|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Dleacht Stampa ar Chuideachtaí Caipitiúla) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
[EN] |
CUID V Cáin Bhreisluacha | |
[EN] |
Tosach feidhme (Cuid V). |
76. —Tiocfaidh an Chuid seo (seachas alt 90, a mhéid a leasaíonn sé an míniú ar “monaróir” in alt 1 (1) den Phríomh-Acht) i ngníomh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1973. |
[EN] |
“An Príomh-Acht”. |
77. —Sa chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 . |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
78. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): |
[EN] | “(1A) I gcás— | |
[EN] | (a) ina ndéanfar earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal a sholáthar i bhfoirm atá oiriúnach lena gcaitheamh ag daoine gan a thuilleadh ullmhúcháin, | |
[EN] | (b) ina ndéanfar an soláthar— | |
[EN] | (i) le meaisín díola, nó | |
[EN] | (ii) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó | |
[EN] | (iii) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun na hearraí a sholáthraítear a chaitheamh, agus | |
[EN] | (c) ar leith ón bhfo-alt seo, inar sheachadadh earraí an soláthar, | |
[EN] | measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur déanamh seirbhísí agus nach seachadadh earraí an soláthar.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht. |
79. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) (a) Seirbhísí a dhéantar, ar chomaoin nó gan chomaoin nó ar chomaoin ar leithligh nach n-áireofaí, ar leith ón bhfo-alt seo, mar sheirbhísí a dhéanann duine i gcúrsa gnó, áireofar iad, faoi réir agus faoi réim forálacha rialachán, mar sheirbhísí a dhéanann sé i gcúrsa gnó má bhíonn baint acu le haon ghníomhaíocht ghnó a bhíonn ar siúl aige. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo agus alt 32, measfar baint a bheith ag seirbhísí le gníomhaíocht ghnó a bhíonn ar siúl ag duine má sholáthraíonn sé saoráidí chun na seirbhísí a dhéanamh nó má íocann sé go hiomlán nó go páirteach costas a ndéanta.”, agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le soláthar earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht. |
80. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht — |
[EN] | (a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1): | |
[EN] | “(a) 6.75 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine, seachas comaoin a bhfuil feidhm ina leith ag mír (b), a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin, | |
[EN] | (b) 11.11 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le rincí a sheoladh agus le seachadadh (más aon seachadadh é) earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii) agus (xii) go (xv) den Dara Sceideal nó i gCuid I den Tríú Sceideal agus le déanamh (más aon déanamh é) seirbhísí ab inmhuirir, mura mbeadh an mhír seo, de réir an ráta a shonraítear i mír (a) arna seachadadh nó arna ndéanamh i ndáil le rincí, i gcás íocaíocht na comaoine don seachadadh nó don déanamh sin a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith cead dul isteach go dtí an rince nó a bheith ina choinníoll a ghabhann le cead isteach,”, | |
[EN] | (b) trí “36.75” a chur in ionad “30.26” i bhfo-alt (1) (c), | |
[EN] | (c) trí “19.50” a chur in ionad “16.37” i bhfo-alt (1) (e), | |
[EN] | (d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) (a) Is é an ráta ar dá réir a bheidh cáin inmhuirir, maidir le cáin is inmhuirir faoi alt 2(1) (a), an ráta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire an tráth a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite de réir fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19. | |
[EN] | (b) Earraí nó seirbhísí a eisiatar go sainráite ó aon mhír i Sceideal, measfar, mura mbeidh a mhalairt d'intinn sainráite, gur earraí nó seirbhísí iad atá eisiata ó gach mír eile sa Sceideal sin, agus ní mheasfar iad a bheith sonraithe sa Sceideal sin. | |
[EN] | (1B) (a) Ar iarratas a fháil i scríbhinn ó dhuine cuntasach, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh de réir rialachán agus tar éis cibé comhairle (más aon chomhairle í) a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a ghlacadh le cibé duine nó cibé comhlacht daoine is dóigh leo ba chabhair dóibh— | |
[EN] | (i) i dtaobh an gníomhaíocht dhíolmaithe gníomhaíocht d'aon chineál áirithe a sheolann an duine, nó | |
[EN] | (ii) i dtaobh an ráta ar dá réir is inmhuirir cáin i leith seachadadh earraí d'aon chineál ag an duine, i leith seachadadh earraí in aon imthosca áirithe nó i leith seirbhísí d'aon chineál a dhéanamh ag an duine. | |
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon uair is oiriúnach leo é, cinneadh a dhéanamh, de réir rialachán agus tar éis cibé comhairle (más aon chomhairle í) a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a ghlacadh le cibé duine nó cibé comhlacht daoine is dóigh leo ba chabhair dóibh— | |
