An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Scéimeanna Pinsean Gairme) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa)

19 1972

AN tACHT AIRGEADAIS, 1972

CUID II

Dleachtanna Báis

Athrú ar na rátaí dleachta eastáit.

26. —I gcás daoine a éagfaidh an 19ú lá d'Aibreán, 1972, nó dá éis, is é an scála rátaí dleachta eastáit an scála rátaí atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus beidh éifeacht an scála sin aige, in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1971 , agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Forálacha is iarmhairt ar athruithe ar na rátaí dleachta eastáit.

1961, Uimh. 23 .

1931, Uimh. 31 .

1960, Uimh. 19 .

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1961 , trí “seacht míle cúig chéad punt” a chur in ionad “cúig mhíle punt”.

(2) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgid, 1931 , trí “seacht míle cúig chéad punt” a chur in ionad “cúig mhíle punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1960 ).

(3) I gcás inar mó ná seacht míle cúig chéad punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, ar iníoctha dleacht eastáit ina leith, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine sin níos mó ná an bhreis atá ag luach glan na maoine arna mheas chun críche dleachta eastáit ar sheacht míle cúig chéad punt.

(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfaidh an 19ú lá d'Aibreán, 1972, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1965 .

1965, Uimh. 22 .

28. —I gcás daoine a éagfaidh an 19ú lá d'Aibreán, 1972, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 24 (1) den Acht Airgeadais, 1965

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) (i):

“(d) (i) I gcás nach mó ná £7,500 luach comhiomlán na sochar báis uile is iníoctha ar bhás le baintreach nó le leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh, beidh na sochair is iníoctha amhlaidh díolmhaithe ó dhleacht eastáit.”,

agus

(b) trí “£7,500” a chur in ionad “£5,000” sa dá áit ina bhfuil sé i mír (d) (ii),

agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Laghdu ar dhleacht eastáit.

29. —(1) Leasaítear leis seo alt 45 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£2,000” a chur in ionad “£1,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) agus trí “£1,000” a chur in ionad “£750” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 , a dúradh) gach áit a bhfuil siad faoi seach i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5).

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le sochair (de réir brí an ailt sin 45) a fhaibhreoidh an 19ú lá d'Aibreán, 1972, nó dá éis, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

Leasú ar alt 7 den Finance Act, 1894.

1894, c. 30.

30. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 (2) den Finance Act, 1894, tríd an bhfocal “personal” a scriosadh sa dá áit a bhfuil sé.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i gcásanna inar tar éis an tAcht seo a rith a éagfaidh an t-éagach.

Leasú ar alt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910.

1910, c. 8.

31. —Leasaítear leis seo alt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “fifty thousand” a chur in ionad “five hundred” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4).

Iontaobhais roghnacha.

1940, Uimh. 14 .

32. —(1) San alt seo—

tá le “éagach” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo;

folaíonn “íocaíocht”, maidir le héagach, aon diúscaint mhaoine i bhfabhar an éagaigh nó i bhfabhar aon duine eile thar ceann nó chun sochair an éagaigh nó a bhfuair an t-éagach sochar go díreach nó go neamhdhíreach dá thoradh agus folaíonn sé freisin fritháireamh nó scaoileadh oibleagáide;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, maidir le héagach, an tréimhse cúig bliana dar críoch tráth a bháis nó an tréimhse ó thosach an iontaobhais anuas go dtí dáta a bháis, cibé acu is giorra;

ciallaíonn “margadh-luach” an praghas a gheofaí, i dtuairim na gCoimisinéírí Ioncaim, ar an maoin lena mbaineann fo-alt (6) den alt seo dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í tráth báis an éagaigh;

folaíonn “iontaobhaí” aon duine, cibé acu atá nó nach bhfuil an mhaoin is ábhar don iontaobhas dílsithe dó nó nach bhfuil, a fheidhmíonn cumhacht nó a bhfuil rogha aige cumhacht a fheidhmiú nó cinneadh a dhéanamh maidir le cineál nó le méid íocaíochta faoi iontaobhas den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó maidir le haon ní a bhaineann le híocaíocht den sórt sin.

(2) I gcás—

(a) go bhfuil, nó go raibh tráth ar bith, maoin dílsithe d'iontaobhaí ar iontaobhais faoinar féidir, de rogha an iontaobhaí, ioncaim nó caipiteal nó cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine—

(i) a íoc le haon duine, nó a chur chun feidhme chun sochair aon duine, nó

(ii) a íoc le haon duine nó níos mó de líon nó d'aicme daoine a chinnfidh an t-iontaobhaí dá rogha féin, nó a chur chun feidhme chun sochair aon duine den sórt sin,

le hiontaobhas nó le cumhacht chun ioncam a charnadh nó gan an t-iontaobhas nó an chumhacht sin, agus

(b) (i) go n-éagfaidh an duine sin nó aon duine nó níos mó de na daoine sin, nó,

(ii) má tá nó má bhí comhlacht corpraithe ina ábhar don iontaobhas, go n-éagfaidh duine ba chomhalta, stiúrthóir nó fostaí de chuid an chomhlachta sin,

tar éis dáta an Achta seo a rith,

measfar, maidir le haon duine a éagfaidh amhlaidh agus a fuair tráth ar bith i rith na tréimhse iomchuí íocaíocht go díreach nó go neamhdhíreach as an maoin nó as ioncam na maoine (dá ngairtear an t-éagach san alt seo), chun críocha uile dleachta eastáit, go raibh leas aige, a scoir ar éag dó, sa mhaoin, agus measfar gur leas i seilbh a bhí sa leas sin.

(3) Measfar gurb é a bheidh sa leas éagaigh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo blianacht is ionann agus meánmhéid bliantúil chomhiomlán na n-íocaíochtaí go léir a rinneadh as ioncam nó as caipiteal na maoine iontaobhais leis an éagach i rith na tréimhse iomchuí nó a fuair sé nó a shealbhaigh sé i rith na tréimhse sin nó a rinneadh le haon duine eile nó a fuair nó a dhiúscair aon duine eile thar a cheann i rith na tréimhse sin, agus measfar gur íocadh an bhlianacht gach bliain i rith na tréimhse iomchuí agus measfar an mhaoin nó cion den mhaoin a bheadh ag teastáil chun an bhlianacht a sholáthar a bheith curtha do leataobh agus coinnithe faoi chomhair na blianachta i rith na tréimhse iomchuí :

Ar choinníoll nach n-áireofar íocaíocht as caipiteal na maoine mar íocaíocht chun críocha an fho-ailt seo ach amháin sa chás ina bhfuil iontaobhas nó cumhacht ann chun ioncam a charnadh mar bhreis leis an maoin agus nach n-áireofar ansin féin é ach amháin a mhéid nach mó an íocaíocht ná an mhéid ioncaim a carnadh anuas go dtí dáta na híocaíochta sin.

(4) Is é luach an tsochair a fhaibhreoidh nó a éireoidh as leas an éagaigh do scor luach príomhshuime na maoine nó an chiona den mhaoin a mheasfar a bheith curtha do leataobh agus coinnithe faoi chomhair na blianachta.

(5) I gcás maoin d'aistriú ar bhás an éagaigh toisc nár shlánaigh sé aois áirithe nó i gcás duine do theacht i dteideal maoine toisc nár shlánaigh an t-éagach aois áirithe, measfar leas an éagaigh do scor ar a bhás agus measfar gur leas i seilbh sa mhaoin a bhí ina leas sin:

Ar choinníoll, i gcás go sealbhaíonn an t-iontaobhaí an mhaoin ar iontaobhas do leanaí mionaoiseacha ach sin faoi réir a leasanna nó leas aon duine acu a bheith dídhílsithe nó díothaithe toisc nár shlánaigh seisean nó siadsan lánaois, nach mbeidh dleacht eastáit iníoctha faoin bhfo-alt seo ar aon leanbh den sórt sin d'éag ina mhionaoiseach seachas an duine deiridh de na leanaí sin a éagfaidh gan lánaois a shlánú.

(6) Má tharla tráth ar bith i rith na tréimhse iomchuí go raibh an t-éagach ag áitiú nó ag sealbhú talún nó airnéisí faoi réir an iontaobhais, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas chun méid na blianachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a chinneadh.

In aghaidh gach bliain nó cuid de bhliain a raibh an t-éagach lena linn ina aonábhar don iontaobhas in áitíocht nó i seilbh, measfar gurb é a bhí san áitíocht nó sa tseilbh íocaíocht ioncaim de réir ráta bhliantúil sé faoin gcéad de mhargadh-luach na talún nó na n-airnéisí (cibé acu é) ar dháta foirceanta na háitíochta nó na seilbhe.

In aghaidh gach bliain nó cuid de bhliain a raibh lena linn ábhair éagsúla don iontaobhas lena n-áirítear an t-éagach in áitíocht nó i seilbh, measfar gurb é a bhí in áitíocht nó i seilbh an éagaigh íocaíocht ioncaim de réir ráta bhliantúil sé (arna roinnt ar líon na bpearsana is ábhair don iontaobhas agus lánaois acu lena n-áirítear an t-éagach) faoin gcéad den mhargadh-luach sin.

(7) Beidh an dleacht eastáit is iníoctha ar bhás an éagaigh de bhua an ailt seo ina céadmhuirear ar an maoin a bheidh san iontaobhas tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí agus beidh feidhm maidir leis an maoin sin ag forálacha alt 8 (4) den Finance Act, 1894, sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir leis an maoin dá dtagraítear san alt sin.

(8) Measfar, chun críocha alt 24 den Acht Airgeadais, 1940 , maidir leis an socraitheoir nó leis an duine arbh é féin foinse airgeadais na maoine is damhna don iontaobhas, gurb é an diúscróir é maidir leis an iontaobhas.

(9) Maidir le maoin a meastar leis an alt seo leas a bheith ar marthain inti, beidh éifeacht ag alt (2) (1) (b) den Finance Act, 1894, amhail is dá bhfágfaí na focail “holder of an office, or” ar lár.

(10) I gcás—

(a) go bhféadfaidh an t-iontaobhaí teacht chun bheith cuntasach i leith dleachta eastáit de bhua an ailt seo, agus

(b) go mbeartaítear go scoirfidh an mhaoin nó aon chuid di de bheith faoi réir an iontaobhais,

ansin, má fhaigheann an t-iontaobhaí ó na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú ar an tsuim ar féidir, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a mheas go cuí gurb í suim ionchasach aon dleachta í is iníoctha de bhua an ailt seo, agus go dtabharfaidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas agus an fhianaise go léir a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an iarratas ar an deimhniú, ní bheidh sé cuntasach mar iontaobhaí sa dleacht lena mbaineann an deimhniú i suim is mó ná an tsuim a dheimhnítear.

Achomhairc i gcásanna áirithe chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne luacháil maoine le haghaidh dleachta eastáit.

1935, Uimh. 38 .

33. —(1) San alt seo—

folaíonn “cuntas” mionnscríbhinn;

ciallaíonn “maoin inmheasúnaithe” aon stoic, scaireanna nó urrúis eile nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh agus folaíonn sé an sochar a fhaibhríonn trí leas do scor faoi alt 20 (4) den Acht Airgeadais, 1965 ;

tá le “duine cuntasach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2) den alt seo;

ciallaíonn “Coimisinéirí Achomhairc” na daoine a cheaptar de réir alt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun bheith ina gCoimisinéirí Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanfaidh achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoi fho-alt (3) den alt seo.

(2) Duine atá cuntasach i ndleacht eastáit a íoc i leith maoine inmheasúnaithe agus a sheachaid do na Coimisinéirí Ioncaim cuntas chun an dleacht a mheasúnú (dá ngairtear “duine cuntasach” san alt seo) féadfaidh sé, de réir forálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le luach príomhshuime na maoine inmheasúnaithe agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglófar cás a shonrú maidir leis le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le luach príomhshuime maoine inmheasúnaithe a sheirbheáil ar an duine cuntasach lena mbaineann agus, má bheartaíonn an duine cuntasach achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnte, tabharfaidh sé fógra faoina bhfuil beartaithe aige do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 21 lá tar éis dáta an fhógra réamhráite.

(4) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) tráthanna agus áiteanna a shocrú chun achomhairc a éisteacht;

(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc maidir leis an tráth agus an áit a socraíodh chun a achomharc a éisteacht;

(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus cigire cánach nó oifigeach eile a bheidh ceaptha chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim;

(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;

(v) achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag Coimisinéir Achomhairc aonair;

(vi) achomharc a chinneadh tríd an duine a thug an fógra achomhairc do mhainneachtain nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc ag an tráth agus san áit a socraíodh;

(vii) fadú na tréimhse chun fógra achomhairc a thabhairt, agus le hachomhairc a athghlacadh ag na Coimisinéirí Achomhairc;

(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phointe dlí;

(ix) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc, maidir le hachomharc faoin alt seo amhail is dá mba é a bhí san achomharc achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim.

(b) Beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de dheich lá tar éis achomharc a chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, an ceart céanna atá ag an achomharcóir go ndéanfaí an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda.

