An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Bhrabús Corparáide)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

Caibidil III

Frithsheachaint

Leasú ar alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

19. —Leasaítear leis seo alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó le duine atá bainteach leis an léasóir is neasa nó leis an uasléasóir” a chur isteach i ndiaidh “le huasléasóir” sa mhíniú ar “préimh” i bhfo-alt (1),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Nuair a bheidh ré léasa á dhéanamh amach, chun críocha na Caibidle seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) i gcás ina dtabharfaidh aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon chúinsí eile gur neamhdhócha go leanfaidh an léas thar dháta roimh an lá a bheidh deireadh le téarma an léasa agus nach raibh an phréimh i bhfad níos mó ná bheadh sí (ar na toimhdeana a cheanglaítear le mír (b)) dá mba théarma é a rachadh in éag ar an dáta sin, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta sin, agus

(ii) i gcás ina mbeidh ar théarmaí an léasa foráil le ré an léasa a shíneadh thar dháta áirithe trí fhógra ón léasaí, féadfar aon chúinsí a thugann gur dócha go sínfear ré an léasa amhlaidh a chur san áireamh, agus

(iii) i gcás an léasaí nó duine atá bainteach leis a bheith, nó a theacht chun bheith, i dteideal léasa breise, nó go ndeonófaí dó léas breise (cibé uair a thosóidh), ar an áitreabh céanna nó ar áitreabh ina bhfuil iomlán an áitribh chéanna nó cuid de, féadfar a mheas nach rachaidh an léas in éag roimh théarma an léasa breise.

(b) Cuirfear mír (a) chun feidhme faoi threoir na bhfíoras ab eol nó ab infhionnta tráth an léasa a dheonú, nó, maidir le cáin faoi alt 83 (4), tráth an chonartha ag déanamh forála d'athrú nó do tharscaoileadh den sórt dá dtagraítear san alt sin 83 (4) a dhéanamh; agus nuair a bheidh an mhír sin (a) á cur chun feidhme—

(i) measfar na páirtithe go léir lena mbaineann, is cuma cad é a mbaint le chéile, a bheith ag gníomhú mar a ghníomhóidís dá mbeidís ar neamhthuilleamaí le chéile; agus

(ii) más rud é go ndearnadh leis an léas nó i ndáil le deonú an léasa—

(I) sochair a thabhairt seachas seilbh ghlan agus áitíocht thairbhiúil an áitribh nó an ceart chun cíos a fháil de réir ráta tráchtála réasúnaigh ina leith, nó

(II) íocaíochtaí a íoc nach mbeadh súil ann a d'íocfadh páirtithe a bhí ag gníomhú amhlaidh dá mba nár tugadh amhlaidh aon sochair eile,

toimhdeofar freisin, mura suífear nach chun buntáiste cánach a fháil i bhfeidhmiú na Caibidle seo a tugadh na sochair nó a íocadh na híocaíochtaí, nach dtabharfaí na sochair ná nach n-íocfaí na híocaíochtaí dá mba ar feadh téarma dar críoch an dáta a luaitear i mír (a) an léas.”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) I gcás cúis a bheith ag cigire a chreidiúint go bhfuil eolas ag duine maidir le ré léasa a fhionnadh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal air cibé eolas a bheidh aige maidir leis na hábhair a bheidh sonraithe san fhógra agus is iomchuí i ndáil de fionnachtain ré an léasa a thabhairt laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire.”,

agus tá an míniú ar phréimh san fho-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, cibé acu leis an léasóir is neasa nó le huasléasóir nó le duine atá bainteach leis an léasóir is neasa nó leis an uasléasóir is iníoctha í;

Leasú ar alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

20. —Leasaítear leis seo alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Más ina thráthchodanna is iníoctha méid a bhfuil duine inmhuirir i leith cánach faoina threoir de bhua an ailt seo, féadfar, má shásaíonn an duine is inmhuirir na Coimisinéirí Ioncaim go gcuirfeadh a mhalairt cruatan míchuí air, an cháin is inmhuirir a íoc de réir mar is rogha leis i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí thar thréimhse nach faide ná ocht mbliana agus a chríochnóidh tráth nach déanaí ná an t-am a mbeidh an ceann deireanach de na tráthchodanna chéadluaite iníoctha.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) I gcás feidhm a bheith ag fomhír (iii) d'alt 80 (2) (a), féadfar déileáil leis an bpréimh, nó le cuid iomchuí den phréimh, is iníoctha ar aon léas nó i ndáil le haon léas a luaitear san fhomhír sin, mar phréimh nó cuid a éilíodh faoi aon léas eile.”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Forléireofar tagairt san alt seo do shuim mar thagairt a fholaíonn luach aon chomaoine, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shuim a íocadh nó is iníoctha nó do shuim a íoc.”.

Achomhairc in aghaidh cinntí faoi ailt 83 go 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

21. —(1) I gcás inar dealraitheach don chigire go bhféadfadh cinneadh aon suim a bhféadfadh cáin a bheith inmhuirir ar dhuine ina leith de bhua alt 83, 84 nó 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , difear a dhéanamh do dhliteanas cánach daoine eile, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na daoine sin agus freisin don duine chéadluaite faoin gcinneadh a bheartaíonn sé a dhéanamh agus faoi na cearta a thugtar dóibh leis an alt seo.

(2) Aon duine dá dtabharfar fógra den sórt sin féadfaidh sé, laistigh de lá is fiche tar éis an dáta ar a dtabharfar an fógra, agóid in aghaidh an chinnte bheartaithe a dhéanamh trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag alt 416 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon fhógra den sórt sin, mar atá feidhm aige maidir le fógra achomhairc faoin alt sin 416.

(3) I gcás fógraí a bheith tugtha faoi fho-alt (1) agus gan fógra agóide a bheith tugtha go cuí faoi fho-alt (2), déanfaidh an cigire an cinneadh mar a bheidh beartaithe ina fhógraí agus ní thabharfar an cinneadh faoi cheist in aon imeachtaí:

Ar choinníoll nach n-oibreoidh an fo-alt seo chun cosc a chur le haon duine nár tugadh fógra dó faoi fho-alt (1) achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh den sórt sin ón gcigire a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhliteanas cánach an duine sin.

(4) I gcás fógra agóide a bheith tugtha go cuí, déanfar an tsuim a luaitear i bhfo-alt (1) a chinneadh mar a chinnfí achomharc agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc í a chinneadh amhlaidh.

(5) Féadfaidh na daoine go léir dar tugadh fógraí faoi fho-alt (1) páirt a ghlacadh in aon imeachtaí faoi fho-alt (4) agus in aon achomharc a leanfaidh as na himeachtaí sin agus beidh siad faoi cheangal ag an gcinneadh a dhéanfar sna himeachtaí nó ar achomharc, cibé acu a ghlac siad páirt sna himeachtaí nó nár ghlac, agus beidh a gcomharbaí i dteideal faoin gceangal céanna.

(6) D'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht nó aon srian eile ar nochtadh faisnéise, féadfaidh ráiteas a bheith i bhfógra faoi fho-alt (1) ag insint na bhforas ar a mbeartaíonn an cigire an cinneadh a dhéanamh.

(7) Féadfaidh cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire, a mheasfaidh an cigire is gá chun a chinneadh an dtabharfaidh sé fógra faoi fho-alt (1) d'aon duine.

(8) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí.

Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 19 go 21.

22. —(1) Beidh éifeacht ag Cuid I den Dara Sceideal chun ailt 19 go 21 agus an t-alt seo a fhorlíonadh.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a leasú a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(3) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.