Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An tÚdarás um Ard-Oideachas.)

22 1971


Uimhir 22 de 1971


ACHT AN ÚDARÁIS UM ARD-OIDEACHAS, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN tÚDARÁS UM ARD-OIDEACHAS, DO SHAINIÚ A CHUMHACHTAÍ AGUS A DHUALGAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[27 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “comhalta acadúil” comhalta den Údarás a raibh post acadúil aige nuair a ceapadh ina chomhalta den sórt sin é;

ciallaíonn “post acadúil” post i bhforas ard-oideachais (seachas post mar shainsiléir nó príomh-oifigeach ollscoile nó do choláiste di) arb iad dualgais uile, nó cuid de dhualgais, shealbhóir an phoist sin aon mhic léinn de chuid an fhorais a theagasc nó taighde a dhéanamh;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “foras ard-oideachais”—

(a) ollscoil,

(b) coláiste ollscoile, nó

(c) foras arna ainmniú ag an Aire le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, mar fhoras ard-oideachais chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “An tAire” an tAire Oideachais;

tá le “an tÚdarás” an bhrí a shonraítear in alt 2 (1).

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh maidir le cumhachtaí, tagairt do na cumhachtaí a fheidhmiú.

Bunú an Údaráis.

2. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, comhlacht ar a dtabharfar an tÚdarás um Ard-Oideachas (dá ngairtear “An tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Bainfidh forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an Údarás.

Feidhmeanna ginearálta.

3. —I dteannta na bhfeidhmeanna sonracha a thugtar don Údarás leis an Acht seo beidh aige freisin na feidhmeanna ginearálta seo:

(a) forbairt ard-oideachais a chur ar aghaidh,

(b) cabhrú le hinfheistíocht Stáit in ard-oideachas a chomhoirdniú agus tograí i leith na hinfheistíochta sin a ullmhú,

(c) dlús a chur le cuímheas ar fhiúntas ard-oideachais agus ar fhiúntas taighde,

(d) dlús a chur le comhdheiseanna a bheith ann ar ard-oideachas,

(e) dlús a chur le comhdhéanamh ard-oideachais a dhaonfhlathú.

Dualgas ginearálta maidir le haidhmeanna náisiúnta.

4. —Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.

Comhairle faoi fhorais ard-oideachais.

5. —Comhairleoidh an tÚdarás an tAire faoi riachtanas nó a mhalairt a bheith le forais nua ard-oideachais a bhunú, faoin gcineál foras iad agus faoina bhfoirm, agus faoi na bearta reachtaíochta is gá maidir lena mbunú nó maidir le haon fhoras ard-oideachais atá ann faoi láthair.

Athbhreithniú ar an éileamh ar ard-oideachas agus ar an riachtanas le hard-oideachas agus moladh faoi ionaid do mhic léinn.

6. —(1) Coimeádfaidh an tÚdarás faoi shíor-bhreithniú an t-éileamh a bheidh ar ard-oideachas agus ar an riachtanas le hard-oideachas.

(2) Molfaidh an tÚdarás don Aire an uimhir chomhiomlán ionad mac léinn a bheidh le cur ar fáil sa chóras ard-oideachais ag féachaint gur riachtanach an líon iomlán mac léinn a choimeád dáilte réasúnta cothrom idir na forais ard-oideachais.

Ráiteas ar staid airgeadais ó fhoras ard-oideachais.

7. —Féadfaidh an tÚdarás, go bliantúil nó i gceann cibé eatramh eile a chinnfidh sé, a cheangal ar aon fhoras ard-oideachais ráiteas ar a staid airgeadais a thabhairt don Údarás agus beidh de dhualgas ar gach foras ard-oideachais déanamh de réir aon cheanglais a chuirfear air faoin alt seo.

Iarratas ó fhoras ard-oideachais ar fhóirdheontas Stáit.

8. —(1) Déanfaidh foras ard-oideachais a iarrfaidh fóirdheontas Stáit an t-iarratas a chur faoi bhráid an Údaráis i cibé slí a ordóidh an tÚdarás.

(2) Déanfaidh an tÚdarás iarratais a chuirfear faoina bhráid faoin alt seo a scrúdú go bliantúil nó i gceann cibé eatramh eile a chinnfidh sé.

Pleanáil airgeadais.

9. —Féadfaidh an tÚdarás riachtanais airgeadais bhliantúla nó riachtanais airgeadais eile foras ard-oideachais a chur i gcoibhéis le pleanáil airgeadais faoi chomhair cibé tréimhsí is oiriúnach leis an Údarás.

Soláthar airgid Stáit a mholadh faoi chomhair ard-oideachais agus taighde.

10. —(1) Measfaidh an tÚdarás suimeanna soláthair airgid Stáit, idir sholáthar reatha agus sholáthar caipitil, a mholann an tÚdarás faoi chomhair ard-oideachais agus taighde nó aon choda de sin in aghaidh tréimhsí reatha nó tréimhsí san am le teacht.

(2) Le linn measúnachtaí a dhéanamh faoin alt seo i leith foras ard-oideachais, beidh aird ag an Údarás ar acmhainn chóiríochta gach forais le haghaidh mac léinn agus ar an líon iomlán mac léinn a choimeád dáilte réasúnta cothrom idir forais.

Eolas a thabhairt.

11. —Tabharfaidh foras ard-oideachais don Údarás an t-eolas sin go léir i dtaobh an fhorais a theastóidh ón Údarás chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Iocaíochtaí d'fhorais ard-oideachais.

12. —(1) Íocfar leis an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé suimeanna d'fhorais ard-oideachais a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar aon íocaíocht a íocfaidh an tÚdarás le foras as na suimeanna a gheobhaidh an tÚdarás faoin bhfo-alt roimhe seo a íoc i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Údarás.

Staidéar ar fhadhbanna ard-oideachais agus taighde.

13. —Féadfaidh an tÚdarás staidéar a bhunú agus a sheoladh i dtaobh cibé fadhbanna ard-oideachais agus taighde is dóigh leis an Údarás is iomchuí agus féadfaidh sé tuarascálacha ar staidéar den sórt sin a fhoilsiú.

Oifigigh agus seirbhísigh.

14. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire, chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Údarás.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir cheadú an Aire.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, aon oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, íocfaidh an tÚdarás lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh sé ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin Údarás teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an tÚdarás an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse sin,

(c) ní bheidh sé i dteideal an tréimhse sin go léir ná aon chuid di a áireamh le haghaidh aon sochair is iníoctha faoi aon scéim faoi alt 15 den Acht seo.

(6) Aon duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh.

15. —(1) Ullmhóidh an tÚdarás agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú dá bhuan-fhoireann, nó i leith a bhuan-fhoirne, ar scor dóibh.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir lenarb iníoctha, nó arb iníoctha ina leith, faoin scéim pinsin, aiscí nó liúntais ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Cuirfidh an tÚdarás i bhfeidhm de réir a téarmaí aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ag éileamh, nó i dtaobh méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Coistí comhairleacha agus lucht comhairle.

16. —(1) Féadfaidh an tÚdarás coiste nó duine a cheapadh chun comhairle a thabhairt don Údarás i dtaobh nithe a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis.

(2) Aon duine a cheapfar faoin alt seo ar choiste nó chun comhairle a thabhairt féadfaidh sé gur comhalta den Údarás é nó nach comhalta den Údarás é agus féadfaidh an tÚdarás, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais liúntais i leith costas agus, mura comhalta den Údarás é, táillí a íoc leis.

Bronntanais.

17. —(1) Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tÚdarás bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil leis ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

Díolúine ó dhleacht stampa.

18. —Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon tíolacas nó íonstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Údarás.

Deontais.

19. —Féadfaidh an tAire deontais a mbeidh cibé méid iontu a mheasfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, is gá chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh a thabhairt ó am go ham don Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

20. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

21. —(1) Feádfar Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.