An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Ilghnéitheach agus Forlíontach) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 2 Cuideachtaí agus Scairshealbhóirí)

20 1975

AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

SCEIDEAL 1

Rialacha Ríomha

Alt 11 agus 51.

CUID I

Ginearálta

Réamhráiteach

1.—(1) Ní hinlamhála, agus ríomh á dhéanamh faoin Acht seo, asbhaint a dhéanamh níos mó ná uair amháin as aon suim ná as níos mó ná suim amháin.

(2) Beidh ar áireamh tagairtí sa Sceideal seo do shuimeanna a chuirfear i gcuntas mar fháltais nó mar chaiteachas le linn brabúis, gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim tagairtí do shuimeanna a chuirfí i gcuntas amhlaidh mura mbeadh nach inmhuirearaithe cáin ioncaim ar aon bhrabúis nó gnóchain ó thrádáil, gairm nó fostaíocht nó nach inlamhála caillteanais chun na gcríocha sin.

(3) Sa Chuid seo folaíonn tagairtí d'ioncam nó do bhrabúis ar ar muirearaíodh nó ar arbh inmhuirearaithe cáin tagairtí d'ioncam nó do bhrabúis a cuireadh faoi cháin nó, de réir mar a bheidh, is inchurtha faoi cháin trí asbhaint ag an bhfoinse.

(4) Chun críocha aon ríomha faoin Sceideal seo déanfar aon chionroinnt riachtanach ar aon chomaoin nó ar aon chaiteachas agus, faoi réir na bhforálacha sainráite den Sceideal seo, is é an modh cionroinnte a fheidhmeofar cibé modh a mheasfaidh an cigire nó, i gcás achomhairc, na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

(5) Sa Sceideal seo tá le “liúntas athnuachaintí” an bhrí a shanntar dó le mír 5 (3).

(6) Ní foláir mír 6 agus na forálacha eile go léir le caiteachas a chionroinnt ar pháirt-diúscairt a bheith déanta, is caiteachas is inasbhainte agus gnóchan á ríomh, a chur i ngníomh sula gcuirfear iad seo a leanas i ngníomh agus ar neamhshuim leo—

(a) alt 13 (5) (daoine pósta),

(b) alt 28 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh),

(c) aon fhoráil eile a dhéanann coigeartú dá áirithiú nach bhfaibhreoidh gnóchan ná caillteanas as diúscairt.

Suimeanna ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim a eisiamh ó chomaoin i leith diúscairtí

2.—(1) Eisiafar ón gcomaoin i leith sócmhainní a dhiúscairt a cuireadh i gcuntas le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a bheith á ríomh faoin Sceideal seo aon airgead nó luach airgid ar ar muirearaíodh cáin ioncaim mar ioncam de chuid an duine a rinne an diúscairt nó a cuireadh i gcuntas mar fháltas le linn ioncam, brabúis, gnóchain nó caillteanais an duine a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim:

Ar choinníoll nach measfar go mbaineann an t-eisiamh ó chomaoin faoin bhfomhír seo le ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D chun srian a chur le faoiseamh i leith costas bainistí faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Ní mheasfar go n-eisiann fomhír (1) ón gcomaoin a bheidh curtha i gcuntas amhlaidh aon airgead nó luach airgid a chuirfear i gcuntas le linn muirear cothromaíochta a bheith á ghearradh faoi Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Ní bhacfaidh an mhír seo luach caipitlithe cíosa (amhail i gcás ina malartaítear cíos ar shócmhainn éigin eile), nó luach cirt d'aon sórt eile chun ioncaim nó chun íocaíochtaí i modh ioncaim thar thréimhse, nó chun sraith íocaíochtaí i modh ioncaim, a chur i gcuntas le linn ríomha faoin Sceideal seo mar chomaoin i leith sócmhainn a dhiúscairt.

(4) Sa mhír seo folaíonn “cíos” aon mhuirear cíosa, cíos feofheirme agus aon íocaíocht i modh cíosa.

Caiteachas: forálacha ginearálta

3.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní bheidh sna suimeanna is inlamhála mar asbhaint as an gcomaoin le linn gnóchan a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt sócmhainne a bheith á ríomh faoin Sceideal seo ach—

(a) méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais fhoghabhálacha a thit air ag fáil na sócmhainne nó, i gcás nach bhfuair sé an tsócmhainn, aon chaiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach ag soláthar na sócmhainne,

(b) méid aon chaiteachais a thabhaigh sé nó a tabhaíodh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach ar an tsócmhainn chun luach na sócmhainne a mhéadú, is caiteachas a bhí le brath i staid nó i nádúr na sócmhainne tráth na diúscartha, agus aon chaiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti,

(c) na costais fhoghabhálacha a thit air de bharr na diúscartha.

(2) Chun críocha na míre seo agus chun críocha gach forála eile den Acht seo, i gcás an duine a rinne an diúscairt, is iad na costais fhoghabhálacha a thit air ag fáil nó ag diúscairt na sócmhainne an caiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na fála nó, cibé acu é, na diúscartha, ba tháillí, coimisiún nó luach saothair a íocadh as seirbhísí gairmiúla aon suirbhéara nó

luachálaí, nó ceantálaí, nó cuntasóra, nó gníomhaire nó comhairleora dlí agus costais aistrithe nó tíolacais (lena n-áirítear dleacht stampa) maille le—

(a) i gcás sócmhainn a fháil, costais fógraíochta chun díoltóir a fháil, agus

(b) i gcás diúscartha, costais fógraíochta chun ceannaitheoir a fháil agus costais a tabhaíodh le réasún ag déanamh aon luachála nó cionroinnte ba ghá le haghaidh an ríomha faoin Sceideal seo, lena n-áirítear go háirithe caiteachais a tabhaíodh le réasún ag fionnadh an mhargadhluacha i gcás inar cheangail an tAcht seo sin.

