíorais iomchuí a chruthú chun sástacht an chigire, go ndéanfar an méid iomlán cánach ioncaim agus forchánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana measúnachta arb inmhuirir an íocaíocht ina haghaidh a laghdú go dtí iomlán an dá mhéid seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) comhshuim na méideanna cánach ioncaim agus forchánach ab iníoctha aige in aghaidh na bliana sin dá mba nach bhfuair sé an íocaíocht sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) cáin ioncaim agus forcháin ar iomlán na híocaíochta de réir rátaí arna ndéanamh amach faoi seach sa tslí a shonraítear i bhfo-alt (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar amach na méideanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, le cois agus os cionn na méideanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a), ab iníoctha ag sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta dá bhfolódh a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) trian, agus sin an méid, den íocaíocht agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha fho-alt 2 (b) amach ansin trí na méideanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir an fho-ailt seo, a roinnt ar mhéid ar cóimhéid le trian na híocaíochta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) Is ar mhodh aisíoca a thabharfar, i ngach cás, faoiseamh ó cháin faoin alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bheidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon ioncam a bhfuil sé i dteideal an cháin air a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, nó a asbhaint, a choimeád siar, nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlífidh sé a dhéanamh le haon duine eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méid luach laghdaithe innealra agus gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cumailt. |
4. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar feadh bóthair nó chun feithiclí eile a tharraingt ar feadh bóthair) a sholáthrófar, an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, le húsáid chun críocha trádála, gairme, fostaíochta nó oifige agus a bheidh, tráth a sholáthraithe amhlaidh, gan bheith úsáidte ná réchaite, agus folaíonn sé aon innealra nó gléasra den sórt sin d'ainneoin aon díol a rinneadh air nó aon athrú imthosca eile, ach ní fholaíonn sé longa agus innealra nó gléasra a bhfuil rogha déanta ina leith faoin gcéad fhoráil a ghabhann le halt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “luach innealra nó gléasra i dtosach na bliana measúnachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 241 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, i gcás ina mbeidh asbhaint le lamháil faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon innealra nó gléasra cháilithigh ansin an méid a measfaidh na Coimisinéirí Achomhairc gurb é an méid cóir réasúnach é faoin alt sin is ionann, mar gheall ar chaitheamh agus cumailt in imeacht na bliana, agus luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) más méid é nach mó ná 8¾ faoin gcéad den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, glacfar gur 10 faoin gcéad den luach sin é; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) más méid é is mó ná 8¾ faoin gcéad ach is lú ná 15 faoin gcéad den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, measfar gur 12½ faoin gcéad den luach sin é; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) más méid é is 15 faoin gcéad nó níos mó den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, measfar gur 25 faoin gcéad den luach sin é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hinnealra nó gléasra cáilitheach, trí “suim comhionann leis an méid” a chur in ionad “suim comhionann le cúig cheathrú den mhéid”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Maidir le cás ina bhfuil fo-alt (2) tar éis éifeacht a bheith aige, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháiltear faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna chinneadh de bhun an ailt sin, arna leasú leis an alt seo, agus de bhun fho-alt (2). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Uinéireacht nó áitiú tailte. |
5. —Maidir le haon bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó aon lá dá éis sin, agus d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ní dhéanfar aon mheasúnachtaí faoi Sceideal A ná faoi Sceideal B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ní chuirfear an t-ioncam ó úinéireacht nó áitiú tailte, tionóntán nó oidhreachtán i gcuntas chun ioncam iomlán a mheas chun críocha cánach go feadh an mhéid a tomhaiseadh an t-ioncam sin ar bhonn an mhéid a measadh, de réir na bhforálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Sceideal A, gurb é luach bliantúil, nó an mhéid a measadh, de réir na bhforálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Sceideal B, gurb é luach inmheasúnaithe na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Oibleagáid taifid áirithe a choimeád. 1963. Uimh. 33. |
6. —(1) San alt seo folaíonn “taifid” leabhair chuntais a bhaineann— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) leis na suimeanna airgid go léir a fhaightear agus a chaitear i gcúrsa trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a sheoladh nó a fheidhmiú agus na hábhair arb ina leith a tharlaíonn an fháil agus an caitheamh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le gach díolachán agus ceannach earraí agus seirbhísí i gcás ina ngabhann ceannach nó díolachán earraí nó seirbhísí le trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a sheoladh nó a fheidhmiú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Gach duine a sheolann nó a fheidhmíonn ar a shon féin nó thar ceann aon duine eile, aon trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile arb inmhuirir faoi Sceideal D na brabúis nó na gnóchain uaithi coimeádfaidh sé cibé taifid is gá le go bhféadfar tuairisceáin fhíora a thabhairt, chun críocha cánach ioncaim agus forchánach, ar na brabúis nó na gnóchain sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina seoltar i gcomhpháirtíocht aon trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile den sórt sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an comhpháirtí tosaíochta, de réir bhrí alt 69 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an duine a sheolann trádáil, an ghairm nó an ghníomhaíocht eile sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a thúsófar tar éis tosach feidhme an Achta seo, ar agus ó dháta an túsaithe sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) in aon chás eile, ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1968. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Aon taifid a choimeádfar de bhun na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo déanfaidh an duine ar a mbeidh de cheangal na taifid a choimeád iad a choinneáil go ceann sé bliana tar éis na hidirbhearta, na gníomhartha nó na hoibríochtaí lena mbaineann siad a bheith críochnaithe: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach gceanglóidh an fo-alt seo taifid a choinneáil a gcuirfidh an cigire in iúl don duine a bheidh faoi cheangal iad a choinneáil nach gá iad a chionneáil, agus nach mbainfidh sé le leabhair agus páipéir cuideachta a bheidh diúscartha de réir alt 305 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) i ndáil le haon taifead maidir le tuarisceán d'aon bhliain mheasúnachta nó a sháróidh fo-alt (4) maidir leis na taifid sin dlífidh sé pionós £100 a chur air: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach bhforchuirfear pionós faoin bhfo-alt seo má chruthaítear nach bhfuil aon duine inmhuirir i leith cánach i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin don bhliain mheasúnachta sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Leasaítear leis seo alt 508 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1968 ”, a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “240 nó 296”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cáin a bheidh dlite in aghaidh míonna cánach ioncaim a mheas. |
7. —(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go raibh sé dlite de dhuine faoi na rialacháin cáin a chur ar aghaidh i leith aon mhíosa cánach ioncaim áirithe, agus nár chuir an duine aon cháin ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim sin, féadfaidh siad an méid cánach a mheas ba cheart don duine sin a bheith curtha ar aghaidh aige laistigh den tréimhse a shonraítear sna rialacháin chun an cháin sin a íoc agus fógra i dtaobh an méid a measadh a sheirbheáil air. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar dhuine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé nach ndlíonn sé aon cháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim lena mbainfidh an fógra, trí fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó dháta an fógra a sheirbheáil, a iarraidh go dtarchuirfear an t-éileamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc le breith a thabhairt air agus is breith chríochnaitheach dhochloíte a bheidh i mbreith na gCoimisinéirí Achomhairc, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura n-iarrfar aon éileamh den sórt a tharchur amhlaidh, nó má iarrtar an t-éileamh sin a tharchur, ar chinneadh críochnaitheach a dhéanamh ag na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne an éilimh, beidh an cháin mheasta a shonrófar san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus dá mba fhostóir an duine agus gurbh é an méid a shonrófar san fhógra an méid cánach a dhligh sé faoi na rialacháin a bhaint as díolaíochtaí a d'íoc sé in imeacht na míosa cánach ioncaim a shonrófar san fhógra lúide aon mhéideanna a dhligh sé faoi na rialacháin a aisíoc in imeacht na míosa cánach ioncaim sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an fógra a sheirbheáil, go dtabharfaidh an duine dearbhú uaidh ar an méid a dhlíonn sé faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim a shonrófar san fhógra agus go n-íocfaidh sé an cháin de réir an dearbhaithe mar aon le haon ús agus costais a bheidh tabhaithe i ndáil leis an mainneachtain, beidh an fógra, faoi réir mhír (d) arna urscaoileadh agus aisíocfar aon bharrachas cánach a íocadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i gcás ina mbeifear tar éis caingean a bhunú chun cáin a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) a ghnóthú, is caingean ar mhodh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní bheidh feidhm, mura n-ordóidh na Coimisinéiri Ioncaim a mhalairt, ag mír (c) maidir leis an bhfógra sin go dtí go gcríochnófar an chaingean sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás nach gcuirfear chuig na Coimisinéirí Ioncaim cuid de leabhar stampaí a cheanglaíonn na rialacháin a chur, agus na stampaí iomchuí greamaithe ann, chucu i rith tréimhse áirithe, measfar chun críocha fho-alt (1) gur cáin a dhligh an duine a chur ar aghaidh faoi threoir na míosa nó na míonna iomchuí cánach ioncaim lena mbaineann an chuid sin den leabhar stampaí an cháin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe den chuid sin den leabhar stampaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá mhí chomhleanúnacha cánach ioncaim nó níos mó. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach nó oifigigh dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo nó alt 8 a dhéanamh nó a chomhlíonadh ag na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí díolaíochtaí tagairtí d'íocaíochtaí ar cuntas díolaíochtaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) San alt seo agus in alt 8 ciallaíonn “fostóir” aon duine a íocann díolaíochtaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) San alt seo agus in ailt 8 agus 9— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí de na míonna Aibreán go Márta aon bhliain mheasúnachta cibé acu roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis sin dó; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “na rialacháin” aon rialacháin faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cáin atá dlite in aghaidh bliana a mheas. |
8. —(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint gur mhó an méid iomlán cánach a dhligh fostóir faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míonna cánach ioncaim faoi seach in aon bhliain mheasúnachta áirithe ná an méid cánach (má b'ann) a d'íoc an fostóir in aghaidh na míonna sin ansin, gan dochar d'aon bheart eile is féidir a dhéanamh, féadfaidh siad meas a thabhairt i suim amháin ar an méid iomlán cánach ba cheart, dar leo, a bheith íoctha in aghaidh na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an bhfostóir a shonróidh— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an méid iomlán cánach a measadh amhlaidh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an méid iomlán cánach (má b'ann) a chúir an fostóir ar aghaidh maidir leis na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) an iarmhéid cánach atá gan íoc. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar fhostóir faoi fho-alt (1)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) féadfaidh an fostóir, má éilíonn sé go bhfuil an méid iomlán cánach nó an iarmhéid cánach atá gan íoc iomarcach, ar fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó dáta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura bhfaighfear fógra achomhairc nó, má fhaightear fógra achomhairc ar an achomhairc a chinneadh trí comhaontú nó ar shlí eile, tiocfaidh an iarmhéid cánach a bheidh gan íoc mar a shonrófar san fhógra nó an cháin leasaithe mar a chinnfear i ndáil leis an achomharc chun bheith dlite agus beidh sé inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus dá mbeadh an iarmhéid cánach sin nó an cháin leasaithe sin muirearaithe ar an bhfostóir faoi Sceideal E. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Bainfidh forálacha an ailt seo le fostóir a bheidh údaraithe faoi na rialacháin íoc cánach a dhéanamh trí mheán stampaí ionann agus dá mba cháin a dhligh sé a chur ar aghaidh chuig na Coimisínéirí Ioncaim an cháin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe de leabhar agus dá mba cháin a d'íoc sé leis na Coimisinéirí Ioncaim an luach stampaí (más ann) a ghreamaigh sé de leabhair. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá bhliain mheasúnachta nó níos mó. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Us ar cháin is inghnóthaithe faoi alt 7 nó 8. |
9. —Bainfidh forálacha alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 7 ionann agus agus dá mba éard an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a íoc in aghaidh na míosa nó na míonna cánach ioncaim faoi seach a bhí ar áireamh san fhógra: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás ina mbaineann an fógra le cáin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe de chuid de leabhar stampaí a cheanglaíonn na rialacháin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim i rith tréimhse áirithe, an t-ús a ríomh amhail ó dháta na tréimhse sin d'éag, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 8 ionann agus dá mba éard an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim ar éag lena linn an tréimhse cheithre lá dhéag ón dáta a seirbheáladh an fógra nó a cinneadh an t-achomharc trí chomhaontú nó ar shlí eile, cibé mí acu is déanaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Achomhairc faoi alt 7 nó 8. |
