|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 2 Cuideachtaí agus Scairshealbhóirí) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 4 Riarachán) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
SCEIDEAL 3 Léasanna | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Léasanna ar thalamh mar shócmhainní cnaoiteacha: srian le caiteachas inlamhála | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.—(1) Ní sócmhainn chnaoiteach léas ar thalamh go dtí an tráth nach faide ná caoga bliain a ré. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Más rud é i dtosach tréimhse úinéireachta léasa ar thalamh go mbeidh sé faoi réir fholéas nach ar chíos é is ionannas do luach iomlán na talún mar aon le haon fhoirgnimh ar an talamh sin agus gur mó luach an léasa i ndeireadh ré an fholéasa, arna mheas de réir mar a bhí i dtosach na tréimhse úinéireachta, ná an caiteachas is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 le linn an gnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh as an léas a dhiúscairt, ní sócmhainn chnaoiteach an léas go dtí go mbeidh deireadh le ré an fholéasa. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) I gcás sócmhainn chnaoiteach is léas ar thalamh, is de réir ráta a shocrófar de réir an Tábla a ghabhann leis an mír seo, agus ní de réir ráta chomhréirigh mar a fhoráiltear le mír 9 de Sceideal 1, an ráta ar dá réir a thoimhdeofar caiteachas a bheith díscríofa. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Dá réir sin, chun ríomh a dhéanamh faoi Sceideal 1 ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt léasa, agus i gcás— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) inar P (1) an céatadán a dhéanfar amach ón Tábla do ré an léasa i dtosach na tréimhse úinéireachta, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) inar P (2) an céatadán a dhéanfar amach amhlaidh do ré an léasa an tráth a léiríodh i gceáduair i nádúr an léasa aon mhír caiteachais is inchurtha i leith an léasa faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) gur P (3) an céatadán a dhéanfar amach amhlaidh do ré an léasa tráth na diúscartha, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ansin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(i) eisiafar ón gcaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoin mír sin 3 (1) (a) codán ar cóimhéid le | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(ii) eisiafar ó aon mhír caiteachais is inchurtha i leith an léasa faoin mír sin 3 (1) (b) codán ar cóimhéid le | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Tá feidhm ag an mír seo d'ainneoin gur tréimhse is faide ná caoga bliain tréimhse úinéireachta an léasa agus, dá réir sin, ní dhéanfar aon chaiteachas a dhíscríobh faoin mír seo i leith aon tréimhse roimh an am a thiocfaidh an léas chun bheith ina shócmhainn chnaoiteach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Beidh feidhm ag mír 10 de Sceideal 1 maidir leis an mír seo mar atá feidhm aici maidir le mír 9 den Sceideal sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN TABLA | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mura slánuimhir blianta ré an léasa is é an céatadán a dhéanfar amach ón Tábla thuas an céatadán don tslánuimhir blianta móide an dóú cuid déag den difríocht idir í sin agus an céatadán don chéad uimhir eile de bhlianta is mó ná sin ar gach mí chorr agus 14 lá chorra nó níos mó a áireamh mar mhí amháin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Préimheanna le haghaidh léasanna | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2.—(1) Faoi réir an Sceidil seo, i gcás ina mbeidh ceangal ann préimh a íoc faoi léas ar thalamh, nó ar dhóigh eile faoi na téarmaí ar deonaíodh léas ar thalamh faoina réir, beidh páirt-diúscairt déanta ar an ruíleas nó ar an tsócmhainn eile as ar deonaíodh an léas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Le linn mír 6 de Sceideal 1 a bheith á feidhmiú ar pháirtdiúscairt den sórt sin, is cuid den mhaoin a bheidh gan diúscairt ceart chun aon chíosa nó íocaíochtaí eile, seachas préimh, is iníoctha faoin léas, agus is é luach an chirt sin a luach tráth na páirt-diúscartha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Iocaíocht le linn léasa a áireamh mar phréimh | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.