(3) (a) I gcás—

(i) inar thabhaigh cuideachta caiteachas ag déanamh aon fhoirgnimh, déanmhais nó oibreacha, ar caiteachas é is inlamhála mar asbhaint faoi fhomhír (1) le linn gnóchan a bheith á ríomh a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta as an bhfoirgneamh, an déanmhas nó na hoibreacha, nó aon sócmhainn ina raibh an céanna cuimsithe, a dhiúscairt,

(ii) inar as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin, agus

(iii) inar mhuirearaigh an chuideachta ar chaipiteal an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin is inchurtha i leith tréimhse dar chríoch dáta na diúscartha nó dáta roimhe sin,

folóidh na suimeanna is inlamhála amhlaidh faoin bhfomhír sin (1) an méid den ús sin a muirearaíodh ar chaipiteal ach amháin a mhéid a cuireadh an t-ús sin i gcuntas chun críocha faoisimh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, nó a mhéid a d'fhéadfaí é a chur i gcuntas amhlaidh mura mbeadh neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús nó gnóchan.

(b) Faoi réir chlásal (a), ní hinlamhála aon íocaíocht úis mar asbhaint faoin mír seo.

(4) Gan dochar d'fhorálacha mhír 4, eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoin mír seo aon phréimh nó íocaíochtaí eile a íocadh faoi aon pholasaí árachais in aghaidh aon sórt damáiste nó díobhála tarlú don tsócmhainn nó in aghaidh cailleadh nó díluachadh na sócmhainne.

(5) I gcás gnóchan a d'fhaibhrigh chuig duine as sócmhainn nó as ceart chun sócmhainne nó thairsti nó as leas i sócmhainn nó thairsti a dhiúscairt, is sócmhainn ar tháinig sé ina teideal go hiomlán mar leagáidí nó amhail in aghaidh iontaobhaithe maoine socraithe, beidh—

(a) aon chaiteachas faoi fhomhír (2) a thabhaigh sé i ndáil leis an tsócmhainn a aistriú chuige ag na hionadaithe pearsanta nó ag na hiontaobhaithe, agus

(b) aon caiteachas den sórt sin a thabhaigh na hionadaithe pearsanta nó na hiontaobhaithe i ndáil les an tsócmhainn a aistriú,

inlamhála mar asbhaint faoin mír seo.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte, beidh an cháin is inmhuirearaithe faoi dhlí aon tíre lasmuigh den Stát ar shócmhainn a dhiúscairt agus is muirear ar an duine a rinne an diúscairt inlamhála mar asbhaint sa ríomh faoin Sceideal seo.

(7) Eisiafar as an ríomh faoin Sceideal seo aon chaiteachas arna íoc nó a bheidh le híoc go díreach nó go hindíreach, ag aon rialtas, ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil sa Stát nó in aon áit eile.

Caiteachas a eisiamh faoi threoir cánach ioncaim

4.—(1) Eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas is inlamhála mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais as trádáil nó gairm a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó is inlamhála mar asbhaint le linn aon ioncam nó brabúis nó gnóchain nó caillteanais eile a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus aon chaiteachas nach inlamhála amhlaidh mar asbhaint le linn aon chaillteanais a bheith á ríomh ach ab inlamhála amhlaidh mura mbeadh neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús nó gnóchan; agus beidh feidhm ag an bhfomhír seo is cuma cé acu a thabharfar nó a thabharfaí éifeacht don asbhaint le linn an méid cánach is inmhuirearaithe a bheith á ríomh nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó aon slí eile.

(2) Gan dochar d'fhorálacha fhomhír (1), eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas a bheadh, dá mbeadh na sócmhainní, nó na sócmhainní go léir lena mbaineann an ríomh, agus dá mba go raibh siad i gcónaí, ar teachtadh nó á n-úsáid mar chuid de chaipiteal docht trádála arbh inmhuirearaithe cáin ioncaim ar na brabúis nó ar na gnóchain aisti, inlamhála mar asbhaint le linn brabúis gó gnóchain nó caillteanais na trádála a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Srian le caillteanais faoi threoir liúntas caipitiúil agus liúntas athnuachaintí

5.—(1) Ní cheanglóidh mír 4 go n-eisiafar ó na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas mar chaiteachas a dtugtar liúntas caipitiúil nó liúntas athnuachaintí ina leith, ach le linn méid caillteanais a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, eisiafar ó na suimeanna is inlamhála mar asbhaint an oiread sin d'aon chaiteachas ar tugadh aon liúntas caipitiúil nó liúntas athnuachaintí ina leith nó a bhféadfaí sin thabhairt ina leith.

(2) Más amhlaidh a fuair an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn—

(a) trí aistriú i modh díola a ndearnadh roghnú faoi alt 299 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina leith, nó

(b) trí aistriú lena mbaineann alt 277 (5) nó 278 den Acht sin,

(ar forálacha iad faoina ndéileáiltear chun críocha liúntas caipitiúil le haistriú mar aistriú a rinneadh ar luach ísealscríofa), beidh feidhm ag an mír seo amhail is dá mba don duine a rinne an diúscairt (is é sin, an t-aistrí) a tugadh aon liúntas caipitiúil a tugadh don aistreoir i leith na sócmhainne (ach amháin a mhéid a bhí srian faoi na forálacha sin le haon chaillteanas a bhain don aistreoir); agus i gcás inar trí aistriú den sórt sin a fuair an t-aistreoir an tsócmhainn, déanfar liúntais chaipitiúla is féidir de bhua na fomhíre seo a chur i gcuntas i ndáil leis an aistreoir a chur i gcuntas freisin in ndáil leis an aistrí (is é sin, an duine a rinne an diúscairt), agus mar sin de maidir le haon sraith aistrithe a rinneadh roimh an diúscairt.

