|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1973. | ||
[EN] |
AN tACHT LOGAINMNEACHA (FOIRMEACHA GAEILGE), 1973 | |
ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS FOIRMEACHA GAEILGE LOGAINMNEACHA A SHONRÚ CHUN CRÍOCHA DLÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [21 Samhain, 1973.] |
ACHTAíTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, mórbhaile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), aon dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar sin ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis; | |
[EN] | tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo. | |
[EN] |
Orduithe logainmneacha. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear ordú logainmneacha san Acht seo)— |
[EN] | (a) a dhearbhú gurb é is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé ann, | |
[EN] | (b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (2) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuifidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht dá ngairtear “an Coimisiún Logainmneacha” agus a bunaíodh le barántas ón Aire dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946. | |
[EN] |
Forléiriú focal i ndoiciméid dhlithiúla. |
3. —(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é nó gurb iad is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ar chomhbhrí agus ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an logainm a bheidh sonraithe amhlaidh. |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”— | |
[EN] | (a) aon Acht ón Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar faoi aon Acht den sórt sin nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim den sórt sin; | |
[EN] | (b) aon ionstraim a mbeidh éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó beartaithe a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis sin; | |
[EN] | (c) aon doiciméad a úsáidfear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla, agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an ordaithe logainmneacha iomchuí a theacht i ngníomh. | |
[EN] |
Caiteachais. |
4. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973 , a ghairm den Acht seo. |