|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Díolúintí agus Faoisimh) | Ar Aghaidh (CUID VI Iontaobhais Aonad) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Faoisimh Speisialta | |
[EN] |
Áit chónaí phríobháideach. |
25. —(1) Baineann an t-alt seo le gnóchan a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as aon ní nó as leas in aon ní acu seo a leanas a dhiúscairt— |
[EN] | (a) teach cónaí nó chuid de theach cónaí atá nó a bhí á áitiú aige mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí, nó | |
[EN] | (b) talamh atá aige le haghaidh a áitíochta agus a shealúchais féin mar aon leis an áit chónaí sin mar gharraí nó tailte leis an áit chónaí sin nach mó ná acra amháin (gan láithreán an tí chónaí a áireamh) ar méid: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina mbaineann an fo-alt seo le cuid den talamh a áitítear i dteannta áite cónaí agus nach mbaineann sé le cuid eile de, go measfar go mbaineann an fo-alt seo leis an gcuid sin arbh í an chuid í ab oiriúnaí, dá mbeadh an chuid eile áitithe ar leithligh, le háitiú agus le teachtadh i dteannta na háite cónaí. | |
[EN] | (2) Ní gnóchan inmhuirearaithe an gnóchan má bhí an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó mar a phríomh-áit chónaí ar feadh tréimhse na húinéireachta, nó ar feadh tréimhse na húinéireachta ach amháin ar feadh an dá mhí dhéag dheiridh go léir nó ar feadh aon choda den dhá mhí dhéag dheiridh den tréimhse sin. | |
[EN] | (3) I gcás nach mbaineann fo-alt (2) leis, ní gnóchan inmhuirearaithe an cion sin den ghnóchan is ionannas don choibhneas céanna den ghnóchan atá idir— | |
[EN] | (a) fad na coda nó na gcodanna den tréimhse úinéireachta a bhí an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí, ach an dá mhí dhéag dheiridh den tréimhse úinéireachta a áireamh i ngach cás, agus | |
[EN] | (b) fad na tréimhse úinéireachta. | |
[EN] | (4) (a) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) déileálfar— | |
[EN] | (i) le haon tréimhse asláithreachta a raibh an phearsa aonair ag obair lena linn go huile i bhfostaíocht nó in oifig ar lasmuigh den Stát a comhlíonadh na dualgais go léir a bhain léi, agus ina theannta sin | |
[EN] | (ii) le haon tréimhse asláithreachta nárbh fhaide ná ceithre bliana (nó tréimhsí asláithreachta nárbh fhaide iad le chéile ná ceithre bliana) nár fhéad an phearsa aonair lena linn cónaí sa teach cónaí nó sa chuid de theach cónaí mar gheall ar an áit a raibh a ionad oibre nó mar gheall ar aon choinníoll a chuir a fhostóir á cheangal air cónaí in áit eile, is coinníoll a cuireadh le réasún lena áirithiú go ndéanfadh an fostaí a dhualgais go héifeachtach, | |
[EN] | ionann is dá mba rud é, sa tréimhse asláithreachta sin, go raibh an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí á áitiú ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí má bhí, roimh an tréimhse agus tar éis na tréimhse, an teach cónaí (nó an chuid iomchuí de) áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “tréimhse asláithreachta” tréimhse nach raibh lena linn an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaí ag an bpearsa aonair agus nach raibh aige ar a feadh áit chónaí ná príomh-áit chónaí a bhí cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Más ó theach cónaí nó ó chuid de theach cónaí a dhiúscairt a n-úsáidtear cuid de go heisiatach chun críocha trádála nó gnó nó gairme a d'fhaibhrigh an gnóchan, déanfar an gnóchan a chionroinnt agus beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo i ndáil leis an gcuid den ghnóchan a chionroinnfear ar an gcuid nach n-úsáidtear go heisiatach chun na gcríocha sin. | |
[EN] | (6) Má bhíonn aon tráth i rith tréimhse na húinéireachta athrú ar an teach cónaí nó ar an gcuid de a áitíonn an phearsa aonair mar áit chónaí, mar gheall ar fhoirgneamh a athfhoirgniú nó a chomhshó nó ar aon chúis eile, nó má bhíonn athruithe air maidir le cuid den teach cónaí a úsáid le haghaidh trádála nó gnó nó gairme, nó chun aon chríche eile, féadfar an faoiseamh a thugann an t-alt seo a choigeartú ar cibé dóigh ar a gcomhaontóidh an cigire agus an phearsa aonair, nó a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, ar achomharc, a bheith cóir réasúnach. | |
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo ní dhéileálfar le pearsa aonair mar dhuine ag a bhfuil níos mó ná príomh-áit chónaí amháin aon tráth áirithe agus a mhéid is gá é lena chinneadh cé acu de dhá áit chónaí nó níos mó príomh-áit chónaí pearsan aonair i gcaitheamh aon tréimhse— | |
[EN] | (a) féadfar an cheist sin a shocrú trí chomhaontú idir an cigire agus an phearsa aonair ar an bpearsa aonair do thabhairt fógra i scríbhinn don chigire laistigh de dhá bhliain ó thosach na tréimhse sin, nó faoi dheireadh na bliana 1975-76 más déanaí é sin, agus | |
[EN] | (b) cheal comhaontú den sórt sin, socrófar an cheist trí chinneadh ag an gcigire ar cinneadh é maidir leis an tréimhse úinéireachta go léir a bheidh i gceist nó maidir le codanna sonraithe di, | |
[EN] | agus tabharfar fógra faoi aon chinneadh ag an gcigire faoi mhír (b) don phearsa aonair agus féadfaidh seisean achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh an chinnte sin laistigh de lá is fiche ó dháta an fhógra a sheirbheáil. | |
[EN] | (8) I gcás fear agus a bhanchéile ina cónaí leis— | |
[EN] | (a) ní féidir a bheith ann, chun críocha an ailt seo, ach aon áit chónaí nó aon phríomh-áit chónaí amháin don bheirt fad a chonaíonn siad le chéile, agus, i gcás ina mbaineann fógra faoi fho-alt (7) (a) leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile, ní mór dóibh beirt é a dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) má dhiúscraíonn duine acu chun an duine eile an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí arb é a n-aon-áit nó a bpríomh-áit chónaí é, nó a leas sa chéanna, nó má aistríonn sé ar bhás chun an duine eile mar leagáidí, is é tosach tréimhse úinéireachta an duine eile tosach tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt nó ónar aistrigh sé ar bhás, agus | |
[EN] | (c) má bhíonn feidhm ag mír (b), ach nárbh é an aon-áit ná an phríomh-áit chónaí a bhí ag an mbeirt acu ar feadh tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí, cuirfear i gcuntas aon chuid den tréimhse sin arbh é a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí é ar a feadh amhail is dá mba é aonáit nó príomh-áit chónaí an duine eile freisin é, agus | |
[EN] | (d) déanfar aon fhógra faoi fho-alt (7) (b) a dhéanann difear d'áit chónaí leis an bhfearchéile agus d'áit chónaí leis an mbanchéile a thabhairt do gach duine acu agus féadfaidh ceachtar acu achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (9) Beidh feidhm ag an alt seo freisin maidir le gnóchan a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaí as maoin shocraithe a dhiúscairt is sócmhainn faoi réim fho-alt (1) i gcás inarbh é an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí a luaitear san fho-alt sin, i gcaitheamh tréimhse úinéireachta an iontaobhaí, aon-áit nó príomh-áit chónaí pearsa aonair a bhí i dteideal é a áitiú faoi théarmaí na socraíochta agus san alt seo seo arna fheidhmiú amhlaidh— | |
[EN] | (a) glacfar gur tagairtí don iontaobhaí tagairtí don phearsa aonair ach amháin maidir le háitiú an tí cónaí nó na coda de theach cónaí, agus | |
[EN] | (b) is comhfhógra ón iontaobhaí agus ón duine atá i dteideal an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí a áitiú an fógra a thabharfar don chigire faoi fho-alt (7) (a). | |
[EN] | (10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le gnóchan má fuarthas an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí, nó an leas sa chéanna, go hiomlán nó go páirteach d'fhonn gnóchan a dhéanamh as é a dhiúscairt, agus ní bheidh feidhm aige maidir le gnóchan a mhéid is inchurtha an gnóchan i leith aon chaiteachais a tabhaíodh tar éis tosach na tréimhse úinéireachta agus ar d'fhonn gnóchan a dhéanamh as an diúscairt a tabhaíodh é go hiomlán nó go formhór. | |
[EN] | (11) Cionroinnfear comaoin i ngach cás ina gceanglaíonn an t-alt seo é agus, go háirithe, i gcás ina ndiúscróidh duine teach cónaí nach bhfuil ach cuid de ina haon-áit nó ina príomh-áit chónaí aige. | |
[EN] | (12) San alt seo— | |