(3) Sa mhír seo ciallaíonn “liúntas athnuachaintí” asbhaint is inlamhála le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim faoi threoir an chostais a bhaineann le sócmhainn a fháil le cur in ionad sócmhainne eile, agus chun críocha an Sceidil seo déileálfar le liúntas athnuachaintí mar asbhaint is inlamhála i leith an chaiteachais a tabhaíodh ar an tsócmhainn atá á hathshuíomh.

(4) Folófar i méid na liúntas caipitiúil a bheidh le cur i gcuntas faoin mír seo i ndáil le diúscairt aon liúntais a bheidh le tabhairt faoi threoir an teagmhais arb é an diúscairt é, agus bainfear as méid na liúntas méid aon mhuirir chothromaíochta dar tugadh nó dá dtabharfar éifeacht faoi threoir an teagmhais arb é an diúscairt é, nó aon teagmhas roimhe sin, agus méid aon mhuirir chothromaíochta a bhféadfaí éifeacht a thabhairt dó amhlaidh murach roghnú a dhéanamh faoi alt 273 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (rogha i gcás ina gcuirfear innealra nó gléasra in ionad innealra nó gléasra).

Páirt-diúscairt

6.—(1) I gcás duine do dhiúscairt leasa nó cearta i sócmhainn nó thairsti agus go ginearálta, aon uair a bhíonn, tar éis sócmhainn a dhiúscairt, aon chineál maoine a dhíorthaigh as an tsócmhainn sin fágtha gan diúscairt, ansin, chun ríomh a dhéanamh faoin Sceideal seo ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt agus chun an Sceideal so a fheidhmiú maidir leis an maoin a bheidh fágtha gan diúscairt, cionroinnfear na suimeanna is inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1).

(2) Beidh an chuid sin den chaiteachas inlamhála mar asbhaint le linn méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo a mbeidh an coibhneas céanna idir í agus iomlán na suimeanna sin a bheidh idir luach na comaoine i leith na diúscartha agus comhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bheidh fágtha agus cuirfear iarmhéid an chaiteachais i leith na maoine a bheidh fágtha gan diúscairt.

(3) Aon chionroinnt a bheidh le déanamh de bhun na míre seo déanfar í sula gcuirfear forálacha mhír 5 i ngníomh, agus más rud é, tar éis páirt-diúscairt a dhéanamh, go ndiúscrófar sócmhainn dá éis sin is iad na liúntais chaipitiúla nó na liúntais athnuachaintí a bheidh le cur i gcuntas de bhun na míre sin i ndáil leis an diúscairt dá éis sin, faoi réir na chéad fhomhíre eile ina dhiaidh seo, na liúntais is inchurtha i leith na suimeanna is inchurtha, faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1), i leith na sócmhainne roimh an bpáirt-diúscairt nó dá héis, ach déanfar na liúntais sin a laghdú an méid (más ann) a ndearnadh an caillteanas ar an diúscairt roimhe sin a shrianadh faoi fhorálacha na míre sin.

(4) Ní mheasfar go gceanglaíonn an mhír seo aon chaiteachas a chionroinnt is inchurtha go hiomlán, de réir na bhfíoras, i leith na sócmhainne nó na coda den tsócmhainn a diúscraíodh, nó is incurtha go hiomlán i leith na sócmhainne nó na coda den tsócmhainn a bheidh fágtha gan diúscairt.

Sócmhainní a dhíorthaigh as sócmhainní eile

7.—(1) Má dhíorthaigh agus a mhéid a dhíorthaigh, i gcás inar cumascaíodh nó inar roinneadh sócmhainní nó inar athraíodh a ngné nó inar bunaíodh nó inar múchadh cearta nó leasanna i sócmhainní nó tharstu, luach sócmhainne as aon sócmhainn eile faoin úinéireacht chéanna, beidh cionúireacht iomchuí de na suimeanna is inlamhála mar asbhaint i leith na sócmhainne eile faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) inchurtha, chun ríomh a dhéanamh ar ghnóchan a d'fhaibhrigh as an tsócmhainn chéadluaite a dhiúscairt agus, má bhíonn an tsócmhainn eile ann fós, as an tsócmhainn eile sin a dhiúscairt, i leith na sócmhainne chéadluaite.

(2) Ríomhfar an chionúireacht iomchuí faoi threoir an mhéid arbh é, tráth na diúscartha, margadhluach na sócmhainní (lena n-áirítear cearta nó leasanna sna sócmhainní nó tharstu) é nár diúscraíodh agus na comaoine a fuarthas i leith na sócmhainní (lena n-áirítear cearta nó leasanna sna sócmhainní nó tharstu) a diúscraíodh.

Sócmhainní cnaoiteacha

8.—(1) Sa Sceideal seo ciallaíonn “sócmhainn chnaoiteach” sócmhainn a bhfuil saol nach faide ná caoga bliain tuartha di ach sin ar shlí—

(a) nach sócmhainn chnaoiteach talamh ruílse is cuma cén sórt é agus cén sórt iad na foirgnimh nó na hoibreacha atá air,

(b) go gciallaíonn “saol” i ndáil le haon mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe saol úsáideach, ag féachaint don chuspóir dá bhfuair nó dar sholáthair an duine a rinne an diúscairt na sócmhainní inláimhsithe,

(c) go measfar, i ngach cás, gur saol intuartha is giorra ná caoga bliain saol intuartha gléasra agus innealra, agus nuair a bheifear ag meas an tsaoil sin toimhdeofar go mbeidh deireadh leis nuair a chuirfear as úsáid é go críochnaitheach ar scór nach inúsáidte feasta é, agus go n-úsáidfear é sa ghnáthshlí agus a mhéid is gnáth agus gur mar sin a úsáidfear é ar feadh an tsaoil a mheastar amhlaidh dó, agus

(d) nach sócmhainn chnaoiteach leas saoil i maoin shocraithe go dtí gur caoga bliain nó tréimhse is giorra ná sin ionchas saoil intuartha an tionónta saoil, agus déanfar amach ó tháblaí achtúireachta a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim saol intuartha leasanna saoil i maoin shocraithe agus blianachtaí.

