An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) Ar Aghaidh (CUID XI Grúp-Fhaoiseamh)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID X

Dlúthchuideachtaí

An bhrí atá le dlúthchuideachta.

94. —(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “dlúthchuideachta” cuideachta atá faoi rialú cúig rannpháirtí nó níos lú, nó faoi rialú rannpháirtithe is stiúrthóirí, ach amháin nach mbaineann an abairt—

(a) le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ná

(b) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir brí alt 30 (cumainn tionscail agus coigiltis), ná le cumann foirgníochta de réir brí alt 31 (cumainn fhoirgníochta), ná

(c) le cuideachta atá faoi rialú an Stáit nó thar ceann an Stáit, agus nach dlúthchuideachta ar dhóigh ar bith eile, ná

(d) le cuideachta faoi réim fho-alt (4) nó alt 95.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) déileálfar le cuideachta mar chuideachta faoi rialú an Stáit nó thar ceann an Stát más rud é, agus amháin más rud é, go bhfuil sí faoi rialú an Stáit nó daoine ag gníomhú thar ceann an Stáit, ar neamhspleidh le haon duine eile, agus

(b) i gcás cuideachta a bheith faoi rialú amhlaidh, ní dhéileálfar léi mar chuideachta is dlúthchuideachta ar dhóigh ar bith eile mura féidir déileáil léi mar chuideachta is dlúthchuideachta faoi rialú daoine ag gníomhú ar neamhspleidh leis an Stát.

(3) Is dlúthchuideachta freisin cuideachta a chónaíonn sa Stát (ach nach bhfuil faoi réim fho-alt (1) (b)) má bhíonn, ar dháileadh iomlán a dhéanamh ar a hioncam indáilte, breis agus a leath le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, le cúig rannpháirtí nó níos lú, nó le rannpháirtithe is stiúrthóirí.

(4) Ní dhéileálfar le cuideachta mar dhlúthchuideachta—

(a) más rud é—

(i) go bhfuil sí faoi rialú cuideachta nach dlúthchuideachta, nó faoi rialú dhá chuideachta nó níos mó nach dlúthchuideachta aon chuideachta díobh, agus

(ii) nach féidir déileáil léi mar dhlúthchuideachta ach amháin trí chuideachta nach dlúthchuideachta a ghlacadh mar cheann de na cúig rannpháirtithe nó níos lú is gá le go ndéileálfaí amhlaidh léi;

(b) mura féidir déileáil léi mar dhlúthchuideachta ach amháin de bhua mhír (c) d'alt 102 (2) agus nár dhlúthchuideachta í mura bhfolódh an tagairt sa mhír sin do rannpháirtithe creidiúnaithe iasachtaí is cuideachtaí seachas dlúthchuideachtaí.

(5) Measfar na tagairtí i bhfo-alt (4) do dhlúthchuideachta do bhaint le haon chuideachta ar dhlúthchuideachta í dá mba sa Stát a bheadh cónaí uirthi.

(6) Má bhíonn scaireanna in aon chuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san fho-alt seo) aon tráth tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, ar teachtadh ar iontaobhas do chiste nó do scéim a ceadaíodh faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó do scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , ansin, mura mbeidh an ciste nó an scéim bunaithe go hiomlán nó go formhór chun sochair do dhaoine, nó do chleithiúnaithe daoine, is fostaithe nó stiúrthóirí nó iarfhostaithe nó iarstiúrthóirí—

(a) de chuid na chéad chuideachta; nó

(b) de chuid cuideachta comhlachaithe de chuid na chéad chuideachta; nó

(c) de chuid cuideachta atá faoi rialú aon stiúrthóra nó comhlaigh stiúrthóra de chuid na chéad chuideachta nó faoi rialú dhá dhuine nó níos mó ar stiúrthóir nó comhlach den sórt sin gach duine díobh; nó

(d) de chuid dlúthchuideachta;

measfar gurb iad, chun críocha fho-alt (4), na daoine a theachtann na scaireanna úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus, sa cháil sin, gur cuideachta nach dlúthchuideachta iad.

Ní dlúthchuideachtaí cuideachtaí áirithe ag a bhfuil scaireanna luaite.

95. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní mheasfar gur dlúthchuideachta aon tráth cuideachta—

(a) má bhíonn scaireanna sa chuideachta lena ngabhann cuid nach lú ná 35 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta (agus nach scaireanna i dteideal ráta shocraithe díbhinne, i dteannta nó d'éagmais cirt bhreise bheith páirteach i mbrabúis) leithroinnte gan choinníoll ar an bpobal nó faighte gan choinníoll ag an bpobal agus ar teachtadh go tairbhiúil an tráth sin ag an bpobal, agus

(b) má bhí aon scaireanna den sórt sin, laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, ina n-ábhar déileála ar stocmhargadh aitheanta, agus gur luadh na scaireanna sa dá mhí dhéag sin i liosta oifigiúil stocmhargaidh aitheanta.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le cuideachta aon tráth ar mó ná 85 faoin gcéad céatadán iomlán na cumhachta vótála sa chuideachta a bheidh ag príomh-chomhaltaí uile na cuideachta.

(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar scaireanna i gcuideachta a bheith ar teachtadh go tairbhiúil ag an bpobal más rud é agus amháin más rud é—

(a) go dtagann siad faoi réim fho-alt (4), agus

(b) nach bhfuil siad faoi réim na n-eisceachtaí i bhfo-alt (5),

agus déanfar forléiriú dá réir sin ar an tagairt do scaireanna a leithroinneadh gan choinníoll ar an bpobal nó a fuair an pobal gan choinníoll.

(4) Tá scaireanna faoi réim an fho-ailt seo (mar scaireanna atá ar teachtadh go tairbhiúil ag an bpobal)—

(a) má tá siad ar teachtadh go tairbhiúil ag cuideachta a chónaíonn sa Stát agus nach dlúthchuideachta, nó ag cuideachta nach gcónaíonn sa Stát agus nár dhlúthchuideachta dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, nó

(b) má tá siad ar teachtadh ar iontaobhas do chiste nó do scéim a ceadaíodh faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó do scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , nó

(c) mura bhfuil siad ar áireamh i sealbhán príomh-chomhalta.

(5) Ní mheasfar scaireanna a bheith ar teachtadh ag an bpobal má bhíonn siad ar teachtadh—

(a) ag aon stiúrthóir nó ag aon chomhlach stiúrthóra de chuid na cuideachta, nó

(b) ag aon chuideachta atá faoi rialú ag aon stiúrthóir nó comhlach den sórt sin, nó ag dhá dhuine nó níos mó ar stiúrthóir nó comhlach den sórt sin gach duine díobh, nó

(c) ag aon chuideachta chomhlachaithe de chuid na cuideachta, nó

(d) mar chuid d'aon chiste a bhfuil a chaipiteal nó a ioncam infheidhmithe nó feidhmithe go hiomlan nó go formhór chun tairbhe do dhaoine, nó do chleithiúnaithe daoine, is fostaithe nó stiúrthóirí, nó iarfhostaithe nó iarstiúrthóirí, de chuid na cuideachta, nó de chuid aon chuideachta faoi réim mhír (b) nó (c).

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do scaireanna ar teachtadh ag aon duine tagairtí d'aon scaireanna a bhféadfaí, chun críocha alt 102, na cearta nó na cumhachtaí a ghabhann leo a chur i leith an duine sin faoi fho-alt (5) den alt sin.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) is príomh-chomhalta de chuideachta duine má tá níos mó ná 5 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta aige agus, i gcás a bhfuil níos mó ná cúig dhuine den sórt sin ann, más duine de na cúig dhuine é ag a bhfuil na céatadáin is mó nó más rud é, mar gheall ar an gcéatadán céanna den chumhacht vótála sa chuideachta a bheith ag dhá dhuine nó níos mó, nach bhfuil cúig dhuine den sórt sin ann, gur duine é de na sé dhuine nó níos mó (ionas go n-áireofar an dá dhuine sin nó níos mó a bhfuil an céatadán céanna acu) ag a bhfuil na céatadáin is mó, agus

(b) is é sealbhán príomh-chomhalta na scaireanna lena ngabhann an chumhacht vótála atá aige.

(7) Chun an chumhacht vótála atá ag duine a fháil amach cuirfear ina leith aon chumhacht vótála a chuirfí, chun críocha alt 102, ina leith faoi fho-alt (5) nó (6) den alt sin.

(8) San alt seo folaíonn “scair” “stoc”.

Caiteachais áirithe do rannpháirtithe agus do chomhlaigh.

96. —(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a luaitear in alt 84 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) folaíonn “dáileadh”, i ndáil le dlúthchuideachta, mura ndéarfar a mhalairt, cibé méid a gceanglaítear le fo-alt (2) déileáil leis mar dháileadh.

(2) I gcás a dtabhóidh dlúthchuideachta caiteachas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, fialachta, seirbhísí baile nó eile, nó sochair nó saoráidí eile de chineál ar bith, d'aon rannpháirtí, measfar dáileadh a bheith tugtha ag an gcuideachta dó ar cóimhéid leis an oiread sin den chaiteachas sin nach mbeidh cúitithe ag an rannpháirtí leis an gcuideachta:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le caiteachas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, sochar nó saoráidí do dhuine lena mbaineann alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (sochair chomhchineáil) mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta, nó ag soláthar aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá samhail do chéile, do leanaí nó do chleithiúnaithe aon duine den sórt sin a thabharfar ar éag nó ar scor dó.

(3) Folóidh aon tagairt i bhfo-alt (2) do chaiteachas a tabhaíodh in aon ábhar nó i ndáil le haon ábhar tagairt do chionúireacht chuí d'aon chaiteachas a tabhaíodh go páirteach san ábhar sin nó i ndáil leis; agus beidh feidhm ag alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (luacháil sochar comhchineáil) chun críocha an fho-ailt sin mar atá feidhm aige chun críocha alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach tagairtí don fho-alt sin a chur in ionad tagairtí d'alt 117 (1).

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) má bhíonn cónaí sa Stát ar an gcuideachta agus ar an rannpháirtí agus—

(a) gur fochuideachta ceann acu don cheann eile nó gur fochuideachtaí iad araon do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát, agus

(b) go n-eascraíonn an sochar chun an rannpháirtí ar an gcuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chuige nó ar eisean dá n-aistriú chun na cuideachta nó i ndáil le haistriú den sórt sin.

(5) Nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste an fochuideachta do chuideachta eile chun críche fo-alt (4) cuideachta áirithe cinnfear í mar cheist an fochuideachta 51 faoin gcéad í don chuideachta eile sin, ach amháin go measfar nach í an chuideachta eile sin is úinéir—

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici féin go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí brabús as díol na scaireanna mar fháltas trádála óna trádáil; nó

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta arbh fháltas trádála di brabús as díol na scaireanna; nó

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

(6) I gcás a ndéanfaidh gach ceann de dhá dhlúthchuideachta nó níos mó íocaíocht le duine nach rannpháirtí sa chuideachta sin, ach ar rannpháirtí é i gceann eile de na cuideachtaí sin, agus go bhfuil na cuideachtaí ag gníomhú de chomhbheart nó faoi chomhshocraíochtaí a rinne aon duine, ansin, déileálfar le gach ceann de na cuideachtaí sin agus le haon rannpháirtí inti ionann is dá mba í an chuideachta sin a rinne an íocaíocht leis.

Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo, faoi réir aon oiriúnuithe is gá, i ndáil le haon chomaoin a thabhairt, agus i ndáil le haon saoráidí a sholáthar, mar atá feidhm aige i ndáil le híocaíocht a dhéanamh.

(7) Chun críocha an ailt seo folaíonn aon tagairt do rannpháirtí comhlach rannpháirtí, agus déileálfar le haon rannpháirtí i gcuideachta a rialaíonn cuideachta eile mar rannpháirtí freisin sa chuideachta eile sin.

Us a íoctar le stiúrthóirí agus le comhlaigh stiúrthóirí.

97. —(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a luaitear in alt 84 (1), tá éifeacht leis an alt seo i gcás a ndéanann dlúthchuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ach nach tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, aon ús a íoc le duine nó le comhlach duine—

(a) is stiúrthóir ar an dlúthchuideachta nó ar aon chuideachta a rialaíonn an dlúthchuideachta nó atá á rialú aici, agus

(b) a bhfuil leas ábhartha aige—

(i) sa dlúthchuideachta, nó

(ii) i gcás an dlúthchuideachta a bheith faoi rialú cuideachta eile, sa chuideachta eile sin.

(2) Má théann an méid iomlán a íocfar amhlaidh le haon duine sa tréimhse chuntasaíochta thar an teorainn a fhorchuirtear ina chás, is dáileadh ag an dlúthchuideachta chun an duine sin an bhreis.

(3) Déanfar an teorainn a ríomh sa chéad ásc mar theorainn iomlánach a bhaineann le comhiomlán an úis go léir atá faoi réim fho-alt (1) agus a d'íoc an dlúthchuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus, i gcás dhá fhaighteoir éagsúla nó níos mó a bheith ann, déanfar an teorainn iomlánach sin a chionroinnt eatarthu de réir na méideanna úis a íocadh leo faoi seach.

(4) Is é an teorainn iomlánach cóimhéid an úis de réir 13 faoin gcéad sa bhliain nó de réir cibé ráta eile úis a fhorordóidh an tAire ó am go ham ar cibé suim díobh seo is lú—

(a) iomlán na n-iasachtaí, na n-airleacan agus na gcreidmheasaí ar ar íoc an dlúthchuideachta ús faoi réim fho-alt (1) sa tréimhse chuntasaíochta, nó murarbh ionann i gcónaí in imeacht na tréimhse cuntasaíochta an t-iomlán sin, an meániomlán thar an tréimhse chuntasaíochta, agus

(b) méid ainmniúil scairchaipiteal eisithe na dlúthchuideachta móide méid aon chuntas scairphréimhe (nó cuntas inchomórtais ar bith eile cibé ainm a ghairtear de) de chuid na cuideachta, agus an dá mhéid a ghlacadh mar a bhí i dtosach na tréimhse cuntasaíochta.

(5) San alt seo folaíonn “ús” aon chomaoin eile a d'íoc nó a thug an dlúthchuideachta as úsáid airgead a d'airlic, nó creidmheas a thug, aon duine, agus déanfar tagairtí do ús a íoc a fhorléiriú dá réir sin.

(6) Tá éifeacht leis an alt seo faoi réir alt 96 (6), agus chun críocha an ailt seo tá leas ábhartha ag duine i gcuideachta i gcás é a bheith, as féin nó i dteannta comhlaigh amháin nó níos mó dá chuid, nó i gcás aon chomhlach dá chuid, i dteannta nó d'éagmais aon chomhlaigh eile den sórt sin, a bheith ina úinéir tairbhiúil, nó a bheith ábalta, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheáin neamhdhíreacha eile, rialú a dhéanamh, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.

Iasachtaí do rannpháirtithe, etc.

98. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, más rud é, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go ndéanfaidh dlúthchuideachta, ar dhóigh seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sí agus ar chuid de airgead a thabhairt ar iasacht aon iasacht a thabhairt do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí, nó aon airgead a airleacan chuige, measfar, chun críocha an ailt seo, gur íoc an chuideachta, sa bhliain mheasúnachta a tugadh an iasacht nó a rinneadh an t-airleacan, íocaíocht bhliaintúil arbh ionann a méid, tar éis cáin ioncam a bhaint as de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a tugadh an iasacht nó a rinneadh an t-airleacan, agus méid na hiasachta nó an airleacain, agus beidh feidhm ag alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) chun críocha na cánach sin a mhuirearú, a mheasúnú agus a ghnóthú:

Ar choinníoll nach muirear ar ioncam na cuideachta de réir brí alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) an íocaíocht bhliantúil dá dtagraítear san fho-alt seo.

(2) Chun críocha an ailt seo folóidh na cásanna a measfar iasacht a bheith tugtha ag an gcuideachta d'aon duine cás—

(a) ina rachaidh an duine sin i bhfiacha leis an dlúthchuideachta, nó

(b) ina sannfar don dlúthchuideachta fiach a bheidh dlite den duine sin do thríú páirtí,

agus ansin áireofar iasacht ar cóimhéid leis an bhfiach a bheith tugtha ag an dlúthchuideachta:

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le fiach a thabhófar tríd an dlúthchuideachta do sholáthar earraí nó seirbhísí i ngnáthchúrsa a trádála nó a gnó mura faide an creidmheas a tugadh ná sé mhí nó mura faide é ná é sin is gnáth a thabhairt do chustaiméirí na cuideachta.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht do stiúrthóir nó d'fhostaí de chuid dlúthchuideachta, nó de chuid cuideachta chomhlachaithe de chuid na dlúthchuideachta—

(a) mura mó ná £15,000 méid na hiasachta, nó an méid sin i dteannta aon iasachtaí neamhíoctha eile a thug an dlúthchuideachta nó aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe don iasachtaí, nó do bhanchéile nó d'fhearchéile an iasachtaí,

(b) má oibríonn an t-iasachtaí go lánaimseartha don dlúthchuideachta nó d'aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe, agus

(c) mura mbeidh leas ábhartha ag an iasachtaí sa dlúthchuideachta no in aon chuideachta chomhlachaithe de chuid na dlúthchuideachta ach má fhaigheann an t-iasachtaí leas ábhartha den sórt sin tráth a bheidh aon iasacht den sórt sin nó aon chuid di gan aisíoc, measfar iasacht ar cóimhéid leis an tsuim neamhíoctha a bheith tugtha ag an dlúthchuideachta dó an tráth sin.

(4) I gcás, tar éis cáin a mheasúnú ar chuideachta faoin alt seo i leith aon iasachta nó airleacain, go n-aisíocfar an iasacht nó an t-airleacan nó aon chuid den chéanna leis an gcuideachta, tabharfar faoiseamh ón gcáin sin, nó ó chuid chionúireach di, trí urscaoileadh nó aisíoc.

Tabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo de dhroim éilimh, ach ní foláir an t-éileamh a dhéanamh laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na bliana measúnachta a rinneadh an t-aisíoc.

(5) Má tharlaíonn, faoi chomhshocraíochtaí arna ndéanamh ag aon duine seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sé—

(a) go dtabharfaidh dlúthchuideachta iasacht nó airleacan nach dtarraingeoidh, ar leith ón bhfo-alt seo, aon mhuirear ar an gcuideachta faoi fho-alt (1), agus

(b) go dtabharfaidh duine éigin seachas an dlúthchuideachta íocaíocht do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí nó go n-aistreoidh sé maoin chuig pearsa aonair den sórt sin nó go scaoilfidh nó go sásóidh sé (go hiomlán nó go páirteach) dliteanas pearsa aonair den sórt sin,

ansin, mura rud é, maidir leis an ábhar dá dtagraítear i mír (b), go mbeidh méid nach lú ná an iasacht nó an t-airleacan le háireamh in ioncam iomlán an rannpháirtí nó an chomhlaigh, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba gur tugadh an iasacht nó an t-airleacan dó.

(6) I bhfo-ailt (1) agus (5) (b), bainfidh na tagairtí do phearsa aonair le cuideachta freisin a gheobhaidh an iasacht nó an t-airleacan i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach, agus le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

(7) Chun críocha an ailt seo déileálfar le haon rannpháirtí i gcuideachta a rialaíonn cuideachta eile mar rannpháirtí freisin sa chuideachta eile sin; agus beidh feidhm ag alt 97 (6) chun a chinneadh an bhfuil, chun críche fho-alt (3), leas ábhartha ag duine i gcuideachta.

(8) Má tharlaíonn, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go dtabharfaidh dlúthchuideachta iasacht nó airleacan airgid do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí, measfar, chun críocha an ailt seo, an iasacht nó an t-airleacan airgid a bheith tugtha ag an gcuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1976:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon iasacht ná airleacan ná le haon chuid den chéanna a aisíocadh leis an gcuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

An éifeacht a bheidh le fiach i leith iasacht faoi alt 98 a scaoileadh, etc.

99. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, i gcás cuideachta a mheasúnú nó a ndlitear í a mheasúnú faoi alt 98 i leith iasachta nó airleacain agus go scaoilfidh nó go ndíscríobhfaidh sí an fiach go léir, nó cuid den fhiach, ina leith, ansin—

(a) chun ioncam iomlán an duine dar tugadh an iasacht nó an t-airleacan a ríomh déanfar suim ar cóimhéid leis an méid a scaoileadh nó a díscríobhadh amhlaidh a áireamh mar ioncam a fuair sé tar éis cáin ioncaim a asbhaint de bhua alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a scaoileadh nó a díscríobhadh an fiach go léir nó cuid de) as méid comhlán comhréireach;

(b) ní aisíocfar aon cháin ioncaim i leith an ioncaim sin;

(c) d'ainneoin mhír (a), déileálfar chun críocha ailt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) agus 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an ioncam a áireofar de bhua na míre sin in ioncam iomlán an duine sin mar ioncam nár muirearaíodh cáin ioncaim air;

(d) chun críocha alt 4 (e) den Acht Airgeadais, 1974 (cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin), ach ní chun aon chríche eile, aon mhéid a ndéileálfar leis mar ioncam de bhua mhír (a) déileálfar leis ionann is dá mba gur baineadh cáin as de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a scaoileadh nó a díscríobhadh an fiach go léir nó cuid de, ar choinníoll más mó an méid sin nó comhiomlán na méideanna sin, má bhíonn thar mhéid amháin ann, ná méid ioncam inchánaithe na pearsan aonair arna mhuirearú de réir an ráta chaighdeánaigh nó ráta níos airde, nach rachaidh, d'ainneoin aon ní san alt sin 4, méid an chreidmheasa faoin alt sin 4 (e), i leith na breise, thar mhéid na cánach, más ann, a muirearaíodh ar an mbreis sin.

