|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Báis) | Ar Aghaidh (CUID V Cáin Láimhdeachais) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1970
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Dleachtanna Stampa | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891. 1891, c.39. |
40. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, tríd an ábhar atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an ábhair atá sa Sceideal sin. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh theacht i ngníomh don alt seo. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar bhilli malairte agus ar nótaí geallúna. |
41. —(1) Cuirfear pingin nua de dhleacht in ionad na dleachta is inmhuirir faoin Stamp Act, 1891, ar bhille malairte nó ar nóta geallúna a tharraingeofar sa Stát agus a shonraítear faoin mírcheann sin sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. |
[EN] | (2) Féadfar an dleacht ar bhille malairte nó ar nóta geallúna faoi fho-alt (1) den alt seo a chur in iúl le stampa greamaitheach a dhéanfaidh an duine a shíneoidh an bille nó an nóta a chealu sula seachadfaidh as a lámha, as a choinneáil nó as a chumhacht é. | |
[EN] | (3) Aon duine a eiseoidh, a fhormhuineoidh, a aistreoidh, a iomairleoidh, a thairgfidh lena íoc, nó a íocfaidh aon bhille malairte nó nóta geallúna is inchurtha faoi dhleacht agus nach mbeidh stampáilte go cuí, tabhóidh sé fíneáil deich bpunt, agus an duine a thógfaidh nó a gheobhaidh ó aon duine eile aon bhille nó nóta den sórt sin mar íocaíocht nó urrús, nó trí cheannach nó ar aon slí eile, ní bheidh teideal aisghabhála aige ina leith ná an céanna a chur ar fáil chun aon chríche ar aon chor: Ar choinníoll, má dhéantar aon bhille malairte gan stampáil a thíolacadh le haghaidh íocaíochta, go bhféadfaidh an duine dá dtíolaicfear é stampa greamaitheach pingne in airgead reatha nua a ghreamú de, agus an stampa sin a chealú, ionann is dá mba eisean tarraingteoir an bhille, agus air sin go bhféadfaidh sé an tsuim a bheidh sa bhille a luaitear a íoc agus an dleacht i gcuntas a mhuirearú i gcoinne an duine a tharraing an bille, nó an dleacht a bhaint as an tsuim sin, agus go measfar an bille a bheith, a mhéid a bhaineann leis an dleacht, bailí agus ar fáil. Ach ní thabharfaidh an coinníoll sin roimhe seo aon fhaoiseamh d'aon duine ó aon fhíneáil nó pionós a thabhaigh sé i ndáil leis an mbille sin. | |
[EN] | (4) In alt 57 (1) den Acht Airgeadais, 1958 , léifear an tagairt don mhírcheann “Bill of Exchange payable on demand” ionann is dá mba thagairt í don mhírcheann i bhfo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (5) Tiocfaidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ngníomh an 15ú lá d'Fheabhra, 1971. | |
[EN] | (6) An dleacht is inmhuirir faoin Stamp Act, 1891, ar bhille malairte nó ar nóta geallúna a tarraingíodh lasmuigh den Stát agus a shonraítear faoin mírcheann sin sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin scoirfidh sé de bheith inmhuirir ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1971. | |
[EN] | (7) Déantar leis seo alt 35 den Stamp Act, 1891, a aisghairm le héifeacht ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1971, agus alt 38 den Stamp Act, 1891, agus alt 31 den Acht Airgeadais, 1961 , a aisghairm le héifeacht ar an agus ón 15ú lá d'Fheabhra, 1971. | |
[EN] |
Dleacht ar chaipiteal iasachta. 1899, c. 9. 1907, c. 13. |
42. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 (2) den Finance Act, 1899, trí “five shillings” a chur in ionad “two shillings and sixpence” agus “two hundred pounds” a chur in ionad “hundred pounds” agus “a hundred pounds” gach áit ina bhfuil na focail sin is déanaí a luaitear. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Finance Act, 1907, trí “four shillings” a chur in ionad “two shillings” agus “two hundred pounds” a chur in ionad “hundred pounds”. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngnníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Polasaithe árachais saoil gearr-théarma. |
43. —(1) Chun críche an mhuirir i leith dleachta stampa measfar polasaí árachais saoil a bheith arna dhéanamh in aghaidh téarma is faide ná dhá bhliain má bhíonn aon fhoráil ann trína bhféadfaidh sé teacht chun bheith ar fáil in aghaidh tréimhse is faide ná dhá bhliain san iomlán. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar, aon tráth tar éis polasaí a dhéanamh in aghaidh tréimhse nach faide ná dhá bhliain, an polasaí a athrú ionas go dtiocfaidh sé, nó go bhféadfaidh sé teacht chun bheith, ar fáil in aghaidh tréimhse is faide ná dhá bhliain san iomlán, tiocfaidh an polasaí chun an dleacht céanna a bheith inmhuirir air ab inmhuirir dá mbeadh sé arna dhéanamh ar dháta an athraithe in aghaidh tréimhse is faide ná dhá bhliain, agus féadfar é a stampáil dá réir sin, gan phionós, aon tráth laistigh de thríocha lá tar éis an dáta sin. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Deireadh le dleacht stampa i gcás stoc áirithe a aistriú. |