[EN] | (a) i gcás leasanna éagsúla a bheith ag an bpearsa aonair tráthanna éagsúla glacfar gur thosaigh an tréimhse úinéireachta ó thráth na chéad fhála a chuirfear i gcuntas le linn an caiteachas a ríomh is inlamhála faoi Sceideal 1 mar asbhaint le linn méid an ghnóchain lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh faoin Sceideal sin, agus | |
(b) chun críocha fho-ailt (2), (3) agus (4), ní fholóidh an tréimhse úinéireachta aon tréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974. | ||
[EN] |
Gnó nó feirm a dhiúscairt ar scor. |
26. —(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige a shócmhainní cáilitheacha go léir nó cuid díobh— |
[EN] | (i) mura mó ná £50,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, tabharfar faoiseamh i leith an mhéid iomlán cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt; | |
[EN] | (ii) más mó ná £50,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, ní rachaidh an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt thar leath na difríochta idir méid na comaoine sin agus £50,000. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a), is é an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), déanfar an chomaoin ar an bpearsa aonair do dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha a chomhiomlánú agus ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do ríomh gnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní seachas sócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt. | |
[EN] | (3) I gcás diúscairt scaireanna nó urrúis i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair a bheith ar áireamh i ndiúscairt sócmhainní cáilitheacha, is é an méid den chomaoin a chuirfear i gcuntas chun críocha fho-alt (1) i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin an chionúireacht den chomaoin i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin is comhionann leis an gcoibhneas idir an chuid de luach sócmhainní na cuideachta (lena n-áirítear airgead tirim) tráth na diúscartha is inchurtha i leith luach sócmhainní inmhuirearaithe gnó na cuideachta agus iomlán an luacha sin: | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo difear do dhliteanas i leith aon ghnóchain arna ríomh faoi threoir iarmhéid na comaoine ar na scaireanna nó na hurrúis a dhiúscairt. | |
[EN] | (4) (a) Ní rachaidh méideanna iomlána an fhaoisimh a thabharfar faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, agus do na blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin, thar cibé méid a laghdódh méid iomlán na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe do na blianta measúnachta sin go léir faoi bhun an méid ab inmhuirearaithe dá mba sa bhliain mheasúnachta a rinneadh na diúscairtí go léir ar shócmhainní cáilitheacha. | |
[EN] | (b) I gcás inar mó aon tráth an faoiseamh a thabharfar faoin alt seo ná an méid faoisimh a thabharfaí dá mba sa bhliain mheasúnachta a dhéanfaí na diúscairtí ar shócmhainní cáilitheacha don bhliain mheasúnachta agus do na blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin, féadfar aon choigeartú riachtanach a dhéanamh ar mhodh measúnachta nó measúnachta breise agus féadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh aon tráth nach faide ná deich mbliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an ceann deiridh de na diúscairtí sin. | |
[EN] | (c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar, d'ainneoin forálacha alt 13 (5), diúscairt sócmhainní cáilitheacha seachas diúscairt na sócmhainní sin go léir, ag fearchéile chuig a bhanchéile nó ag banchéile chuig a fearchéile, a chur i gcuntas de réir mhargadhluach na sócmhainní sin. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ina meastar faoi mhír 1 de Sceideal 2 pearsa aonair do dhiúscairt leasanna i scaireanna nó in urrúis ina chuideachta theaghlaigh i gcomaoin dáileadh caipitil ón gcuideachta (nach dáileadh is sócmhainní inmhuirearaithe gnó) le linn an chuideachta a bheith á díscaoileadh nó a foirceannadh mar atá feidhm aige i gcás é do dhiúscairt scaireanna nó urrúis sa chuideachta. | |
[EN] | (6) (a) San alt seo agus in alt 27— | |
