An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1972) Ar Aghaidh (Caibidil II Scéimeanna Pinsean Gairme)

19 1972

AN tACHT AIRGEADAIS, 1972

CUID I

Cáin Ioncaim

Caibidil I

Ginearálta

Cáin ioncaim agus forcháin a mhuirearú.

1967, Uimh. 6 .

1. —(1) Muirearófar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1972, agus do gach bliain dá éis sin dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, agus muirearófar amhlaidh í de réir ráta 35 faoin gcéad.

(2) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 522 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(1) I dteannta na cánach ioncaim a mhuirearófar le halt 1 (1) den Acht Airgeadais, 1972 , muirearófar dleacht bhreise cánach ioncaim (dá ngairtear forcháin san Acht seo) don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1972, agus do gach bliain dá éis sin dar tosach an 6ú lá d'Aibreán.

(IA) Muirearófar forcháin i leith ioncaim aon phearsan aonair d'aon bhliain den sórt sin ar mó a iomlán ó gach bunadh don bhliain sin ná a gcomhiomlán seo—

(a) £2,500, agus

(b) suim aon asbhaintí a bhfuil an phearsa aonair ina dteideal don bhliain sin faoi alt 523,

agus muirearófar amhlaidh é i leith na breise de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

in aghaidh gach puint den chéad £2,000 den bhreis     ...     ...     ...     ...

15 faoin gcéad

in aghaidh gach puint den chéad £2,000 eile den bhreis     ...     ...     ...

30 faoin gcéad

in aghaidh gach puint dá bhfuil fágtha den bhreis     ...     ...     ...     ...

45 faoin gcéad.”.

Leasú ar ailt 127 agus 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 127 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“ (ee) chun a cheangal ar aon fhostóir a bheidh ag déanamh íoca ar scór díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, nuair a bheidh sé ag déanamh asbhainte nó aisíoca cánach de réir na Caibidle seo agus na rialachán fúithi, cibé asbhaint nó aisíoc a dhéanamh ba ghá a dhéanamh dá mba é méid na ndíolaíochtaí na díolaíochtaí lúide suim aon rannaíocaí is iníoctha ag an bhfostaí agus is inasbhainte ag an bhfostóir as na díolaíochtaí a bheidh á n-íoc agus atá, de bhua Chaibidlí I agus II de Chuid XII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , á lamháil chun críocha measúnaithe faoi Sceideal E mar asbhaint as na díolaíochtaí;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 128 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó má mhainníonn sé aon asbhaint nó aisíoc a dhéanamh de réir aon rialacháin arna dhéanamh de bhun alt 127 (1) (ee)” a chur isteach i ndiaidh “a thabhairt ar aird”.

Leasú ar alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1971, Uimh. 23 .

1970, Uimh. 14 .

3. —Leasaítear leis seo alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£299” a chur in ionad “£249”, “£324” a chur in ionad “£274”, “£700” a chur in ionad “£600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) sa dá áit ina bhfuil sé agus “£175” a chur in ionad “£150” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 , a dúradh) sa dá áit ina bhfuil sé i mír (d) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann le fo-alt (1),

(b) trí “£494” a chur in ionad “£424”, “£594” a chur in ionad “£524”, “£1,200” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 , a dúradh) sa dá áit ina bhfuil sé agus “£300” a chur in ionad “£250” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 , a dúradh) sa dá áit ina bhfuil sé i mír (e) den choinníoll sin, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur leis an gcoinníoll a dúradh:

“(f) más ioncaim tuillte ar fad ioncam pearsan aonair beidh sé i dteideal asbhaint a éileamh faoin alt seo nach lú san iomlán, ar í a chur leis an asbhaint a bhfuil sé ina teideal faoi alt 134, ná iomlán na hasbhainte a mbeadh sé ina teideal faoin alt seo dá mba ioncam neamhthuillte a ioncam ar fad.”.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1969, Uimh. 21 .

4. —Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£494” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “£424” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ) gach áit ina bhfuil sé, “£299” a chur in ionad, “£249” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 , a dúradh) agus “£594” a chur in ionad “£524” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 , a dúradh); agus

(b) trí “£299” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “£249” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 , a dúradh) sa dá áit ina bhfuil sé agus “£324” a chur in ionad “£274” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 , a dúradh).

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ) i ndiaidh mhír (a):

“(aa) atá faoi bhun 16 bliana d'aois agus atá faoi bhuanéagumas mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, nó ”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na coda sin de mhír (a) d'fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 , a dúradh) atá roimh an gcoinníoll a ghabhann leis an mír sin (a):

“ (a) (i) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir ina leith go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £170, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £155, nó

(ii) i gcás leanbh lena mbaineann mír (aa) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir ina leith go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £220, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £205,”,

(c) trí “£170” a chur in ionad “£150” i mír (b) den fho-alt sin (1A), agus

(d) trí “£220” a chur in ionad “£150” gach áit ina bhfuil sé i mír (c) den fho-alt sin (1A).

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£355” a chur in ionad “£303” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) sa dá áit ina bhfuil sé agus trí “£295” a chur in ionad “£243” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 , a dúradh).

Leasú ar alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 485 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£2,000” a cur in ionad “£600,” i míreanna (a) agus (b), agus

(b) trí “£250” a chur in ionad “£50” i míreanna (b) agus (c).

Leasú ar alt 486 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 486 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£2,000” a chur in ionad “£600” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “£250” a chur in ionad “£50” i bhfo-alt (2).

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 .

1967, Uimh. 17 .

9. —Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1967

(a) trí “agus ar mó a gcomhiomlán ná £50” a chur in ionad “agus is mó ná £50 sa chomhiomlán” agus trí “méid na breise” a chur in ionad “an méid iomchuí” i mír (a).

(b) trí mhír (b) a scriosadh, agus

(c) trí “ach aon chostais den sórt sin de bhreis ar £500 d'aon duine cáilithe áirithe a fhágáil as ríomh an chomhiomláin,” a scriosadh as mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ).

Alt 1 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970 , a fhoirceannadh.

1970, Uimh. 25 .

10. —Scoirfidh alt 1 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970 , d'éifeacht a bheith aige maidir le ríomh ioncaim chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1972-73 nó d'aon bhliain dá éis sin.

Us a íoc ar Bhannaí Cúlchiste Bainc Ceannais gan cáin a asbhaint.

1971, Uimh. 24 .

11. —Measfar, maidir le Bannaí Cúlchiste Bainc Ceannais a eisíodh faoi alt 48 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir brí alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

Leasú ar achtacháin áirithe.

12. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a leasú, maidir le cáin don bhliain 1973-74 agus blianta dá éis sin, mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin