7 1972


Uimhir 7 de 1972


ACHT NA bPRÍOSÚN, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPRÍOSÚN, 1826 GO 1970. [25 Bealtaine, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Aistriú go coimeád míleata.

1925, Uimh. 11 .

1960, Uimh, 27.

2. —(1) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Bhealtaine, 1974.

(2) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh go mbeidh Dáil Éireann sásta gur chóir don alt seo scor de bheith i ngníomh féadfaidh sí, trí rún, a dhearbhú go bhfuil sí sásta mar a dúradh agus lá a cheapadh ar a scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh, agus ar an lá a cheapfar amhlaidh scoirfidh an t-alt seo de bheith i ngníomh.

(3) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, gur dóigh leis an Aire nach leor cóiríocht phríosúin nó foireann phríosúin chun dálaí slána réasúnacha coimeádta a chur ar fáil do na daoine go léir a bheidh an tráth sin faoi choimeád i bpríosún nó a mbeidh cóiríocht phríosúin ag teastáil dóibh nó nach leor an céanna chun na dálaí sin a chur ar fáil gan mórdhochar do na gnáthshocruithe a chothabháil i bpríosún le haghaidh cóireála athinmheachain agus leasa príosúnach féadfaidh sé, i scríbhinn—

(a) a dheimhniú gur dóigh leis amhlaidh, agus

(b) a ordú go n-aistreofar go coimeád míleata cibé cuid de na daoine a dúradh a shonróidh sé,

agus air sin déanfar na daoine a shonrófar amhlaidh a aistriú go coimeád míleata agus fanfaidh siad sa choimeád sin—

(i) i gcás daoine a bheidh ar athchur, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a rinneadh iad a athchur,

(ii) i gcás daoine a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, go dtí go dtabharfar iad os comhair na cúirte ar chuici a cuireadh ar aghaidh iad agus go mbeidh na himeachtaí maidir leis an triail nó leis an bpianbhreith críochnaithe, agus

(iii) in aon chás eile, go dtí go mbeidh deireadh lena bpianbhreitheanna nó lena dtréimhsí eile coimeádta.

(4) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, go mbeidh duine faoi choimeád míleata de bhun an ailt seo is duine a bheidh ar athchur nó a bheidh curtha ar aghaidh chun trialach nó pianbhreithe, déanfaidh cúirt a athchuirfidh tuilleadh é faoi choimeád nó déanfaidh cúirt a chuirfidh ar aghaidh é faoi choimeád chun trialach nó pianbhreithe nó déanfaidh cúirt a chuirfidh de phianbhreith air é a choinneáil faoi choimeád i bpríosún é a chimiú faoi choimeád míleata i gcaitheamh tréimhse an athchuir, an churtha ar aghaidh nó na pianbhreithe sin.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú go n-aistreofar go príosún duine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo, agus

(b) ordóidh an tAire go n-aistreofar go príosún gach duine a bheidh i gcoimeád míleata mar a dúradh más dóigh leis nach ann a thuilleadh do na himthosca a thug iad a bheith á gcoinneáil i gcoimeád míleata,

agus, má thugtar ordú faoin bhfo-alt seo, déanfar air sin aon duine lena mbaineann a aistriú go príosún.

(6) I gcás ina dtabharfar ordú faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir ráiteas ina sonrófar gur tugadh sin mar aon le hainmneacha, cionta (nó na cionta inar cúisíodh iad) agus, i gcás inar iomchuí sin, pianbhreitheanna na ndaoine lena mbaineann.

(7) Duine ar bith a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo ní leanfaidh sé de bheith á choinneáil i gcoimeád míleata ar an alt seo do scor de bheith i ngníomh.

(8) Beidh feidhm ag Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, maidir le háiteanna ina mbeidh daoine á gcoinneáil i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le príosúin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí don Aire san Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Aire Cosanta.

(9) Déanfaidh an tAire Cosanta rialacháin maidir leis na háiteanna agus leis an modh go ginearálta ina ndéanfar daoine a bheidh i gcoimeád míleata de bhun an ailt seo a choinneáil i gcoimeád agus beidh na rialacháin sin ar comhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, do rialú cóireáil, fostú agus rialáil daoine i bpríosún.

(10) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun cosc a chur le duine a scaoileadh amach ar bhannaí.

(11) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(12) San alt seo folaíonn “priosún” Foras Naomh Pádraig (de réir brí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960 ).

Príosúin a shonrú.

3. —Féadfaidh an tAire ó am go ham áit nó áiteanna a shonrú le húsáid mar phríosún nó mar phríosúin agus beidh gach áit a shonrófar amhlaidh ina phríosún lena mbaineann Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1972, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1970, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon ní amháin.