[EN] | (i) i dtaobh an gníomhaíocht dhíolmhaithe gníomhaíocht d'aon chineál áirithe, nó | |
[EN] | (ii) i dtaobh an ráta ar dá réir is inmhuirir cáin i leith seachadadh earraí d'aon chineál, i leith seachadadh earraí in aon imthosca áirithe nó i leith déanamh seirbhísí d'aon chineál. | |
[EN] | (c) Beidh éifeacht ag cinneadh faoin bhfo-alt seo chun críocha uile an Achta seo i leith duine cuntasach a iarrfaidh an cinneadh sin, amhail ar an agus ón dáta a chuirfear sonraí an chinnte in iúl dó de réir mhír (e) (i) agus, i leith aon duine eile, amhail ar an agus ón dáta a fhoilseofar an cinneadh sin san Iris Oifigiúil. | |
[EN] | (d) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh faoin alt seo maidir le haon ábhar a cinneadh ar achomharc faoin Acht seo nó a bheidh, de thuras na huaire, faoi rialú ordaithe faoi alt 6 (2) nó 11 (8), agus ní bheidh de cheangal orthu cinneadh den sórt sin a dhéanamh i leith aon ábhar dá mbeidh luaite in iarratas faoi mhír (a)— | |
[EN] | (i) má foilsíodh cinneadh roimhe sin i dtaobh an ábhair, nó | |
[EN] | (ii) más dóigh leo go bhfuil ábhar an iarratais saor a dhóthain ó amhras le nach gá cinneadh a dhéanamh agus a fhoilsiú. | |
[EN] | (e) (i) A luaithe is féidir tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a), cuirfear in iúl é don duine a d'iarr é trí na Coimisinéirí Ioncaim do sheirbheáil fógra air ina mbeidh sonraí an chinnte. | |
[EN] | (ii) Féadfar cinneadh faoi mhír (a) a fhoilsiú, agus foilseofar cinneadh faoi mhír (b), san Iris Oifigiúil agus, má dhéantar amhlaidh, foilseofar é freisin i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát. | |
[EN] | (f) Duine arb éagóir leis cinneadh faoi mhír (a) a rinneadh de bhun iarratas uaidh, féadfaidh sé, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta ar a ndearnadh fógra i dtaobh an chinnte a sheirbheáil air de réir mhír (e) (i), achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc. | |
[EN] | (g) Aon duine cuntasach a sheachadfaidh earraí nó a dhéanfaidh seirbhísí, i gcúrsa a gnó, de chineál nó in imthosca a shonraítear i gcinneadh faoi mhír (a) nó (b), féadfaidh sé. tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta a foilsíodh an cinneadh san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.”, | |
[EN] | (e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) : | |
[EN] | “(4A) I gcás— | |
[EN] | (a) duine d'úsáid earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal le linn dó a bheith ag déanamh seirbhísí inchánach, agus | |
[EN] | (b) gurb é an duine dá ndéantar na seirbhísí nó aon duine eile seachas an duine a dhéanann na seirbhísí a sholáthróidh na hearraí, | |
[EN] | measfar gurb é an duine a dhéanann na seirbhísí inchánach a sholáthair na hearraí a úsáideadh amhlaidh i gcúrsa gnó, agus dlífidh sé, i dteannta aon dliteanas eile a chuirtear air leis an Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a úsáideadh amhlaidh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a).”, agus | |
[EN] | (f) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (8) : | |
[EN] | “(a) Féadfaidh an tAire le hordú an Dara nó an Tríú Sceideal a athrú trí thuairiscí earraí nó seirbhísí d'aon chineál a chur leo nó a scriosadh astu nó trí athrú a dhéanamh ar aon tuairisc earraí nó seirbhísí atá sonraithe iontu de thuras na huaire, agus féadfaidh sé, mar an gcéanna, an Ceathrú Sceideal a athrú trí thuairiscí earraí d'aon chineál a scriosadh as nó athrú a dhéanamh ar aon tuairiscí earraí atá sonraithe ann de thuras na huaire, ach ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo chun aon cheann de na rátaí cánach a ardú ná chun na haicmí gníomhaíochtaí nó earraí arb inmhuirir cáin ina leith de thuras na huaire a leathnú.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht. |
81. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)— | |
[EN] | “(1A) (a) Má mheastar duine a theacht chun bheith ina dhuine cuntasach, trí rogha nó de réir forálacha alt 8 (4), beidh sé i dteideal, de réir rialachán, nuair a bheidh méid na cánach is iníoctha aige á ríomh i leith na chéad tréimhse inchánach a measfar amhlaidh é a bheith ina dhuine cuntasach ina leith, go n-áireofar mar cháin is inasbhainte faoi fho-alt (1) cibé cuid de luach an stoic thrádála (de réir brí alt 34) a bhí ar seilbh aige díreach roimh thosach na tréimhse inchánach sin agus a bhféadfaí de réir réasúin a áireamh gurb í an tsuim í a bheadh sé i dteideal a éileamh faoin bhfo-alt sin (1) dá mba dhuine cuntasach é an t-am a seachadadh an stoc trádála sin dó. | |
[EN] | (b) Ní bheidh aon ábhar éilimh ann faoin bhfo-alt seo chun asbhaint a fháil maidir leis an gcáin a bhaineann le haon stoc trádála (de réir brí alt 34) más rud é go bhféadfaí agus a mhéid a d'fhéadfaí asbhaint faoi fho-alt (1) a éileamh ar leith ón bhfo-alt seo. | |
[EN] | (c) Beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le tréimhsí inchánach a thosóidh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1973, nó dá éis.”, agus | |
