An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Forálacha Ilghnéitheacha)

14 1971

AN tACHT IOMPAIR (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1971

CUID II

Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn a Dhíscaoileadh

Mínithe do Chuid II.

1903, c. cclx.

1904, c. cci.

1906, c. clxxxiii.

5. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1903” an Strabane Raphoe and Convoy Railway Act, 1903;

ciallaíonn “Acht 1904” an Strabane Raphoe and Convoy Railway (Extension to Letterkenny) Act, 1904;

ciallaíonn “Acht 1906” an Great Northern (Ireland) and Midland Railways Act, 1906;

ciallaíonn “an Comhchoiste” Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na Gall;

ciallaíonn “Cuideachta an tSratha Bháin” Cuideachta Iarnróid an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn;

ciallaíonn “an dáta aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi alt 6.

An dáta aistrithe a cheapadh.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar dháta aistrithe chun críocha na Coda seo.

Comhaontú 1967 idir Bord na nIarnród Breataineach agus an Bord a dhaingniú.

7. —(1) Daingnítear leis seo Comhaontú 1967.

(2) San alt seo ciallaíonn “Comhaontú 1967” an Comhaontú a rinneadh an 31ú lá de Bhealtaine 1967, idir Bord na nIarnród Breataineach agus an Bord agus a bhfuil cóip de leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Sócmhainní an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin a aistriú chun an Bhoird.

8. —(1) Beidh, ar an dáta aistrithe, sócmhainní an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin, lena n-áirítear na tailte agus an mhaoin eile go léir agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtar i ndáil leis an gComhchoiste agus le Cuideachta an tSratha Bháin nó a bhaineann dóibh, beidh siad, de bhua an ailt seo, arna n-aistriú chun an Bhoird agus arna ndílsiú don Bhord.

(2) Ar an mBord á iarraidh sin, forghníomhóidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin na hionstraimí sin go léir, agus déanfaidh siad na gníomhartha sin go léir, is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar go héifeachtúil chun ainm an Bhoird aon sócmhainní a dhílsítear don Bhord leis an alt seo nó aon sócmhainní lasmuigh den Stát de chuid an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin.

Dliteanais agus conarthaí de chuid an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin.

9. —(1) Faoi réir na Coda seo—

(i) beidh an Bord, agus scoirfidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin (de réir mar a bheidh) de bheith, faoi réir na ndliteanas go léir a raibh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin faoi seach faoina réir díreach roimh an dáta aistrithe;

(ii) na conarthaí, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe agus na hionstraimí uile agus na comhshocraíochtaí oibre uile a bheidh ann roimh an dáta aistrithe agus a bhainfidh leis an gComhchoiste nó le Cuideachta an tSratha Bháin, beidh feidhm agus éifeacht chomh hiomlán acu i gcoinne nó i bhfabhar an Bhoird agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil agus dá mbeadh an Bord na pháirtí iontu in ionad an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin (de réir mar a bheidh).

(2) Faoi réir ailt 13 agus 14, aon imeacht (ar a n-áirítear eadráin) nó cúis caingne a bheidh ar feitheamh nó a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe ag an gComhchoiste nó ag Cuideachta an tSratha Bháin nó i gcoinne ceachtar acu ní laghdóidh an céanna ná ní scoirfear de ná ní dhéanfar dochar dó ar aon slí de dhroim aon ní sa Chuid seo, ach féadfaidh an Bord leanúint de agus é a chur i bhfeidhm nó féadfar sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird mar a d'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcoinne an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin (cibé acu é) dá mba nár ritheadh an Chuid seo, ach ní fhéadfar thairis sin ná in aon slí eile.

An Bord a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí áirithe.

10. —D'ainneoin aon fhoráil eile den Chuid seo, ní bheidh an Bord faoi aon oibleagáid a bhaineann le seirbhís iompair de bhóthar a sholáthar a fhorchuirtear le reacht ar an gComhchoiste agus beidh deireadh leis an oibleagáid sin ar an dáta aistrithe.

Oifigigh agus seirbhísigh an Chomhchoiste a aistriú.

1967, Uimh. 21 .

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), gach duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhchoiste tiocfaidh sé, ar an dáta sin, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus ar na coinníollacha seirbhíse céanna.

(2) (a) Aon oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin a bheidh, díreach roimh an dáta aistrithe, ina chomhalta de Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhchoiste agus beidh sé, ar an dáta sin agus ón dáta sin, ar iasacht le haghaidh dualgais faoin mBord.

(b) Leanfaidh oibleagáidí an Chomhchoiste faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnróid i gcás gach oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin, cibé acu oibleagáidí dlí nó oibléagáidí gnáis iad, de bheith ina gceangal ar an gComhchoiste agus, tar éis an Comhchoiste a dhíscaoileadh, beidh na hoibleagáidí sin, nó cibé oibleagáidí ar comhréir leo a éireoidh faoi aon chiste aoisliúntais a bhunófar in ionad Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród chun tairbhe oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin, ina gceangal ar an mBord.

(c) Íocfaidh an Bord leis an gComhchoiste, ar é dá éileamh, an t-airgead go léir a theastóidh ón gComhchoiste chun a oibleagáidí i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin a ghlanadh.

(d) Na cearta agus na hoibleagáidí go léir a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an gComhchoiste leis an gconradh seirbhíse nó le dlí i leith oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht amhlaidh, beidh siad, ach amháin mar a fhoráiltear le mír (b), ina gcearta agus ina n-oibleagáidí de chuid an Bhoird.

(e) Gach oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht nó i seirbhís an Chomhchoiste tráth a dhíscaoilte tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus ar na coinníollacha céanna seirbhíse.

(3) (a) Maidir le hoibleagáidí an Chomhchoiste faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, leanfaidh siad, i gcás gach duine a bheidh i dteideal, díreach roimh an dáta aistrithe, chun sochair faoin gCiste sin, de bheith ina gceangal ar an gComhchoiste agus, tar éis an Comhchoiste a dhíscaoileadh, beidh na hoibleagáidí sin, nó cibé oibleagáidí ar comhréir leo a éireoidh faoi aon chiste aoisliúntais a bhunófar in ionad Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród chun tairbhe daoine den sórt sin, ina gceangal ar an mBord.

(b) Íocfaidh an Bord leis an gComhchoiste, ar é dá éileamh, an t-airgead go léir a theastóidh ón gComhchoiste chun a oibleagáidí i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin a ghlanadh.

(4) I gcás ina dtarlóidh de bhua an ailt seo go dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhchoiste chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord nó é dul ar iasacht le haghaidh dualgais faoin mBord, measfar, d'ainneoin aon ní san Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , nár briseadh mar gheall ar iomarcaíocht de réir brí an Achta sin é.

An Comhchoiste a dhíscaoileadh.

12. —(1) Nuair a bheidh an Comhchoiste tar éis aon iarratas a chomhlíonadh a chuir an Bord chuige chun a áirithiú go ndéanfar úinéireacht aon mhaoine nó sócmhainní nó aon cheart a aistriú go héifeachtúil chun an Bhoird agus tar éis a fháil amach nach mian leis an mBord aon iarratas eile a dhéanamh, tabharfaidh an Comhchoiste fógra don Aire.

(2) Más deimhin leis an Aire (cibé acu a tugadh aon fógra den sórt sin dó ná nár tugadh) gur comhlíonadh aon iarratas a rinneadh amhlaidh agus nach bhfuil aon cheanglais eile le comhlíonadh, déanfaidh sé ordú nach bhfuil aon chús ann go mairfeadh an Comhchoiste agus cuirfidh sé faoi deara an t-ordú a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar an ordú a fhoilsiú beidh an Comhchoiste arna dhíscaoileadh agus scoirfidh alt 28 d'Acht 1906, trínar corpraíodh an Comhchoiste, d'éifeacht a bheith aige.

(3) I gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta aistrithe agus dar críoch dáta an Chomhchoiste a dhíscaoileadh, fanfaidh na forálacha reachtúla agus na hionstraimí eile a bhaineann leis i bhfeidhm ionann is nár ritheadh an Chuid seo, a mhéid a bheidh na cumhachtaí a thugtar leo ag teastáil le haghaidh a mbeidh fágtha de chríocha an Chomhchoiste.

