An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Ceadúnú agus Maoirseacht Banc) Ar Aghaidh (CUID IV. Airgead Reatha)

24 1971

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971

CUID III

Bancanna a Aistriú

Léiriú (Cuid III).

32. —Sa Chuid seo—

folaíonn “urrús” morgáiste (dlíthiúil nó cothromasach), muirear, bintiúr, bille malairte, nóta geallúna, ráthaíocht, lian, gealltán nó meán eile d'urrú fiach láithreach nó todhchaí a íoc, nó oibleagáid nó dliteanas, iarbhír nó teagmhasach, a ghlanadh;

tá le “an t-aistreoir”, le “an t-aistrí” agus le “an dáta aistrithe” na bríonna a shanntar dóibh le halt 33 den Acht seo.

An tAire do cheadú banc a aistriú.

33. —(1) Aon uair a thoileoidh sealbhóir ceadúnais (dá ngairtear an t-aistreoir sa Chuid seo) an gnó lena mbaineann an ceadúnas a aistriú, go hiomlán nó go páirteach, chuig sealbhóir ceadúnais eile (dá ngairtear an t-aistrí sa Chuid seo)—

(a) féadfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí, ceithre mhí ar a laghad roimh an dáta a bheartaítear a ghlacfaidh an t-aistriú éifeacht (dá ngairtear an dáta aistrithe sa Chuid seo), scéim don aistriú a chur faoi bhráid an Aire lena ceadú,

(b) déanfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí, mí ar a laghad roimh an dáta aistrithe, fógra faoin aistriú a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát,

(c) féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, dhá mhí ar a laghad roimh an dáta aistrithe an scéim a cheadú, nó diúltú don scéim a cheadú, le hordú,

(d) má cheadaíonn an tAire an scéim faoin alt seo, beidh éifeacht maidir leis an aistriú ag forálacha ailt 34 go 39 agus 42 den Acht seo má fhorálann agus amháin a mhéid a fhóralann an scéim amhlaidh,

(e) féadfaidh an tAire, ar iarratas ón aistreoir agus ón aistrí, cibé forálacha a chur in ordú do cheadú na scéime faoi mhír (c) den fho-alt seo is forálacha teagmhasacha, iarmartacha agus forlíontacha is dóigh leis is iomchuí chun an t-aistriú a urasú agus a dhéanamh agus a áirithiú go gcuirfear i gcrích go hiomlán éifeachtúil é, lena n-áirítear forálacha chun ainm an aistrí a chur in ionad ainm an aistreora nó oiriúnú eile a dhéanamh ar thagairtí don aistreoir in aon reacht nó ionstraim a rinneadh faoi reacht.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo a leasú le hordú tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc agus le toiliú an aistreora agus an aistrí lena mbaineann sé.

Cuntais a aistriú.

34. —Aon chuntas a bheidh ar áireamh an ghnó a chomhaontófar a aistriú agus is cuntas idir an t-aistreoir agus aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát aistreofar é agus measfar é bheith arna aistriú chun an aistrí ar an dáta aistrithe agus tiocfaidh sé, amhail ar an dáta aistrithe agus uaidh sin amach, chun bheith ina chuntas idir an t-aistrí agus an duine sin leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí céanna agus na dteagmhas céanna (lena n-áirítear cearta fritháirimh) ab infheidhmithe i leith an chéanna dá leanadh an cuntas sin idir an t-aistreoir agus an t-aistrí de bheith ann agus aon ordú, treoir, ordachán, sainordú nó údarás a thug an duine sin, roimh an dáta sin nó dá éis, maidir leis an gcuntas sin agus aon oibleagáid a ghlac an t-aistreoir air féin maidir le haon duine agus a bheidh ann ar an dáta sin beidh feidhm agus éifeacht aige tar éis an cuntas a aistriú chuig an aistrí mar a dúradh, agus aon airgead a bheidh dlite ar an gcuntas den duine sin don aistreoir ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith dlite den duine sin don aistrí agus iníoctha aige leis in ionad é bheith dlite de don aistreoir agus iníoctha aige leis, agus aon airgead a bheidh dlite ar an dáta sin ar an gcuntas sin den aistreoir don duine sin tiocfaidh sé chun bheith dlite den aistrí don duine sin agus iníoctha aige leis in ionad é bheith dlite den aistreoir dó agus iníoctha ag an aistreoir leis.

Urrúis a aistriú.

35. —Aon urrús a bheidh ar teachtadh ag an aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú mar urrús go n-íocfar fiacha nó dliteanais (láithreach nó todhchaí, iarbhír nó teagmhasach) de chuid aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora aistreofar é, nó measfar é bheith arna aistriú, ar an dáta aistrithe agus beidh sé ar teachtadh agus ar fáil ag an aistrí mar urrús go n-íocfar na fiacha agus na dliteanais sin leis an aistrí; agus i gcás ina mbeidh ar áireamh an airgid a bheidh urraithe leis an urrús sin airleacain sa todhchaí chuig aon duine nó dliteanais dá chuid, beidh an t-urrús sin, amhail ón dáta sin, ar teachtadh agus ar fáil ag an aistrí mar urrús i leith airleacain sa todhchaí ón aistrí chuig an duine sin agus dliteanais sa todhchaí de chuid an duine sin don aistrí an méid céanna a bhí airleacain sa todhchaí ón aistreoir nó dliteanais don aistreoir urraithe leis an urrús sin díreach roimh an dáta sin.