(2) I gcás an iasacht nó an t-airleacan dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith tugtha do dhuine a d'éag ó shin, nó d'iontaobhaithe iontaobhas a bhfuil deireadh leis, bainfidh an t-alt seo, in ionad baint leis an duine dar tugadh an céanna, leis an duine a mbeidh an fiach dlite de tráth an scaoilte nó an díscríofa (agus más mar ionadaí pearsanta de réir brí Chuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Cáin Ioncaim maidir le Riaradh Eastát), a bheidh sé dlite de, déanfar, dá réir sin, an méid a mheastar a fuair sé, maidir leis na hardrátaí cánach, a áireamh chun críocha na Coda sin in ioncam comhiomlán an-eastáit) agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) modhnaithe mar is gá.

(3) I gcás a measfar, faoi alt 98 (8), iasacht nó airleacan a bheith tugtha an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus a ndearna an chuideachta a thug an iasacht nó an t-airleacan an fiach go léir nó cuid den fhiach i leith an chéanna a scaoileadh nó a dhíscríobh roimh an dáta sin, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar an méid a scaoileadh nó a díscríobhadh a bheith scaoilte nó díscríofa amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

(4) Forléireofar an t-alt seo i dteannta alt 98.

Dáiltí a chuirfear i gcuntas agus an bhrí atá le “ioncam indáilte”, “ioncam infheistíochta”, “ioncam eastáit”, etc.

100. —(1) Chun críocha alt 101, glacfar gurb éard iad dáiltí cuideachta do thréimhse chuntasaíochta comhiomlán—

(a) aon díbhinní arna ndearbhú in aghaidh nó i leith na tréimhse cuntasaíochta agus a íoctar nó is iníoctha le linn na tréimhse cuntasaíochta nó laistigh d'ocht mí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

(b) na dáiltí go léir, seachas díbhinní, a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta.

(2) I gcás—

(a) nach tréimhse chuntasaíochta tréimhse chuntais a ndearbhóidh cuideachta díbhinn ina haghaidh nó ina leith,

(b) go n-íocfar nó gurb iníoctha an díbhinn i rith na tréimhse cuntais nó laistigh d'ocht mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntais, agus

(c) gur laistigh de thréimhse chuntasaíochta do chuid den tréimhse chuntais,

ansin, is ionann an chomhréir den mhéid den díbhinn a mbeidh sé le meas chun críocha fho-alt (1) gur in aghaidh nó i leith na tréimhse cuntasaíochta í agus an chomhréir idir an chuid sin den tréimhse chuntais agus iomlán na tréimhse sin.

(3) Chun críocha fho-alt (4) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ioncam na tréimhse cuntasaíochta, arna ríomh de réir forálacha an Achta seo, gan ioncam infheistíochta frainceáilte a áireamh, sula n-aisbhainfear—

(a) aon chaillteanas a tabhaíodh in aon trádáil nó gairm a sheolann an chuideachta a bheidh tugtha ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe nó a bheidh tugtha ar gcúl ó thréimhse chuntasaíochta níos deireanaí,

(b) aon bhreis a bheidh ag easnaimh ar bharrachais a mbeadh, dá mba bhreis ag barrachais ar easnaimh an bhreis sin, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta faoi Chás V de Sceideal D ina leith agus ar breis í a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta nios luaithe nó a tugadh ar gcúl ó thréimhse chuntasaíochta níos deireanaí, agus

(c) aon chaillteanas a mbeadh, dá mba bhrabús é, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás III nó IV de Sceideal D agus ar caillteanas é a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe nó aon chaiteachas bainistí nó aon mhuirir ar ioncam a tugadh ar aghaidh amhlaidh,

agus tar éis iad seo a leanas a asbhaint—

(d) aon chaillteanas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta in aon trádáil nó gairm a sheolann ag an chuideachta,

(e) aon chaillteanas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a mbeadh, dá mba bhrabús é, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás III nó IV de Sceideal D,

(f) aon bhreis ag easnaimh ar bharrachais a mbeadh, dá mba bhreis barrachas an bhreis sin, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith don tréimhse chuntasaíochta faoi Chás V de Sceideal D,

(g) aon mhéid is asbhaint inlamhála—

(i) in aghaidh iomlán na mbrabús don tréimhse chuntasaíochta i leith muirear de bhua alt 10 (1), nó

(ii) le linn iomlán na mbrabús don tréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh i leith caiteachas bainistí de bhua alt 15 (1), agus

(h) méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ríomhfaí an cháin ar bhonn an ioncaim a dhéanfaí amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an t-ioncam arna ríomh de réir fho-alt (3) agus arna mhéadú—

(a) méid ioncam infheistíochta frainceáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin, agus

(b) aon laghdú san ioncam sa tréimhse chuntasaíochta arna dhéanamh faoi alt 176 (faoiseamh eatramhach do chuideachtaí láithreacha ar scor de thrádáil, etc.) i leith aon bhunadh ioncaim:

Ar choinníoll, i gcás ar mó comhiomlán na méideanna a shonraítear i míreanna (d) go (g) d'fho-alt (3) ná an t-ioncam arna ríomh de réir an fho-ailt sin ar leith ó na míreanna sin, go ndéanfar, le linn méid an ioncaim indáilte a bheith á ríomh, méid na breise a bhaint as comhiomlán na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b);

ciallaíonn “ioncam infheistíochta” de chuid cuideachta ioncam seachas ioncam eastáit nárbh ioncam tuillte de réir brí alt 2 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mba phearsa aonair an chuideachta, ach ní fholaíonn sé aon ús ná díbhinní ar infheistíochtaí a bheadh, ag féachaint do chineál na trádála a sheolann an chuideachta, le cur i gcuntas mar fháltais trádála le linn ioncam trádála a bheith á ríomh mura mbeadh iad a bheith curtha faoi cháin ar dhóigh seachas mar fháltais trádála, nó toisc nach bhfuil siad, de bhua alt 2 (ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta a chónaíonn in Éirinn), le cur i gcuntas le linn ioncam a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide;

ciallaíonn “ioncam eastáit” ioncam (seachas ús bliantúil nó ús eile) ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás III, IV nó V de Sceideal D, agus a d'eascair as úinéireacht talún (lena n-áirítear aon leas i dtalamh nó ceart thar thalamh) nó as aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ligean troscánaithe;

ciallaíonn “ioncam trádála” ioncam as trádáil (lena n-áirítear feirmeoireacht) nó gairm a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar chuideachta ina leith faoi Chás I nó II de Sceideal D;

ciallaíonn “cuideachta thrádála” aon chuideachta atá ann go hiomlán nó go formhór chun trádáil a sheoladh agus aon chuideachta eile nach ioncam infheistíochta ná ioncam eastáit a hioncam go hiomlán nó go formhór.

(5) Chun críocha alt 101—

ciallaíonn “ioncam infheistíochta indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4), an méid a dhéanfar amach de réir an choinníll sin, agus, in aon chás eile, suim an dá mhéid seo a leanas—

(a) an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

A

__

B

a fheidhmiú

ar mhéid an ioncaim indáilte ar leith ó ioncam infheistíochta frainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin)

i gcás—

arb é A méid an ioncaim infheistíochta a chuirtear i gcuntas le linn an cháin a luaitear i bhfo-alt (3) (h) a bheith á ríomh, agus

arb é B an méid iomlán ioncaim a chuirtear i gcuntas amhlaidh,

agus

(b) méid an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin):

Ar choinníoll gurb é an t-ioncam infheistíochta indáilte, i gcás cuideachta trádála, an méid a dhéanfar amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo arna laghdú 5 faoin gcéad;

ciallaíonn “ioncam eastáit indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse

chuntasaíochta an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

C

__

D

a

fheidhmiú ar mhéid an ioncaim indáilte ar leith ó ioncam infheistíochta frainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin)

i gcás—

arb é C méid an ioncaim eastáit a chuirtear i gcuntas le linn an cháin a luaitear i bhfo-alt (3) (h) a bheith á ríomh, agus

arb é D an méid iomlán ioncaim a chuirtear i gcuntas amhlaidh:

Ar choinníoll gurb é an t-ioncam eastáit indáilte, i gcás cuideachta trádála, an méid a dhéanfar amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo arna laghdú 7.5 faoin gcéad.

(6) Is é méid aon chineál ioncaim dá dtagraítear san alt seo do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuid chomhréireach den méid don tréimhse go léir.

(7) I gcás cuideachta a bheith faoi aon srian a fhorchuirtear le dlí maidir le dáiltí a dhéanamh, beidh aird ar an srian sin le linn an méid ioncaim ar a bhforchuirfear formhuirear faoi alt 101 a bheith á ríomh.

Formhuirear ar ioncam infheistíochta agus ioncam eastáit neamhdháilte de chuid dlúthchuideachta.

101. —(1) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta dlúthchuideachta, comhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáit indáilte ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear anseo feasta san alt seo) ar cóimhéid le 20 faoin gcéad den bhreis:

Ar choinníoll—

(a) nach gcuirfear formhuirear ar an gcuideachta má bhíonn an bhreis ar cóimhéid leis an méid is lú díobh seo a leanas nó más lú ná sin é—

(i) £500, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach, agus

(ii) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith ag an gcuideachta, £500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach agus arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin;

(b) i gcás ar mó an bhreis ná an méid is lú nach gcuirfí formhuirear air de bhua mhír (a), ní bheidh méid an fhormhuirir níos mó ná suim ar cóimhéid le ceithre chúigiú cuid den mhéid is mó an bhreis ná an méid sin is lú.

(2) I gcás comhiomlán—

(a) ioncam neamhdháilte carnaithe na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

(b) aon mhéid a ndearnadh, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, é a aistriú chun cúlchistí caipitil nó a úsáid chun scaireanna, stoic nó urrúis a eisiúint mar scaireanna, stoic nó urrúis a bhí íoctha ar shlí seachas ar chomaoin nua (mar a shainítear i gCuid IX) nó a úsáid ar dhóigh eile d'fhonn an méid dá dtagraítear i mír (a) a laghdú,

a bheith níos lú ná an bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh feidhm ag an bhfo-alt sin ionann is dá gcuirfí méid an chomhiomláin sin in ionad na breise sin.

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 28 (4) (5) (laghdú ar dhliteanas cánach corparáide cuideachtaí beaga) chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm acu chun críocha alt 28 (3).

(4) Má dháiltear aon mhéid ar cuireadh formhuirear ar chuideachta ina leith faoin alt seo, is é an creidmheas cánach dá bhforáiltear le halt 88 (creidmheas cánach d'fhaighteoirí dáiltí áirithe) an creidmheas cánach i leith an dáilte, ach amháin i gcás a bhforáiltear a mhalairt.

(5) Íocfar formhuirear a chuirfear faoin alt seo ar chuideachta do thréimhse chuntasaíochta in aon tráthchuid amháin laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(6) Beidh feidhm ag forálacha alt 6 (5) (scéim ghinearálta cánach corparáide) agus Chuid XIV (Riarachán) i ndáil le formhuirear faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le cáin chorparáide a mhuirearaítear ar dhóigh seachas faoin alt seo.