(4) Íocfaidh an Bord na caiteachais go léir (lena n-áirítear luach saothair a chomhaltaí) a thabhóidh an Comhchoiste le réasún agus go cuí tar éis an dáta aistrithe chun a ghnóthaí a fhoirceannadh, agus soláthróidh an Bord don Chomhchoiste cibé saoráidí a theastóidh le réasún ón gComhchoiste chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair, cuntais agus doiciméid a tugadh suas don Bhord agus chun sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh.

Cuideachta an tSratha Bháin a dhíscaoileadh.

13. —(1) Beidh Cuideachta an tSratha Bháin arna dhíscaoileadh, de bhua an ailt seo, ar an dáta aistrithe agus scoirfidh alt 5 d'Acht 1903, trínar corpraíodh í, d'éifeacht a bheith aige.

(2) Ní bheidh an Bord faoi réir aon dliteanais i leith aon stoic nó scaireanna de chuid Chuideachta an tSratha Bháin ná i leith ús nó díbhinní a íoc ar na stoic nó ar na scaireanna sin agus ní bheidh aon ábhair caingne ann i gcoinne an Bhoird i leith, ná i leith íoc, stoc nó scaireanna den sórt sin.

Cúiteamh do shealbhóirí scaireanna áirithe i gCuideachta an tSratha Bháin.

14. —(1) Íocfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta aistrithe, le haon duine a bhí díreach roimh an dáta sin ina shealbhóir cláraithe ar scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Bháin, suim ar cóimhéid lena gcomhiomlán seo a leanas—

(a) cibé méid a bhéarfadh go bliantúil, dá n-infheisteofaí é ar an dáta eisiúna san urrús Rialtais is déanaí a eisíodh roimh an dáta aistrithe lena shuibscríobh sa Stát agus é infhuascailte 12 bhliain ar a laghad tar éis an dáta eisiúna, suim úis iomláin ar cóimhéid le £4 in aghaidh gach £100 de scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Bháin i seilbh an duine sin agus dá réir sin i gcás méideanna de scaireanna ráthaithe den sórt sin is lú nó is mó ná £100, agus

(b) méid arna ríomh ar an méid de na scaireanna ráthaithe sin i seilbh an duine sin de réir 4 faoin gcéad san bhliain in aghaidh na tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1961, go dtí an dáta aistrithe.

(2) Íocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord an t-airgead a theastóidh ón mBord chun críocha fho-alt (1).

(3) Aon íocaíocht a dhéanfar faoin alt seo le sealbhóir scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Báin is lán-socrú a bheidh inti ar aon éileamh ón duine sin maidir le príomhshuim nó díbhinní nó maidir le príomhshuim agus díbhinní.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, ní bheidh cúiteamh iníoctha le duine ar bith mar gheall ar Chuideachta an tSratha Bháin a dhíscaoileadh le halt 13 (1).

(5) San alt seo ciallaíonn “ráthaithe” ráthaithe faoi alt 41 d'Acht 1903 nó faoi alt 38 d'Acht 1904.

Forálacha iarmartacha maidir le cúiteamh faoi alt 14.

1893, c. 53.

1845, c. 18.

15. —(1) Aon duine a gheobhaidh suim faoi alt 14 sealbhóidh sé an tsuim sa cheart céanna agus ar na hiontaobhais chéanna agus faoi réir na gcumhachtaí, na bpribhléidí, na muirear agus na ndliteanas céanna leis na cinn arb iontu, orthu nó faoina réir a shealbhaigh sé na scaireanna agus, i gcás inar de bhun aon fhorála i ngníomhas, uacht, diúscairt nó iontraim eile a sealbhaíodh na scaireanna, beidh an éifeacht chéanna ag an ionstraim sin ionann is dá n-údaraíodh sé go sainráite an tsuim a fuarthas amhlaidh a infheistiú in aon infheistíocht a údaraítear faoi alt 1 den Trustee Act, 1893.

(2) Má bhíonn an Bord éagumasach ar aon chúis aon tsuim áirithe a íoc faoi alt 14 leis an duine a bheidh ina teideal, féadfar an tsuim sin a íoc isteach san Ard-Chúirt (nó, mura mó ná cúig mhíle punt an tsuim sin, isteach sa Chuirt Chuarda) agus cuirfear chun críche í agus déileálfar léi, de réir forálacha an Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le hairgead ceannaigh nó cúiteamh a thagann chun páirtithe ag a bhfuil leasanna teoranta i dtalamh a fhaightear go héigeanta nó atá coiscthe ó ghnóthaíocht a dhéanamh nó teideal chuige a shuíomh, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha sin; agus beidh an dlínse go léir is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin ag an gCúirt Chuarda chun críche an ailt seo.

(3) Má bhíonn aon airgead iníoctha ag an mBord faoi alt 14 le duine is mionaoiseach nó duine mímheabhrach is urscaoileadh dóthanach don Bhord admháil óna chaomhnóir nó ó chúramaí a eastáit.

Airgead a íoc as an bPríomh-Chiste.

16. —Íocfar amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead a theastóidh ón Aire Airgeadais faoi chomhair na n-íocaíochtaí nach mór dó a dhéanamh faoi alt 14.

Fógraí áirithe do. leanúint i bhfeidhm.

17. —Gach fógra a bheidh arna sheirbhéail ar nó ag an gComhchoiste nó ar nó ag Cuideachta an tSratha Bháin roimh an dáta aistrithe agus nach mbeidh a éifeacht nó a théarma tar éis foirceannadh nó éag leanfaidh sé d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith aige ina dhiaidh sin ionann is dá mba fógra é a sheirbheáil an Bord nó a seirbheáladh ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana féin don Bhord ar an dáta sin.

Forálacha maidir le cáin ioncaim.

18. —(1) Leanfaidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin, ar an dáta aistrithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAchtanna sin d'aon bhliain mheasúnachta dar críoch an 5ú lá, nó aon lá roimh an 5ú lá, d'Aibreán díreach i ndiaidh an dáta sin.

(2) Féadfar measúnacht i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta dar críoch an 5ú lá, nó aon lá roimh an 5ú lá, d'Aibreán díreach i ndiaidh an dáta aistrithe a dhéanamh ar an gComhchoiste agus ar Chuideachta an tSratha Bháin ar an dáta sin nó dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanfar amhlaidh agus a bheidh tagtha chun bheith críochnaitheach dochloíte measfar, nuair a thiocfaidh sí chun bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é rúnaí (nó an t-oifigeach eile a dhéanann dualgais rúnaí) an Bhoird rúnaí (nó an t-oifigeach eile a dhéanann dualgais rúnaí) an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin.

(4) Beidh ag an mBord, agus tugtar leis seo don Bhord, cumhacht aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar an gComhchoiste nó ar Chuideachta an tSratha Bháin i leith aon oifig nó fostaíocht a bhí ag aon duine faoin gComhchoiste nó faoi Chuideachta an tSratha Bháin a bhaint as díolaíochtaí aon duine den sórt sin ag a bhfuil oifig nó fostaíocht sochair faoin mBord.

(5) Chun críocha an ailt seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile, measfar an Comhcoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin do leanúint ar marthain ar na dátaí díscaoilte, agus tar éis na ndátaí díscaoilte faoi seach faoin gCuid seo.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

19. —Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa faoin alt sin a íoc ar aon chóip den sórt sin.

Fodhlíthe, rialacha agus rialacháin láithreacha.

1950, Uimh. 12 .

20. —(1) Na fodhlíthe go léir a rinne nó a mheastar a rinne an Comhchoiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad ar an dáta sin agus dá éis de bheith i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas a dhílsítear don Bhord leis an gCuid seo agus measfar gur faoi alt 22 den Acht Iompair, 1950 , a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodlíthe faoin alt sin.

(2) Na rialacha agus na rialacháin go léir a rinne an Comhchoiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfar iad a chúlghairm nó a athrú nó dlí a chur ina n-ionad.