[EN] | ciallaíonn “sócmhainn inmhuirearaithe gnó” sócmhainn (lena n-áirítear cáilmheas ach gan scaireanna ná urrúis ná sócmhainní eile a theachtar mar infheistíochtaí a áireamh) is sócmhainn, nó is leas i sócmhainn, a úsáidtear chun críocha trádála, feirmeoireachta, gairme, oifige nó fostaíochta a sheolann an phearsa aonair, nó de réir mar a bheidh, cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair, seachas áit chónaí phríobháideach lena mbaineann alt 25; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta theaghlaigh”, maidir le pearsa aonair, cuideachta arb amhlaidh do na cearta vótála inti— | |
[EN] | (i) go bhfeidhmíonn an phearsa aonair cuid nach lú ná 25 faoin gcéad díobh, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil cuid nach lú ná 75 faoin gcéad díobh infheidhmithe ag an bpearsa aonair nó ag duine dá theaghlach, agus cuid nach lú ná 10 faoin gcéad infheidhmithe ag an bpearsa aonair féin; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghlach”, maidir le pearsa aonair, fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, agus gaol leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair, agus ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach; | |
[EN] | ciallaíonn “stiúrthóir oibre lánaimsire” stiúrthóir a bhfuil air bunús a chuid ama go léir a chaitheamh ag déanamh seirbhíse don cuideachta i gcáil bhainistíochta nó i gcáil theicniúil; | |
[EN] | folaíonn “sócmhainní cáilitheacha”, i ndáil le diúscairt, sócmhainní inmhuirearaithe gnó na pearsan aonair a bhí, ar leith ó mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe, ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus na scaireanna nó na hurrúis a bhí ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha ba scaireanna nó urrúis i gcuideachta ar chuideachta thrádála nó feirmeoireachta í agus arbh í a chuideachta theaghlaigh í ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus ar stiúrthóir oibre lánaimsire uirthi é ar feadh na tréimhse sin: | |
[EN] | Ar choinníoll go gcuirfear i gcuntas chun críocha an mhínithe seo— | |
[EN] | (i) tréimhse úinéireachta céile don phearsa aonair ionann is dá mba thréimhse úinéireachta na pearsan aonair í, | |
[EN] | (ii) i gcás inar nua-shócmhainní, de réir brí alt 28, na sócmhainní inmhuirearaithe gnó, tréimhse úinéireachta na sean-sócmhainní ionann is dá mba thréimhse úinéireachta ar na nua-shócmhainní i, | |
[EN] | (iii) i gcás inar scaireanna nó urrúis i gcuideachta theaghlaigh lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 na sócmhainní cáilitheacha, an tréimhse díreach sular aistríodh sócmhainní inmhuirearaithe gnó chun na cuideachta a raibh na sócmhainní sin ar úinéireacht ag an bpearsa aonair ar a feadh ionann is dá mba thréimhse úinéireachta ag an bpearsa aonair í ar na sócmhainní cáilitheacha nó tréimhse ar stiúrthóir oibre lánaimsire é ar a feadh, de réir mar is iomchuí, agus | |
[EN] | (iv) tréimhse díreach roimh bhás céile na pearsan aonair ar stiúrthóir oibre lánaimsire an céile éagtha ar a feadh ionann is dá mba thréimhse í ar stiúrthóir oibre lánaimsire an phearsa aonair ar a feadh; | |
[EN] | tá le “trádáil”, “feirmeoireacht”, “gairm”, “oifig” agus “fostaíocht” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó go hiomlán nó go formhór bheith ag seoladh trádála no trádálacha. | |
[EN] | (b) sán alt seo, folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha uile pearsan aonair nó chuid de na sócmhainní sin tagairtí do dhiúscairt na sócmhainní go léir nó chuid de na sócmhainní a sholáthraítear nó a theachtar chun críocha oifige nó fostaíochta ag an bpearsa aonair a fheidhmíonn an oifig nó an fhostaíocht sin. | |
[EN] | (7) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 27 do phearsa aonair dar tugadh faoiseamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach. |
27. —(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige do dhiúscairt a shócmhainní cáilitheacha go léir chuig leanbh nó leanaí dá chuid— |
[EN] | (i) mura mó ná £150,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, tabharfar faoiseamh i leith méid iomlán na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt; | |