—(1) I gcás ina dtarlóidh, faoi na téarmaí ar deonaíodh léas ar thalamh faoina réir, go dtiocfaidh suim chun bheith iníoctha ag an léasaí in ionad an chíosa go léir nó coda den chíos in aghaidh aon tréimhse, nó mar chomaoin i leith léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an Sceidil seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid leis an tsuim sin in aghaidh na tréimhse arb iníoctha an tsuim sin ina leith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) I gcás ina dtiocfaidh suim chun bheith iníoctha ag an léasaí ar shlí seachas i modh cíosa i gcomaoin aon cheann de théarmaí léasa ar thalamh a athrú nó a tharscaoileadh, measfar, chun críocha an Sceidil seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon préimhe eile) ar cóimhéid leis an tsuim sin in aghaidh na tréimhse ón tráth a ghlacfaidh a t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht go dtí an tráth a scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Má mheastar faoi fhomhír (1) nó (2) préimh a bheith faighte ag an léasóir, seachas i gcomaoin an léas a ghéilleadh, ansin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) faoi réir chlásal (b), déileálfar leis an léasóir agus leis an léasaí amhail is dá mba í an phréimh sin an chomaoin, nó cuid den chomaoin, as an léas a dheonú a bhí dlite an tráth a deonaíodh an léas, ach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) más léasaí faoi léas nach faide ná caoga bliain a ré an léasóir, beidh feidhm ag an Sceideal seo amhail— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(i) is dá mba gur tugadh an phréimh sin i modh comaoine as an gcuid den fholéas a dheonú lenar bhain an tréimhse a meastar an phréimh a bheith íoctha ina leith, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(ii) dá mba é a bhí sa chomaoin an caiteachas a thabhaigh an foléasaí agus is inchurtha i leith na coda sin den fholéas faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) I gcás feidhm a bheith ag fomhír (3) (a), athríomhfar an gnóchan a d'fhaibhrigh chuig an léasóir as an léas a dhiúscairt trína dheonú agus déanfar, dá réir sin, aon choigeartuithe cánach is gá, trí mheasúnacht don bhliain a mheastar a fuarthas an phréimh nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) I gcás ina measfar faoi fhomhír (1) gur i gcomaoin léas a ghéilleadh a fuarthas préimh, measfar gur comaoin an phréimh sin i leith idirbhirt ar leithligh arb éard é an léasóir do dhiúscairt a leasa sa léas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le hidirbheart nach idirbheart ar neamhthuilleamaí, agus go háirithe maidir le hidirbheart a rinneadh gan chomaoin, amhail is dá mbeadh cibé suim tagtha chun bheith iníoctha ag an tionónta ar dhóigh seachas mar chíos a cheanglófaí air a íoc dá mba idirbheart ar neamhthuilleamaí an t-idirbheart. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foléasanna as gearrléasanna | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4.—(1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le léas is sócmhainn chnaoiteach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as páirt-diúscairt léasa trí fholéas a dheonú ar phréimh (dá ngairtear an phréimh iarbhír sa mhír seo) déanfar an caiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a chionroinnt de réir na míre seo, agus ní bheidh feidhm ag mír 6 de Sceideal 1. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) As gach mír den chaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi na clásail sin (a) agus (b) cionroinnfear i leith na páirt-diúscartha— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) mura lú méid na préimhe iarbhír ná méid a gheofaí mar phréimh ar an bhfoléas sin dá mba ionann an cíos ab iníoctha faoi bhfoléas agus an cíos ab iníoctha faoin léas (dá ngairtear an phréimh iomlán sa mhír seo), an méid (dá ngairtear an méid inlamhála sa mhír seo) atá, faoi mhír 1 (3), le díscríobh thar an tréimhse arb í ré an fholéasa í, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) más lú méid na préimhe iarbhír ná an phréimh iomlán, an chionúireacht sin den mhéid inlamhála is comhionann leis an gcoibhneas idir an phréimh iarbhír agus an phréimh iomlán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Mura bhfuil san fholéas ach foléas ar chuid den talamh a bheidh sa léas, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le cionúireacht den chaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi na clásail sin (a) agus (b) agus is comhionann leis an gcoibhneas idir luach na talún a bheidh san fholéas tráth an foléas a dheonú agus luach na talún sin agus na talún eile a bheidh sa léas an tráth sin: agus déanfar an chuid eile den chaiteachas sin a chionroinnt ar an talamh eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Préimheanna ar a ngearrtar cáin faoi Chás V de Sceideal D a bheith eisiata | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
5.—(1) I gcás ina mbeidh, faoi threoir aon phréimhe, cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (préimheanna, etc., a áireamh mar chíos), ar aon mhéid, eisiafar an méid sin ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar ghnóchan a d'fhaibhrigh ar an leas a dhiúscairt ar ina leith a tháinig an cháin ioncaim chun bheith inmhuirearaithe amhlaidh, ach amháin i gcás, i gcionroinnt faoi mhír 6 den Sceideal sin, ina gcuirtear luach na comaoine i gcuntas i gcomhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bhíonn fágtha gan diúscairt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) I gcás ina mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoin alt sin 83 ar aon mhéid faoi threoir aon phréimhe i leith foléas a deonaíodh as léas nárbh fhaide a ré (is é sin, ré an léasa) ná caoga bliain tráth an léas a dheonú, bainfear an méid sin as aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt arb í an phréimh an chomaoin di arna ríomh de réir forálacha an Achta seo ar leith ón bhfomhír seo, ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh caillteanas den ghnóchan, nó a mhéadódh aon chaillteanas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) I gcás ina mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoi alt 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (díol talún le ceart atíolactha) ar aon mhéid, eisiafar an méid sin ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar ghnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt an eastáit nó an leasa a mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe amhlaidh ina leith, ach amháin i gcás, i gcionroinnt faoi mhír 6 den Sceideal sin, ina gcuirtear luach na comaoine i gcuntas i gcomhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bhíonn fágtha gan diúscairt: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ar choinníoll, más é a bheidh sa chuid nó sa leas a diúscraíodh iarmhar léasa nó foléasa as léas nach faide ná caoga bliain a ré, nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fhomhír seo ach go mbainfear an méid sin as aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt arna ríomh de réir forálacha an Achta seo ar leith ón bhfomhír seo, ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh caillteanas den ghnóchan, nó a mhéadódh aon chaillteanas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Folaíonn tagairtí i bhfomhíreanna (1) agus (2) do phréimh tagairtí do phréimh a mheastar a fuarthas faoi fho-alt (3) nó (4) d'alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (atá ar comhréir le mír 3 (1) agus (2)). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Ní mheasfar go n-údaraíonn mír 2 de Sceideal 1 aon mhéid a eisiamh ón gcomaoin i leith diúscairt sócmhainní a chuirtear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoin Sceideal sin faoi threoir aon mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim. 1967. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Préimh a áirítear mar chíos faoi uasléas a dhílamháil | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
