An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID III Custaim agus Mál)

21 1969

AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

CUID II

Forálacha a Leanann as, nó a Ghabhann le, Measúnachtaí faoi Sceidil A agus B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a Dhíbhe

Brabúis ó áitiú tailte áirithe.

1967, Uimh. 6 .

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “feirmeoireacht” feirmeoireacht talún feirmeoireachta, is é sin, talamh sa Stát atá áitithe go híomlán nó go formhór chun críocha feoirmeoireachta, a mbeadh na brabúis nó na gnóchain óna áitiú inmhuirir faoi Sceideal B a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura mbeadh an Sceideal sin á aisghairm leis an Acht seo;

ciallaíonn “áitiú”, maidir le talamh, úsáid na talún sin a shealbhú;

ciallaíonn “talamh coille” talamh coille sa Stát.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le halt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní dhéanfar na brabúis nó na gnóchain—

(a) ó fheirmeoireacht, nó

(b) chun úinéir staile ó tháillí de bharr láracha a staileáil ag an stail nó chun páirt-úinéir staile ó tháillí staileála ag an stail nó ó chearta staileála ag an stail a dhíol, nó

(c) ó áitiú talún coille a bhainistítear ar fhoras tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh,

a chur i gcuntas chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Déileálaithe eallaigh agus bainne.

19. —(1) San alt seo tá le “talamh feirme” agus “áitiú” an bhri chéanna atá leo in alt 18.

(2) Measfar gurb ionann agus trádáil a bheith á seoladh talamh feirme a bheith á áitiú ag déileálaí eallaigh nó ag déileálaí bainne nó ag díoltóir bainne i gcás nach bhfuil sáith cothabhála sa talamh don eallach a thugtar isteach ar an talamh agus muirearófar na brabúis nó na gnóchain uaidh faoi Chás 1 de Sceideal D.

Dibhinní a íoctar as brabúis dhíolmhaithe.

20. —(1) San alt seo ciallaíonn “brabúis dhíolmhaithe” aon bhrabúis nó gnóchain nach bhfuil, de bhua alt 18, inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D.

(2) I gcás cuid de dhíbhinn a íoc as brabúis dhíolmhaithe agus cuid eile di a íoc as brabúis eile, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis dhíolmhaithe agus as brabúis eile an díbhinn.

(3) Ní dhéanfar an méid sin d'aon díbhinn a íocadh as brabúis dhíolmhaithe a áireamh mar ioncam ná brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 458 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le gach barántas, seic nó ordú arna tharraingt nó arna dhéanamh ag cuideachta (de réir brí an ailt sin) chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis dhíolmhaithe ionann is dá mbeadh ceangal ann for dtaispeánfadh an ráiteas sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thaispeáint, (de réir mar a dhlífidh an cás)—

(a) gur íoc díbhinne as brabúis dhíolmhaithe iomlán na suime dá bhfuil an barántas, an tseic nó an t-ordú tarraingthe nó déanta, nó

(b) gur íoc as brabúis dhíolmhaithe cuid den tsuim sin agus gur íoc as brabúis eile cuid (a luafar a mhéid comhlán sula ndéanfar aon asbhaint i leith cánach ioncaim) den tsuim sin.

Leasú ar Sceideal 6 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

21. —Leasaítear leis seo mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó áitiú talún” a chur isteach i ndiaidh “nó cíosanna” i bhfomhír (2);

(b) tríd an gcoinníoll a ghabhann le fomhír (2) a scriosadh; agus

(c) trí fhomhír (3) a scriosadh.

Cánachas ar chíosanna agus ar fháltais eile.

22. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“81.—(1) Gan dochar d'aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, i gcás aon bhrabúis nó gnóchain—

(a) ó aon chíos i leith aon áitribh, agus

(b) ó aon fháltais i leith aon éasúna,

measfar, faoi réir agus de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, gurb éard iad, chun críocha uile na nAchtanna sin, brabúis nó gnóchain bhliantúla laistigh de Sceideal D agus beidh an duine a bheidh i dteideal na mbrabús nó na ngnóchan sin (dá ngairtear an duine inmhuirir anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo) inmhuirir ina leith faoi Chás V (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 1969) den Sceideal sin:

Ar choinníoll nach bhfolaíonn na cíosanna nó na fáltais sin aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 93.

(2) Measfar, chun gach críche a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a dhéanamh amach, gurb as an aon-bhunadh amháin do bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha fho-alt (3).

(3) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, ríomhfar cáin faoi Chás V de Sceideal D—

(i) maidir leis an mbliain mheasúnachta a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh den bhliain sin, agus

(ii) maidir le blianta measúnachta ina dhiadh sin, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh de bhliain roimh an mbliain mheasúnachta:

Ar choinníoll—

(I) i gcás inar lá éigin sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán, a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, gur ar bhrabúis nó gnóchain na bliana measúnachta a dhéanfar an ríomh;

(II) i gcás inarb é an 6ú lá d'Aibreán an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó inar lá éigin an bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, go mbeidh an duine inmhuirir i dtei deal, ar éileamh a dhéanamh aon tráth laistigh den dá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófar é ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin, agus, má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha, go n-aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh; agus

(III) i gcás ina mbeifear, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar a muirearófar, sa deireadh, cáin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, tar éis aon chuid de phréimh nó suim eile is inmhuirir de bhua alt 83 agus nach ndearnadh aon rogha, nó nach bhféadfaí aon rogha a dhéanamh, faoi fho-alt (6) den alt sin ina leith a chur i gcuntas, go ndéanfar neamhshuim den mhéid a bheidh curtha i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ar a muirearófar cáin d'aon bhliain ina dhiaidh sin.

(b) Má scoireann an duine inmhuirir aon bhliain mheasúnachta de bheith i seilbh iomláin an aon-bhunaidh brabús nó ghnóchan sin a luaitear i bhfo-alt (2), beidh feidhm, faoi réir na modhnuithe riachtanacha, ag alt 58 (5) in aon chás den sórt sin ionann is dá mba scor de thrádáil scor de bheith i seilbh an aon-bhunaidh sin.

(c) Déanfar an tagairt i mír (b) do dhuine scor de bheith i seilbh iomláin aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan a fhorléiriú mar thagairt do scor a tharla mar gheall ar an duine d'fháil bháis agus é i seilbh an aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan sin agus freisin do scor a tharla le beo an duine sin agus chun críocha mhír (b) measfar an bás sin a bheith ina chúis le scor agus measfar an scor sin tarlú lá an bháis sin.

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, déanfar méid na mbrabús nó na ngnóchan in aon bhliain áirithe a ríomh, chun críocha Chás V de Sceideal D, mar a leanas:

(a) measfar gurb é méid aon chíosa méid iomlán an chíosa sin sular baineadh aon suim as i leith cánach ioncaim;

(b) faoi réir alt 82, is é méid na mbrabús nó na ngnóchan aon bhliain comhiomlán na mbarrachas arna ríomh de réir mhír (c), lúide comhiomlán na n-easnamh arna ríomh de réir mhír (c);

(c) déanfar méid an bharrachais nó an easnaimh i leith gach cíosa nó i leith na bhfáltas iomlán ó éasúintí a ríomh trí na hasbhaintí a údaraítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo a bhaint as an gcíos nó as na fáltais iomlán ó éasúintí, de réir mar a bheidh a dtiocfaidh an duine inmhuirir chun bheith ina theideal nó ina dteideal aon bhliain.

(5) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ábhair nó gach ábhair acu seo a leanas:

(a) méid aon chíosa is iníoctha ag an duine inmhuirir i leith an áitribh nó i leith coda de;

(b) aon suimeanna a iompraíonn an duine inmhuirir—

(i) i gcás cíos faoi léas de réir téarmaí an léasa, agus

(ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard iad, costas de chuid idirbhirt nó idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais,

i leith ráta contae, ráta bhardasaigh nó ráta eile, cibé acu air féin nó ar dhuine éigin eile is inmhuirir na suimeanna sin de réir dlí;

(c) costas an duine inmhuirir de bharr aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí—

(i) i gcás cíos faoi léas, atá de cheangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith, agus

(ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas an cíos nó na fáltais nach costas de ghné chaipitiúil;

(d) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a iompraíonn an duine inmhuirir agus a bhaineann le, agus arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais, nach costas de ghné chaipitiúil;

(e) ús ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a cuireadh ag ceannach, ag feabhsú nó ag deisiú an áitribh.

(6) (a) Is é méid na n-asbhaintí a údaraítear le fo-alt (5) an méid a bheadh le hasbhaint le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D dá measfaí gurb ionann cíos a fháil agus trádáil a bheith á seoladh—

(i) i gcás cíos faoi léas, le linn ré an léasa, agus

(ii) i gcás cíos nach cíos faoi léas, in imeacht na tréimhse a raibh an duine inmhuirir i dteideal an chíosa ar a feadh,

ag an duine inmhuirir agus go measfaí an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas nó lena mbaineann an léas a bheith áitithe chun críche na trádála sin;

(b) chun críche an fho-ailt seo measfar go bhfolaíonn ré léasa tréimhse díreach tar éis a fhoirceannta nach raibh an léasóir ag áitiú an áitribh ná aon choda de díreach roimh an bhfoirceannadh ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má bhíonn an t-áitreabh tagtha i ndeireadh na tréimhse sin chun bheith faoi bhrí léasa eile a dheonaigh sé.

(7) (a) I gcás teideal a bheith ag an duine inmhuirir maidir le haon áitreabh (dá ngairtear an t-áitreabh sin anseo feasta san fho-alt seo) chun cíosa nó fáltas ó aon éasúint agus suim a n-údaraítear le fo-alt (5) asbhaint a dhéanamh faoina treoir a bheith iníoctha aige i leith áitribh arb éard é an t-iomlán nó cuid den áitreabh sin agus áitreabh eile, déanfaidh an cigire, ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, aon chionroinnt iomchuí ar an tsuim sin agus é ag cinneadh méid aon asbhainte faoin bhfo-alt sin.

(b) I gcás an duine inmhuirir do choimeád seilbhe ar chuid d'aon áitreabh agus go ndéanann daoine a áitíonn faoi seach codanna eile den áitreabh úsáid i gcoitinne den chuid sin, beidh feidhm ag forálacha mhír (a) ionann is dá mba i leith na gcodanna eile sin a rinneadh íocaíocht a rinneadh i leith na coda a úsáidtear i gcoitinne.

(8) Ní asbhainfear aon suim ná cuid de shuim faoi fho-alt (5) má lamháladh cheana féin ar aon slí eile í mar asbhaint le linn ioncam aon duine a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(9) D'ainneoin aon ní in alt 190, ní thabharfar faoiseamh faoin alt sin ar an aon-chúis go ndearnadh cíos a tháinig chun bheith dlite an 5ú lá d'Aibreán, 1969, ná roimhe sin agus ar baineadh cáin ioncaim as le linn é a íoc a chur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar arb inmhuirir cáin faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70.

(10) Má dhéanann aon duine a measúnaíodh agus a muirearaíodh i leith cánach don bhliain 1969-70 i leith brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a chruthú gur mhó de chuid ba mhó ná 20 faoin gcéad méid na measúnachta i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ná méid iarbhír na mbrabús nó na ngnóchan sin a tháinig chuige an bhliain sin beidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1970, nó roimhe sin, go ndéanfar an mheasúnacht don bhliain 1969-70 a laghdú go dtí méid brabús nó gnóchan iarbhír na bliana agus má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh.”.

Asbhaintí breise i gcásanna áirithe.

23. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 82 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

“82.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘brabúis nó gnóchain eiscthe’ brabúis nó gnóchain ó chíos faoi léas i leith áitribh i gcás ina bhfuil, don bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, na coinníollacha seo a leanas comhlíonta is é sin le rá:

(a) áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) an t-áitreabh;

(b) deonaíodh an léas go ceann téarma nach faide ná caoga bliain agus ní fhorchuireann sé aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil nó a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó an deisithe sin, agus

(c) ní mó ná £52 sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi alt 81 (5) (b) agus méid na mbrabús nó na ngnóchan á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás V de Sceideal D, an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh;

ciallaíonn ‘cíos brabúis’, maidir le haon áitreabh a bhfuil an duine inmhuirir an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, i dteideal cíosa ina leith faoi léas, méid an chíosa is infhaighte an bhliain sin lúide na hasbhaintí a údaraítear le halt 81 (5).

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear gurbh áitreabh rialaithe é de réir na nAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain.

(b) I gcás ina dtarlóidh, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain a ndéanfar cáin orthu faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta, go mbeidh cíos faoi léas i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo le cur i gcuntas, déanfar an méid a mbeadh, ar leith ón alt seo, de cheangal ann é a chur i gcuntas a laghdú suim ar cóimhéid le dhá chúigiú den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná £200 comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó na gnóchain, seachas brabúis nó gnóchain eiscthe, a tháinig chun an duine a laghdú de bhua na míre seo.

(3) An tagairt atá, sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b), do bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair.

San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4) ciallaíonn ‘banchéile’ bean phósta a bhfuil sé le meas, faoi alt 196 (1), í a bheith ina cónaí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le ‘fearchéile’.

(4) (a) Má thagann, aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) agus gur mó comhiomlán (dá ngairtear an mór-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna go léir a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b) (dá ngairtear an fhoráil theorainniúcháin anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú na forála teorainniúcháin, comhiomlán (dá ngairtear an glan-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó na gnóchain sin a laghdú, ní rachaidh comhiomlán na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an glan-chomhiomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir comhiomlán na méideanna uile a bheadh na sochair nó na gnóchain a thiocfaidh chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh an fhoráil theorainniúcháin, agus an mórchomhiomlán.

(b) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchain ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchain eiscthe.”

Faoiseamh i leith caillteanas.

24. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 89 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“89.—(1) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur mó méid comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, féadfar an bhreis, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain sin, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir é, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar é ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, agus, má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar an méid a ró-íocadh.

(2) Aon fhaoiseamh faoin alt seo trí aon chuid de bhreis den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aghaidh tabharfar é, a mhéid is féidir, as an gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh as an gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.”.

(2)  (a) Má tharla aon bhliain de na blianta measúnachta 1963-64 go dtí 1968-69—

(i) go raibh méid comhiomlán na n-asbhaintí a údaraítear le halt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon léas nárbh fhaide ná caoga bliain a ré níos mó ná méid an chíosa ar tháinig duine chun bheith ina theideal, agus

(ii) gur fágadh an bhreis sin ar measadh gur caillteanas í den sórt a luaitear in alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gan faoiseamh ar bith nó gan faoiseamh iomlán a thabhairt ina leith faoin alt sin,

ansin, déanfar aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a fágadh amhlaidh gan faoiseamh a thabhairt ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóchan a measúnofar an duine sin ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70 nó d'aon bhliain ina dhiaidh sin.

(b) Déanfar aon fhaoiseamh faoi mhír (a) a thabhairt, a mhéid is féidir é, as an measúnacht don bhliain 1969-70, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ansin as an measúnacht don bhliain 1970-71 agus mar sin de:

Ar choinníoll i gcás nach féidir, mar gheall ar neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain áirithe, faoiseamh iomlán i leith aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a thabharfar ar aghaidh faoi mhír (a) a thabhairt trí asbhaint as na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir amhlaidh nó trí fhritháireamh ina gcoinne, déanfar, a mhéid is féidir é, an chuid den chaillteanas nár tugadh faoiseamh amhlaidh ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne mhéid, aon bhrabús nó gnóchan a measúnófar an duine sin ina leith faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain sin; agus déanfar iarmhéid aon chaillteanais a thabharfar ar aghaidh amhlaidh go dtí an bhliain sin agus nach bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith i gcoinne brabúis nó gnóchain is inmhuirir amhlaidh faoi na Cásanna sin IV nó V a thabhairt ar aghaidh go dtí aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Cíosanna, etc., is iníoctha le neamhchónaitheoirí.

25. —(1) Ní bhainfidh alt 200 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) le cáin ar bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D, ná

(b) le cáin ar aon chuid de na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D agus a d'éirigh faoi théarmaí léasa, ach chun duine seachas an léasóir, nó a d'éirigh ar shlí eile as aon diúscairt nó conradh de shórt dá n-éireoidis chun an duine a rinne an diúscairt nó an conradh go mbeidís inmhurir faoin gCás sin V,

i gcás íocaíocht a dhéanamh (sa Stát nó in áit eile) díreach le duine ar lasmuigh den Stát atá a ghnáth-áit chónaithe, ach beidh feidhm ag alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an íocaíocht mar atá feidhm aige maidir le híocaíochtaí eile is íocaíochtaí bliantúla faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D agus nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach.

(2) I gcás ina dtarlóidh de bhua fho-alt (1) go mbeadh an cháin is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta ar bhrabúis nó gnóchain duine inmhuirir i leith cánach faoi cheachtar Cás, nó faoin dá Chás, a luaitear ansin níos mó, mura mbeadh an fo-alt seo, ná an cháin ab inmhuirir ar an gcéanna mura mbeadh an fo-alt sin ((1), ansin, ar éileamh chuige a dhéanamh, tabharfar faoiseamh ón mbreis, tri aisioc nó ar shlí eile.

Cáin-dhéileáil le fáltais agus eisimeachtaí ar áitreabh a dhíol.

26. —(1) Má tharlaíonn, de bhua conradh i leith eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go mbeidh le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an conradh a dhéanamh ach roimh an am a bheidh an chionroinnt le déanamh, agus go mbeidh cuid den fháltas le fáil dá bhrí sin ag an díoltóir ar iontaobhas don cheannaitheoir nó, de réir mar a bheidh, go n-íocfaidh an díoltóir mar iontaobhaí don cheannaitheoir cuid den eisimeacht, déileálfar chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D leis an gceannaitheoir ionann dá mbeadh an chuid sin infhaighte nó iníoctha thar a cheann díreach tar éis an ama a bheidh an chionroinnt le déanamh.

(2) I gcás ina mbeidh, de bhua conartha den sórt sin, le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith eastát nó leas a tháinig chun bheith dlite sula ndearnadh an conradh, déileálfar leis na páirtithe chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D ionann is dá mba sular tháinig an fáltas nó an eisimeacht chun bheith dlite a rinneadh an conradh, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1).

(3) Más rud é, ar eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go gcionroinnfear ar an díoltóir cuid d'fháltas nó d'eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith infhaighte ag an gceannaitheoir nó a íocfaidh an ceannaitheoir tar éis na cionroinnte, ansin chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D—

(a) nuair a thiocfaidh an fáltas chun bheith dlite nó, de réir mar a bheidh, a íocfar an eisimeacht, measfar méid an chéanna a bheith laghdaithe an méid sin de a cionroinneadh ar an díoltóir;

(b) déileálfar leis an gcuid a chionroinnfear ar an díoltóir ionann dá mba den ghné chéanna é agus an fáltas nó an eisimeacht agus go raibh sé tagtha chun bheith infhaighte, nó go raibh sé íoctha, go díreach aigesean, agus, i gcás inar cuid d'eisimeacht é, go raibh sé tagtha chun bheith dlite, díreach roimh thráth na cionroinnte.

(4) Folóidh aon tagairt i bhfo-alt (1) nó (2) do pháirtí i gconradh duine a bhfuil cearta agus oibleagáidí an pháirtí sin faoin gconradh tar éis gabháil chuige trí shannadh nó ar shlí eile.

(5) Tá an bhrí chéanna le “áitreabh” san alt seo atá leis in alt 80 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith

Leasú ar alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

27. —Leasaítear leis seo alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí na mínithe ar “léas fada”, “gearr-léas” agus “aonad luachála” a scriosadh as fo-alt (1),

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe atá ann ar “cíos”:

“folaíonn ‘cíos’—

(i) aon chíosmhuirear, cíos feofheirme agus aon íocaíocht ar mhodh cíosa, d'ainneoin an íocaíocht do bhaint go páirteach le háitreabh agus go páirteach le hearraí nó seirbhísí, agus

(ii) aon íocaíocht arna déanamh ag an léasaí chun íoc as costas obair chothabhála nó deisiúchán ar an áitreabh, nach obair a cheanglaíonn an léas a dhéanamh ag an leasaí;”,

(c) trí “chun críocha na Caibidle seo” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “chun críocha na mínithe ar ‘léas fada’ agus ‘gearr-léas’ atá i bhfo-alt (1)”, agus

(d) trí “alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “alt 96 (3)”.

Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas.

28. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 90 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“90.—I gcás duine inmhuirir, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, á chruthú nach bhfuair sé méid a bhfuil teideal aige chuige agus atá le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain arb inmhuirir é ina leith de bhua na Caibidle seo nó faoi Chás IV nó V de Sceideal D, agus

(a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, nach inghnóthaithe an méid sin, nó

(b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é le réasún d'fhonn cruatan a sheachaint,

déileálfar chun críocha cánach do gach bliain iomchuí mheasúnachta leis an duine inmhuirir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil, agus déanfar cibé coigeartú is gá sa chás, trí aisíoc nó ar shlí eile; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an duine inmhuirir i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile”.

Cáin a bhaint as cíosanna agus íocaíochtaí áirithe eile.

29. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 93 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“93.—(1) Baineann an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas:

(a) aon chíos is iníoctha i leith aon áitreabh nó aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis nó na gnóchain uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás I (b) de Sceideal D de bhua alt 53, agus

(b) aon ús bliantúil, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as nach cíos nó íocaíocht i leith éasúna,

is íocaíochtaí a tháinig chun bheith dlithe an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis.

I mír (a) measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil ar mhodh cíosa, cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é.

(2) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV den Sceideal sin, agus

(b) déileálfar léi, chun críocha mhír (m) d'alt 61 agus ailt 433 agus 434, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne:

Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b); agus go measfar gurb é luach an tortha a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó na ngnóchan.

(3) Beidh éifeacht ag alt 8 (2) ionann agus dá bhfolódh ‘íocaíocht bhliantúil eile’ sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.”.

Leasú ar alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

30. —Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1)—

“Ar choinníoll, más chun críocha cánach don bhliain 1968-69 an ríomh, gurb é luach bliantúil na maoine sin arna mheasúnú agus arna mhuirearú faoi Sceideal A don bhliain 1968-69 an méid a eisiafar i leith luach bliantúil na maoine sin má dhéanann an duine a sheolann an trádáil nó an ghairm rogha chuige sin trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire an 31ú lá de Nollaig, 1969, nó roimhe sin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith aige don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin.”.

Leasú ar alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

31. —Leasaítear leis seo alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “d'ainneoin aon ní in alt 65” agus “, agus a bheidh lasmuigh den Stát” a scriosadh as fo-alt (2),

(b) trí “le dhá dhódhéagú cuid de luacháil bhliantúil” a chur in ionad “leis an tríú cuid de luach bliantúil” i bhfo-ailt (2) agus (3), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)—

“(3A) (a) Más rud é, i gcás maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, gur áitreabh cuid di agus nach áitreabh cuid di, tiocfar ar luacháil gach coda trí luacháil na maoine a chionroinnt.

(b) Aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire é ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais.

(c) féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon chionroinnt a dhéanfar faoi mhír (b) a leasú nuair a éistfear nó a athéistfear achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cionroinnte, ach, nuair a bheidh aon achomharc den sórt sin á éisteacht nó á athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála a thairgfidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dhéanfaidh, maidir le maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe na maoine is inchurtha i leith aon choda den mhaoin ina fhianaise ar an méid is inchurtha amhlaidh.”, agus

(d) trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

32. —Leasaítear leis seo alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin—

(a) trí fho-ailt (3) agus (5) a scriosadh,

(b) trí “agus nach áitreabh an tsócmhainn,” a scriosadh as fo-alt (4), agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (4):

“I gcás sócmhainn is áitreabh, measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb é luach bliantúil úsáide na sócmhainne an cíos a bhféadfaí súil réasúnach a bheith ann lena fháil ó ligean ó bhliain go bliain agus dá ngeallfadh an tionónta na gnáthrátaí tionónta uile a íoc, agus dá ngeallfadh an tiarna talún íoc as costais na ndeisiúchán agus an árachais, agus na caiteachais eile, más ann, is gá chun an t-áitreabh a choimeád i riocht a thabhódh an cíos sin.”.

Leasú ar achtacháin áirithe.

33. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le báis a tharlóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1969, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.