(2) Sa Sceideal seo ciallaíonn “an t-iarmharluach nó an dramhluach”, i ndáil le sócmhainn chnaoiteach, an méid, más aon mhéid é, a thuartar is fiú an tsócmhainn chnaoiteach i ndeireadh a saoil intuartha arna mheas de réir na míre seo.

(3) I ndáil le fad saoil intuartha sócmhainne, agus i ndáil leis an iarmharluach nó an dramhluach, más aon luach é, a thuartar di i ndeireadh an tsaoil sin, glacfar, a mhéid nach n-insíonn gné na sócmhainne féin sin, maidir le haon diúscairt ar an tsócmhainn, gurb amhlaidh dóibh mar ab eol nó mar ab infhionnta iad an tráth a fuair nó a sholáthair an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn.

Sócmhainní cnaoiteacha: srian le caiteachas inlamhála

9.—(1) Le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as sócmhainn chnaoiteach a dhiúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, toimhdeofar—

(a) aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (a), tar éis iarmharluach nó dramhluach na sócmhainne, más aon luach é, a asbhaint, a bheith á dhíscríobh de réir ráta chomhréirigh óna mhéid iomlán tráth na sócmhainne a fháil nó a sholáthar go dtí dada i ndeireadh a saoil, agus

(b) aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) a bheith á dhíscríobh de réir ráta chomhréirigh ó mhéid iomlán an chaiteachais sin tráth an chaiteachais sin a bhrath den chéad uair i staid nó i nádúr na sócmhainne go dtí dada i ndeireadh a saoil.

(2) Má bhunaíonn nó má mhéadaíonn aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) iarmharluach nó dramhluach na sócmhainne, is é an t-iarmharluach nó an dramhluach a bunaíodh amhlaidh nó arna mhéadú amhlaidh an t-iarmharluach nó an dramhluach a asbhainfear faoi fhomhír (1) (a).

(3) Ní hinlamhála mar chaiteachas faoi mhír 3 aon chaiteachas a díscríobhadh faoin mír seo.

Sócmhainní cnaoiteacha atá cáilithe le haghaidh liúntas caipitiúil

10.—(1) Ní bheidh feidhm ag mír 9 maidir le diúscairt sócmhainne—

(a) a úsáideadh agus a úsáideadh d'aontoisc chun críocha trádála nó gairme ó thosach tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt go dtí tráth na diúscartha, agus ar éiligh an duine sin aon liúntas caipitiúil nó a bhféadfadh sé aon liúntas caipitiúil a éileamh ina leith i ndáil le haon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásal (a) nó (b) de mhír 3 (1), nó

(b) ar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt aon chaiteachas ina leith atá cáilithe go hiomlán thairis sin le haghaidh aon liúntais chaipitiúil.

(2) I gcás diúscairt sócmhainne a úsáideach, le linn tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt, go páirteach chun críocha trádála nó gairme agus go páirteach chun críocha eile, nó a úsáideadh chun críocha trádála nó gairme ar feadh coda den tréimhse sin, nó nach bhfuil cáilithe thairis sin ach go páirteach le haghaidh liúntais chaipitiúil—

(a) déanfar comaoin na diúscartha, agus aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne le clásal (a) nó (b) de mhír 3 (1), a chionroinnt faoi threoir na méide a cháiligh an caiteachas sin le haghaidh liúntas caipitiúil,

(b) déanfar an ríomh faoin Sceideal seo ar leithligh i ndáil leis na codanna cionroinnte den chaiteachas agus den chomaoin,

(c) ní bheidh feidhm ag mír 9 chun críocha an ríomha i ndáil leis an gcuid den chomaoin a cionroinneadh i leith úsáide chun críocha na trádála nó na gairme nó i leith an chaiteachais a bhí cáilithe le haghaidh liúntas caipitiúil,

(d) má cionroinneadh comaoin na diúscartha chun aon liúntas caipitiúil a thabhairt don duine a rinne an diúscairt nó chun aon mhuirear cothromaíochta a ghearradh air, úsáidfear an chionroinnt sin chun críocha na míre seo, agus

(e) faoi réir chlásal (d), déanfar comaoin na diúscartha a chion roinnt chun críocha na míre seo sna cionúireachtaí céanna ina ndéantar an caiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne a chionroinnt faoi chlásal (a).

Dliteanais Theagmhasacha

11.—Ní thabharfar aon liúntas faoi mhír 3—

(a) i gcás diúscairt i modh léas ar thalamh nó ar mhaoin eile a shannadh, i leith aon dliteanas a bheidh fanta, nó

glactha air féin, ag an duine a rinne an diúscairt i modh an léas a shannadh is diúscairt a bhí teagmhasach ar mhainneachtain i ndáil le dliteanais a ghlac an sannaí air féin tríd sin nó ina dhiaidh sin faoi théarmaí agus coinníollacha an léasa,

(b) i leith aon dliteanas teagmhasach de chuid an duine a rinne an diúscairt i ndáil le haon chúnant i ndáil le sealúchas síothach nó oibleagáid eile a glacadh—

(i) mar dhíoltóir talún, nó aon eastáit nó leasa i dtalamh,

(ii) mar léasóir, nó

(iii) mar dheontóir rogha a cheangail air talamh nó leas i dtalamh a dhíol nó léas ar thalamh a dheonú,

(c) i leith aon dliteanas teagmhasach i ndáil le baránta a tugadh nó uirríoll a rinneadh ar aon mhaoin seachas talamh a dhiúscairt i modh díola nó léasaithe:

Ar choinníoll má shuitear chun sástacht an chigire go bhfuil aon dliteanas teagmhasach den sórt sin tagtha chun bheith inchurtha i ngníomh agus go bhfuil sé á chur i ngníomh nó gur cuireadh i ngníomh é, go ndéanfar cibé coigeartú is gá, mar urscaoileadh nó mar aisíoc cánach nó eile.

Talamh Coille

12.—(1) Le linn an gnóchan a bheith á ríomh faoin Sceideal seo a d'fhaibhrigh as talamh coille a dhiúscairt ag pearsa aonair, eisiafar—

(a) comaoin as crainn a bhí ag fás ar an talamh a dhiúscairt, agus

(b) d'ainneoin forálacha alt 8 (2), suimeanna caipitiúla a fuarthas faoi pholasaí árachais i ndáil le crainn a dhíothú, a dhamáistiú nó a dhíobhálú ag dóiteán nó fiontar eile ar an talamh sin.

(2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoin Sceideal seo déanfar neamhshuim den mhéid sin de chostas talún coille is inchurtha i leith crann ag fás ar an talamh sin.

(3) Folaíonn tagairtí do chrainn sa mhír seo tagairtí do chasarnach indíola.

Déileáil in urrúis, tráchtearraí, etc.. inmhargaidh:comhchistiú

13.—(1) Measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le haon uimhir scaireanna den aicme chéanna a theachtann duine amháin i gcáil amháin gur codanna do-aitheanta iad de shócmhainn aonraic (dá ngairter sealbhán sa mhír seo) a fhásann nó a laghdaíonn ar na hócáidí a fhaightear tuilleadh scaireanna den aicme áirithe sin, nó a dhiúscraítear roinnt de na scaireanna den aicme áirithe sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), is ionann scaireanna i sealbhán a dhiúscairt, seachas diúscairt iomlán ar an sealbhán go léir, agus cuid de shócmhainn a dhiúscairt agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le gnóchan a ríomh a fhaibhríonn ar chuid de shócmhainn a dhiúscairt.

(3) Ní dhéileálfar chun críocha na míre seo le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura ndéileáiltear amhlaidh leo de réir ghnás stocmhargaidh sa Stát nó in áit eile nó go ndéileálfaí amhlaidh leo dá ndéileálfaí leo are stocmhargadh den sórt sin, ach déileálfar de réir na míre seo le scaireanna d'ainneoin iad a bheith sonraithe ar dhóigh éigin eile leis an diúscairt nó leis an aistriú nó leis an seachadadh a thug éifeacht di.

(4) Beidh feidhm go leithleach ag an mír seo maidir le haon scaireanna de chuid cuideachta a bheidh ar teachtadh ag duine chun ar eisíodh iad mar fhostaí leis an gcuideachta nó le haon duine eile ar théarmaí a shrianann a chearta iad a dhiúscairt, fad a bheidh na téarmaí sin i ngníomh, agus fad a bheidh feidhm go leithleach acu maidir le haon scaireanna den sórt sin, beidh éifeacht acu amhail is dá mba i gcáil a bheidís ar teachtadh ag an úinéir seachas an cháil ina mbeidh aon scaireanna eile den aicme chéanna ar teachtadh aige.

(5) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sa mhír seo difear don mhodh ina mbeidh margadhluach aon sócmhainne le fionnadh.

(6) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (3), maidir le diúscairt aon sócmhainní mar atá feidhm aici maidir le diúscairt scaireanna, i gcás inar sócmhainní iad de chineál a ndéileálfar leo gan na sócmhainní áirithe a dhiúscraíodh nó a fuarthas a shonrú.

(7) Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le scaireanna a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, fad a bheidh siad ar teachtadh ag an duine sin, agus, go háirithe, ní bheidh feidhm aici maidir le diúscairt na scaireanna aige.

(8) Tá feidhm ag an mír seo maidir le hurrúis mar atá feidhm aici maidir le scaireanna.

(9) Beidh feidhm ag an mír seo faoi réir forálacha mhír 14.

Diúscairt laistigh de cheithre sheachtain tar éis fála

14.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an duine céanna sa cháil chéanna scaireanna a dhiúscairt d'aon-aicme le scaireanna a fuair sé laistigh de cheithre sheachtain roimh an diúscairt, déanfar na scaireanna a diúscraíodh a shonrú leis na scaireanna a fuarthas amhlaidh laistigh de na ceithre sheachtain sin.

(2) I gcás inar mó an chainníocht scaireanna den aicme chéanna a diúscraíodh ná an chainníocht scaireanna den aicme chéanna a fuarthas laistigh den tréimhse cheithre sheachtain roimh an diúscairt, sonrófar an bhreis le scaireanna den aicme chéanna a fuarthas ar dhóigh seachas laistigh den tréimhse cheithre sheachtain.

(3) I gcás ina bhfaibhreoidh caillteanas chuig duine as scaireanna a dhiúscairt agus go bhfaighidh sé in athuair scaireanna den aicme chéanna laistigh de cheithre sheachtain tar éis na diúscartha, ní bheidh an caillteanas sin inlamhála faoi alt 12 ach amháin mar asbhaint as gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige as na scaireanna a fuair sé in athuair a dhiúscairt:

Ar choinníoll, más lú an chainníocht scaireanna a fuarthas in athuair amhlaidh ná an chainníocht a diúscraíodh amhlaidh, gurb inlamhála faoi alt 12 an chionúireacht sin den chaillteanas a mbeidh idir é agus an cion den chaillteanas as an diúscairt an coibhneas céanna a bheidh idir an chainníocht nach bhfuarthas athuair agus an chainníocht a diúscraíodh.

(4) I gcás fear agus a bhanchéile ina cónaí leis—

(a) beidh feidhm ag fomhíreanna (1) agus (2), modhnaithe mar is gá, i gcás duine díobh d'fháil scaireanna agus an duine eile díobh do dhiúscairt scaireanna den aicme chéanna laistigh de cheithre sheachtain; agus

(b) beidh feidhm freisin ag fomhír (3), modhnaithe mar is gá, i gcás caillteanas faibhriú chuig duine díobh as an diúscairt agus an duine eile díobh fáil na scaireanna tar éis na diúscartha.