[EN] | (b) trí mhír (e) a scriosadh as fo-alt (1). | |
[EN] |
Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht. |
82. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) : |
[EN] | “(3) (a) Laistigh de naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tabharfaidh duine cuntasach don Ard-Bhailitheoir tuairisceán ceart cruinn arna ullmhú de réir rialachán ar an méid cánach a tháinig chun bheith dlite de faoi alt 2 (1) (a) i gcaitheamh na tréimhse inchánach agus an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a bheidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin, agus cuirfidh sé, an tráth céanna, chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin. | |
[EN] | (b) Forléireofar mír (a) maidir leis an tréimhse inchánach a thosóidh an chéad lá d'Iúil, 1973, amhail is dá mba é a bheadh sa tagairt sa mhír sin do naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach tagairt do naoi lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí ina gcríochnóidh an tréimhse inchánach.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht. |
83. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) trí “18 (2)” a chur in ionad “18” i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) : | |
[EN] | “(3A) Dlífear fíneáil £100 a chur ar dhuine nach gcomhlíonfaidh alt 18 (3).”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht. |
84. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) : |
[EN] | “(5) Duine a dhéanfaidh, go calaoiseach nó go faillíoch— | |
[EN] | (a) sonrasc a eisiúint ina mbeidh méid cánach sonraithe in imthosca de shórt nach ionann an méid a dúradh, gan a dhliteanas faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 17 a áireamh, agus an méid cánach (más ann) a thiocfaidh chun bheith dlite de i leith an idirbhirt lena mbaineann an sonrasc, nó | |
[EN] | (b) nóta sochair a eisiúint ag taispeánt méid cánach seachas é sin is inchurtha go cuí i leith an idirbhirt lena mbaineann an nóta sochair, | |
[EN] | dlífear pionós mar a leanas a chur air— | |
[EN] | (i) £100, agus | |
[EN] | (ii) méid a dhliteanais, nó, i gcás calaoise, dhá oiread a dhliteanais faoin bhfo-alt sin (5) nó (6), de réir mar a bheidh, i leith aon sonrasc nó nóta sochair den sórt sin a eisiúint.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht. |
85. —Leasaítear leis seo alt 32 (1) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (x) : |
[EN] | “(xx) an faoiseamh (más ann) a bheidh le tabhairt do dhuine cuntasach i leith cáin a iompróidh nó a íocfaidh sé ar stoc trádála a bhí ar seilbh aige díreach roimh thosach na chéad tréimhse inchánach a meastar gur duine cuntasach é ina leith; | |
[EN] | (xxx) an tslí ina bhféadfar cinneadh a dhéanamh chun críocha alt 11 (1B);”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht. |
86. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) : |
[EN] | “(1A) (a) Má tharlaíonn, tar éis comhaontú a dhéanamh earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh agus roimh an dáta a thiocfadh aon cháin chun bheith dlite faoi fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19, i leith an idirbhirt dá ndéanfaí neamhshuim den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (1), go mbeidh athrú ar an méid cánach is inmhuirir ar sheachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí sin, ansin, cheal comhaontú dá mhalairt, déanfar méid is comhionann le méid an athraithe ar an gcáin is inmhuirir a chur le, nó a bhaint as, méid iomlán na comaoine agus aon cháin a sonraíodh ar leithligh faoin gcomhaontú. | |
[EN] | (b) Sna tagairtí san fho-alt seo d'athrú ar an méid cánach is inmhuirir ar sheachadadh earraí nó ar dhéanamh seirbhísí áireofar tagairtí d'athrú go dtí staid nó ó staid nach ndéantar inti aon cháin a mhuirearú ar sheachadadh na n-earraí ná ar dhéanamh na seirbhísí.”. | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
87. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ix) : | |
[EN] | “(ix) seirbhísí de chineál liachta nó oideachais a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin; agus seirbhísí lónadóireachta a dhéantar— | |
[EN] | (a) d'othair de chuid ospidéil nó theach banaltrais san ospidéal nó sa teach banaltrais, agus | |
[EN] | (b) do mhic léinn scoile sa scoil;” agus | |
[EN] | (b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xxiii) : | |
[EN] | “(xxiv) capaill bheo a sheachadadh; | |
[EN] | (xxv) cúnna beo a sheachadadh; | |
[EN] | (xxvi) inseamnú nádúrtha nó saorga ar bheostoc.”. | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh Acht. |
88. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (vii) : | |
[EN] | “(vii) aon ábhar beatha d'ainmhithe, seachas ábhar beatha a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó a bhíonn ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (x) : | |
