|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1971
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Dleachtanna Báis | |
[EN] |
Dleachtanna báis. 1894, c. 30. |
30. —San Acht seo agus i ngach achtachán eile atá i bhfeidhm de thuras na huaire (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a ritheadh nó a rinneadh é) is é, mura léir a mhalairt d'intinn, an bhrí chéanna atá le “diúitéthe báis”, le “dleachta báis” agus le “dleachtanna báis”, faoi seach, agus i gcás achtacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ritheadh nó a rinneadh roimh an Acht seo a rith measfar gurb í an bhrí chéanna a bhí ariamh leo faoi seach, atá le “death duties” in alt 13 (3) den Finance Act, 1894. |
[EN] |
Athrú ar na rátaí dleachta eastáit. |
31. —I gcás daoine a gheobhaidh bás tar éis an tAcht seo a rith, is é scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh, agus is aige a bheidh éifeacht, mar scála rátaí dleacht eastáit in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1961 . |
[EN] |
Us ar dhleacht eastáit. 1896, c. 28. 1912, c. 8. |
32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo— |
[EN] | (a) beidh éifeacht ag alt 18 (1) den Finance Act, 1896, ina fheidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis an tAcht seo a rith, ionann is— | |
[EN] | (i) dá gcuirfí “nine per cent” in ionad “four per cent” (a cuireadh isteach leis an Finance Act, 1919), agus | |
[EN] | (ii) dá gcuirfí “the date of the expiration of four months after” a chur isteach roimh “the date of the death”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) beidh éifeacht ag alt 9 den Finance Act, 1912, ina fheidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis an tAcht seo a rith, ionann is dá gcuirfí “nine per cent.” in ionad “three per cent.”. | |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, aon ús a fhaibhreoidh chun bheith dlite ar dhleachtanna báis is iníoctha i ndáil le bás daoine a d'éag roimh dháta an Achta seo a rith— | |
[EN] | (a) leanfaidh sé, in aon chás ina bhfuiltear ag íoc na ndleacht sin ina dtráthchodanna, de bheith iníoctha de réir ceathair faoin gcéad sa bhliain, agus | |
[EN] | (b) leanfaidh sé, in aon chás eile, de bheith iníoctha, ar feadh tréimhse ceithre mhí tar éis an rite sin, de réir ceathair faoin gcéad sa bhliain. | |
[EN] | (3) I gcás duine a gheobhaidh bás tar éis an tAcht seo a rith, beidh éifeacht ag an Finance Act, 1894, ionann is dá ndéanfaí— | |
[EN] | (a) “nine per cent.” a chur in alt 8 (9) in ionad “four per cent. or any higher interest yielded by the property”, | |
[EN] | (b) “nine per cent.” a chur in alt 8 (12) agus in alt 10 (3) in ionad “three per cent.” i ngach foráil acu, agus | |
[EN] | (c) “nine per cent.” a chur in alt 10 (4) in ionad “three per cent.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Finance Act, 1894. |
33. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 (4) den Finance Act, 1894, trí “and his executor is not accountable for the Estate Duty in respect of such property” a scriosadh. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i gcásanna inar tar éis an tAcht seo a rith a d'éag an t-éagach. | |
[EN] |
Leasú ar alt 28 den Acht Airgid, 1931 . |
34. —Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgid, 1931 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): |
[EN] | “(6) (a) Má d'aistrigh nó má measadh gur aistrigh aon ábhair lena mbaineann an t-alt seo ar aon bhás a tharla tar éis an tAcht Airgeadais, 1971 , a rith— | |
[EN] | (i) i gcás inar díoladh i ndíol (seachas díol lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo) laistigh de shé bliana tar éis an bháis sin aon cheann de na hábhair sin, is ábhair a d'aistrigh ar an mbás sin, nó | |
[EN] | (ii) i gcás inar díoladh i ndíol (seachas díol lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo) aon cheann de na hábhair sin, is ábhair a measadh a d'aistrigh ar an mbás sin, laistigh de shé bliana tar éis an dídhílsithe, an chinnte nó an idirbhirt eile ar measadh amhlaidh gur aistrigh na hábhair dá bhua, | |
[EN] | scoirfidh fo-alt (1) den alt seo, maidir leis an mbás sin, d'fheidhm a bheith aige maidir le haon cheann de na hábhair sin a díoladh mar a dúradh. | |
[EN] | (b) Déanfar tagairtí san fho-alt seo do bhás ar aistrigh, nó ar measadh gur aistrigh, lena linn aon ábhair lena mbaineann an t-alt seo a fhorléiriú, i gcás ina raibh, maidir leis na hábhair sin, níos mó ná bás amháin den sórt sin, mar thagairtí don bhás is déanaí de na báis sin agus don bhás sin amháin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 28 den Acht Airgeadais, 1961 . |
35. —I gcás aon duine a gheobhaidh bás tar éis an tAcht seo a rith, leasaítear leis seo alt 28 den Acht Airgeadais, 1961 — |
[EN] | (a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (1): | |
[EN] | “Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás inar tharla tráth an bhronntanais a thabhairt gur foircoimeádadh don deontóir nó gur tharla aon tráth dá éis sin gur deonaíodh dó nó gur forléasadh chuige leas sa mhaoin ar feadh tréimhse seachas tréimhse ab infhoirceannta faoi threoir báis, nó gur tháinig sé i dteideal aon leasa sa mhaoin nó aon sochair as an maoin nó go bhfuair sé aon leas sa mhaoin nó aon sochar as an maoin nó gur tháinig sé i dteideal aon chirt nó pribhléide, nó go bhfuair sé aon cheart nó pribhléid, thar an maoin nó maidir leis an maoin seachas leas ar feadh tréimhse ab infhoirceannta faoi threoir báis agus nár dhídhílsigh sé uaidh aon leas, sochar, ceart nó pribhléid den sórt sin níos faide siar ná cúig bliana sula bhfuair sé bás.”, agus | |
[EN] | (b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (3): | |
[EN] | “Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás inar tharla tráth na diúscartha nó an fhoirceannta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo gur foircoimeádadh don deontóir nó gur forléasadh chuige leas sa mhaoin ar feadh tréimhse seachas tréimhse ab infhoirceannta faoi threoir báis nó gur tháinig sé i dteideal aon leasa sa mhaoin nó aon sochair as an maoin nó go bhfuair sé aon leas sa mhaoin nó aon sochar as an maoin nó gur tháinig sé i dteideal aon chirt nó pribhléide, nó go bhfuair sé aon cheart nó pribhléid, thar an maoin nó maidir leis an maoin seachas leas ar feadh tréimhse ab infhoirceannta faoi threoir báis, agus nár dhídhílsigh sé uaidh aon leas, sochar, ceart nó pribhléid den sórt sin níos faide siar ná cúig bliana sula bhfuair sé bás.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais, 1965 . |
36. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 den Acht Airgeadais, 1965 — |
[EN] | (a) trí mhíreanna (a) agus (b) a scriosadh as fo-alt (1) as an míniú ar “cuideachta faoi rialú an éagaigh” agus trí “nó iontaobhaithe socraíochta a bhfolaíonn a cuspóirí an t-éagach nó gaolta leis an éagach” a chur isteach sa mhíniú sin i ndiaidh “de chuid gaolta an éagaigh”, | |
[EN] | (b) tríd an míniú ar “rialú” san fho-alt sin (1) a scriosadh, | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur san fho-alt sin (1) in ionad an mhínithe ar “gaol”. | |
[EN] | “ciallaíonn ‘gaol’ duine is gaol do dhuine eile chun críocha fho-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 , agus measfar, chun críocha an fho-ailt seo, go bhfolaíonn na tagairtí do chlann agus do shliocht san fho-alt sin tagairtí do leas-leanaí agus do leanaí a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964.”, | |
[EN] | (d) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (a): | |
[EN] | “(aa) measfar cuideachta a bheith faoina rialú ag duine aon tráth más rud é— | |
[EN] | (i) go raibh faoina rialú aige an tráth sin cumhachtaí vótáil ar gach ceist, nó ar aon cheist áirithe, a bhain leis an gcuideachta go hiomlán a bhéarfadh, dá bhfeidhmeofaí iad, tromlach na vótaí a d'fhéadfaí a fheidhmiú ar an gcéanna, nó go bhféadfadh sé an tráth sin an rialú sin a fháil trí chumhacht a fheidhmiú an tráth sin ab infheidhmithe aige nó ar ordú uaidh nó lena thoiliú, nó | |
[EN] | (ii) go raibh d'inniúlacht ann an tráth sin, nó go bhféadfadh sé an tráth sin trí chumhacht a fheidhmiú ab infheidhmithe aige nó ar ordú uaidh nó lena thoiliú an inniúlacht a fháil, aon chumhacht acu seo a leanas a fheidhmiú nó a feidhmiú a rialú, is é sin le rá, cumhachtaí bhord stiúrthóirí nó stiúrthóra rialaithe don chuideachta, cumhacht chun tromlach stiúrthóirí an chéanna nó stiúrthóir rialaithe don chéanna a cheapadh, cumhacht chun ceapadh stiúrthóra don chéanna a chrosadh, nó cumhachtaí den sórt céanna, nó | |
[EN] | (iii) go raibh an tráth sin ceart aige a bheith ag fáil, nó go raibh sé an tráth sin ag fáil, níos mó ná leath méid iomlán díbhinní na cuideachta, cibé acu dearbhaithe nó gan dearbhú dóibh agus chun críocha na fomhíre seo measfar go bhfolaíonn ‘díbhinn’ ús ar aon bhintiúir de chuid na cuideachta, nó | |
[EN] | (iv) go raibh leas aige i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir na cuideachta nó sna scaireanna agus na bintiúir sin arb ionann a luach príomhshuime agus leath nó cuid is mó ná leath luach príomhshuime scaireanna agus bintiúir na cuideachta,”, | |
[EN] | (e) trí “aon tráth sa tréimhse cúig bliana roimh a bhás” a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh “éagaigh”, | |
[EN] | (f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): | |
[EN] | “(6) Má aistríonn nó má mheastar go n-aistríonn ar bhás scaireanna i gcuideachta nach cuideachta neamhthrádálach agus ba chuideachta faoi rialú an éagaigh aon tráth sa tréimhse cúig bliana roimh a bhás, déanfar, chun críocha uile na ndleachtanna báis, luach gach scaire den sórt sin a chinneadh ionann dá mba chuid é de ghrúpa scaireanna ar leor a líon le rialú na cuideachta a thabhairt d'úinéir an ghrúpa agus chun críocha an fho-ailt seo folaíonn ‘scair’ aon leas d'aon sórt i gcuideachta, cibé ainm a thugtar uirthi, atá analagach le scair.”, agus | |
[EN] | (g) trí “nó ba chuideachta faoi rialú an éagaigh aon tráth sa tréimhse cúig bliana roimh a bhás” a chur isteach i ndiaidh “éagaigh” i bhfo-alt (7). | |
[EN] | (2) (a) Measfar go bhfolaíonn an tagairt d'ioncam agus do shochair in alt 20 (4) (a) (ii) den Acht Airgeadais, 1965 , aon ioncam de chuid na cuideachta agus aon íocaíocht thréimhsiúil as acmhainn nó ar chostas na cuideachta a fuair an t-éagach chun sochair dó féin go díreach nó go neamhdhíreach nó aon ioncam nó íocaíocht a bhí an t-éagach i dteideal a fháil nó a bhféadfadh sé a theacht i dteideal a fháil trí aon chumhacht a fheidhmiú ab infheidhmithe aige nó lena thoiliú agus measfar gur fhaibhrigh aon ioncam nó sochair den sórt sin chuige an tráth is túisce a d'fhéadfadh sé an céanna a fháil agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, déanfar fuascailt ag an gcuideachta ar aon scair nó bintiúr de chuid na cuideachta a raibh teideal ag an éagach chuici nó chuige nó aisíoc aon iasachta eile a thug an t-éagach don chuideachta a áireamh mar ioncam nó sochair a raibh teideal ag an éagach chuige nó chucu, agus áireofar mar a gcéanna gurb ioncam a raibh teideal ag an éagach chuige ús de réir an ráta trádála ar aon iasacht saor ó ús a thug an chuideachta don éagach, agus | |
[EN] | (b) measfar go bhfolaíonn “íocaíocht” san alt sin 20 (4) (a) (ii) aistriú maoine agus frithaireamh nó díscaoileadh oibleagáide: | |
[EN] | Ar choinníoll, ámh, nach ndéanfar, i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc faoi alt 10 den Finance Act, 1894, chun sástacht na cúirte a bheidh ag breithniú an achomhairc, gurb idirbheart ar neamhspleidh ar gach slí leis an gcuideachta aon iasacht a thug an t-éagach don chuideachta, seachas iasacht chun a chumasú don chuideachta sócmhainní breise a fháil, na haisíocaíochtaí ar scór na hiasachta sin ná íoc úis ar an iasacht sin a áireamh mar ioncam ná sochair chun críocha an ailt sin 20 (4) (a) (ii). | |
[EN] | (3) Is i gcásanna ar tar éis dáta an Achta seo a rith a fuair an t-éagach bás agus sna cásanna sin amháin a bheidh feidhm ag an alt seo. | |
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1965 . |
37. —(1) Beidh éifeacht ag alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1965 , maidir le bás a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith ionann is— |
[EN] | (a) dá scriosfaí “seachas talamh”, agus | |
[EN] | (b) dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (a)— | |
[EN] | “(aa) go n-aistreoidh an mhaoin nó go measfar go n-aistríonn sí de bhua diúscartha, arna déanamh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, arbh é a dhlí cuí ar dháta na diúscartha do ghlacadh éifeachta dlí an Stáit, nó”. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) den alt sin 22 (2), i gcás talamh lasmuigh den Stát, ar bás duine nach sa Stát dá shainchónaí tionscnaimh an bás agus go raibh an talamh ar teachtadh aige féin nó thar a cheann roimh an dáta a tháinig an duine sin chun gnáthchónaí a bheith air sa Stát. | |
[EN] |
Deireadh le halt 27 (4) den Acht Airgeadais, 1965 . |
38. —(1) Scoirfidh alt 27 (4) den Acht Airgeadais, 1971 , d'éifeacht a bheith aige maidir le maoin a mheasfar a aistríonn ar bhás a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i gcásanna inar tar éis dáta an Achta seo a rith nó laistigh de dhá bhliain roimh an dáta sin a rinneadh an diúscairt, an forghéilleadh, an t-árachú, an dídhílsiú, an foirceannadh iomchuí nó an t-idirbheart iomchuí eile. | |
[EN] |
Laghdú ar dhleacht eastáit. |
39. —(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” agus “£750” a chur in ionad “£500” i ngach áit a bhfuil siad faoi seach i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5). |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le sochair (de réir brí an ailt sin 45) a fhaibhreoidh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin. | |
[EN] |
An srian le luach maoine talmhaíochta a dhíchur i gcásanna áirithe. 1910, c. 8. |
40. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, scoirfidh an coinníoll a ghabhann de halt 7 (5) den Finance Act, 1894, agus forálacha alt 61 (1) den Finance (1909-10) Act, 1910, d'éifeacht a bheith acu maidir le maoin a dhíolfar laistigh den tréimhse sé bliana tar éis an dáta ar faoina threoir nach mór an mhaoin sin a luacháil chun dleachta eastáit. |
[EN] | (2) In aon chás in suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon díol den sórt sin a dúradh go haonarach mar chuid de chomhshocraíocht teallaigh chun eastát éagaigh a dháileadh i measc a bhaintrí agus a chlainne (ar a n-áirítear aon leanaí neamhdhlisteanacha, leasleanaí agus leanaí a uchtaíodh faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) agus go bhfanann an mhaoin is ábhar don díol i seilbh aon duine amháin nó níos mó acu, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo mura ndíolfar an mhaoin sin dá éis sin laistigh den tréimhse sé bliana tar éis dáta éag an éagaigh sin. | |
[EN] |
Srian le bronntanais phósta a bheith díolmhaithe ó dhleacht. |
41. —(1) I gcás ina dtabharfaidh duine bronntanas i gcomaoin phósta agus aon pháirtí sa phósadh nó tuiste nó sinsear níos faide siar ná sin do pháirtí sa phósadh an duine sin agus gur mar shochar do cheachtar páirtí sa phósadh nó do shliocht den phósadh an bronntanas, ní bhainfidh míreanna (c) agus (e) d'alt 2 (1) den Finance Act, 1894, ach amháin leis an méid sin is mó ná £5,000 de luach phríomhshuim na maoine a bheidh sa bhronntanas. |
[EN] | (2) I gcás ina dtabharfaidh duine bronntanas i gcomaoin pósta agus gur mar shochar do pháirtí sa phósadh nó do shliocht den phósadh an bronntanas agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, ní bhainfidh míreanna (c) agus (e) d'alt 2 (1) den Finance Act, 1894, ach amháin leis an méid sin is mó ná £1,000 de luach phríomhshuim na maoine a bheidh sa bhronntanas. | |
[EN] | (3) I gcás aon bháis áirithe amháin— | |
[EN] | (a) ní rachaidh an méid iomlán faoisimh a thugtar le fo-alt (1) den alt seo i leith aon phósadh áirithe amháin thar £5,000, agus | |
[EN] | (b) ní rachaidh an méid iomlán faoisimh a thugtar le fo-alt (2) den alt seo i leith aon phósadh áirithe amháin thar £1,000. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn “sliocht” leasleanbh agus leanbh a uchtaíodh faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus a sliocht-san agus forléireofar dá réir sin “tuiste” agus “sinsear is faide siar ná sin”. | |
[EN] | (5) (a) Beidh éifeacht ag alt 59 (2) den Finance (1909-10) Act, 1910, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1965 , ionann is dá scriosfaí “which are made in consideration of marriage, to or for the benefit of a party to the marriage or of issue of the marriage, or”. | |
[EN] | (b) Beidh éifeacht ag alt 27 den Acht Airgeadais, 1938 , ionann is dá scriosfaí mír (a). | |
[EN] | (c) Beidh éifeacht ag alt 24 (3) den Acht Airgeadais, 1961 , ionann is dá scriosfaí mír (c). | |
[EN] | (6) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i leith diúscairtí a dhéanfar agus bronntanais a thabharfar an 28ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis sin. | |
[EN] |
Pionóis. |
42. —(1) Dlífear pionós nach mó ná £500 a chur ar aon duine a mhainneoidh fo-alt (3), (4), (5) nó (14) d'alt 8 den Finance Act, 1894, a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) (a) I gcás ina ndéanfaidh aon duine, go calaoiseach nó go faillíoch, chun críocha na n-achtachán a bhaineann le dleacht eastáit, aon chuntas, tuairisceán, meastachán, ráiteas, eolas, leabhar, doiciméad, taifead nó dearbhú mícheart a sheachadadh, a thabhairt ar aird a chur ar fáil nó a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó a chur chucu nó a úsáid ar aon slí eile, dlífear an pionós seo a leanas a chur air: | |
[EN] | (i) suim nach mó ná £500, agus | |
[EN] | (ii) méid nó, i gcás calaoise, dhá mhéid na dleachta breise ab iníoctha dá mbeadh an cuntas, an tuairisceán, an meastachán, an ráiteas, an t-eolas, an leabhar, an doiciméad, an taifead nó an dearbhú ceart. | |
[EN] | Ar choinníoll go measfar nach go calaoiseach a ghníomhaigh an duine má bhí leathscéal réasúnach ag an duine faoina ghníomh agus go ndearna sé an cuntas, an tuairisceán, an meastachán, an ráiteas, an t-eolas, an leabhar, an doiciméad, an taifead nó an dearbhú, de réir mar a bheidh, a cheartú gan mhoill mhíréasúnach tar éis do dheireadh a bheith leis an gcúis leathscéil. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon chuntas, tuairisceán, meastachán, ráiteas, eolas, leabhar, doiciméad nó dearbhú a chuirfear isteach thar ceann aon duine a bheidh freagrach i ndleacht eastáit measfar gurb é an duine sin féin a chuir isteach é mura gcruthóidh sé gur gan a thoiliú nó gan fhios dó a cuireadh isteach é. | |
[EN] | (3) Aon duine a chabhróidh le cuntas, tuairisceán, meastachán, ráiteas nó dearbhú is feasach dó a bheith mícheart a dhéanamh nó a sheachadadh, nó a astóidh é a dhéanamh nó a sheachadadh, chun críche dleachta eastáit, dlífear pionós nach mó ná £500 a chur air. | |
[EN] | (4) I gcás duine a dhlífidh aon dleacht eastáit nó aon tráthchuid de dhleacht eastáit a íoc do mhainniú an dleacht nó an tráthchuid a íoc laistigh de thréimhse bliana tar éis an dáta ar a raibh an dleacht nó an tráthchuid iníoctha nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim dlífidh sé pionós ar cóimhéid leis an dleacht a íoc. | |
[EN] | (5) Aon bhaincéir (de réir brí alt 33 den Acht Airgid, 1935 ) a íocfaidh airgead contrártha don alt sin 33 beidh sé ciontach i gcion faoin alt sin agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, pionós £1,000 a chur air. | |
[EN] | (6) (a) Féadfar imeachtaí chun aon phionós faoin alt seo a ghnóthú a thionscnamh aon tráth laistigh de shé bliana díreach i ndiaidh an dáta a tabhaíodh é. | |
[EN] | (b) I gcás duine a thabhaigh aon phionós faoin alt seo a bheith tar éis bháis, aon imeachtaí a bheidh tionscanta nó a d'fhéadfaí a thionscnamh ina choinne féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh i gcoinne a sheiceadóra nó a riarthóra, de réir mar a bheidh, agus beidh aon phionós adhámhfar in imeachtaí a leanfar díobh nó a thionscnófar amhlaidh ina bhfiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as. | |
[EN] | (7) (a) San alt seo, folaíonn tagairt do dhleacht eastáit tagairt don ús is iníoctha ar an dleacht sin. | |
[EN] | (b) Aon phionós faoin alt seo— | |
[EN] | (i) más ag comhlacht neamhchorpraithe daoine is iníoctha é, féadfar é a ghnóthú ó gach comhalta den chomhlacht nó ó aon duine amháin nó níos mó díobh, agus | |
[EN] | (ii) más ag comhlacht corpraithe is iníoctha é, féadfar é a ghnóthú ó gach stiúrthóir nó ó gach comhalta d'aon choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile de chuid an chomlachta sin nó ó aon duine amháin nó níos mó díobh nó ó rúnaí an chomhlachta nó ón oifigeach eile don chomhlacht a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht chun aon mhionnscríbhinn, cuntas, ráiteas nó eolas eile faoi dhleacht eastáit a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | mura rud é, i gcás aon duine a mbeifear ag iarraidh an pionós a ghnóthú uaidh, go gcruthófar gur gan fhios dó nó gan a thoiliú a rinneadh an gníomh nó an fhaillí lena mbainfidh an pionós. | |
(8) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar is rogha leo, aon phionós faoin alt seo a mhaolú, nó aon imeachtaí, chun an pionós sin a ghnóthú, a bhac nó a imshocrú, agus féadfaidh siad freisin, tar éis breith a bheith tugtha, an pionós a laghdú tuilleadh nó a mhaitheamh ar fad. |