(5) Tá feidhm ag an mír seo maidir le hurrúis mar atá feidhm aici maidir le scaireanna.

(6) Beidh feidhm ag míreanna 13, 16 agus 20 faoi réir fhomhír (1).

Leithreasú isteach i stoc trádála agus amach as

15.—(1) I gcás duine d'fháil sócmhainne seachas mar stoc trádála thrádáil a sheolann sé agus é dá leithreasú chun críocha na trádála mar stoc trádála (cibé acu le linn an trádáil tosú nó eile é) agus, dá mba gur dhíol sé an tsócmhainn an tráth sin ar a margadhluach, go bhfaibhreodh gnóchan inmhuirearaithe nó caillteanas inlamhála chuige, déileálfar leis ionann is gur dhiúscair sé an tsócmhainn tríd sin trína díol ar mhargadhluach na sócmhainne an tráth sin.

(2) Má dhéanann duine aon tráth sócmhainn is cuid de stoc trádála thrádáil dá chuid a leithreasú chun aon chríche eile, nó má choimeádann sé é ar é do scor den trádáil a sheoladh, déileálfar leis mar dhuine a fuair í an tráth sin ar chomaoin ar cóimhéid leis an méid a tugadh isteach i gcuntais na trádála ina leith chun críocha cánach ioncaim tráth an leithreasaithe nó tráth a scoir sé den trádáil a sheoladh, cibé acu é.

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le leithreasú sócmhainne ag duine chun críocha trádála más inmhuirearaithe cáin ioncaim air i leith bhrabúis na trádála faoi Chás I de Sceideal D, agus go roghnóidh sé ina ionad sin go ndéileálfar, le linn brabúis na trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, le mar gadhluach na sócmhainne tráth an leithreasaithe amhail is dá mba lú é de mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe nó dá mba mhó de mhéid an chaillteanais inlamhála dá dtagraítear san fhomhír sin, agus i gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír mar gheall ar an roghnú sin, déanfar brabúis na trádála a ríomh dá réir sin:

Ar choinníoll, má bhíonn duine a dhéanfaidh roghnú faoin bhfomhír seo ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht le daoine eile tráth an leithreasaithe, nach mbeidh éifeacht leis an roghnú mura mbeidh comhthoiliú na ndaoine eile leis.

CUID II

Sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974

Urrúis luaite

16.—(1) Baineann an mhír seo—

(a) le scaireanna agus urrúis a raibh, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, nó a raibh margadhluachanna luaite den sórt sin orthu tráth ar bith sa tréimhse sé bliana dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

(b) le cearta sealbhóirí aonad in aon iontaobhas aonad (lena n-áirítear aon iontaobhas aonad a bunaíodh go dleathach lasmuigh den Stát) a bhfoilsíonn bainisteoirí an iontaobhais aonad a phraghsanna go rialta.

(2) Chun críocha an Achta seo toimhdeofar, mar ar iomchuí, go ndearna an duine a raibh aon sócmhainní lena mbaineann an mhír seo ar teachtadh aige an 6ú lá d'Aibreán, 1974, na sócmhainní sin a dhíol, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, ar a margadhluach ar an dáta sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (2) maidir le sócmhainní a dhiúscairt—

(a) más rud é ar an toimhde san fhomhír sin go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas (arna ríomh de réir forálacha Chuid I den Sceideal seo) a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici, nó

(b) más rud é ar an toimhde i bhfomhír (2) go bhfaibhreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici,

agus dá réir sin déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na Coda seo ach amháin go dtoimhdeofar, maidir leis an diúscairt, i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige ar an diúscairt a dhéanamh.

(4) Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le diúscairt scaireanna nó urrús i gcuideachta ag duine ar eisíodh na scaireanna sin chuige mar fhostaí de chuid na cuideachta nó de chuid duine éigin eile ar théarmaí a shrianann a chearta iad a dhiúscairt.

(5) Chun—

(a) scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a shonrú le scaireanna a fuarthas roimhe sin, agus

(b) scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh ar an dáta sin a shonrú le scaireanna nó urrúis a diúscraíodh dá éis sin, agus iad a idirdhealú ó scaireanna nó urrúis a fuarthas dá éis sin,

a mhéid is gá an sonrú sin chun críocha fhomhír (3), agus a mhéid gur den aicme chéanna na scaireanna nó na hurrúis, measfar scaireanna nó urrúis a fuarthas tráth níos luaithe a bheith diúscartha roimh scaireanna nó urrúis a fuarthas tráth níos déanaí.

Díolacháin talún sa Stát a léiríonn luach forbartha

17.—(1) Beidh feidhm ag an mír seo maidir le diúscairt sócmhainne ar talamh sa Stát í—

(a) dá mbeadh, mura mbeadh an mhír seo, aon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ar áireamh sa chaiteachas ab inlamhála mar asbhaint le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, agus

(b) más mó comaoin na diúscartha ná an méid arbh é margadhluach na sócmhainne é dá dtarlódh, díreach roimh an diúscairt, gur éirigh sé neamhdhleathach aon fhorbairt a dhéanamh (de réir brí alt 3 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ), sa talamh, ar an talamh nó thar an talamh seachas forbairt de na cineálacha a shonraítear in alt 4 (1) den Acht sin.

(2) Chun críocha an Achta seo, toimhdeofar maidir leis an diúscairt agus, más páirt-diúscairt í, maidir le haon diúscairt dá éis sin ar an tsócmhainn is talamh sa Stát, gur dhíol an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar a margadhluach an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(3) Beidh feidhm freisin ag fomhír (2) maidir le haon pháirtdiúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn agus, má muirearaíodh cáin, nó má lamháladh faoiseamh, faoi threoir na páirtdiúscartha sin de réir aon fhorála eile den Acht seo, déanfar na coigeartuithe sin go léir, mar mheasúnacht nó mar urscaoileadh nó mar aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na fomhíre seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag fomhír (2) maidir le diúscairt sócmhainní—

(a) má rud é ar an toimhde san fhomhír sin go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas (arna ríomh de réir forálacha Chuid I den Sceideal seo) a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici, nó

(b) más rud é ar an toimhde i bhfomhír (2) go bhfaibreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici,

agus dá réir sin déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na Coda seo ach amháin go dtoimhdeofar, maidir leis an diúscairt, i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige ar an diúscairt a dhéanamh.

Cionroinnt gnóchain nó caillteanais faoi threoir ráta comhréireach fáis ar feadh tréimhse úinéireachta

18.—(1) Tá feidhm ag an mír seo faoi réir forálacha mhíreanna 16 agus 17.

(2) Ar dhuine ar thosaigh a thréimhse úinéireachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do dhiúscairt sócmhainní, ní gnóchan inmhuirearaithe ach an oiread sin d'aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheidh le cionroinnt faoin mír seo i leith na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(3) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo, toimhdeofar gur fhás an gnóchan de réir ráta chomhréirigh ó dhada i dtosach na tréimhse úinéireachta go dtí a lánmhéid tráth na diúscartha agus déanfar an cion is inchurtha i leith na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a chinneadh dá réir sin.

(4) Má bhaineann mír 3 (1) (b) le haon chuid den chaiteachas is inlamhála mar asbhaint le linn an gnóchan a bheith á ríomh faoin Sceideal seo—

(a) cuirfear an gnóchan i leith an chaiteachais, má b'ann, is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a) mar mhír amháin caiteachais, agus i leith na míreanna leithleacha caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) i gcomhréir le méideanna leithleacha na míreanna caiteachais sin, agus an tréimhse a chur i gcuntas a bheidh caite idir an tráth a léiríodh i gcéaduair gach mír caiteachais i luach na sócmhainne agus tráth na diúscartha,

(b) bainfidh fomhír (3) leis an gcuid den ghnóchan a chuirfear i leith an chaiteachais faoi mhír 3 (1) (a),

(c) toimhdeofar maidir le gach cuid den ghnóchan a chuirfear i leith na míreanna caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) gur fhás sé de réir ráta chomhréirigh ó dhada an tráth a léiríodh i gcéaduair an mhír iomchuí caiteachais i luach na sócmhainne go dtí lánmhéid na coda sin den ghnóchan tráth na diúscartha agus ní bheidh an cion de gach cuid den ghnóchan a ndéileálfar leis amhlaidh mar chion a d'fhás roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, inmhuirearaithe agus beidh gach cion a ndéileálfar leis mar chion a d'fhás ar an dáta sin nó dá éis inmhuirearaithe.

(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fomhír (4), nach mbeidh aon chaiteachas ann faoi mhír 3 (1) (a) nó má bhíonn an caiteachas sin, i gcomórtas le haon mhír caiteachais faoi mhír 3 (1) (b), beag ag féachaint do luach na sócmhainne díreach sular tabhaíodh an chéad mhír caiteachais eile, measfar an chuid den ghnóchan nach inchurtha i leith an mhéadaithe ar luach na sócmhainne de bharr aon mhír caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) a bheith curtha i leith caiteachas a tabhaíodh i dtosach na tréimhse úinéireachta agus is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a), agus déanfar an chuid nó na codanna den ghnóchan is inchurtha i leith caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) a laghdú dá réir sin.

(6) Maidir le sócmhainn nach féidir a costas a chinneadh nó a fuarthas ar dhóigh seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí, ní luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1964, tosach na tréimhse a dtoimhdeofar, faoi fhomhíreanna (3) agus (4), a d'fhás gnóchan nó cuid de ghnóchan lena linn, agus beidh éifeacht leis an bhfomhír seo d'ainneoin aon fhorála den Acht seo.

(7) Má bhíonn margadhluach sócmhainne ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, le cinneadh de bhun mhír 6, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (6) amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an tsócmhainn sin ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar an margadhluach sin.

(8) Má bhíonn margadhluach sócmhainne ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, le cinneadh de bhun mhír 6, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (5) amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an tsócmhainn ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar an margadhluach sin, agus dá réir sin, déanfar aon ghnóchan as diúscairt na sócmhainne sin dá éis sin a ríomh—

(a) tríd an ngnóchan nó an caillteanas thar thréimhse dar críoch an dáta sin (dáta na páirt-diúscartha) a chionroinnt de réir na míre seo, agus

(b) tríd an ngnóchan nó an caillteanas go léir thar an tréimhse ó dháta na páirt-diúscartha go dtí dáta na diúscartha dá éis sin a chur i gcuntas.

(9) Chun críocha na míre seo, folóidh tréimhse úinéireachta sócmhainne, i gcás caiteachas i leith sócmhainn as ar dhíorthaigh an tsócmhainn a diúscraíodh a bheith le cur i gcuntas faoi mhír 7, nó i gcás ina mbeadh feidhm aige amhlaidh dá mbeadh aon chaiteachas iomchuí ann i leith na sócmhainne eile sin, tréimhse úinéireachta na sócmhainne eile sin.

(10) Más rud é faoin mír seo nach gnóchan inmhuirearaithe ach cuid de ghnóchan, feidhmeofar an chionúireacht atá in alt 25 (3) (áit chónaí phríobháideach) ar an gcuid sin in ionad í a fheidhmiú ar iomlán an ghnóchain.

Roghnú le haghaidh luachála an 6ú lá d'Aibreán, 1974

19.—(1) Má roghnaíonn an duine a rinne diúscairt é, ní bheidh feidhm ag mír 18 maidir leis an diúscairt sin agus toimhdeofar, chun ríomh a dhéanamh faoin Sceideal seo ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh chuig an duine sin as an diúscairt, agus chun gach críche eile freisin maidir leis an duine sin agus le daoine eile, go ndearna an duine sin na sócmhainní a diúscraíodh agus aon sócmhainní a bheidh le cur i gcuntas i ndáil leis an diúscairt faoi mhír 7, ar sócmhainní iad a bhí ar úinéireacht ag an duine sin an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a dhíol ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, ar an margadhluach a bhí orthu an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le diúscairt sócmhainní a mhéid a d'fhaibhreodh, ar an toimhde san fhomhír sin, caillteanas as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh dá mbeadh an fhomhír sin (1) gan feidhm a bheith aici, ach i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, gnóchan in ionad caillteanais, toimhdeofar, maidir leis an diúscairt, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí, nár fhaibhrigh, ar an diúscairt a dhéanamh, gnóchan ná caillteanas chuig an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll nach measfar go dtugann aon ní san fhomhír seo mír 18 i ngníomh i gcás roghnú a bheith déanta faoi fhomhír (1).

(3) Ní hinchúlghairthe roghnú faoin mír seo.

(4) Ní dhéanfar roghnú faoin mír seo maidir le, nó i ndáil le, sócmhainn a mbeidh a margadhluach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh dháta na diúscartha lena mbaineann an roghnú, le cinneadh de bhun mhír 6.

(5) Déanfar roghnú faoin mír seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta in a ndéanfar an diúscairt nó de cibé am breise a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn.

(6) Ní bhainfidh an mhír seo le diúscairt sócmhainne ar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt aon chaiteachas ina leith a bhí cáilithe le haghaidh aon liúntais chaipitiúil nó aon liúntais athnuachaintí.

Scaireanna, tráchtearraí, etc.

20.—(1) Tá éifeacht leis an mír seo maidir le scaireanna a bhí ar teachtadh ag aon duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, seachas scaireanna a ndéileálfar leo faoin Acht seo mar scaireanna a dhiúscair sé agus a fuair sé ar ais láithreach ar an dáta sin.

(2) Baineann an mhír seo le hurrúis mar a bhaineann sí le scaireanna.

(3) Chun—

(a) na scaireanna a bhí ar teachtadh amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a shonrú le scaireanna a fuarthas roimhe sin, agus

(b) na scaireanna a bhí ar teachtadh amhlaidh ar an dáta sin a shonrú le scaireanna a diúscraíodh dá éis sin, agus iad a idirdhealú ó scaireanna a fuarthas dá éis sin,

a mhéid gur den aicme chéanna na scaireanna, measfar na scaireanna a fuarthas níos luaithe a bheith diúscartha roimh na scaireanna a fuarthas tráth níos déanaí.

(4) Ní dhéileálfar chun críocha na míre seo le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura ndéileálfaí amhlaidh leo dá ndéileálfaí leo ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, ach déileálfar leo de réir na míre seo d'ainneoin iad a bheith sonraithe ar dhóigh eile trí dhiúscairt nó tríd an aistriú nó an seachadadh a thug éifeacht di.

(5) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (4), maidir le haon sócmhainní seachas scaireanna, ar sócmhainní iad de chineál a ndéileálfar leo gan na sócmhainní áirithe a diúscraíodh nó a fuarthas a shonrú.

Atheagrú scairchaipitil, comhshó urrús, etc.

21.—(1) Chun críocha an Achta seo, toimhdeofar maidir le aon scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974 (arna sonrú de réir mhír 20), agus a bhfuil sé le meas, de réir mhíreanna 2 go 5 de Sceideal 2, gur sealbhán nua nó gur cuid de shealbhán nua iad, gur dhíol an duine sin iad, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ar a margadhluach ar an dáta sin.

(2) Más tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1974, a tharla an teagmhas ar toradh air an sealbhán nua de réir na míreanna sin 2 go 5, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (5) de mhír 18 amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an sealbhán nua an tráth sin agus go bhfuair sé ar ais láithreach é, ar a mhargadhluach an tráth sin, agus dá réir sin déanfar méid aon ghnóchain as an sealbhán nua nó aon chuid de a dhiúscairt a ríomh—

(a) tríd an ngnóchan nó an caillteanas thar thréimhse dar chríoch an tráth sin a chionroinnt de réir mhír 18, agus

(b) tríd an ngnóchan nó an caillteanas go léir thar an tréimhse ón tráth sin go dtí dáta na diúscartha a chur i gcuntas.

(3) Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hatheagrú scairchaipiteal cuideachta mura mbeidh de dhifear idir an sealbhán nua agus na scaireanna bunaidh ach amháin gur éagsúil a líon, cibé acu is mó nó is lú é, de scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna bunaidh.

Sócmhainní arna n-aistriú chuig cuideachtaí rialaithe

22.—(1) Tá éifeacht leis an mír seo—

(a) i gcás ina mbeidh aon duine de na daoine a rialaíonn cuideachta rialaithe, nó aon duine a bhfuil (i dtéarmaí alt 33) baint aige le duine a rialaíonn cuideachta rialaithe, tar éis sócmhainní a aistriú chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

(b) i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 18 maidir le diúscairt ag duine de na daoine a rialaíonn cuideachta ar scaireanna nó urrúis sa chuideachta, nó maidir le diúscairt ag duine a raibh, anuas go dtí tráth na diúscartha, sealbhán scaireanna nó urrús aige sa chuideachta, agus ar dhiúscairt í i gceachtar cás a rinneadh tar éis na sócmhainní a aistriú.

(2) A mhéid a bheidh an gnóchan a d'fhaibhrigh chuig an duine sin ar na scaireanna a dhiúscairt inchurtha i leith brabúis as na sócmhainní a aistríodh amhlaidh, tosóidh an tréimhse, a mbeidh sé le meas faoi mhír 18 gur fhás an gnóchan de réir ráta chomhréirigh lena linn, an tráth a aistríodh na sócmhainní chun na cuideachta, agus dá réir sin is gnóchan inmhuirearaithe cuid de ghnóchan is inchurtha i leith brabúis as sócmhainní a aistríodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis.

(3) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás inar caillteanas, agus nach gnóchan, a d'fhaibhrigh as an diúscairt.