[EN] | “(xi) seirbhísí tarrthála a chuireann an Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála ar fáil lena n-áirítear eagrú agus cothabháil na seirbhíse bád tarrthála; | |
[EN] | (xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine seachas— | |
[EN] | (a) deochanna ar arb inmhuirir aon dleacht custam nó máil a mhuirearaítear go speisialta ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach, agus ar ullmhóidí díobh, | |
[EN] | (b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (I) tae agus ullmhóidí tae, | |
[EN] | (II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, | |
[EN] | (III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, giosta, uibheacha nó bainne, | |
[EN] | (c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh, | |
[EN] | (d) (I) seacláidí, milseáin, agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta seachas arán, | |
[EN] | (II) chun críocha na míre seo ciallaíonn “arán” bia don duine a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus de cheann amháin nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid— | |
[EN] | (1) giosta nó gníomhaire deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan, | |
[EN] | (2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach rachaidh meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo thar 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos, | |
[EN] | (3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach rachaidh a meáchan thar 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos, | |
[EN] | seachas bia a bhíonn i bpacáistí lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha síos dó nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán), ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail a mbíonn screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana, | |
[EN] | (e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, sceallóga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail as prátaí, nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta, le blaoscanna nó gan blaoscanna; | |
[EN] | (xiii) leigheas de chineál a chaitheann daoine de bhéal; | |
[EN] | (xiv) leigheas de chineál a chaitheann ainmhnithe de bhéal, seachas leigheas a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí; | |
[EN] | (xv) síolta, plandaí, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a chuirtear le bia a tháirgeadh; | |
[EN] | (xvi) earraí de chineálacha éagsúla a bhíonn i bpacáistí lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith— | |
[EN] | (a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) inmhuirir i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) inmhuirir i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, | |
[EN] | (b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann an chomaoin sheachadta, agus | |
[EN] | (c) nach mó Iuach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (e) inmhuirir i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin nua, cibé acu is 1ú.”. | |
[EN] |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
89. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) i gCuid I den Sceideal: | |
[EN] | “(i) leigheas ainmhithe seachas leigheas— | |
[EN] | (a) de chineál a shonraítear i mír (xiv) den Dara Sceideal, nó | |
[EN] | (b) a bhíonn i bpacáistí, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;”, | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur le Cuid I den Sceideal : | |
[EN] | “(xxxii) earraí de chineálacha éagsúla a bhíonn i bpacáistí lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith: | |
[EN] | (a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) inmhuirir i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir aon ráta nó aon rátaí eile inmhuirir i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin den sórt sin, | |
[EN] | (b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann an chomaoin sheachadta, agus | |
[EN] | (c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phácáiste a mbeadh cáin de réir ráta nó rátaí seachas an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (a) inmhuirir i leith a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh nó ar chomaoineacha ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin nua cibé acu is lú,”, agus | |
[EN] | (c) tríd an mír seo a leanas a chur le Cuid II den Sceideal : | |
[EN] | “(vii) fruiliú chun duine faoi chonradh i scríbhinn, seachas conradh de chineál a luaitear in alt 3 (1) (b), a rinneadh roimh an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972, ar earraí soghluaiste a bhí i seilbh an duine an lú lá de Shamhain, 1972, is é sin, earraí de chineál a mbeadh cáin inmhuirir ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e), dá ndéanfaí neamhshuim de mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo.”. | |
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht |
90. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |