|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1971 | ||
[EN] |
AN tACHT ÁRACHAIS, 1971 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 go 1969. | ||
[22 Meitheamh, 1971.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 , trí “tríocha milliún punt” a chur in ionad “deich milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1969 ). |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1971 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, agus den Acht seo le chéile. |