An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (AN CHéAD SCEIDEAL Scéimeanna Pinsean Gairme)

19 1972

AN tACHT AIRGEADAIS, 1972

CUID V

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

40. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1971” alt 51 den Acht Airgeadais, 1971 ;

ciallaíonn “an dóú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1971 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, ach “£4,405,171” a chur in ionad “£3,815,802”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1971 ach “£2,780,773” a chur in ionad “£2,456,314”.

(4) Déanfar suim £4,650,815 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973.

(5) Déanfar an dóú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den dóú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £2,993,830 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an dóú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

An Ciste Caipitiúil a fhoirceannadh.

41. —(1) Déantar leis seo an Ciste Caipitiúil a fhoirceannadh.

(2) Déanfar aon sócmhainní atá ag an gCiste a aistriú chun an Státchiste.

Leasú ar ailt 246 agus 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1968, Uimh. 33 .

42. —(1) Leasaítear leis seo alt 251 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1968 ), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (b) agus (c):

“(b) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1968, ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an gcúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1),

(c) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, icnann is dá gcuirfí ‘ le trí chúigiú ’ in ionad ‘ leis an gcúigiú cuid ’ i bhfo-alt (1), agus

(d) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1973, ionann is dá gcuirfí ‘ le cúig chúigiú ’ in ionad ‘ leis an gcúigiú cuid ’ i bhfo-alt (1).”.

(2) Leasaítear leis seo alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “seachas liúntas tosaigh a thabharfar de bhua alt 251 (4) (d) den Acht seo” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “de Chuid XV”.

Comhair chreidmheasa a dhíolmhú ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corparáide.

43. —Le héifeacht ó dháta a chláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, beidh comhar creidmheasa i dteideal a dhíolmhaithe ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corparáide.

Faoiseamh ó dhleachtanna áirithe (leanaí neamhdhlisteanacha).

1936, Uimh. 31 .

1931, Uimh. 13 .

44. —(1) I gcás—

(a) go dtógfaidh leanbh neamhdhlisteanach nó céile nó sliocht linbh neamhdhlisteanaigh aon leas in aon mhaoin faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirt-dhíthiomnacht mháthair an linbh nó faoi dhiúscairt a rinne sí, nó

(b) go dtógfaidh máthair linbh neamhdhlisteanaigh aon leas in aon mhaoin faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirt-dhíthiomnacht an linbh nó faoi dhiúscairt a rinne sé nó a rinne a shliocht,

ansin, chun gach críche de chríocha dleachtanna báis, measfar gur leanbh dlisteanach lena mháthair an leanbh sin.

(2) Chun críocha—

(a) na ndleachtanna stampa is inmhuirir ar thíolacais nó ar aistrithe talún, agus

(b) díolúine ó dhleacht chustam faoi alt 18 (b) den Acht Airgid, 1936 ,

measfar gur leanbh dlisteanach lena mháthair leanbh neamhdhlisteanach.

(3) San alt seo—

folaíonn “diúscairt” aon fhorcinntiú nó aistriú ar aon leas i maoin le haon ionstraim inter vivos nó le huacht nó le codaisíl nó le seachadadh agus folaíonn sé freisin íocaíocht airgid;

ní fholaíonn “leanbh neamhdhlisteanach” duine a dlisteanaíodh leis an Acht Dlisteanais, 1931 , nó ar shlí eile.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) a mhéid a bhaineann sé le dleacht eastáit, maidir le haon duine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

(b) a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna leagáide agus comharbais, maidir le dleachtanna den sórt sin is intobhaigh tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna stampa agus le dleacht chustam, maidir le haon idirbheart a dhéanfar nó le haon teagmhas a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Faoiseamh ó dhleachtanna áirithe (leanaí uchtaithe).

45. —(1) I gcás go gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur uchtaíodh leanbh faoi dhlí uchtála seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus

(b) go bhfuil ag an uchtáil, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí sin, an éifeacht chéanna go substaintiúil maidir le cearta maoine (lena n-áirítear an dlí comharbais) le huchtáil arna dhéanamh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, sa Stát maidir leis na cearta sin,

ansin, chun críocha—

(i) dleachtanna báis,

(ii) na ndleachtanna stampa is inmhuirir ar thíolacais nó ar aistrithe talún agus

(iii) na díolúine ó dhleacht chustam faoi alt 18 (b) den Acht Airgid, 1936 ,

measfar gaol a bheith ag an leanbh sin le haon duine eile amhail is dá mba leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí é a rugadh dó nó dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) a mhéid a bhaineann sé le dleacht eastáit, maidir le haon duine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith,

(b) a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna leagáide agus comharbais, maidir le dleachtanna den sórt sin is intobhaigh tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna stampa agus le dleacht chustam, maidir le haon idirbheart a dhéanfar nó le haon teagmhas a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Aisghairm.

46. —(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid 1 den Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1973.

(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1980.

(3) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

47. —Déanfar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

48. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) ailt 42 agus 43 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid III den Acht seo agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) ailt 44 agus 45 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) ailt 42 agus 43 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach ann, measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht aici, amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1972, agus ón lá sin amach.

(6) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.