6.—(1) Más rud é faoi alt 92 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (lamháltas, ar fholéas a dheonú, faoi threoir préimheanna, etc., a íocadh), go measfar maidir le duine gur duine é a d'íoc cíos breise de dhroim é do dheonú foléasa, déanfar méid aon chaillteanais a d'fhaibhrigh chuige as an bhfoléas a dhiúscairt trína dheonú a laghdú den mhéid iomlán cíosa a mheastar dá bharr sin a bheith íoctha aige thar théarma an fholéasa (agus ar neamhshuim le cé acu a tugadh nó nár tugadh faoiseamh go héifeachtúil tríd sin thar théarma an fholéasa), ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh gnóchan den chaillteanas, nó a mhéadódh aon ghnóchan. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Ní mheasfar maidir le haon ní i mír 2 de Sceideal 1 gur ní é a bhfuil feidhm aige madir le haon mhéid ar a n-íoctar cáin faoi alt 84 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Má dhéantar aon choigeartú faoi alt 85 (2) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (muirear ar dhíol talún le ceart atíolactha a choigeartú), ar éileamh faoin mír sin, déanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarmhairtí an éilimh ar fheidhmiú na míre seo nó mhír 5. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Caiteachas ag léasaí faoi théarmaí léasa | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
7.—Más rud é faoi alt 83 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (caiteachas léasaí a áireamh mar phréimh), go mbeidh cáin ioncaim inmhuirearaithe ar aon mhéid mar phréimh a meastar go gceanglaíonn an léas í a íoc, ansin, an duine is inmhuirearaithe amhlaidh déileálfar leis chun aon ghnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh chuige as an léas a dhiúscairt trína dheonú, agus ar aon diúscairt a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an tsócmhainn as ar deonaíodh an léas, mar dhuine a thabhaigh tráth an léasa a dheonú an méid sin caiteachais (i dteannta aon chaiteachais eile) is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ré léasanna | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
8.—(1) Le linn ré léas ar thalamh a bheith á chinneadh chun críocha an Achta seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) I gcás foráil chun léas a fhoirceannadh trí fhógra ón léasóir a bheith ar théarmaí an léasa, ní mheasfar an léas a bheith deonaithe in aghaidh téarma is faide ná téarma dar críoch an dáta is luaithe ar a bhféadfaí é a fhoirceannadh le fógra ón léasóir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) I gcás ina dtugann aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon imthosca eile nach dealraitheach go leanfaidh an léas thar dháta roimh éag do théarma an léasa, ní mheasfar an léas a bheith deonaithe in aghaidh téarma is faide ná téarma dar críoch an dáta sin agus tá feidhm ag an bhfomhír seo go háirithe i gcás foráil a bheith sa léas chun an cíos a mhéadú tar éis dáta shonraithe, nó chun go mbeadh oibleagáidí an léasaí níos dochraidigh in aon slí eile tar éis dáta shonraithe, ach foráil a bheith ann freisin chun an léas a fhoirceannadh ar an dáta sin trí fhógra ón léasaí, agus go dtugann na forálacha sin gur dealraitheach nach leanfaidh an léas thar an dáta sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) I gcás foráil a bheith ar théarmaí an léasa chun an léas a shíneadh thar dháta sonraithe trí fhógra ón léasaí, beidh feidhm ag an mír seo amhail is dá mba gur shín téarma an léasa an fad a d'fhéadfadh an léasaí é a shíneadh, ach sin faoi réir aon cheart de chuid an léasóra an léas a fhoirceannadh le fógra. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Cinnfear ré léasa, maidir le deonú an léasa nó aon diúscairt air, faoi threoir na bhfíoras ab eol nó ab infhionnta an tráth a fuarthas nó a bunaíodh an léas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Léasanna ar mhaoin seachas talamh | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9.—(1) Beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4 agus 8 maidir le léasanna ar mhaoin seachas talamh mar atá feidhm acu maidir le léasanna ar thalamh faoi réir aon mhodhnuithe is gá. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) I gcás léasa ar shócmhainn chnaoiteach is maoin sho-chorraithe, toimhdeofar an léas foirceannadh tráth nach déanaí ná deireadh ré na sócmhainne cnaoití. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Léiriú | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
10.—Sa Sceideal seo folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, is iníoctha leis an idirléasóir nó leis an uasléasóir agus chun críocha an Sceidil seo measfar maidir le haon suim (seachas cíos) a íocadh nuair a deonaíodh tionóntacht nó i ndáil leis an deonú sin gur mar phréimh a íocadh an tsuim sin ach amháin a mhéid a shuífear gur tugadh leorchomaoin eile ar scór na híocaíochta. |