An bhrí atá le “cuideachta chomhlachaithe” agus le “rialú”.

102. —(1) Chun críocha na Coda seo áireofar gur “cuideachta chomhlachaithe” de chuid cuideachta eile cuideachta tráth áirithe más rud é, an tráth sin nó aon tráth laistigh de bhliain roimhe sin, go raibh rialú ag ceann acu ar an gceann eile, nó go raibh an dá cheann acu faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna.

(2) Chun críocha na Coda seo measfar cuideachta a bheith faoi rialú duine má dhéanann sé rialú nó má tá ar a chumas rialú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar ghnóthaí na cuideachta, nó má tá sé i dteideal an rialú sin a fháil, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, má shealbhaíonn sé nó má bhíonn sé i dteideal go bhfaigheadh sé—

(a) an chuid is mó de scairchaipiteal nó de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó den chumhacht vótála sa chuideachta;

(b) cibé cuid de scairchaipiteal eisithe na cuideachta a thabharfadh teideal dó, dá ndéanfaí ioncam uile na cuideachta a dháileadh iarbhír ar na rannpháirtithe (ar neamhshuim le haon chearta atá aige féin nó ag aon duine eile mar chreidiúnaí iasachta), an chuid is mó den méid a dáileadh amhlaidh a fháil; nó

(c) cibé cearta a thabharfadh teideal dó, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh nó in aon imthosca eile, an chuid is mó de shócmhainní na cuideachta a bheadh inchomhairimh an tráth sin le dáileadh ar na rannpháirtithe a fháil.

(3) Má shásaíonn dhá dhuine nó níos mó le chéile na coinníollacha i bhfo-alt (2), measfar an chuideachta a bheith faoina rialú.

(4) Chun críocha fho-alt (2) measfar duine bheith i dteideal aon ní a fháil atá sé i dteideal a fháil ar dháta san am le teacht nó a bheidh sé, ar dháta san am le teacht, i dteideal a fháil.

(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), luafar i leith aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag ainmní dá chuid, is é sin le rá, aon chearta nó cumhachtaí a shealbhaíonn duine eile thar a cheann nó a bheidh ar an duine eile sin a fheidhmiú ar ordú uaidh nó thar a cheann.

(6) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), féadfar freisin na cearta agus na cumhachtaí go léir le haon chuideachta atá faoi rialú ag aon duine, nó aige féin agus ag comhlaigh dá chuid, nó le haon dá chuideachta nó níos mó, nó le haon chomhlach dá chuid nó le haon dá chomhlach nó níos má dá chuid, lena n-áirítear iad sin a luaitear i leith cuideachta nó comhlaigh faoi fho-alt (5), ach gan iad sin a luaitear i leith comhlaigh faoin bhfo-alt seo a áireamh, a lua i leith an duine sin; agus déanfar cibé lua faoin bhfo-alt seo a mbeidh de thoradh air go measfar an chuideachta a bheith faoi rialú cúig rannpháirtí nó níos lú más féidir sin a mheas fúithi.

An bhrí atá le “rannpháirtí”, “comhlach”, “stiúrthóir” agus “creidiúnaí iasachta”.

103. —(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “rannpháirtí”, i ndáil le haon chuideachta, duine ag a bhfuil scair nó leas i gcaipiteal nó in ioncam na cuideachta, agus, gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, folaíonn sé—

(a) aon duine a shealbhaíonn nó atá i dteideal go bhfaigheadh sé, scairchapiteal no cearta vótála sa chuideachta,

(b) aon chreidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta,

(c) aon duine a shealbhaíonn, nó atá i dteideal go bhfaigheadh sé, ceart dáiltí de chuid na cuideachta a fháil nó bheith páirteach iontu (agus “dáiltí” a fhorléiriú ar neamhshuim le halt 96 nó 97) nó aon mhéideanna a fháil nó bheith páirteach in aon mhéideanna is iníoctha ag an gcuideachta (in airgead nó i gcomhchineál) le creidiúnaithe iasachta ar mhodh préimhse le linn fuascailte, agus

(d) aon duine atá i dteideal a áirithiú go ndéanfar ioncam nó sócmhainní (faoi láthair nó san am le teacht) na cuideachta a fheidhmiú go díreach nó go neamhdhíreach chun sochair dó féin.

San fho-alt seo tá feidhm ag na tagairtí do bheith i dteideal aon ní a dhéanamh i gcás duine bheith i dteideal é a dhéanamh ar dháta san am le teacht nó é a bheith, ar dháta san am le teacht, i dteideal é a dhéanamh.

(2) Maidir le forálacha fho-alt (1) is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil áirithe den Chuid seo a cheanglaíonn go ndéileálfar le rannpháirtí i gcuideachta amháin mar rannpháirtí i gcuideachta eile freisin.

