20 1973


Uimhir 20 de 1973


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 . [4 Lúnasa, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1972, Uimh. 27 .

1973, Uimh. 5 .

1. —(1) Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“(1) (a) Beidh éifeacht reachtúil ag rialacháin faoin Acht seo.

(b) Má mholann an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach do Thithe an Oireachtais go gcuirfear aon rialacháin faoin Acht seo ar neamhní agus go ndéanfaidh an dá Theach sin, laistigh de bhliain tar éis na rialacháin a dhéanamh, rún a rith ag neamhniú na rialachán sin, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin agus scoirfidh siad d'éifeacht reachtúil a bheith acu, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin sin.

(2) (a) Más rud é, ar rialacháin faoin Acht seo a bheith déanta, nó tráth ar bith laistigh de bhliain ina dhiaidh sin agus fad a bheidh éifeacht reachtúil ag na rialacháin, go mbeidh Dáil Éireann arna cur ar athló ar feadh tréimhse is faide ná deich lá, agus más rud é, le linn í a bheidh ar athló, go n-iarrfaidh trian ar a laghad de chomhaltaí Dháil Éireann, trí fhógra i scríbhinn don Cheann Comhairle, go gcomórfaí Dáil Éireann, déanfaidh an Ceann Comhairle Dáil Éireann a chomóradh chun cruinniú ar lá a shonróidh sé nach déanaí ná lá agus fiche tar éis dó an fógra a fháil ná nach luaithe ná deich lá tar éis an fógra á comóradh a bheith eisithe.

(b) Más rud é, ar rialacháin faoin Acht seo a bheith déanta, nó tráth ar bith laistigh de bhliain ina dhiaidh sin agus fad a bheidh éifeacht reachtúil ag na rialacháin, go mbeidh Seanad Éireann arna chur ar athló ar feadh tréimhse is faide ná deich lá, agus más rud é, le linn é a bheith ar athló, go n-iarrfaidh trian ar a laghad de chomhaltaí Sheanad Éireann, trí fhógra i scríbhinn don Chathaoirleach, go gcomórfaí Seanad Éireann, déanfaidh an Cathaoirleach Seanad Éireann a chomóradh chun cruinniú ar lá a shonróidh sé nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an fógra a fháil ná nach luaithe ná deich lá tar éis an fógra á chomóradh a bheith eisithe.

(c) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo maidir le rialacháin a mbeidh diúltaithe ag ceachtar Teach den Oireachtas do rún ina leith chun iad a neamhniú.”

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , seachas rialacháin arna ndaingniú le hAcht na gComhphobal Eorpach (Rialacháin a Dhaingniú), 1973 , agus rialacháin a scoir d'éifeacht reachtúil a bheith acu roimh dháta an Achta seo a rith.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.