[EN] | (ii) más mó ná £150,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, ní rachaidh an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt thar leath na difríochta idir méid na comaoine sin agus £150,000. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a), is é an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin. | |
[EN] | (c) I mír (a) folaíonn “leanaí”, i ndáil le diúscairt, nianna agus neachtanna a d'oibrigh go substainteach go lánaimsearach ar feadh na tréimhse 5 bliana dar chríoch dáta na diúscartha ag seoladh, nó ag cabhrú ag seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme nó obair na hoifige nó na fostaíochta nó obair a ghabhann leis sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 26 maidir le diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) mar atá feidhm acu maidir le diúscairt lena mbaineann alt 26 (1), agus | |
[EN] | (b) beidh éifeacht le halt 26 (4) ionann is dá mba éard é an diúscairt sócmhainní cáilitheacha sa bhliain mheasúnachta agus sna blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin diúscairtí sócmhainní ba leis an bpearsa aonair tráth na diúscartha lena mbaineann fo-alt (1). | |
[EN] | (3) I gcás sócmhainní a bhí ar cuimsiú i ndiúscairt ar tugadh faoiseamh ina leith faoin alt seo a dhiúscairt laistigh de dheich mbliana ó dháta na diúscartha ba luaithe, ní bhainfidh alt 9 (fáil agus diúscairt a mheastar a bheith de réir margadhluacha) leis an diúscairt ba luaithe agus, d'ainneoin aon fhorálacha eile atá san Acht seo— | |
[EN] | (a) measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le diúscairt agus fáil na sócmhainní faoin diúscairt sin ba luaithe, gurbh ar chomaoin é a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt sin, agus | |
[EN] | (b) measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le fáil na sócmhainní ag an bpearsa aonair a rinne an diúscairt ba luaithe, gurbh é an phearsa aonair a rinne an diúscairt ba dhéanaí a fuair iad: | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don mhéid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith na diúscartha ba luaithe, ach, a mhéid a bheidh an cháin ab inmhuirearaithe amhlaidh íoctha, tabharfar faoiseamh mar fhritháireamh in aghaidh an mhéid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe ar an diúscairt ba dhéanaí agus ní ar aon mhodh eile. | |
[EN] | (4) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 26 do phearsa aonair ar tugadh faoiseamh dó faoin alt seo. | |
[EN] |
Sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh. |
28. —(1) Má dhéanann duine a sheolann trádáil an chomaoin a fuair sé as sócmhainní nó as a leas i sócmhainní a dhiúscairt (dá ngairtear na sean-sócmhainní san alt seo) a úsáideadh chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, ar feadh tréimhse na húinéireachta a chur chun feidhme ag fáil sócmhainní eile, nó leas i sócmhainní eile (dá ngairtear na nua-sócmhainní san alt seo) a chuirfear, ar iad a fháil, in úsáid chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus gur sócmhainní de chineál a shonraítear i bhfo-alt (5) na sean-sócmhainní agus na nua-sócmhainní, ansin, ar an duine a sheolann an trádáil do dhéanamh éilimh chuige sin, déileálfar leis chun críocha an Achta seo amhail is dá mba nár fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní go dtí go mbeidh scortha aige de bheith ag úsáid na nua-shócmhainní chun críocha na trádála: |
[EN] | Ar choinníoll má chuirtear an chomaoin as diúscairt na nuashócmhainní chun feidhme ag fáil nua-shócmhainní eile a chuirfear, ar iad a fháil, in úsáid chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus gur sócmhainní a shonraítear i bhfo-alt (5) iad, go ndéileálfar leis an duine a sheolann an trádáil amhail is dá mba nár fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt na sean-sócmhainní go dtí go mbeidh scortha aige de bheith ag úsáid na nua-shócmhainní eile réamhráite mar aon le haon nuashócmhainní eile a gheofar ar an dóigh chéanna a úsáidfear chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus ar sócmhainní iad a shonraítear i bhfo-alt (5). | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura gcuirfear chun feidhme, mar a thuairiscítear san fho-alt sin, ach cuid de mhéid nó de luach na comaoine as na sean-sócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, ach, má chuirtear chun feidhme amhlaidh iomlán mhéid nó luach na comaoine ach amháin cuid is 1ú ná méid an ghnóchain (cibé acu is gnóchan inmhuirearaithe é go léir nó nach ea) a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, ansin, ar an duine a sheolann an trádáil do dhéanamh éilimh chuige sin, déileálfar leis, chun críocha an Achta seo, amhail is dá ndéanfaí méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní a dhiúscairt a laghdú go dtí an méid comaoine nár cuireadh chun feidhme ag fáil na nua-shócmhainní (agus i gcás nach gnóchan inmhuirearaithe é go léir trí laghdú cionúireach ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe) agus deileálfar le hiarmhéid an ghnóchain (nó an ghnóchain inmhuirearaithe) amhail is nach mbeidh faibhrithe ag an gcéanna go dtí go mbeidh scortha aige de na nua-shócmhainní a úsáid chun críocha na trádála. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás na nuashócmhainní nó an leas iontu a fháil, nó conradh neamhchoinníollach a dhéanamh lena bhfáil, sa tréimhse dar tosach dáta dhá mhí dhéag roimh dhiúscairt, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis diúscairt, na sean-sócmhainní nó an leasa iontu, nó cibé tráth is luaithe nó is déanaí ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás conradh neamhchoinníollach le haghaidh na fála a dhéanamh amhlaidh, go bhféadfar an t-alt seo a fheidhmiú ar fhoras sealadach gan fuireach lena dhéanamh amach an bhfuarthas na nua-shócmhainní nó an leas iontu de bhun an chonartha, agus, nuair a bheidh an fíoras sin déanta amach, déanfar na coigeartuithe go léir is gá trí mheasúnachtaí a dhéanamh nó trí cháin a aisíoc nó a urscaoileadh, agus déanfar sin amhlaidh d'ainneoin aon teorainn san Acht seo leis an am ina mbeidh na measúnachtaí le déanamh. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is lena n-úsáid sa trádáil, agus nach go hiomlán ná go páirteach chun gnóchan a dhéanamh as na nua-shócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, a fuarthas na nua-shócmhainní nó an leas iontu. | |
[EN] | (5) Is sócmhainní chun críche an ailt seo iad seo a leanas— | |
[EN] | (a) gléasra nó innealra; | |
[EN] | (b) ach amháin nuair is déileáil i dtalamh nó forbairt talún, nó soláthar seirbhísí d'áititheoir talamh ina bhfuil eastát nó leas ag an duine atá ag seoladh na trádála, an trádáil— | |
[EN] | (i) aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh, atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin, | |
[EN] | (ii) aon talamh atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin, ar choinníoll más déileáil i dtalamh nó forbairt talún an trádáil, ach nach mbeadh an brabús as aon talamh a dhíol a theachtar chun críocha na trádála ina chuid de na brabúis trádála, go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, leis an trádáil ionann is dá mba nár thrádáil í ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún; | |
[EN] | (c) cáilmheas. | |
[EN] | (6) Má bhíonn cuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas á húsáid agus cuid den chéanna gan bheith á húsáid chun críocha trádála ar feadh tréimhse na húinéireachta nó ar feadh coda substaintí di, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba shócmhainn ar leithligh an chuid a úsáidtear amhlaidh, mar aon le haon talamh a áitítear chun críocha is críocha cumhalda i ndáil le háitiú agus le húsáid na coda sin den fhoirgneamh nó den déanmhas, agus faoi réir aon chionroinnt riachtanach ar an gcomaoin i leith an foirgneamh nó an déanmhas agus an talamh eile nó leas sa chéanna a fháil nó a dhiúscairt. | |
[EN] | (7) Murar úsáideadh na sean-sócmhainní chun críocha na trádála ar feadh tréimhse na húinéireachta, beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mba shócmhainn ar leithligh, a úsáideadh ar fad chun críocha na trádála, cuid den tsócmhainn in ionannas a húsáide chun críocha na trádála ag féachaint don fhad ama agus don mhéid a úsáideadh nó nár úsáideadh an chuid sin chun na gcríocha sin, agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an gcuid sin faoi réir aon chionroinnt riachtanach ar an gcomaoin i leith an tsócmhainn nó an leas sa tsócmhainn a fháil nó a dhiúscairt. | |
[EN] | (8) (a) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine a sheolann dhá thrádáil nó níos mó in ionaid éagsúla, ach ar trádálacha iad a bhaineann go hiomlán nó go formhór leis an gcineál céanna earraí nó seirbhísí, ionann is dá mba í an trádáil chéanna na trádálacha maidir leis na sócmhainní a úsáidtear chun críocha na dtrádálacha. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine a scoirfidh de thrádáil nó de thrádálacha (an tsean-trádáil nó na sean-trádálacha) a sheoladh a bhí á seoladh aige ar feadh tréimhse deich mbliana nó níos mó agus a thosóidh ag seoladh trádáil nó trádálacha eile (an trádáil nua nó na trádálacha nua) laistigh de thréimhse dhá bhliain ón dáta ar scoir sé den trádáil nó de na trádálacha a sheoladh ionann is dá mba í an trádáil chéanna, maidir leis na sean-sócmhainní a úsáideadh chun críocha cheann de na sean-trádálacha agus maidir leis na nuashócmhainní a bheidh á n-úsáid chun críocha na trádála nua, an dá thrádáil. | |
[EN] | (9) Beidh feidhm ag an alt seo, modhnaithe mar is gá— | |
[EN] | (a) maidir le feidhmeanna údaráis áitiúil a fheidhmiú, | |
[EN] | (b) maidir le talamh coille a áitiú i gcás an talamh coille a bheith á bhainistí ag an áititheoir ar fhoras tráchtála agus d'fhonn brabúis a dhéanamh, | |
[EN] | (c) maidir le gairm, oifig nó fostaíocht, | |
[EN] | (d) maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid comhlachta daoine a seoltar a ghníomhíochtaí ar dhóigh seachas le haghaidh brabús agus a ndírítear iad go hiomlán nó go formhór chun leasanna a chomhaltaí i mbun a dtrádála nó a ngairme dóibh a chosaint nó a chur ar aghaidh ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe amhlaidh, | |
[EN] | (e) maidir le gníomhaíochtaí de chuid comhlachta daoine ar comhlacht nach le haghaidh brabús a bunaíodh é ach a seoltar a ghníomhaíochtaí go hiomlán nó go formhór ar dhóigh seachas le haghaidh brabús ach sin amháin, i gcás sócmhainní faoi réim fho-alt (5) (b), má bhíonn siad áitithe agus á n-úsáid ag an gcomhlacht agus sin amháin, i gcás sócmhainní sonraithe eile, má bhíonn siad á n-úsáid ag an gcomhlacht, | |
[EN] | (f) maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid comhlachta daoine a bunaíodh d'aontoisc chun cluichí nó spórtanna lúthchleasa nó amaitéaracha a chur ar aghaidh ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe chun na críche sin, agus | |
[EN] | (g) maidir le feirmeoireacht, mar atá feidhm aige maidir le trádáil, agus san alt seo tá le “feirmeoireacht”, “trádáil”, “gairm”, “oifig” agus “fostaíocht” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach ní bheidh feidhm aige chun forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a fheidhmiú maidir leis na himthosca ina mbeadh sé le meas, i gcás malairt daoine a bheith ag seoladh trádála, deireadh a bheith le trádáil nó trádáil a bheith bunaithe agus tosaithe agus folóidh “trádáil ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún” gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a áirítear mar thrádáil faoi na hAchtanna sin. | |
[EN] | (10) Gan dochar d'fhorálacha na Achta seo a dhéanann foráil ghinearálta le haghaidh cionroinnte, i gcás ina dtugtar comaoin i leith sócmhainní a fháil nó a dhiúscairt ar sócmhainní cion nó cuid díobh a bhfuil feidhm ina leith ag éileamh faoi fho-alt (1) nó (2), agus ar sócmhainní cion nó cuid díobh nach bhfuil feidhm ina leith ag éileamh den sórt sin, cionroinnfear an chomaoin ar dhóigh chóir réasúnach. | |
[EN] |
Airgead cúitimh agus árachais. |
29. —(1) Má éilíonn an faighteoir é, ní mheasfar maidir le suim chaipitiúil a fháil faoi réim mhír (i), (ii), (iii), nó (iv) d'alt 8 (2) is suim a dhíorthaigh ó shócmhainn nach bhfuil caillte ná díothaithe gurb ionann an fháil sin agus an tsócmhainn a dhiúscairt— |
[EN] | (a) má fheidhmítear an tsuim chaipitiúil go léir ag athshuíomh na sócmhainne, nó | |
[EN] | (b) má fheidhmítear an tsuim chaipitiúil ag athshuíomh na sócmhainne ach amháin cuid den tsuim chaipitiuil nach gá le réasún chuige sin agus ar chuid bheag í i gcomórtas leis an tsuim chaipitiúil go léir, | |
[EN] | ach, mura measfar gur diúscairt an fháil, déanfar na suimeanna go léir a bheadh, dá measfaí amhlaidh maidir leis an bhfáil, curtha i gcuntas mar chomaoin i leith na diúscartha sin le linn gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh, a asbhaint as aon chaiteachas is inlamhála faoi Sceideal 1 mar asbhaint le linn gnóchan ón tsócmhainn a dhiúscairt ina dhiaidh sin a ríomh: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le cásanna lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo más rud é, díreach roimh an tsuim chaipitiúil a fháil, nach mbeidh aon chaiteachas inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 (asbhaint is inlamhála le linn gnóchan a ríomh) nó más mó ná an caiteachas sin an chomaoin as an bpáirt-diúscairt a mheastar a bheith déanta amhlaidh ar an tsuim chaipitiúil a fháil. | |
[EN] | (2) Má chailltear nó má dhíothaítear sócmhainn agus go ndéanfar suim chaipitiúil a fuarthas mar chúiteamh sa chailleadh nó sa díothú, nó faoi pholasaí árachais ar fhiontar an chaillte nó an díothaithe, a chur, laistigh de bhliain ó dháta na suime caipitiúla sin a fháil, nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire, chun feidhme ag fáil sócmhainne in ionad na sócmhainne a cailleadh nó a díothaíodh, déileálfar, chun críocha an Achta seo, leis an úinéir, má éilíonn sé sin— | |
[EN] | (a) amhail is dá mba é méid na comaoine i leith an tseansócmhainn a dhiúscairt (más mó ná sin thairis sin a méid) méid gurbh áirithe nach bhfaibhreoidh caillteanas ná gnóchan chuige as an diúscairt, agus | |
[EN] | (b) amhail is dá ndéanfaí méid na comaoine i leith an nuashócmhainn a fháil a laghdú an oiread agus a bhí de mhéid sa tsuim chaipitiúil a fuarthas ar mhodh cúitimh nó faoin bpolasaí árachais, mar aon le haon iarmharluach nó dramhluach, thar mhéid na comaoine a meastar é dá fáil faoi mhír (a). | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar éileamh faoi fho-alt (2) mura mbeidh ach cuid den tsuim chaipitiúil curtha chun feidhme ag fáil na nua-shócmhainne ach má bhíonn an tsuim chaipitiúil sin go léir ach amháin cuid is 1ú ná méid an gnóchain (cibé acu is gnóchan inmhuirearaithe é go léir nó nach ea) a d'fhaibhrigh as an tsean-sócmhainn a dhiúscairt curtha chun feidhme amhlaidh, ansin déileálfar, chun críocha an Achta seo, leis an úinéir, má éilíonn sé sin— | |
[EN] | (a) amhail is dá ndéanfaí méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh amhlaidh a laghdú go dtí méid na coda sin nár feidhmíodh ag fáil na nua-shócmhainní (agus, mura gnóchan inmhuirearaithe é go léir, faoi réir laghdú cionúireach ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe), agus | |
[EN] | (b) amhail is dá ndéanfaí méid na comaoine i leith an nuashócmhainn a fháil a laghdú an méid an laghdófar an gnóchan faoi mhír (a). | |
[EN] | (4) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2) (a) le gnóchan nach gnóchan inmhuirearaithe é go léir de dhroim Chuid II de Sceideal 1 (sócmhainní a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974) a eisiamh ó mhuirear cánach gnóchan caipitiúil, is é méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) (b) méid an ghnóchain inmhuirearaithe agus ní hé méid iomlán an ghnóchain; agus in ionad na tagartha i bhfo-alt (3) (b) do mhéid an laghdaithe ar an ngnóchan faoi fho-alt (3) (a) cuirfear tagairt don mhéid a mbeidh an gnóchan inmhuirearaithe laghdaithe go cionúireach faoin alt sin (3) (a). | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn chnaoiteach. | |
[EN] |
Scéim i ndáil le feirmeoirí scor. I.R. Uimh. 116 de 1974. |
30. —Chun críocha an Achta seo, aon mhéid ar mhodh suime caipitiúla nó préimhe a bheidh curtha ar fáil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1974, (bíodh nó ná bíodh blianacht deonaithe ina ionad), ní mheasfar gur chuid é den chomaoin i leith na diúscartha a mbeidh an tsuim chaipitiúil nó an phréimh sin curtha ar fáil ina leith. |