(3) Chun críocha na Coda seo ciallaíonn “comhlach”, i ndáil le rannpháirtí—

(a) aon ghaol nó comhpháirtí don rannpháirtí,

(b) iontaobhaí nó iontabhaithe aon socraíocht a bhfuil an rannpháirtí, nó a bhfuil nó a raibh aon ghaol dá chuid (beo nó marbh), ina shocraitheoir ina leith agus an bhrí chéanna le “socraíocht” agus “socraitheoir” atá leo in alt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ), agus

(c) i gcás leas a bheith ag an rannpháirtí in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó ar cuid iad d'eastát duine éagtha, aon duine eile ag a bhfuil leas sa chéanna,

agus tá brí chomhréire leis i ndáil le duine seachas rannpháirtí:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (c) chun comhlach a bheadh i dteideal nó cáilithe leas a fháil faoi iontaobhas a dhéanamh de phearsa aonair—

(i) má bhaineann an t-iontaobhas go heisiatach le ciste nó scéim a ceadaíodh faoi alt 222 (cistí aoisliúntais a dhíolmhú) nó 229 (scéimeanna sochar scoir a cheadú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó le scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 (Scéimeanna Pinsean Gairme), nó

(ii) más iontaobhas go heisiatach chun sochar fostaithe, nó fostaithe agus stiúrthóirí, na cuideachta nó a gcleithiúnaithe, an t-iontaobhas (agus nach iontaobhas é go hiomlán nó go formhór chun sochar stiúrthóirí nó a ngaolta) agus nach bhfuil an phearsa aonair atá i gceist (agus nach dtiocfadh dó, de thoradh oibriú an iontaobhais, a bheith) ina úinéir tairbhiúil, as féin ná i dteannta a ghaolta, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta,

agus le linn mír (ii) den choinníoll seo a bheith á feidhmiú, déanfar neamhshuim d'aon iontaobhais charthanúla a éireoidh ar iontaobhais eile loiceadh nó foirceannadh.

(4) I bhfo-alt (3) ciallaíonn “gaol” fearchéile, banchéile, sinsear, dírshliochtach, deartháir nó deirfiúr.

(5) Chun críocha na Coda seo folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra cibé ainm a thugtar air, aon duine ar gnách le stiúrthóirí gníomhú ar ordú nó teagasc uaidh, agus aon duine—

(a) is bainisteoir ar an gcuideachta nó a bhfuil baint aige ar dhóigh eile le bainistíocht thrádáil nó gnó na cuideachta, agus

(b) atá, as féin nó i dteannta comhlach amháin nó níos mó, ina úinéir tairbhiúil, nó ábalta, go díreach ní trí chuideachtaí eile nó ar aon mhodh neamhdhíreach eile, rialú a dhéanamh, ar 20 faoin gcéad nó níos mó de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta.

(6) I bhfo-alt (5) (b) ceanglaíonn an abairt “as féin nó i dteannta comhlach amháin nó níos mó” go ndéileálfar le duine mar dhuine is úinéir nó, de réir mar a bheidh, a dhéanann rialú, ar an ní is le haon chomhlach nó a rialaíonn aon chomhlach, d'ainneoin nach úinéir é ná nach ndéanann sé rialú ar scairchaipiteal as féin, agus i mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) tá brí chomhréireach leis an abairt “as féin nó i dteannta a ghaolta.”

(7) Chun críocha na Coda seo ciallaíonn “creidiúnaí iasachta”, i ndáil le cuideachta, creidiúnaí i leith aon fhéich a thabhaigh an chuideachta—

(a) mar gheall ar aon airgead a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní chaipitiúla a fuair an chuideachta, nó

(b) mar gheall ar aon cheart ioncam a ghlacadh a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta, nó

(c) mar gheall ar chomaoin ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh ar an gcéanna),

nó i leith aon chaipiteal iasachta infhuascailte a d'eisigh an chuideachta:

Ar choinníoll nach measfar maidir le duine a sheolann gnó baincéireachta gur creidiúnaí iasachta é i leith aon chaipiteal iasachta nó fiach a d'eisigh nó a thabhaigh an chuideachta mar gheall ar airgead a thug sé ar iasacht don chuideachta i ngnáthchúrsa an ghnó sin.

(8) I gcás duine nach é an creidiúnaí é maidir le haon fhiach nó caipiteal iasachta lena mbaineann fo-alt (7) ach a bhfuil, dá ainneoin sin, leas tairbhiúil aige sa chéanna, déileálfar chun críocha na Coda seo leis, go feadh an leasa sin, mar chreidiúnaí iasachta i leith an fhéich nó an chaipitil iasachta sin.

Eolas.

104. —(1) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon chuideachta is dlúthchuideachta, nó ar dealraitheach dó gur dlúthchuideachta í, cibé sonraí is dóigh leis is gá chun críocha na Coda seo a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná tríocha lá) a shonrófar san fhógra.

(2) Má cheanglaíonn an cigire, trí fhógra i scríbhinn, chun críocha na Coda seo é ar aon duine a bhfuil aon scaireanna cláraithe ina ainm, inseoidh an duine sin an eisean nó nach eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna, agus murab eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó aon scaire díobh, inseoidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine ar thar a cheann nó thar a gceann atá na scaireanna cláraithe ina ainm.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le caipiteal iasachta mar atá feidhm aige i ndáil le scaireanna.

(4) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal chun críocha na Coda seo—

(a) ar aon chuideachta ar dealraitheach dó gur dlúthchuideachta í sonraí aon urrúis iompróra a d'eisigh an chuideachta agus ainmneacha agus seoltaí na ndaoine chun ar eisíodh na hurrúis agus na méideanna faoi seach a eisíodh chun gach duine a insint dó; agus

(b) ar aon duine chun ar eisíodh urrúis mar a dúradh, nó a ndearnadh urrúis den sórt sin a dhíol leis nó a aistriú tríd ina dhiaidh sin, cibé eolas breise a thabhairt dó a iarrfaidh sé lena chumasú dó fios ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a bhfuil leas tairbhiúil acu sna hurrúis a fháil.

San fho-alt seo folaíonn “urrúis” scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir agus stoc bintiúir agus freisin aon nóta gealltanais nó aon ionstraim eile a fhianaíonn féichiúnas agus a eisíodh chun creidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta.