An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID V Dleachtanna Stampa)

21 1969

AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

CUID IV

Dleachtanna Báis

Laghdú ar dhleacht eastáit.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” an mhaoin go léir agus na leasanna go léir a aistreoidh nó a fhaibhreoidh chun cleithiúnaí ar bhás an éagaigh arb iníoctha dleacht eastáit i leith a bháis;

ciallaíonn “leanbh” leanbh (lena n-áirítear leanbh a uchtáladh faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) leis an éagach a bhí beo tráth a bháis agus nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige an t-am sin nó a bhí an t-am sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas oideachais eile;

ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás agus sainchónaí air sa Stát;

ciallaíonn “cleithiúnaí” an bhaintreach nó leanbh;

ciallaíonn “baintreach”, ach amháin i bhfo-alt (4) den alt seo baintreach an éagaigh.

(2) I gcás inarb í an bhaintreach an t-aon-chleithiúnaí amháin atá i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú £1,000 mar aon le £500 i gcás gach linbh.

(3) I gcás beirt chleithiúnaí nó níos mó a bheith ann arb í an bhaintreach duine díobh agus ar leanbh an t-aon-chleithiúnaí a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh nó go mbeidh níos mó ná cleithiúnaí amháin i dteideal sochar ar an mbás sin—

(a) déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair linbh a laghdú £500;

(b) má bhíonn an bhaintreach i dteideal sochair, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha ina leith a laghdú £1,000 mar aon le—

(i) suim £500 i leith gach linbh nach mbeidh i dteideal sochair nó nach mbeidh teideal aige ach amháin chun sochair nach ndéanfaidh éileamh ar dhleacht eastáit difear dó, agus

(ii) i leith gach linbh ag a mbeidh teideal chun sochair dá ndéanfaidh éileamh ar dhleacht go feadh méid is lú ná £500 difear, suim is comhionann leis an difear idir an méid a dhéantar de dhifear amhlaidh don sochar agus £500.

(4) I gcás inar bhaintreach fir nó baintreach an t-éagach tráth a bháis nó a báis, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú £500.

(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) den alt seo faoi réir an choinníll—

(i) i gcás nach ndéanfaidh dliteanas i leith dleacht eastáit a tharlóidh i ndáil le bás an éagaigh difear do mhéid sochair, nach ndéanfar aon laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair sin;

(ii) i gcás ina ndéanfaidh dliteanas den sórt sin difear do mhéid sochair agus gurb é an difear a dhéanfar dó amhlaidh méid is lú ná an laghdú sin ab iomchuí, ar leithligh ón bhfomhír seo, faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair, go ndéanfar an laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair a laghdú go dtí an tsuim sin.

(b) Ní oibreoidh an fo-alt seo chun laghdú a dhéanamh ar an méid a laghdófar an dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair baintrí de bhíthin nach ndéanann éileamh ar dhleacht difear do shochar linbh nó gur lú ná £500 an difear a dhéantar dó.

(6) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (5) den alt seo faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm acu i gcás inar mó ná £100,000 glanluach na maoine go léir a bheidh tar éis aistriú nó a mheasfar a bheith tar éis aistriú ar bhás an éagaigh agus arb iníoctha dleacht eastáit ina leith.

(7) I gcás ina ndéanfaí laghdú ar dhleacht eastáit mura mbeadh gur mó ná £100,000 an t-eastát, beidh feidhm ag an alt seo faoi réir na teorann go ndéanfar an laghdú iomlán, ab iomchuí ar leithligh ó mhír (b) d'fho-alt (5) den alt seo dá mba nár mhó ná £100,000 an t-eastát, a laghdú méid cóimhéid leis an méid is mó ná £100,000 an t-eastát, agus beidh éifeacht ag mír (b) dá réir sin.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le básanna a tharla an lú lá de Mhárta, 1968, nó dá éis sin, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910.

1910, c. 8.

1951, Uimh. 15 .

46. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 (1) den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1951 ).

(2) Is maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus leo sin amháin a bheidh éifeacht ag an alt seo.