|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 26 de 1973 | ||
[EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1973 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1961, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1971. [24 Samhain, 1973.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Líon na ngnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt. |
1. —(1) Seachtar ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt. |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo fo-alt 4 (2) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 . | |
[EN] |
Cáiliochtaí breithiúna na Cúirte Cuarda. |
2. —(1) Chun críche cáilíochta le haghaidh ceapacháin— |
[EN] | (a) faoi alt 43 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais Chuarda arna bunú faoi alt 37 den Acht sin, nó | |
[EN] | (b) faoi alt 14 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den sórt sin, | |
[EN] | measfar gur chleachtadh ag an mBarra i gcónaí seirbhís a thug duine a cheapfar faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt sin. | |
[EN] | (2) Chun críche cáilíochta le haghaidh ceapacháin— | |
[EN] | (a) faoi alt 17 (2) (a) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda, nó | |
[EN] | (b) faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den sórt sin, | |
[EN] | measfar gur cleachtadh ag an mBarra, agus gurbh ea i gcónaí, seirbhís a thug duine a cheapfar faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1973 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1973, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1971, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin. |