Cearta agus oibleagáidí maidir le hurrúis aistrithe.

6 Anne, c. 2 (Ir.).

1964, Uimh. 16 .

36. —Beidh an t-aistrí, maidir le haon urrús a bheidh nó a mheasfar a bheith arna aistriú chun an aistrí de réir nó de bhua forálacha alt 35 den Acht seo agus maidir leis an airgead a bheidh urraithe leis an urrús sin de réir na bhforálacha sin, i dteideal na gceart agus na dtosaíochtaí céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna a mbeadh an t-aistreoir ina dteideal nó faoina réir dá mbeadh an céanna ar teachtadh fós féin ag an aistreoir, agus maidir leis sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) ní riachtanach an t-aistriú a dhéantar nó a mheastar a dhéantar le halt 35 den Acht seo a chlárú faoi réim ná de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, an reachta réamh-Aontachta 33 Geo. 2, c. 14 (Ir.), an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó Acht na gCuideachtaí, 1963 , ach oibreoidh sé chun críche na nAchtanna sin ionann is dá mba le gníomh a rinneadh é is gníomh an cuí-chláraíodh ar an dáta aistrithe faoi réim nó de bhun cibé Acht acu sin is infheidhmithe ina leith;

(b) i gcás ina ndéanann alt 35 den Acht seo leathnú ar aon urrús den sórt sin nó maidir leis ionas go bhfolaítear airleacain sa todhchaí ón aistrí nó dliteanais thodchaí chuig an aistrí, ní riachtanach an leathnú sin a chlárú faoi réim ná de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ach oibreoidh sé chun críocha na hAchtanna sin ionann is dá mba le gníomh a rinneadh é is gníomh a cuí-chláraíodh ar an dáta aistrithe faoi réim agus de bhun cibé Acht acu sin is infheidhmithe ina leith.

Aistriú i gcás maoin ar teachtadh earbtha.

37. —Beidh coimeád aon doiciméid, earraí nó maoine eile a bheidh ar teachtadh ag an aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú mar earbaí d'aon duine eile in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát beidh sé arna aistriú nó measfar é a bheith arna aistriú chun an aistrí ar an dáta aistrithe agus beidh cearta agus oibleagáidí an aistreora faoi aon chonradh earbtha a bhaineann leis an doiciméad, leis na hearraí nó leis an maoin beidh siad, agus measfar iad a bheith, arna n-aistriú ar an dáta sin chun an aistrí.

Oifigigh, cléirigh agus seirbhísigh a aistriú.

38. —(1) Aon oifigeach (seachas stiúrthóir nó iniúchóir), cléireach nó seirbhíseach i seirbhís nó i bhfostaíocht faoin aistreoir agus a chomhaontóidh an t-aistreoir agus an t-aistrí a aistreofaí faoin alt seo i ndáil leis an ngnó a aistreofar beidh sé ar an dáta aistrithe arna aistriú ó sheirbhís nó fostaíocht faoin aistreoir chun an aistrí agus tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina oifigeach, ina chléireach nó ina sheirbhíseach (de réir mar a bheidh) don aistrí agus na cearta céanna aige agus é faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna i leith na seirbhíse sin nó na fostaíochta sin a bheadh aige nó a mbeadh sé faoina réir mar oifigeach, cléireach nó seirbhíseach don aistreoir.

(2) Gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach den sórt sin a dúradh is comhalta de scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora nó atá i dteideal sochair faoi scéim den sórt sin agus gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach a bhí ar fostú faoin aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú agus is comhalta d'aon scéim den sórt sin nó atá i dteideal sochair faoi aon scéim den sórt sin tiocfaidh sé chun bheith, le héifeacht on dáta aistrithe, ina chomhalta de scéim chomhréire pinsean nó aoisliúntas, nó i dteideal an tsochair chomhréire faoi scéim den sórt sin de chuid an aistrí ar théarmaí nach 1ú fabhair ná téarmaí faoin scéim chéadluaite sin agus aon duine a bheidh i dteideal sochair faoin scéim chéadluaite sin mar gheall ar aon oifigeach, cléireach nó seirbhíseach atá ar fostú nó a bhí ar fostú i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú a bheith ina chomhalta den scéim sin nó a bheith i dteideal sochair faoin scéim sin, beidh teideal aige, le héifeacht on dáta aistrithe, chun an tsochair chomhréire faoin scéim chomhréire sin ar théarmaí nach 1ú fabhair ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite sin.

(3) Aon sochar is iníoctha faoi scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) aon oifigigh, cléirigh nó seirbhísigh éagtha a bhí ar fostú leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú agus a bheidh gan íoc ar an dáta aistrithe tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an aistrí ar an dáta sin nó faoi scéim pinsean nó aoisliúntas chomhréire de chuid an aistrí.

(4) Déanfar, d'fhonn an ceart chun sochair faoi aon scéim chomhréire den sórt sin a dhéanamh amach agus a ríomh, seirbhís nó fostaíocht faoin aistreoir a chur i gcuntas ionann is dá mba sheirbhís nó fostaíocht faoin aistrí í, ach ní bheidh seirbhís nó fostaíocht a aistriú ón aistreoir chuig an aistrí ina bhonn, ann féin, le haon éileamh ar shochar faoi aon scéim den sórt sin.

(5) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón aistreoir agus ón aistrí, cibé forálacha a chur san ordú faoi alt 33 den Acht seo is dóigh leis is iomchuí chun an t-iomlán nó aon chuid de mhaoin agus de shócmhainní aon scéime pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora a aistriú go dtí scéim pinsean nó aoisliúntas chomhréire de chuid an aistrí agus an céanna a dhílsiú do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile ar a mbeidh sé curtha de chúram an scéim chomhréire sin a riaradh agus chun an scéim chomhréire sin de chuid an aistreoira a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a mhodhnú nó deireadh a chur léi agus beidh éifeacht ag an scéim de réir aon fhorálacha den sórt sin, aon scéim den sórt sin de chuid an aistreora a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a mhodhnú nó deireadh a chur léi, de réir mar a bheidh.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó íocaíocht eile dá shórt a thugtar ar scor nó is iníoctha tar éis scor i leith seirbhíse a tugadh nó ar bhás a fháil nó i ndáil le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scor;

ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú i ndáil le gnó an aistreora chun sochar a sholáthar d'oifigigh, do chléirigh nó do sheirbhísigh (de réir mar a bheidh) an aistreora nó dá gcleithiúnaithe ar iad scor nó d'fháil bháis;

ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntais de chuid an aistrí” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú i ndáil le gnó an aistrí chun sochar a sholáthar d'oifigigh, do chléirigh nó do sheirbhísigh (de réir mar a bheidh) an aistrí nó dá gcleithiúnaithe ar iad scor nó d'fháil bháis.

Feidhm ionstraimí áirithe.

39. —I gcás—

(a) inarb é an gnó nó ar den ghnó a chomhaontaítear a aistriú gnó ag gníomhú mar iontaobhaí, seiceadóir, caomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile, agus

(b) inar deonaíodh nó ina ndeonófar probháid nó riarachán don aistreoir nó inar ceapadh nó ina gceapfar an t-aistreoir ina iontaobhaí, ina sheiceadóir, ina chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile le hionstraim arb éard í—

(i) ordú cúirte,

(ii) gníomhas iontaobhais, socraíocht, cúnant nó comhaontú, nó

(iii) uacht, codaisíl nó ionstraim tiomnachta eile,

le haon ghníomh tiomnachta seachas na cinn réamhráite (cibé acu roimh an dáta aistrithe nó dá éis sin a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim nó an gníomh),

léifear agus forléireofar an ionstraim nó an gníomh, agus beidh éifeacht ag an ionstraim nó ag an ngníomh, amhail ón dáta aistrithe, ionann is dá gcuirfí tagairt don aistrí in ionad aon tagartha sa chéanna don aistreoir.

Feidhm an Bankers' Books Evidence Act,1879.

1879, c. 11.

40. —(1) Leanfaidh an Bankers' Books Evidence Act, 1879, d'fheidhm a bheith aige maidir le haon leabhair de chuid an aistreora a aistreofar chun an aistrí i ndáil leis an ngnó a chomhaontófar a aistriú agus maidir le taifid a chuirfear sna leabhair sin roimh an dáta aistrithe.

(2) San alt seo folaíonn “leabhair” mórleabhair, leabhair laethúla, leabhair airgid, leabhair chuntais agus taifid a úsáideadh i ngnáth-ghnó an aistreora roimh an lá ceaptha.

Imeachtaí dlíthiúla a choimeád i bhfeidhm.

41. —Má tharlaíonn, díreach roimh an dáta aistrithe, go mbeidh ar feitheamh aon imeachtaí dlíthiúla ar páirtí ann an t-aistreoir agus go mbainfidh na himeachtaí leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú, déanfar ainm an aistrí a chur, ar an dáta aistrithe, in ionad ainm an aistreora agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

42. —(1) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, le haon mhaoin leis an aistreoir a dhílsiú don aistrí de bhua an Achta seo.

(2) Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon chomhaontú a dhéanfar idir an aistreoir agus an t-aistrí chun an gnó lena mbaineann an ceadúnas atá ag an aistreoir a aistriú, go hiomlán nó go páirteach, chun an aistrí.

(3) Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon ionstraim a fhorghníomhófar chun na haistrithe a dhéantar nó a mheastar a dhéantar le hailt 34 agus 35 den Acht seo a fhorlíonadh.