44. —(1) San alt seo ciallaíonn “stoc” stoc de chuid cuideachta atá cláraithe nó bunaithe sa Stát nó Bhord atá bunaithe le hAcht nó faoi Acht ón Oireachtas nó ó Oireachtas Shaorstát Éireann a bhfuil íoc an úis air ráthaithe ag an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh aistriú stoic díolmhaithe ó gach dleacht stampa. | |
[EN] | (3) Scoirfidh aon chomhaontú faoi alt 115 den Stamp Act, 1891, i leith stoic d'éifeacht a bheith aige. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Leasú ar alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 . |
45. —(1) Leasaítear leis seo alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 , trí na míreanna seo a leanas a chur le fo-alt (7): |
[EN] | “(d) maidir le foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh lena úsáid mar oifigí má bhíonn úinéir an fhoirgnimh chun formhór an fhoirgnimh a áitiú; | |
[EN] | (e) maidir le foirgniú, athrú nó méadú foirgnimh lena úsáid mar oifigí más comhlacht corpraithe úinéir an fhoirgnimh agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh formhór an fhoirgnimh á áitiú ag comhlacht corpraithe atá i gcomhlachas leis an úinéir an mhéid sin gur ceann acu úinéir tairbhiúil nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe an chinn eile nó go bhfuil nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe gach aon cheann acu ar úinéireacht tairbhiúil ag tríú comhlacht corpraithe.” | |
[EN] | (2) Más rud é, i gcás inar géilleadh d'éileamh ar dhíolúine ó dhleacht de bhua mhír (d) nó (e) (a cuireadh isteach leis an alt seo) d'alt 50 (7) den Acht Airgeadais, 1969 , go mbeidh athrú ar an áitíocht maidir le formhór an fhoirgnimh lenar bhain an t-éileamh laistigh de chúig bliana tar éis dáta an chonartha lenar bhain an t-éileamh, measfar nár ceadaíodh an díolúine, agus beidh suim ar cóimhéid leis an dleacht a maitheadh ina fiach a bheidh dlite láithreach don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus beidh an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cúig faoin gcéad sa bhliain ó dháta an chonartha chun an foirgneamh a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú) inghnóthaithe ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúil ón úinéir nó, má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, ó gach úinéir i gcomhar agus go leithleach. | |
[EN] | (3) (a) Leasaítear leis seo tuilleadh an t-alt sin 50 trí “limistéar ainmnithe de réir brí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1969 ,” a chur i bhfo-alt (7) (c) in ionad “limistéar neamhfhorbartha de réir bhrí an Achta um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ”. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Leasuithe illghnéitheacha ar an Stamp Act, 1891. |
46. —(1) Leasaítear leis seo an Stamp Act, 1891— |
[EN] | (a) trí “one shilling” a chur in ionad “two shillings and sixpence” in alt 7, | |
[EN] | (b) trí “shall be exempt from duty” a chur in ionad “shall be deemed to be an agreement, and shall be charged with duty accordingly” i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 23, | |
[EN] | (c) trí “but shall not otherwise be chargeable with duty except (where appropriate) with the fixed duty of ten shillings” a chur in ionad “and in any other case with the fixed duty of ten shillings or of sixpence, as the case may require” in alt 59 (2), agus | |
[EN] | (d) trí “Provided that where any such contract or agreement is stamped with the fixed duty of ten shillings (where appropriate)” a chur in ionad “Provided also that where any such contract or agreement is stamped with the said fixed duty” in alt 59 (5). | |
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Leasú ar alt 7 denFinance Act, 1907. |
47. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Finance Act, 1907, trí “shall only be charged with stamp duty if under seal and shall then be so charged as a deed” a chur in ionad na bhfocal ó “shall be charged” go dtí deireadh an ailt. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar bhlianachtaí saoil ceannaithe. |
48. —(1) Beidh dleacht stampa inmhuirir ar ionstraim, is deontas nó conradh chun blianacht saoil cheannaithe a íoc, faoi mhír (3) den mhírcheann “BOND, COVENANT or INSTRUMENT of any kind whatsoever” atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus ní bheidh ar aon slí eile, cibé acu is blianacht aoisliúntais mar a mhínítear sa mhír sin nó nach ea an bhlianacht. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “blianacht saoil cheannaithe” blianacht saoil arna deonú ar chomaoin in airgead nó luach airgid i ngnáthchúrsa gnó dheonta blianachtaí ar shaol daoine. |