(c) Is é a bheidh in athéisteacht achomhairc faoin alt seo ag breitheamh den Chúirt Chuarda athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird atá cónaí ar an achomharcóir nó ar dhuine de na hachomharcóirí nó (i gcás comhlachta chorpraithe) atá a phríomh-áit ghnó:

Ar choinníoll—

(i) in aon chás nach bhfuil aon achomharcóir ina chónaí sa Stát nó (i gcás comhlachta chorpraithe) nach bhfuil áit ghnó aige sa Stát, nó

(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid maidir leis an gcuaird,

go n-athéistfear an t-achomharc ag breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.

(5) An ceart atá ag achomharcóir a cheangal ar na Coimisinéirí Achomhairc cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte nó achomharc a chur á athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda ní féidir é a fheidhmiú ach amháin ar an dleacht eastáit a íoc ar an gcuntas a sheachaid sé do na Coimisinéirí Ioncaim agus déanfar an dleacht sin a ríomh ar luach príomhshuime neamhdhíospóide na maoine atá ar áireamh sa chuntas agus ar luach, arna chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, na maoine inmheasúnaithe:

Ar choinníoll—

(a) más rud é gur íocadh an iomarca dleachta go n-aisíocfar an barrachas le hús de réir ráta naoi faoin gcéad sa bhliain ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis an gCúirt a bheith cóir, nó

(b) más rud é nár íocadh go leor dleachta, go mbeidh an dleacht bhreise iníoctha agus go n-áireofar gur riaráiste dleachta í.

(6) (a) I gcás go mbeidh fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil leis an alt seo le seirbheáil ar chomhlacht corpraithe, seirbheálfar an fógra sin ar rúnaí nó ar oifigeach eile don chomhlacht corpraithe a sheachaid do na Coimisinéirí Ioncaim an cuntas a bhaineann leis an maoin inmheasúnaithe dá dtagraítear san fhógra.

(b) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag achomharcóir, féadfar é a sheirbheáil leis an bpost, agus—

(i) i gcás fógra nó doiciméid eile a dhíreofar chun na gCoimisinéirí Ioncaim, is go dtí Na Rúnaithe, Na Coimisinéirí Ioncaim, An Brainse Dleachta Eastáit, Baile Átha Cliath 2, a chuirfear é, agus

(ii) i gcás fógra nó doiciméid eile a dhíreofar chun an achomharcóra, is go dtí seoladh an achomharcóra a bheidh taispeánta ar an gcuntas a sheachaid sé do na Coimisinéirí Ioncaim a chuirfear é.

(c) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí Ioncaim ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, cuntasóir nó gníomhaire eile an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go raibh, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann tarraingthe siar aige.

(7) (a) Aon ghníomh nó ní a údaraítear nó a cheanglaítear a dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chuige sin é a dhéanamh agus aon fhógra a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chuige sin é a shíniú agus a thabhairt agus aon ghníomh a rinne an t-oifigeach údaraithe sin nó aon fhógra a shínigh agus a thug sé beidh sé chomh bailí éifeachtúil agus dá mba iad na Coimisinéirí Ioncaim a rinne nó a shínigh agus a thug é.

(b) Féadfar fianaise prima facie ar aon fhógra a thug na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh a bheith ina chóip den fhógra agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar sheasamh oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra, ná, má síníodh é, ar an síniú, nó go raibh an duine a shínigh agus a thug é údaraithe chun sin a dhéanamh.

(8) Gach duine atá cuntasach in aon dleacht eastáit a íoc i ndáil le bás áirithe agus gach duine ar féidir cion inrátaithe d'aon dleacht eastáit den sórt sin a ghnóthú uaidh i ndáil leis an mbás sin, beidh sé faoi cheangal ag luach na maoine arna chinneadh faoin alt seo i ndáil leis an mbás sin.

(9) Má dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim measúnacht dleachta eastáit faoi fhorálacha 30 nó 31 den Acht Airgid, 1935 , agus go mbeidh aon mhaoin inmheasúnaithe ar áireamh sa mhaoin ar ina leith a dhéantar an mheasúnacht, beidh ag an duine a bhféachtar leis an dleacht a measúnaíodh amhlaidh a ghnóthú uaidh an ceart céanna achomhairc faoin alt seo maidir leis an maoin inmheasúnaithe a bheadh aige dá mba go ndearnadh an mheasúnacht ar chuntas a sheachaid sé mura rud é go bhfuil luach príomhshuime na maoine sin cinnte cheana féin in achomharc faoin alt seo maidir leis an mbás iomchuí.

(10) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoi alt 10 den Finance Act, 1894, nuair is í an cheist atá faoi dhíospóid ceist maidir le luach príomhshuime aon mhaoine inmheasúnaithe.

(11) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le haon bhás a tharlóidh ar dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin.