An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IIII Seirbhísí Liachta Ginearálta) Ar Aghaidh (Caibidil V Seirbhísí Eile)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil IV

Seirbhísí do Mháithreacha agus do Leanaí

Aireachas liachta agus asaoideachta do mháithreacha.

62. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus asaoideachta ar fáil in aisce chun freastal, i leith máithreachta, ar shláinte ban is daoine ag a bhfuil láncháilíocht nó daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.

(2) Féadfaidh bean atá i dteideal seirbhísí liachta a fháil faoin alt seo a roghnú iad a ghlacadh ó aon liachleachtóir cláraithe ag a bhfuil comhaontú déanta leis an mbord sláinte agus atá toilteanach glacadh léi mar othar.

(3) Nuair a bhainfidh bean leas as seirbhísí faoin alt seo le haghaidh luí seoil in áit seachas ospidéal nó teaghlach máithreachais, soláthróidh an bord sláinte in aisce riachtanais oibsteitrice a mhéid a shonróidh rialacháin ón Aire.

Aireachas liachta do naíonáin.

63. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus altranais ar fáil do leanaí suas go dtí sé seachtaine d'aois a bhfuil teideal ag a máithreacha leas a bhaint as seirbhísí faoi alt 62.

(2) Aon seirbhísí a chuirfear ar fáil faoin alt seo do leanbh déanfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe a bheidh roghnaithe ag tuiste an linbh, a bhfuil comhaontú déanta aige leis an mbord sláinte chun na seirbhísí sin a sholáthar agus atá toilteannach glacadh leis an leanbh mar othar iad a sholáthar don leanbh.

Deontais mháithreachais.

1930, Uimh. 17 .

64. —(1) Íocfaidh bord sláinte deontas airgid i leith gach luí seoil le bean is duine ag a bhfuil lán-cháilíocht, a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe agus nach mbeartaítear í a chothabháil i bhforas tar éis an luí seoil (seachas chun cóireála liachta nó máinliachta) ag an mbord sláinte nó ar chostas an bhoird sláinte.

(2) Is é méid a bheidh i ndeontas faoin alt seo—

(a) i gcás breithe beo, £8 i leith gach leanbh a rugadh beo,

(b) i gcás nach raibh aon bhreith beo, £8.

(3) Nuair a bheidh an Breitheamh a chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, a bhainfidh le leanbh neamhdhlisteanach go n-íocfar na costais a ghabh le breith an linbh ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais faoin alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtáinig leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtain toircheasa dá dtáinig leanbh, beo nó marbh, a bhreith.

Bainne do mháithreacha agus do leanaí.

65. —(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun bainne a sholáthar do mhná atá ag iompar clainne agus ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do mháithreacha atá ag oiliúint agus ag a bhfuil lán-cháilíocht, agus do leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois nach féidir lena dtuistí a ndóthain bainne a sholáthar dóibh as a n-acmhainn féin.

(2) San alt seo folaíonn “bainne” bianna atá déanta go hiomlán nó go formhór as bainne.

Seirbhís sláinte leanaí.

66. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce i gclinicí, i slánlanna nó in áiteanna forordaithe eile do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois.

(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce do dhaltaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta nó ar scoil a bhfuil an t-alt seo curtha chun feidhme maidir léi le hordú faoi fho-alt (3).

(3) Nuair a iarrfaidh comhlacht rialaithe scoile é nach scoil náisiúnta, féadfaidh bord sláinte dá rogha féin, le hordú, an t-alt seo a chur chun feidhme maidir leis an scoil.

(4) Féadfar a cheangal an bhainisteoir scoile nuair a bheidh fógra tugtha ag bord sláinte dó, saoráidí réasúnacha a sholáthar le haghaidh scrúdaithe faoin alt seo.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn do bhord sláinte aon seirbhís ghinearálta teaghaise nó aon seirbhísí den sórt a luaitear in alt 52, 56 nó 67 a sholáthar.