Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL RATAI CUNAIMH DHIFHOSTAIOCHTA)

1 1975


Uimhir 1 de 1975


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1974, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1974, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1974, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1974, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1974, AGUS NA nACHTANNA OIDEACHAIS (BÉILÍ DO SHOLÁTHAR), 1914 GO 1930. [26 Márta, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1966, Uimh. 16 .

1969, Uimh. 19 .

1970, Uimh. 12 .

1973, Uimh. 10 .

1974, Uimh. 14 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Pinsin seanaoise (rátaí nua, leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

(i) i gcás nach mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta atá leagtha amach i dTabla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

(ii) i gcás inar mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara —an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba gur mhó ná £14 ach nár mhó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £15, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll, más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha,

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo móide 70 pingin nua,

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás gur duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, á fháil aici, nó

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, á fháil aige.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA A

AN RATA PINSIN

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £6     ..

8.85

11.20

13.55

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1.80 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..     ..

7.85

10.20

12.55

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..

6.85

9.20

11.55

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..

5.85

8.20

10.55

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ..     ..     ..

4.85

7.20

9.55

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ..     ..     ..

3.85

6.20

8.55

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12     ..     ..     ..

2.85

5.20

7.55

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13     ..     ..     ..

1.85

4.20

6.55

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14     ..     ..     ..

0.85

3.20

5.55

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15     ..     ..     ..

neamhní

2.20

4.55

TABLA B

MEADU I LEITH CLEITHIUNAI AOSAITHE

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

..

..

4.40

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

3.90

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

3.40

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

2.90

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

2.40

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

..

1.90

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

..

..

1.40

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

..

..

0.90

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

..

..

0.40

níos mó ná £14

..

..

..

..

..

..

neamhní

agus

(b) trí “ceithre phunt agus cúig phingin nua is nócha” a chur i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969) in ionad “ceithre phunt agus cúig phingin nua déag” (a cuireadh isteach le Acht 1974).

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1974) trí “seacht gcéad fiche is ocht bpunt” a chur in ionad “cúig chéad nócha is ocht bpunt” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1975.

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1974) a ghabhann leis.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1975.