|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) | Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1971
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |
[EN] |
Beoir. |
27. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 34 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 29ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis sin, dleacht máil de réir £29.167 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád. |
[EN] | (2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , déanfar, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Aibreán, 1971, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál a allmhaireofar isteach sa Stát de réir £29.192 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil. | |
[EN] | (3) Lamhálfar agus íocfar i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir £29.18 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlúis bhunaidh. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo. | |
[EN] |
Biotáille. 1920, c. 18. I.R. Uimh. 132 de 1966. 1919, c. 32. |
28. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an 29ú lá de d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, tríd an ábhar atá i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 35 den Acht Airgeadais, 1969 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920. |
[EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a bhuidéalaigh agus a choinsínigh í. | |
[EN] | (b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir £15.373 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (c) Déantar leis seo alt 35 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , a aisghairm amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach. | |
[EN] | (3) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille, seachas biotáille a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníodh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.08 nó faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966. | |
[EN] | (b) Leanfar de na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo. | |
[EN] | (d) Déantar leis seo alt 35 (3) den Acht Airgeadais, 1969 , a aisghairm amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach. | |
[EN] | (e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht. | |
[EN] | (4) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, de réir £15.385 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir, de bhua alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1970 . | |
[EN] | (5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith bíotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna. | |
[EN] |
Rialú custam ar dhaoine ag teacht isteach sa Stát nó ag dul amach as an Stát. |
29. —(1) Nuair a bheidh duine ag teacht isteach sa Stát déanfaidh sé, i cibé áit agus ar cibé dóigh a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon ní a bheidh de bhagáiste aige nó a bheidh tugtha leis aige agus a bheidh faoi réir aon dleachta nó cánach ar é a allmhairiú a dhearbhú don oifigeach cuí custam agus máil. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh duine ag teacht isteach sa Stát freagróidh sé cibé ceisteanna a chuirfear chuige, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ag aon oifigeach custam agus máil maidir lena bhagáiste agus aon ní a bheidh ann nó a bheidh tugtha aige leis agus tabharfaidh sé an bagáiste sin agus aon ní den sórt sin ar aird lena scrúdú má iarrann an t-oifigeach air é. | |
[EN] | (3) Aon duine a mhainneoidh aon ní a dhearbhú nó aon bhagáiste nó ní a thabhairt ar aird mar a cheanglaítear leis an alt seo dlífear pionós ar cóimhéid le trí oiread luach an ní nó an bhagáiste, ar a n-áirítear aon dleacht is inmhuirir ar an gcéanna, nár dearbhaíodh nó nár tugadh ar aird, de réir mar a bheidh, nó £100 cibé acu is mó, a chur air; agus dlífear aon ní a fhorghéilleadh ar arb inmhuirir dleacht nó cáin agus a gheofar i bhfolach nó nach ndearbhófar. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí do dhaoine ag teacht isteach sa Stát a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhaoine ag teacht ón aerfort (de réir brí an Achta Aerphort Neamhchustam, 1947) isteach in aon chuid eile den Stát. |