10. —Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc bainfidh siad, agus aon mhodhnuithe orthu is gá, le héilimh agus achomhairc faoi alt 7 (2) agus alt 8 (2) ionann is dá mba achomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach ioncaim na héilimh nó na hachomhairc sin, ach, maidir le héilimh faoi alt 7 (2), amháin a mhéid a bhaineann na forálacha sin le hachomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tosaíocht i bhféimheacht, etc., ag suimeanna is inghnóthaithe faoi alt 7 nó 8. |
11. —Chun críocha alt 132 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 measfar go bhfolaíonn na suimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 132 agus i bhfo-alt (2) (a) (iii) den alt sin 285 suimeanna is inghnóthaithe faoi alt 7 nó alt 8 a bhaineann le tréimhse nó tréimhsí a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin agus, i gcás aon suim is inghnóthaithe in aghaidh tréimhse a raibh cuid di laistigh agus cuid di lasmuigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin, is dleathach méid iomlán na suime a chionroinnt de réir fadanna faoi seach na dtréimhsí a bhí laistigh den tréimhse sin agus lasmuigh den tréimhse sin le teacht ar an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
12. —Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Ar choinníoll, i gcás ina mbeadh an t-éilitheoir, mura mbeadh an coinníoll seo, i dteideal asbhainte £394 faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, go mbeidh sé, má chruthaíonn sé gurb í an bhliain mheasúnachta a phós sé, i dteideal asbhainte £494 in ionad asbhainte £394.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
13. —Beidh éifeacht ag mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás inarb éard an tuairisceán tuairisceán ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh i rith na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó aon lá dá éis sin, ionann is dá mba thagairt do £70 an tagairt do £50. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
14. —Leasaítear leis seo alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2A) Má tharlaíonn, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, do dhuine a sheolann trádáil— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go dtabhóidh sé caiteachas neamhchaipitiúil le taighde eolaíochta nó go n-íocfaidh sé aon suim le comhlacht nó ollscoil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) ionas go bhféadfaidh an comhlacht nó an ollscoil taighde eolaíochta a ghabháil de láimh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach inbhainte mar chostas faoi fho-alt (2) an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó an tsuim a íocfar amhlaidh mar gheall ar nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, déanfar an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó na suimeanna a íocfar amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain thrádáil an duine a bheith á ríomh.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil le taighde eolaíochta nach inlamháilte mar asbhaint faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo mar gheall ar nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine sin, suim ar cóimhéid leis an gcaiteachas a lamháil mar asbhaint le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil an duine sin don bhliain mheasúnachta a tabhaíodh an caiteachas.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
15. —Leasaítear leis seo alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(8A) I gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach dtiocfaidh duine, a thug fógra achomhairc, i láthair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun an t-achomharc a éisteacht, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ina ndéanfaidh an duine a thiocfaidh i láthair na gCoimisinéirí Achomhairc thar ceann an achomharcóra an tráth agus san áit réamhráite iarratas ar an éisteacht a chur siar, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go ndiúltóidh na Coimisinéirí Achomhairc don iarratas, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) agus air sin rachaidh na Coimisinéirí sin i mbun an t-achomharc a chinneadh.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
16. —Leasaítear leis seo alt 421 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “cinnfidh na Coimisinéirí an t-achomharc trína ordú go seasfaidh an mheasúnacht” a chur in ionad “seasfaidh an mheasúnacht”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . 1967, Uimh. 17 . |
17. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) (b) d'alt 523 (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht Airgeadais, 1967 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£2,000” a chur in ionad “£1,250” sa dá áit ina bhfuil sé. |