|
||||
|
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL Comhaontú idir Rialtas na héireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le díolúintí áirithe ó cháin | |
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe; | ||
D'fhonn cibé athruithe a dhéanamh sa Chomhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine maidir le Cáin Ioncaim Dúbailte is gá de dhroim na n-athruithe sna hAchtanna Cánach Ioncaim Breataineacha a rinneadh le hAchtanna Airgeadais na Breataine, 1971 agus 1972; | ||
Tar éis comhaontú mar a leanas : | ||
Airteagal 1 | ||
(1) In Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin forléireofar na focail “cáin ioncaim Bhreataineach” maidir leis an mbliain 1973-74 agus aon bhliain ina dhiaidh sin mar fhocail a chiallaíonn an bunráta cánach ioncaim agus forléireofar an tagairt d'fhorcháin Bhreataineach mar thagairt a chiallaíonn an bhreis atá ag an dliteanas i leith cáin ioncaim Bhreataineach ar an dliteanas a bheadh ann dá mba de réir an bhunráta amháin a mhuirearófaí an cháin ioncaim Bhreataineach go léir. | ||
(2) Déanfar Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur leis : | ||
“Más éard é an t-ioncaim díbhinn ó chuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, beidh an duine sin i dteideal go n-íocfaí leis an creidmheas cánach ina leith sin a mbeadh cónaitheoir aonair sa Ríocht Aontaithe ina theideal dá mba eisean a fuair an díbhinn sin. | ||
Ar choinníoll nach mbeidh aon teideal den sórt sin ann chun an chreidmheasa cánach i gcás inarb éard é fáltóir na díbhinne cuideachta a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, ina haonar nó i bpáirt le comhchuideachta amháin nó níos mó, cion nach lú ná 10 faoin gcéad den chumhacht vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne. Chun críocha na míre seo measfar gur comhchuideachtaí dhá chuideachta má tá ceann acu á rialú go díreach nó go hindíreach ag an gceann eile nó má tá an dá cheann acu á rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú cuideachta. | ||
Folaíonn an téarma ‘díbhinn’ aon ítim a áirítear faoi dhlí na Ríochta Aontaithe mar dháileadh ó chuideachta.”. | ||
Airteagal 2 | ||
Déanfar Airteagal 1 (b) den Chomhaontú sin a leasú tríd an méid seo a leanas a chur leis : | ||
“Más éard é an t-ioncam díbhinn a d'íoc cuideachta a chónaíonn in Éirinn le cuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe agus a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, cion nach lú ná 10 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chéad chuideachta sin, ní bhainfidh an díolúine ach le cáin ioncaim de bhreis ar 5 faoin gcéad den díbhinn. | ||
Folaíonn an téarma ‘díbhinn’ aon íocaíocht nó aon idirbheart eile a áirítear mar dhíbhinn faoi dhlí na hÉireann.”. | ||
Airteagal 3 | ||
In Airteagal 2 den Chomhaontú sin, arna leasú le hAirteagal 2 de Chomhaontú an 25 Aibreán, 1928, forléireofar aon tagairt do ráta caighdeánach na cánach ioncaim Breatainí mar thagairt a chiallaíonn bunráta na cánach ioncaim Breatainí agus forléireofar aon tagairt d'fhorcháin Bhreataineach mar thagairt a chiallaíonn breis an dliteanais i leith cánach ioncaim Breatainí ar an dliteanas a bheadh ann dá mba de réir an bhunráta amháin a mhuirearófaí an cháin ioncaim Bhreataineach go léir. | ||
Airteagal 4 | ||
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar Nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus air sin beidh éifeacht aige : | ||
(a) i gcás díbhinní a íocfar an 6 Aibreán 1973 nó dá éis agus tráth nach déanaí ná 5 Aibreán 1975; agus | ||
(b) i gcásanna eile d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6 Aibreán 1973 nó dá éis. | ||
Dá fhianú sin chuireadar sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, a lámh leis an gComhaontú seo. | ||
Arna dhéanamh in dhá chóip bhunaidh i Londain an 2ú lá seo de Bhealtaine, 1973. | ||
Thar ceann Rialtas na hÉireann : | ||
DóNAL ó SúILLEABHáIN. | ||
Thar ceann Rialtas na Ríochta Aontaithe : | ||
ANTHONY KERSHAW. |