13 1973


Uimhir 13 de 1973


AN tACHT CARTHANAS, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CARTHANAIS TRÍ CHUMHACHTAÍ CHOIMISINÉIRÍ NA dTABHARTAS AGUS NA dTIOMNACHTAÍ CARTHANÚLA d'ÉIRINN A MHÉADÚ AGUS TRÍD AN ACHT CARTHANAS, 1961 , A LEASÚ. [17 Iúil, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1961, Uimh. 17 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Carthanas, 1961 .

(2) Sna hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, mura gcuirtear a mhalairt in iúl—

(a) is é atá i dtagairt d'alt tagairt d'alt den Acht ina bhfuil an tagairt déanta,

(b) is é atá i dtagairt in alt do fho-alt tagairt do fho-alt san alt ina bhfuil an tagairt déanta.

Scéimeanna corpraíochta d'iontaobhaithe carthanais.

2. —(1) Féadfaidh an Bord, ar iarratas ó iontaobhaithe aon charthanais, scéim a chumadh faoina séala ag bunú, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Bord sa scéim, na n-iontaobhaithe sin mar chomhlacht corpraithe agus ag dílsiú maoin an charthanais don chomhlacht sin de réir alt 3.

(2) I dtaca le scéim faoin alt seo—

(a) féadfaidh forálacha a bheith inti i dtaobh roghnú daoine lena gceapadh, agus ceapadh daoine, chun an chomhlachta a chorprófar faoin scéim sin mar aon le forálacha i dtaobh bainistí na n-iontaobhas a bhaineann leis an gcarthanas ag an gcomhlacht sin nó thar a cheann;

(b) féadfaidh forálacha a bheith inti á chur de cheangal ar aon duine nó á thabhairt de theideal dó aon doiciméad a thabhairt ar aird, a fhorghníomhú nó a thabhairt ar láimh nó aon ghníomh nó ní eile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar maoin an charthanais a dhílsiú de réir na scéime;

(c) féadfaidh cibé forálacha idirlinne, foghabhálacha agus forlíontacha a bheith inti a mheasfaidh an Bord a bheith riachtanach chun críocha na scéime; agus

(d) féadfar í a leasú le haon scéim iardain a chumfaidh an Bord ar iarratas a dhéanamh ag an gcomhlacht corpraithe a bhunófar faoin scéim nó ag aon duine leasmhar.

(3) Beidh ag comhlacht corpraithe a bhunófar le scéim faoin alt seo gnáthshéala agus cumhacht chun aon ghníomh nó ní a dhéanamh (lena n-áirítear talamh a theachtadh) a bheidh riachtanach chun na hiontaobhais a bhaineann leis an gcarthanas iomchuí a riaradh agus féadfaidh sé agairt nó féadfar é a agairt ina ainm corpraithe.

Forálacha breise i leith scéimeanna faoi alt 2.

1964, Uimh. 16 .

3. —(1) Déanfaidh scéim faoi alt 2 ag bunú comhlachta chorpraithe, gan aon fhorchinntiú breise ach faoi réir aistriú, nuair is gá, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, agus, i gcás talamh cláraithe, faoi réir fo-alt (2) a chomhlíonadh, maidir leis na hiontaobhais a bhaineann leis an gcarthanas, maoin an charthanais mar aon leis na cearta agus na dliteanais go léir a teachtadh nó a tabhaíodh i ndáil léi ag an duine nó na daoine a theacht an mhaoin díreach roimh an dáta feidhme ar iontaobhas don charthanas a dhílsiú don chomhlacht corpraithe, amhail ar an agus ón dáta a sonraítear sa scéim gurb é an dáta é a thiocfaidh an scéim i ngníomh (dá ngairtear an dáta feidhme san alt seo) ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir ar teachtadh iad ar iontaobhas don charthanas ar a bhfeadh díreach roimh an dáta feidhme.

(2) I gcás aon talamh a bhfuil a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , a theacht chun bheith dílsithe le scéim faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip faoi shéala an Bhoird den scéim a thabhairt ar aird agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, an comhlacht corpraithe a bunaíodh leis an scéim a chlárú sa chlár iomchuí a bheidh á choinneáil faoin Acht sin mar úinéir (de réir brí an Achta) na talún.

(3) I gcás scéim a chumadh faoi alt 2—

(a) déanfar, ar iarratas a dhéanamh ag an gcomhlacht corpraithe a bunaíodh faoin scéim nó a dhéanamh thar a cheann, an mhaoin go léir a aistreofar leis an scéim, agus a bheidh díreach roimh an dáta feidhme ar breacadh nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó ar taifead in aon chlár a bhí á choinneáil de bhun aon achtacháin, a aistriú isteach in ainm an chomhlachta sin;

(b) na fiacha agus na dliteanais go léir a tabhaíodh go cuí ag iontaobhaithe an charthanais lena mbaineann an scéim i ndáil le maoin an charthanais sin nó le riaradh na n-iontaobhas a bhaineann leis an gcarthanas sin agus a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dlite agus gan íoc nó a bhí tabhaithe amhlaidh ag na hiontaobhaithe agus gan ghlanadh acu, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar an dáta feidhme, ina bhfiacha agus ina ndliteanais de chuid an chomhlachta chorpraithe a bhunófar leis an scéim agus íocfaidh agus glanfaidh an comhlacht sin iad agus féadfar iad a ghnóthú ón gcomhlacht sin nó iad a fheidhmiú ina choinne dá réir sin;

(c) na comhaontuithe go léir a rinneadh go cuí i ndáil le maoin an charthanais sin nó le riaradh na n-iontaobhas réamhráite agus nach mbeidh forghníomhaithe nó críochnaithe go hiomlán roimh an dáta feidhme, leanfaidh siad i bhfeidhm agus forléireofar iad agus beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an comhlacht corpraithe a bunaíodh leis an scéim a rinne iad; agus

(d) i ngach caingean, nó imeacht dlíthiúil eile, seachas imeachtaí maidir le cion líomhnaithe nó imeachtaí maidir le sárú iontaobhais líomhnaithe, i ndáil le maoin an charthanais sin nó a d'éirigh as riaradh nó maidir le riaradh na n-iontaobhas réamhráite agus a bhí ar feitheamh díreach roimh an dáta feidhme agus ar páirtí iontu na hiontaobhaithe réamhráite, cuirfear an comhlacht corpraithe a bunaíodh leis an scéim mar pháirtí in ionad na n-iontaobhaithe sin agus rachaidh na himeachtaí ar aghaidh dá réir sin.

(4) Gach comhalta de chomhlacht a chorprófar de bhua scéime faoi alt 2, beidh sé, d'ainneoin an chorpraithe sin,

(a) inmhuirir i leith maoin a thiocfaidh faoina láimh mar chomhalta den sórt sin, agus

(b) i dtaca leis an gcarthanas lena mbaineann an scéim, cuntasach agus faoi dhliteanas as a ghníomhartha nó a neamhghníomhartha féin agus as riaradh cuí an charthanais agus maoin an charthanais,

amhail is dá mba nár cumadh an scéim agus gur ceapadh go cuí é ina iontaobhaí ar an gcarthanas.

Cumhachtaí breise chun scéimeanna a chumadh i ndáil le maoin carthanais.

1885, c. 18.

4. —(1) Más rud é—

(a) ar iarratas a fháil ó iontaobhaithe carthanais a bunaíodh nó a rialaítear le reacht nó le cairt, gur deimhin leis an mBord tar éis na himthosca a fhiosrú go rachadh sé chun sochair don charthanas scéim den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) a chumadh ina leith, agus

(b) i ngeall ar fhoráil sa reacht nó sa chairt, nach mbeadh sé faoi réim na gcumhachtaí is infheidhmithe ar leith ón alt seo ag an mBord scéim den sórt sin a chumadh,

ansin, d'ainneoin na forála, féadfaidh an Bord an scéim a chumadh agus, faoi réir fho-alt (10), beidh éifeacht ag an scéim de réir a téarmaí.

(2) Déanfar scéim faoin alt seo a chumadh faoi shéala an Bhoird agus féadfaidh an scéim sin a chumasú d'iontaobhaithe carthanais—

(a) le ceadú an Bhoird, aon talamh nó aon mhaoin eile de chuid an charthanais a dhíol, a léasadh, a mhalartú, a mhorgáistiú nó a mhuirearú, nó aon léas ar an talamh sin a thabhairt suas agus aon airgead as an gcéanna a chur chun feidhme nó a infheistiú chun sochair don charthanais nó chun aon chríche carthanúla eile is cuí leis an mBord,

(b) faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an Bord, airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar shlí eile chun sochair don charthanas,

(c) i gcás gur chun oideachas daoine de ghnéas áirithe a chur ar aghaidh an carthanas, sochar an charthanais a thabhairt freisin, ar fad nó go páirteach, de réir mar a shonrófar sa scéim, do dhaoine den ghnéas eile,

(d) le ceadú an Bhoird, comhaontú a dhéanamh agus a chur in éifeacht le hiontaobhaithe carthanais amháin eile nó níos mó faoina dtiocfadh maoin gach carthanais acu faoi chomhrialú agus faoina gcuirfí chun feidhme nó chun úsáide í chun sochair do chríoch charthanúil chomhchoiteann a shonrófar san iarratas, ach sin ar an gcoinníoll nach ndéanfar an fhoráil sin roimhe seo a fhorléiriú mar fhoráil faoina bhféadfar maoin atá dílsithe d'iontaobhaithe chun sochair do charthanas chun oideachas a chur ar aghaidh a úsáid chun sochair do chríoch charthanúil nach críoch charthanúil í chun oideachas a chur ar aghaidh,

(e) i gcás ina gceanglaíonn foráil i reacht nó i gcairt a luaitear i bhfo-alt (1) nach foláir gur comhaltaí d'aicme creidimh áirithe iontaobhaithe an charthanais, cibé líon daoine a bheidh sonraithe sa scéim, is é sin daoine nach comhaltaí den aicme creidimh sin, a cheapadh ina n-iontaobhaithe ar an gcarthanas.

(3) Déanfar gach morgáiste nó muirear a cheadóidh an Bord de bhun scéim a chumfar faoin alt seo a chruthnú i cibé slí a cheadóidh an Bord agus beidh ann cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le haisíoc airgead príomhshuime nó fuascailt nó atíolacadh talún a bheidh faoi réir an mhorgáiste nó an mhuirir) nó forálacha eile, más ann, a cheanglóidh an Bord.

(4) Féadfaidh an Bord, ar iarratas a fháil ó iontaobhaithe an charthanais lena mbaineann scéim a chumfar faoin alt seo, an scéim sin a leasú nó a chúlghairm faoina séala.

(5) Faoi réir fho-alt (8), ní dhéanfar scéim a chumadh, a leasú ná a chúlghairm go dtí go mbeidh mí caite ón am a mbeidh fógra poiblí go bhfuil sin beartaithe tugtha i cibé slí is fearr dar leis an mBord chun a phoibliú a áirithiú agus aird daoine leasmhara a tharraingt ar an mbeartú sin.

(6) Maidir leis an bhfógra—

(a) beidh ann (a mhéid is caothúil) dóthain sonraí faoin scéim, faoin leasú nó faoin gcúlghairm atá beartaithe, de réir mar is iomchuí, agus

(b) forordóidh sé tréimhse réasúnach ina bhféadfar aon agóid ina aghaidh nó tuairim ina thaobh a chur faoi bhráid an Bhoird, agus breithneoidh an Bord aon agóidí agus tuairimí a chuirfear faoina mbráid amhlaidh agus féadfaidh siad tar éis comhairle a ghlacadh leis an duine nó na daoine a rinne an t-iarratas cuí faoin alt seo, gníomhú ina leith de réir mar is fóirsteanach leo.

(7) Má mhodhnaíonn an Bord aon scéim, leasú nó cúlghairm a bheidh beartaithe, ní gá dóibh fógra faoin modhnú a thabhairt de réir fho-ailt (5) agus (6), murab inmhianaithe leis an mBord fógra breise a thabhairt.

(8) I gcás ina mbeartóidh an Bord scéim a cumadh faoin alt seo a leasú agus gur dóigh an mBoird gur leasú foirmiúil nó mionleasú é, ní gá dóibh fógra faoin leasú beartaithe a thabhairt de réir fho-ailt (5) agus (6).

(9) Féadfaidh scéim nó leasú ar scéim faoin alt seo a fhoráil go mbeidh éifeacht chúlghabhálach (lena n-áirítear éifeacht den sórt sin i leith dáta níos túisce ná dáta an Achta seo a rith) ag an scéim nó ag an leasú, nó ag aon fhoráil sa scéim nó sa leasú.

(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear don Educational Endowments (Ireland) Act, 1885, arna leasú le halt 30 den Phríomh-Acht.

(11) San alt seo ciallaíonn “reacht”—

(a) Acht ón Oireachtas,

(b) Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann,

(c) Acht ó Pharlaimint shean-Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, nó

(d) Acht ó Pharlaimint a shuigh in Éirinn aon uair sular tháinig an Union with Ireland Act, 1800, i bhfeidhm.

Talamh a aistriú atá dilsithe don Bhord faoi alt 15 den Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1844.

1844, c. 97.

5. —Más dóigh leis an mBord, ar iarratas a fháil ó aon duine leasmhar (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo), agus tar éis na himthosca a fhiosrú, gurb inmhianaithe talamh atá dílsithe don Bhord de bhun alt 15 den Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1844, agus a bheidh sonraithe san iarratas, a dhílsiú don iarratasóir, féadfaidh an Bord ordú a dhéanamh i ndáil leis an talamh, agus oibreoidh an t-ordú, amhail ó cibé dáta a shonrófar san ordú (dá ngairtear an dáta feidhme san alt seo), chun go ndílseofar don iarratasóir an talamh ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir ar a raibh sé, díreach roimh an dáta feidhme, ar teachtadh ar iontaobhas ag an mBord, mar aon leis na cearta agus na dliteanais a theacht nó a thabhaigh an Bord i ndáil leis an gcéanna díreach roimh an dáta feidhme.

Cumhacht an Bhoird chun orduithe dílseacháin áirithe a dhéanamh i ndáil le léasanna de bhun an Leases for Schools (Ireland) Act, 1881, agus léasanna eile chun críocha carthanúla.

1881, c. 65.

6. —(1) Más rud é ar iarratas a dhéanamh ag duine a bhfuil leas aige i ndáil le talamh atá ar áireamh i léas a rinneadh de bhun an Leases for Schools (Ireland) Act, 1881, nó in aon léas eile a rinneadh chun críche carthanúla, gur deimhin leis an mBord—

(a) nach eol cé hé an duine atá i dteideal leas an léasóra sa léas sin nó nach bhfuil fáil air, agus

(b) go ndearna an t-iarratasóir gach beart réasúnach chun a fháil amach cé hé an duine sin nó cá bhfuil sé,

faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, ordú a dhéanamh faoin alt seo.

(2) Beidh ordú faoin alt seo faoi shéala an Bhoird agus dílseoidh sé don duine nó do na daoine a bheidh sonraithe san ordú an talamh atá ar áireamh sa léas lena mbaineann an t-iarratas i leith an eastáit nó an leasa sin agus ar iontaobhas chun cibé críche carthanúla a bheidh sonraithe amhlaidh, mar aon le cibé cearta nó dliteanais, nó saortha nó urscaoilte ó cibé cearta nó dliteanais, i ndáil leis an talamh agus a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo go dtí go mbeidh dhá mhí caite ón am a mbeidh fógra poiblí go bhfuil sin beartaithe tugtha i cibé slí is fearr dar leis an mBord chun a phoibliú a áirithiú agus aird daoine leasmhara a tharraingt ar an mbeartú sin.

Costais agus caiteachais.

7. —Féadfaidh an Bord a ordú go ndéanfar na costais agus na caiteachais a bhaineann agus a ghabhann le haon iarratas, ordú nó scéim a rinneadh nó a cumadh faoi alt 2, 4, 5 nó 6 a íoc nó a chruinniú as maoin an charthanais lena mbaineann nó as ioncam an charthanais sin, nó a iompar agus a íoc i cibé slí agus ag cibé daoine a mheasfaidh an Bord a bheith cóir.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht—

(a) trí “fiche a cúig míle punt luach an bhronntanais chartanúil” a chur in ionad “cúig mhíle punt luach an bhronntanais charthanúil” i bhfo-alt (2), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I gcás—

(a) ina mbeidh scéim chun bronntanas carthanúil a chur chun feidhme cumtha le hordú ó Chúirt, agus

(b) go mbeidh imthosca ann maidir leis an scéim a dtiocfadh de bharr iad a bheith ann maidir le bronntanas carthanúil go bhféadfaí an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas a chur chun feidhme cy-près, agus

(c) nach mó ná fiche a cúig míle punt luach an bhronntanais charthanúil,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, le hordú an scéim a chúlghairm agus scéim nua a chumadh ina hionad nó an scéim a chúlghairm go páirteach nó a leasú ar shlí eile, chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.”

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 32:

“Ciste Carthanais a infheistiú.

32.—(1) Féadfaidh Cúirt aon chiste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a infheistiú, nó a ordú, a chumasú nó a cheadú é a infheistiú nó toiliú lena infheistiú, i cibé slí, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-infheistiú sin údaraithe leis an ionstraim iontaobhais, más ann.

(2) Féadfaidh an Bord, as a gcomhairle féin, aon chiste a bheidh ar teachtadh acu ar aon iontaobhas carthanúil a infheistiú i cibé slí is cuí leo, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-infheistiú sin údaraithe leis an ionstraim iontaobhais, más ann, nó le dlí.

(3) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, ar iarratas ó iontaobhaithe aon chiste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil, cumhacht a thabhairt, le hordú, do na hiontaobhaithe, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, chun an ciste a infheistiú i cibé slí, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBord, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-infheistiú sin údaraithe leis an ionstraim iontaobhais, más ann, nó le dlí.

(4) Ní bhaineann fo-alt (3) le ciste a mbaineann alt 33 leis de thuras na huaire.”.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 33:

“Cead chun ciste carthanais a infheistiú a bheidh ar teachtadh faoi réir leasa theoranta tosaíochta.

33.—I gcás—

(1) aon chiste a bheith ar teachtadh ar iontaobhas, tar éis foirceannadh nó faoi réir aon leasa thosaíochta saoil nó aon leasa theoranta eile, chun aon chríocha carthanúla, agus

(2) na hiontaobhaithe do thabhairt fógra i scríbhinn don Bhord gur mian leo an ciste a infheistiú nó infheistiú an chiste a athrú,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) breithneoidh an Bord an togra agus cuirfidh siad in iúl i scríbhinn do na hiontaobhaithe cé acu atá nó nach bhfuil siad in aghaidh an togra;

(b) má chuireann an Bord in iúl do na hiontaobhaithe go bhfuil siad in aghaidh an togra, féadfaidh na hiontaobhaithe cead a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-infheistiú a dhéanamh nó a athrú agus tabharfaidh siad fógra i dtaobh an iarratais don Bhord agus do cibé daoine eile a threoróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú is oiriúnach leis an gCúirt a dhéanamh ina leith sin;

(c) má chuireann an Bord in iúl do na hiontaobhaithe nach bhfuil siad in aghaidh an togra, is dleathach do na hiontaobhaithe an t-infheistiú a dhéanamh nó a athrú sa tslí a bheidh sonraithe sa togra.”.

Leasú ar alt 34 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 34:

“Cumhacht an Bhoird chun talamh carthanais a dhíol nó a mhalartú, nó diúscairtí áirithe a dhéanamh air nó morgáistí a chur air agus cumhacht a bheith acu sin a údarú.

34.—(1) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Bhoird ó iontaobhaithe aon charthanais a bhfuil talamh ar áireamh ann á chur in iúl—

(a) gur féidir diúscairt shonraithe a dhéanamh ar an talamh ar théarmaí a bheadh buntáisteach don charthanas, nó

(b) gur bhuntáiste don charthanas suim áirithe airgid a chruinniú tríd an talamh nó aon chuid den talamh a mhorgáistiú, nó trína mhuirearú i modh urrúis go n-aisíocfar an tsuim a gheofar ar iasacht, chun críocha a shonraítear san iarratas,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, na himthosca a fhiosrú, agus más deimhin leo tar éis an fhiosraithe gur bhuntáiste don charthanas an diúscairt, an morgáistiú nó an muirearú a bheidh beartaithe, féadfaidh siad an diúscairt, an morgáistiú nó an muirearú sin a údarú agus cibé treoracha is cuí leo a thabhairt ina leith sin (lena n-áirítear treoracha chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as sin a infheistiú nó a chur chun feidhme go cuí chun sochair don charthanas).

(2) I gcás ina bhfaighidh an Bord iarratas ó iontaobhaithe aon charthanais a bhfuil talamh ar áireamh ann á chur in iúl dá ndéanfaí diúscairt shonraithe ar an talamh chun sochair do chríoch charthanúil shonraithe seachas críoch de chuid an charthanais ar ar iontaobhaithe iad, is é sin, diúscairt nach é an luach margaidh a chomaoin, go rachadh an diúscairt sin chun sochair don phobal, féadfaidh an Bord, más cuí leo, na himthosca a fhiosrú, agus más deimhin leo tar éis an fhiosraithe go mbeadh an diúscairt a bheidh beartaithe sochrach don chríoch charthanúil shonraithe agus go rachadh sé chun sochair don phobal, féadfaidh siad an diúscairt sin a údarú agus cibé treoracha is cuí leo a thabhairt ina leith sin (lena n-áirítear treoracha chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as sin a infheistiú nó a chur chun feidhme go cuí chun sochair don charthanas).

(3) Más dóigh leis an mBord maidir le haon charthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus ar ar iontaobhaithe iad gur bhuntáiste don charthanas—

(a) aon diúscairt a dhéanamh ar an talamh, nó

(b) airgead a chruinniú trí thalamh uile an charthanais nó aon chuid de a mhorgáistiú, nó a mhuirearú i modh urrúis go n-aisíocfar an tsuim a gheofar ar iasacht,

féadfaidh siad an diúscairt sin a dhéanamh ar an talamh nó an t-airgead a chruinniú amhlaidh, agus déanfaidh siad an t-airgead as sin a infheistiú nó a chur chun feidhme i cibé slí is cuí leo chun sochair don charthanas.

(4) Déanfar gach morgáiste nó muirear a údarófar faoi fho-alt (1) a chruthnú i cibé slí a cheadóidh an Bord agus beidh ann cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le haisíoc airgead príomhshuime, nó fuascailt nó atíolacadh talún a bheidh faoi réir an mhorgáiste nó an mhuirir) nó cibé forálacha eile, más ann, a cheanglóidh an Bord.

(5) Féadfaidh an Bord, más cuí leo, údarás faoin alt seo, le héifeacht chúlghabhálach, a thabhairt do dhiúscairt shonrach, do mhorgáiste nó do mhuirear a rinneadh gan údarás den sórt sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “diúscairt”, maidir le talamh, an talamh a dhiúscairt—

(a) trína dhíol, nó

(b) trína mhalartú ar thalamh eile, nó

(c) trí léas nó aon chonradh tionóntachta eile air a thabhairt suas, nó

(d) trí ghlacadh le tabhairt suas léasa nó conartha tionóntachta eile air.”

Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

12. —Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht:

“(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon talamh faoi réir íocaíochta tréimhsiúla is iníoctha le carthanas nó chun sochair do charthanas nó is inchurtha chun feidhme chun críocha carthanúla, agus

(b) ina bhfaighidh an Bord iarratas—

(i) ó iontaobhaithe an charthanais á chur in iúl gur bhuntáiste don charthanas é an íocaíocht thréimhsiúil a dhíol le húinéir na talún, nó

(ii) ó úinéir na talún nó ó aon duine leasmhar eile á iarraidh ar an mBord a údarú dó an íocaíocht thréimhsiúil a fhuascailt,

féadfaidh an Bord, más cuí leo, na himthosca a fhiosrú, agus más deimhin leo tar éis an fhiosraithe sin go bhféadfaí an díol nó an fhuascailt a bheidh beartaithe a dhéanamh ar théarmaí a bheadh buntáisteach don charthanas, féadfaidh siad a údarú do na hiontaobhaithe an íocaíocht thréimhsiúil a dhíol le húinéir na talún ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh siad a bheidh sochrach don charthanas agus cibé treoracha a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as an díol sin a infheistiú go cuí chun sochair don charthanas nó chun a áirithiú go gcuirfear an t-airgead sin chun feidhme go cuí chun cibé críocha carthanúla is cuí leo. I gcás ina n-údaróidh an Bord faoin alt seo íocaíocht thréimhsiúil a fhuascailt, déanfaidh na hiontaobhaithe lena mbaineann, gan mhoill mhíreasúnach, gach beart is gá chun an fhuascailt a chur i gcrích. Má tharlaíonn nach bhfuil aon iontaobhaithe ar an gcarthanas lena mbaineann nó nach eol cé hiad iontaobhaithe an charthanais sin, féadfaidh an Bord, tar éis cibé íocaíocht is iomchuí leo sna himthosca a fháil, an talamh a shaoradh agus a urscaoileadh, le hordú, ón íocaíocht thréimhsiúil.”.

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 37:

“Cumhacht an Bhoird nó iontaobhaithe carthanais le húdarás an Bhoird, chun talamh, etc. a ligean, deisiúcháin, etc., a dhéanamh agus airgead a chruinniú chun na gcríocha sin.

37.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘gníomh lena mbaineann an t-alt seo', maidir le carthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann, aon ní acu seo a leanas—

(a) an talamh a ligean (lena n-áirítear ligean ar léasanna chun aon mhianach a oibriú),

(b) clocha, cré, gairbhéal nó mianraí eile a thochailt nó a bhaint ar an talamh,

(c) adhmad a ghearradh ar an talamh,

(d) aon bhóthar nua nó sráid nua a dhéanamh nó a leagan amach tríd an talamh,

(e) silteáin nó séaracha a dhéanamh tríd an talamh,

(f) aon fhoirgneamh nua a thógáil ar an talamh,

(g) aon fhoirgneamh ar an talamh a dheisiú, a athrú, a athfhoirgniú nó a thabhairt as ar fad,

(h) aon fheabhsuithe nó athruithe eile a dhéanamh ar staid nó ar bhail na talún.

(2) Más dóigh le hiontaobhaithe aon charthanais a bhfuil talamh ar áireamh ann gur shochar don charthanas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, féadfaidh siad ráiteas agus togra maidir leis an ngníomh sin a dhéanamh a leagan faoi bhráid an Bhoird, agus air sin—

(a) féadfaidh an Bord, más dóigh leo gur shochar don charthanas an gníomh lena mbainfidh an ráiteas agus an togra a dhéanamh (le modhnuithe nó athruithe nó dá n-éagmais), cibé ordú a dhéanamh le haghaidh nó i leith an gníomh a dhéanamh agus aon imthosca a bhainfidh leis sin, de réir mar is oiriúnach leo, bíodh is nach n-údaraíonn nó nach gceadaíonn an t-iontaobhas an gníomh;

(b) féadfaidh an Bord leis an ordú sin a údarú aon airgead leis an gcarthanas a úsáid le haghaidh an ghnímh.

(3) Más dóigh leis an mBord maidir le haon charthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus darb iontaobhaithe iad gur shochar don charthanas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, féadfaidh siad an gníomh sin a dhéanamh.

(4) Féadfaidh an Bord, más cuí leo, údaras le héifeacht chúlghabhálach a thabhairt d'aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo a rinneadh gan údarás den sórt sin.”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 43:

“Cumhacht an Bhoird iontaobhaithe nua a cheapadh ar charthanas.

43.—(1) Más dóigh leis an mBord ar chúis ar bith gur gá iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua a cheapadh ar aon charthanas, féadfaidh an Bord—

(a) ar iarratas ó iontaobhaí nó ó iontaobhaithe an charthanais, nó

(b) mura bhfuil aon iontaobhaithe ar an gcarthanas, nó mura a bhfuil fáil orthu, ar iarratas ó aon duine leasmhar, nó

(c) in aon chás, má thograíonn siad féin é,

na horduithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) ordú faoi shéala an Bhoird ag ceapadh iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua ar an gcarthanas in ionad nó i dteannta aon iontaobhaí nó iontaobhaithe atá ann cheana, nó bíodh nach bhfuil aon iontaobhaí ann cheana, agus

(ii) ordú faoi shéala an Bhoird a oibreoidh chun go ndílseofar, ach sin faoi réir aistriú a dhéanamh nuair is gá i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, maoin an charthanais do na daoine arb iad na hiontaobhaithe iad tráth an cheapacháin, agus sa mhéid gur talamh an mhaoin dílseofar amhlaidh é ar feadh cibé eastáit a ordóidh an Bord, agus beidh an éifeacht chéanna ag an ordú a bheadh aige dá mbeadh na daoine arbh iad na hiontaobhaithe (má b'ann) iad roimh an gceapachán tar éis gach tíolacadh cuí ar an talamh, ar feadh cibé eastáit a ordóidh an Bord, a fhorghníomhú go cuí, nó mura bhfuil aon duine den sórt sin ann, nó aon duine den sórt sin ann atá lán-inniúil, ansin, ionann agus dá mbeadh an duine sin ann agus go raibh sé lán-inniúil, agus go mbeadh sé tar éis gach tíolacadh cuí ar an talamh, ar feadh cibé eastáit a ordóidh an Bord, a fhorghníomhú go cuí.

(2) Gach iontaobhaí a cheapfar ar charthanas faoin alt seo beidh aige, chomh maith céanna roimh mhaoin an charthanais a theacht de réir dlí chun a bheith dílsithe dó agus ina dhiaidh sin, na cumhachtaí, na húdaráis agus na roghanna céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach slí ionann agus dá mbeadh sé arna cheapadh i gcéadóir ina iontaobhaí leis an ionstraim (má b'ann) trínar bunaíodh an t-iontaobhas.

(3) Féadfaidh an Bord a ordú go mbeidh na costais agus na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon iarratas nó ordú faoin alt seo le híoc nó le cruinniú as maoin an charthanais nó as a ioncam, nó le hiompar agus le híoc i cibé slí agus ag cibé daoine is dóigh leis an mBord is cóir.

(4) Déanfaidh an Bord—

(a) ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an dáta ar a mbeidh beartaithe aon ordú a dhéanamh faoin alt seo, fógra poiblí a thabhairt i dtaobh an ordaithe a bheidh beartaithe, agus

(b) laistigh de dheich lá i ndiaidh dáta an ordaithe a dhéanamh, fógra poiblí a thabhairt ag insint go ndearnadh an t-ordú agus an dáta ar a ndearnadh é, i cibé slí is fearr dar leis an mBord chun poiblíocht a thabhairt don ní atá beartaithe nó don ordú de réir mar a bheidh agus chun aird daoine leasmhara a tharraingt air.

(5) (a) Féadfaidh aon duine leasmhar, laistigh de lá is fiche tar éis an lae ar a dtabharfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh ordú a dhéanamh faoin alt seo, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne an t-ordú a dhéanamh. Más deimhin leis an Ard-Chúirt, sna himthosca a bhaineann le cás áirithe, go bhfuil sé réasúnach sin a dhéanamh, féadfaidh sí an t-am chun achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt seo a shíneadh. Ar aon achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an Chúirt cibé ordú ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú an ordaithe faoin alt seo agus cibé ordú maidir le costais is oiriúnach léi a dhéanamh, ach má neamhníonn nó má athraíonn an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a bheidh tagtha i ngníomh beidh an neamhniú nó an t-athrú gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(b) Beidh an Bord agus iontaobhaithe (más ann) an charthanais i dteideal ionadaíocht a bheith acu agus éisteacht a fháil ag aon achomharc faoin bhfo-alt seo.

(c) Tiocfaidh ordú faoin alt seo, mura ndéanfar aon achomharc ina choinne sa tréimhse lá is fiche a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, i ngníomh ag deireadh na tréimhse sin, agus tiocfaidh ordú a ndéanfar achomharc ina choinne amhlaidh i ngníomh—

(i) má dhaingníonn agus a mhéid a dhaingneoidh an Chúirt é, ón dáta a chinnfear go críochnaitheach an t-achomharc, agus

(ii) má tharraingítear siar an t-achomharc, ón dáta a tharraingeofar siar é.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo níos faide ná ar shlí eile mar urscaoileadh d'aon seaniontaobhaí nó iontaobhaí leanúnach ná mar d'oibreodh ceapadh iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin in aon ionstraim.

(7) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo cumhacht chun seiceadóir nó riarthóir a cheapadh.

(8) I gcás ina gceapfar comhlacht corpraithe le hordú faoin alt seo chun bheith, nó ina dtiocfaidh comhlacht corpraithe arna cheapadh faoin alt seo chun bheith, ina iontaobhaí aonair ar iontaobhas carthanúil a bhfuil foráil ina théarmaí chun go bhféadfar, nó ceanglas go ndéanfar, níos mó ná iontaobhaí amháin a cheapadh, ansin, i gcaitheamh na tréimhse a shealbhóidh an comhlacht corpraithe oifig mar iontaobhaí an iontaobhais—

(a) measfar go bhforálann téarmaí an iontaobhais gur aon iontaobhaí amháin a cheapfar nó go gceanglaíonn siad gan ach iontaobhaí amháin a cheapadh, agus

(b) measfar nach ndearnadh ach aon iontaobhaí amháin a cheapadh i gcéadóir faoi théarmaí an iontaobhais.

1964, Uimh.16.

(9) I gcás aon talamh a bhfuil a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , a theacht chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó daoine, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip faoi shéala an Bhoird den ordú a thabhairt ar aird agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, an duine sin nó na daoine sin a chlárú sa chlár iomchuí a choimeádtar faoin Acht sin mar úlnéir (de réir brí an Achta sin) na talún.

(10) I gcás ina ndéanfaidh an Bord ordú faoin alt seo déanfar, tar éis cóip faoi shéala an Bhoird den ordú a thabhairt ar aird, an mhaoin go léir a aistreofar leis an ordú agus a bhí díreach roimh dháta an ordaithe ar breacadh nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a bhí á choinneáil de bhun aon achtacháin, a aistriú isteach in ainmneacha na ndaoine a ceapadh mar iontaobhaithe leis an ordú.”.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 44 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur leis:

“I gcás ina n-ordóidh an Bord bille costas a fhómhas agus a fhionnadh faoin alt seo, ní bheidh an t-aturnae lena mbaineann i dteideal aon chostas de bharr an ghnó lena mbaineann an bille costas seachas na costais sin arna bhfómhas agus arna bhfionnadh amhlaidh.”.

Leasú ar alt 52 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur in ionad alt 52:

“Dualgas ar sheiceadóirí fógráin i dtaobh réadtiomnuithe agus tiomnachtaí carthanúla a fhoilsiú má cheanglaíonn an Bord é.

52.—(1) Aon uair a bheidh réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil in aon uacht, féadfaidh an Bord, dá rogha féin, a cheangal ar an duine (dá ngairtear an t-ionadaí pearsanta san alt seo) dá ndeonófar probháid na huachta nó riarachán maille leis an uacht laistigh de shé mhí tar éis an phrobháid nó an riarachán a dheonú nó laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a chuirfidh an Bord an ceanglas, cibé tréimhse acu is déanaí a rachaidh in éag,

(a) cibé fianaise a shonróidh an Bord a sheachadadh in oifig an Bhoird, nó a chur ar aghaidh chucu leis an bpost cláraithe, chun a thaispeáint—

(i) go bhfuil an mhaoin atá ar áireamh sa réadtiomnú nó sa tiomnacht aistrithe chun an charthanais a shonraítear san uacht, nó

(ii) go bhfuil a fhios ag iontaobhaithe an charthanais a shonraítear san uacht faoin réadtiomnú nó faoin tiomnacht, nó

(b) cibé sonraí faoin réadtiomnú nó faoin tiomnacht a shonróidh an Bord a fhoilsiú i cibé slí a cheanglóidh an Bord agus, laistigh de mhí tar éis foilsiú na sonraí sin, cibé fianaise ar fhoilsiú a cheanglóidh an Bord a sheachadadh in oifig an Bhoird nó a chur chucu leis an bpost.

(2) Má mhainníonn ionadaí pearsanta déanamh de réir ceanglais ón mBord faoi fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná—

(a) i gcás inarb é a bheidh sa cheanglas ceanglas an fhianaise ar fhoilsiú a cheangail an Bord a sheachadadh in oifig an bhoird nó a chur chucu leis an bpost, deich bpunt, agus

(b) i gcás aon cheanglais eile a chuirfidh an Bord amhlaidh, céad punt.

(3) Féadfaidh an Bord ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cion faoi fho-alt (2).

(4) Is as an eastát nó as na cistí a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh don charthanas lena mbaineann a íocfaidh ionadaí pearsanta na costais a thabhaigh sé ag comhlíonadh fho-alt (1).”.

Aisghairm.

17. —Aisghairtear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

18. —(1) Féadfar an tAcht Carthanas, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Carthanas, 1961 agus 1973, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.