An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X Dlúthchuideachtaí) Ar Aghaidh (CUID XII Gnóchain Chaipitiúla Cuideachtaí)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID XI

Grúp-Fhaoiseamh

Grúp-íocaíochtaí.

105. —(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, aon íocaíochtaí den sórt dá dtagraítear san fho-alt seo ó chuideachta eile (ar cuideachta a chónaíonn sa Stát gach cuideachta díobh), agus—

(a) an chuideachta a dhéanfaidh an íocaíocht—

(i) a bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta eile nó do chuideachta a chónaíonn sa Stát ar fochuideachta 51 faoin gcéad di an ceann eile; nó

(ii) a bheith ina cuideachta thrádála nó shealbhaíochta ar úinéireacht ag comheagras ar dá chomhaltaí an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí; nó

(b) an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí a bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta,

ansin, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí agus an chuideachta a íocfaidh iad comhrogha a dhéanamh le go mbainfidh an fo-alt seo le haon íocaíochtaí a gheobhaidh cuideachta na fála ó chuideachta an íoca, agus fad a sheasfaidh an rogha sin féadfar na híocaíochtaí sin a dhéanamh gan cáin ioncaim a asbhaint agus ní bheidh feidhm ina leith sin ag alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (íocaíochtaí nach iníoctha as brabúis chánaithe), ná ag alt 31 den Acht Airgeadais, 1974 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí).

Is iad na híocaíochtaí a bhféadfar rogha a dhéanamh ina leith faoin bhfo-alt seo aon íocaíochtaí is íocaíochtaí le haghaidh muirir chánach corparáide ar ioncam chuideachta a ndéanta nó ba íocaíochtaí le haghaidh na muirear cánach sin ar ioncam chuideachta a ndéanta dá mba nárbh inasbhainte iad le linn brabúis nó aon chineál brabús a bheith á ríomh nó dá mba nár bhain alt 10 (6) (srian maidir le muirir ar ioncam a lamháil) leo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le híocaíochtaí a gheobhaidh cuideachta ar aon infheistíochtaí, dá ndéileálfaí mar fháltas trádála de chuid na cuideachta sin le brabús as na hinfheistíochtaí sin a dhíol.

(3) I gcás a n-airbheartóidh cuideachta, de bhua rogha faoi fho-alt (1), aon íocaíocht a dhéanamh gan cáin ioncaim a asbhaint agus gur cheart cáin ioncaim a asbhaint, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is gá lena áirithiú gurb iad na dliteanais chéanna chánach (agus ús ar cháin neamhíoctha a áireamh) a bheidh, dá thoradh sin, a mhéid is féidir é, ar an gcuideachta a rinne, agus ar an gcuideachta a fuair, an íocaíocht a bheadh orthu dá n-asbhainfí go cuí an cháin ioncaim.

(4) I gcás cáin a measúnaíodh faoi fho-alt (3) ar an gcuideachta a rinne an íocaíocht a bheith gan íoc ag an gcuideachta sin i gceann trí mhí ón dáta is iníoctha an cháin sin, féadfar, gan dochar don cheart an cháin sin a ghnóthú ón gcuideachta sin, í a ghnóthú ón gcuideachta a fuair an íocaíocht.

(5) Le linn bheith á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile cuideachta, déileálfar leis an gcuideachta eile sin mar chuideachta nach í an t-úinéir í—

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát, nó

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta arbh fháltas trádála di brabús as na scaireanna a dhíol.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) ciallaíonn “cuideachta thrádála nó shealbhaíochta” cuideachta thrádála nó cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí trádála, ar fochuideachtaí 90 faoin gcéad di iad, a shealbhú,

(b) ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh,

(c) tá cuideachta ar úinéireacht ag comheagras má tá trí cheathrú nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta ar úinéireacht tairbhiúl eatarthu ag cúig chuideachta nó níos lú a chónaíonn sa Stát agus nach lú ná an fichiú cuid den chaipiteal sin atá ar úinéireacht tairbhiúil ag aon chuideachta díobh, agus comhaltaí an chomheagrais a ghairtear de na cuideachtaí sin.

(7) Baineann na tagairtí san alt seo d'íocaíochtaí a fuair cuideachta le haon íocaíocht a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach ní bhaineann siad le haon íocaíocht a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó.

Rogha: grúp-íocaíochtaí.

106. —(1) Is trí fhógra i scríbhinn chun an chigire a dhéanfar rogha faoi alt 105 (dá ngairtear “rogha” san alt seo) agus beidh na fíorais is gá chun a thaispeáint go bhfuil na cuideachtaí i dteideal an rogha a dhéanamh leagtha amach san fhógra.

(2) Ní bheidh éifeacht le rogha i ndáil le híocaíochtaí a dhéanfar tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an fógra a thabhairt agus sular deimhin leis an gcigire go bhfuil an rogha déanta go bailí, agus go mbeidh sin curtha in iúl aige do na cuideachtaí lena mbaineann; ach ní bheidh aon éifeacht leis an rogha má chuireann an cigire in iúl, laistigh de na trí mhí sin, do na cuideachtaí lena mbaineann nach bhfuil bailíocht na rogha cruthaithe dó.

Ar choinníoll go mbeidh an ceart céanna achomhairc ag na cuideachtaí in aghaidh aon chinneadh nach bhfuil bailíocht na rogha cruthaithe a bheadh ag cuideachta déanta na n-íocaíochtaí dá mba mheasúnacht í ar an gcuideachta sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag Cuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Scoirfidh rogha d'fheidhm a bheith aici má scoireann na cuideachtaí aon tráth de bheith i dteideal an rogha a dhéanamh, agus nuair a tharlóidh sin tabharfaidh gach cuideachta fógra don chigire.

(4) Féadfaidh ceachtar de na cuideachtaí a dhéanfaidh rogha fógra i scríbhinn a thabhairt aon tráth don chigire ag cúlghairm na rogha; agus beidh éifeacht le haon fhógra den sórt sin ón tráth a thabharfar é.

Grúp-fhaoiseamh.

107. —(1) Féadfaidh cuideachta (dá ngairtear “an cuideachta ghéillte”) is comhalta de ghrúpa cuideachtaí faoiseamh a ghéilleadh de réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo i leith caillteanais trádála agus suimeanna eile atá i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide agus, ar chuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta éilimh”) is comhalta den ghrúpa céanna do dhéanamh éilimh, féadfar an faoiseamh sin a lamháil don chuideachta éilimh ar mhodh faoisimh ó cháin chorparáide da ngairtear “grúp-fhaoiseamh”.

(2) Beidh grúp-fhaoiseamh inchomhairimh freisin de réir na bhforálacha sin—

(a) i gcás ar cuideachta thrádála atá ar úinéireacht ag comheagras agus nach fochuideachta 75 faoin gcéad d'aon chuideachta an chuideachta ghéillte, agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh, nó

(b) i gcás arb éard í an chuideachta ghéillte cuideachta thrádála—

(i) is fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras, agus

(ii) nach fochuideachta 75 faoin gcéad í do chuideachta seachas an chuideachta shealbhaíochta,

agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh, nó

(c) i gcás ar cuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras agus nach fochuideachta 75 faoin gcéad d'aon chuideachta an chuideachta ghéillte, agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh:

Ar choinníoll nach bhféadfaidh comhalta de chomheagras aon éileamh a dhéanamh dá n-áireofaí mar fháltas trádála de chuid an chomhalta sin brabús as scairchaipiteal na cuideachta géillte nó na cuideachta sealbhaíochta atá ar úinéireacht ag an gcomhalta sin a dhíol nó más nialas scair an chomhalta sa chomheagras i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí na cuideachta géillte nó na cuideachta sealbhaíochta.

(3) Faoi réir na n-alt seo a leanas den Chuid seo, féadfaidh dhá chuideachta éilimh nó níos mó éilimh a dhéanamh i ndáil leis an gcuideachta ghéillte chéanna, agus i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte sin.

(4) Ní dhéanfar íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh—

(a) a chur i gcuntas le linn brabúis nó caillteanais ceachtar cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, ná

(b) a áireamh, chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Corparáide, mar dháileadh nó mar mhuirear ar ioncam,

agus san fho-alt seo ciallaíonn “íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh” íocaíocht arna déanamh ag an gcuideachta éilimh leis an gcuideachta ghéillte de bhun comhaontú eatarthu maidir le méid a géilleadh ar mhodh grúp-fhaoisimh, is íocaíocht nach mó ná an méid sin.

(5) Chun críocha an ailt seo agus na n-alt seo a leanas den Chuid seo—

(a) measfar dhá chuideachta a bheith ina gcomhaltaí de ghrúpa cuideachtaí más fochuideachta 75 faoin gcéad ceann acu don cheann eile nó más fochuideachtaí 75 faoin gcéad iad araon do thríú cuideachta,

(b) ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí ar fochuideachtaí 90 faoin gcéad dá cuid iad, agus ar cuideachtaí trádála iad, a shealbhú,

(c) ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh.

(6) Le linn an míniú ar “fochuideachta 75 faoin gcéad” in alt 156 (fochuideachtaí) a fheidhmiú chun na gcríocha sin déileálfar mar ghnáth-scairchaipiteal le haon scairchaipiteal le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe.

(7) Ní bhaineann tagairtí san alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo do chuideachta ach amháin le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát; agus le linn bheith á chinneadh chun críocha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Chuid seo an fochuideachta 75 faoin gcéad do chuideachta eile cuideachta áirithe, áireofar nach úinéir an chuideachta eile sin—

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí mar fháltas trádála óna trádáil brabús as na scaireanna a dhíol, ná

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta ar fháltas trádála di brabús as na scaireanna a dhíol, ná

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

(8) Chun na gcríocha sin tá cuideachta ar úinéireacht ag comheagras má tá gnáth-scairchaipiteal uile na cuideachta sin ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil eatarthu ag cúig chuideachta nó níos lú agus comhaltaí an chomheagrais a ghairtear de na cuideachtaí sin.

Grúp-fhaoiseamh: cáilíochtaí le haghaidh teidil.

108. —(1) D'ainneoin cuideachta (dá ngairtear “an fhochuideachta” san fho-alt seo) a bheith aon tráth ina fochuideachta 75 faoin gcéad nó ina fochuideachta 90 faoin gcéad, de réir brí alt 156, do chuideachta eile (dá ngairtear “an mháthair-chuideachta”) san alt seo ní dhéileálfar léi an tráth sin mar fhochuideachta den sórt sin chun críocha grúp-fhaoisimh murab amhlaidh, ina theannta sin, an tráth sin—

(a) go mbeidh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chun cuid nach lú ná 75 faoin gcéad nó, de réir mar a bheidh, 90 faoin gcéad d'aon bhrabúis a bheidh inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais na fochuideachta; agus

(b) go mbeadh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chun cuid nach lú ná 75 faoin gcéad nó, de réir mar a bheidh, 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid na fochuideachta a bheadh inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta.

(2) Faoi réir fho-alt (3), chun críocha grúp-fhaoisimh is é scair comhalta i gcomheagras, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta géillte, cibé céatadán díobh seo leanas is lú sa tréimhse sin, is é sin—

(a) an céatadán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta géillte, atá ar úinéireacht tairbhiúil ag an gcomhalta sin;

(b) an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcomhalta sin chuige d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais na cuideachta géillte, agus

(c) an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil ag an gcomhalta sin chuige d'aon sócmhainní de chuid chuideachta an ghéillte ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta;

agus má tháinig athrú ar na céatadáin sin sa tréimhse chuntasaíochta sin, glacfar an meán-chéatadán thar an tréimhse chun críocha an fho-ailt seo.

(3) In aon chás ar fochuideachta an chuideachta ghéillte do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras, cuirfear tagairtí don chuideachta shealbhaíochta in ionad na dtagairtí i bhfo-alt (2) don chuideachta ghéillte.

Grúp-fhaoiseamh: brabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh.

109. —(1) Chun críocha na Coda seo, is sealbhóir cothromais de chuid cuideachta aon duine—

(a) a shealbhaíonn gnáthscaireanna sa chuideachta, nó

(b) is creidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta i leith iasacht nach gnáth-iasacht tráchtála,

agus ní fholaíonn aon tagairt san alt sin do bhrabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta tagairt d'aon bhrabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh ar aon sealbhóir cothromais ar dhóigh seachas mar shealbhóir cothromais.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (a) ciallaíonn “gnáth-scaireanna” gach uile scair seachas scaireanna tosaíochta ráta shocair.

(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “scaireanna tosaíochta ráta shocair” scaireanna—

(a) a eisítear ar chomaoin arb éard í nó ar cuid di comaoin nua; agus

(b) nach ngabhann aon cheart leo lena gcomhshó ina scaireanna nó ina n-urrúis d'aon sórt eile nó chun aon scaireanna breise no urrúis bhreise a fháil; agus

(c) nach ngabhann aon cheart chun díbhinní leo seachas díbhinní—

(i) a bhfuil a méid socair nó ar díbhinní iad de réir ráta shocair faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna, agus

(ii) nach bhfuil iontu ach brabach réasúnach tráchtála ar an gcomaoin nua a fuair an chuideachta i leith na scaireanna a eisiúint; agus

(d) nach ngabann, ar iad a aisíoc, aon chearta leo i leith méid is mó ná an chomaoin nua sin ach amháin a mhéid is inchomórtais le réasún na cearta sin leis na cearta is gnáth do scaireanna díbhinne socaire a luaitear ar stocmhargadh sa Stát.

(4) Beidh feidhm ag alt 103 (7) (míniú ar “creidiúnaí iasachta” chun críocha na bhforálacha a bhaineann le dlúthchuideachtaí) chun críocha fho-alt (1) (b) mar atá feidhm aige chun críocha Chuid X, ach amháin go bhfágfar an coinníoll ar lár.

(5) I bhfo-alt (1) (b) ciallaíonn “gnáth-iasacht tráchtála” iasacht comaoine nua nó iasacht a fholaíonn comaoin nua agus—

(a) nach ngabhann aon cheart léi í a chomhshó i scaireanna nó in urrúis d'aon chineál eile nó scaireanna breise nó urrúis bhreise a fháil; agus

(b) nach dtugann teideal don chreidiúnaí iasachta chun aon mhéid ar mhodh úis a bhraitheann aon mhéid ar thorthaí gnó na cuideachta nó aon choda de nó ar luach aon sócmhainní de chuid na cuideachta nó ar mó é ná brabach réasúnach tráchtála ar an gcomaoin nua a tugadh ar iasacht; agus

(c) a mbeidh an creidiúnaí iasachta i dteideal ina leith, ar í a aisíoc, chun méid nach mó ná an chomaoin nua a tugadh ar iasacht nó is inchomórtais le réasún leis an méid is gnách a bheith inaisíoctha (i leith a cóimhéid de chomaoin nua) faoi théarmaí eisiúna urrúis a luaitear ar stocmhargadh sa Stát.

(6) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) go (5) ach faoi réir fho-alt (7). i gcás—

(a) ar sholáthraigh aon duine, go díreach nó go neamhdhíreach, comaoin nua i leith aon scaireanna nó urrúis sa chuideachta, agus

(b) a n-úsáideann an duine sin, nó aon duine atá bainteach leis. chun críocha a thrádála sócmhainní leis an gcuideachta agus a dtugtar ina leith sin don chuideachta aon cheann de na liúntais a shonraítear i gCuid XIII nó XIV, Caibidil I de Chuid XV, Caibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , nó alt 2, 3, 6 nó 8 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974 ,

ansin, chun críocha na Coda seo, déileálfar leis an duine sin, agus leis an duine sin amháin, mar shealbhóir cothromais i leith na scaireanna nó na n-urrús sin agus mar dhuine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chun aon dáileadh brabús nó sócmhainní is inchurtha i leith na scaireanna nó na n-urrús sin.

(7) In aon chás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le banc in imthosca a thugann—

(a) go ndearnadh an t-aon chomaoin nua a sholáthraigh an banc mar a luaitear i bhfo-alt (6) (a) a sholáthar in ngnáthchúrsa a ghnó baincéireachta ar mhodh gnáth-iasachta tráchtála mar a shainítear i bhfo-alt (5); agus

(b) gur lú ná méid na comaoine nua sin an costas a bhain don chuideachta áirithe i ndáil leis na sócmhainní a thagann faoi réim fho-alt (6) (b) a úsáidtear mar a luaitear san fho-alt sin ag an mbanc nó ag duine atá bainteach leis an mbanc.

déanfar na tagairtí i bhfo-alt (6), seachas an tagairt i mír (a) den fho-alt sin, do scaireanna nó d'urrúis sa chuideachta, a fhorléiriú mar thagairt don oiread sin, go heisiatach, den iasacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo atá ar cóimhéid leis an gcostas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(8) San alt seo tá an bhrí chéanna le “comaoin nua” atá leis i gCuid IX agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157 (daoine bainteacha).

Grúp-fhaoiseamh: “an dáileadh brabús”.

110. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, chun críocha alt 108, ciallaíonn an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil chuige ag cuideachta amháin d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta eile an céatadán a mbeadh an chéad chuideachta ina theideal amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn méid a dháileadh in airgead ar na sealbhóirí cothromais sin—

(a) is méid brabús ar cóimhéid le brabúis uile na cuideachta eile a d'eascair sa tréimhse chuntasaíochta sin (bíodh nó ná bíodh aon chuid de na brabúis sin dáilte), nó

(b) mura bhfuil aon bhrabúis ag an gcuideachta eile sa tréimhse chuntasaíochta sin, is £100 brabús,

agus sna forálacha seo a leanas den Chuid seo, tugtar “an dáileadh brabús” ar an dáileadh sin.

(2) Chun críocha an dáilte brabús toimhdeofar nach ndearnadh aon íocaíocht trí aisíoc scairchaipitil nó príomh-shuime a bhí urraithe le haon iasacht mura dáileadh an íocaíocht sin.

(3) Faoi réir fho-alt (2), i gcás sealbhóir cothromais bheith i dteideal, sa cháil sin, chun íocaíocht d'aon chineál nach n-áireofaí ar leith ón bhfo-alt seo mar dháileadh, déanfar, dá ainneoin sin, í a áireamh mar mhéid a bhfuil teideal aige chuige ar an dáileadh a dhéanamh.

Grúp-fhaoiseamh: “an foirceannadh barúlach”.

111. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, chun críocha alt 108, ciallaíonn an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil chuige ag cuideachta amháin d'aon sócmhainní le cuideachta eile ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta an céatadán a mbeadh an chéad cuideachta ina theideal amhlaidh dá bhfoirceannfaí an chuideachta eile agus gur chóimhéid, le linn an fhoirceanta sin, luach na sócmhainní ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais (is é sin le rá, tar éis aon dliteanais do dhaoine eile a asbhaint)—

(a) leis an mbreis, más ann, a bheidh ag méid iomlán sócmhainní na cuideachta, mar a thaispeántar ar an gclár comhardaithe a bhaineann lena gnóthaí mar a bhí i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ar mhéid iomlán na ndliteanas sin dá cuid a thaispeántar amhlaidh agus nach dliteanais iad do shealbhóirí cothromais sa cháil sin, nó

(b) mura mbeidh aon bhreis den sórt sin ann nó má bhíonn clár comhardaithe na cuideachta déanta amach go dtí dáta seachas deireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, le £100.

(2) Sna forálacha seo a leanas den Chuid seo, tugtar “foirceannadh barúlach” ar fhoirceannadh ar an mbonn a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más rud é, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, go mbeadh teideal ag sealbhóir cothromais, sa cháil sin, chun méid sócmhainní d'aon chineál nach ndéileálfaí leis, ar leith ón bhfo-alt seo, mar dháileadh sócmhainní, déileálfar leis, dá ainneoin sin, faoi réir fho-alt (4), mar mhéid a mbeadh teideal ag an sealbhóir cothromais chuige le linn sócmhainní a dháileadh le linn an fhoirceanta bharúlaigh.

(4) Má dhéanann cuideachta méid (dá ngairtear “an méid tuairiscithe” san fho-alt seo) ar comhréir leis an gcomaoin nua go léir nó le haon chuid den chomaoin nua a sholáthraigh sealbhóir cothromais de chuid cuideachta in aghaidh aon scaireanna nó urrúis ar sealbhóir cothromais é ina leith a chur chun feidhme, go díreach nó go neamhdhíreach, ag tabhairt iasachta don sealbhóir cothromais nó d'aon duine a bhfuil baint aige leis nó ag fáil aon scaireanna nó urrúis sa sealbhóir sin nó sa duine sin, ansin, chun críocha na Coda seo,—

(a) glacfar méid iomlán na sócmhainní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) a bheith laghdaithe de shuim ar cóimhéid leis an méid tuairiscithe; agus

(b) glacfar an méid sócmhainní a mbeidh teideal tairbhiúil ag an sealbhóir cothromais chuige le linn an fhoirceanta bharúlaigh a bheith laghdaithe de shuim ar cóimhéid leis an méid tuairiscithe.

(5) I bhfo-alt (4), tá an bhrí chéanna le “comaoin nua” atá leis i gCuid IX agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157.

Grúp-fhaoiseamh: cearta teoranta chun brabús nó sócmhainní.

112. —(1)Tá feidhm ag an alt seo i gcás aon duine de na sealbhóirí cothromais—

(a) a ndearnadh an dáileadh brabús air, nó

(b) atá i dteideal bheith páirteach san fhoirceannadh barúlach,

a bheith, mar shealbhóir cothromais den sórt sin, i seilbh aon scaireanna nó urrúis lena ngabhann cearta i leith díbhinne nó úis nó sócmhainní le linn foirceanta, is cearta atá teorannaithe go hiomlán nó go páirteach faoi threoir méid nó méideanna sonraithe (cibé acu arb í teorainn í an caipiteal ar faoina threoir a ríomhtar dáileadh nó teorainn a oibríonn faoi threoir méid brabús nó sócmhainní nó ar shlí eile).

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, cinnfear—

(a) an céatadán brabús a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal le linn an dáilte brabús, agus

(b) an céatadán sócmhainní a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1) ina theideal le linn an fhoirceanta bharúlaigh,

más rud é go ndearnadh cearta gach sealbhóra cothromais faoi réim an fho-ailt sin (lena n-áirítear an chéad chuideachta lena mbaineann más sealbhóir cothromais den sórt sin í) a tharscaoileadh a mhéid atá siad teorannaithe mar a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) Más rud é, le linn an dáilte brabús, gur lú an céatadán brabús arna chinneadh mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a) ná an céatadán brabús arna chinneadh faoi alt 110 (1) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin, glacfar chun críocha alt 108 gurb é an céatadán is lú an céatadán brabús a mbeadh, le linn an dáilte brabús, an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal mar a luaitear san alt sin.

(4) Más rud é, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, gur lú an céatadán sócmhainní arna chinneadh mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ná an céatadán sócmhainní arna chinneadh faoi alt 111 (1) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin, glacfar chun críocha alt 108 gurb é an céatadán is lú an céatadán a mbeadh, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1), ina theideal d'aon sócmhainní de chuid na cuideachta eile is inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta.

Grúp-fhaoiseamh: scair laghdach de bhrabúis nó de shócmhainní.

113. —(1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás aon duine de na sealbhóirí cothromais, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) a ndearnadh an dáileadh brabús air, nó

(b) atá i dteideal bheith páirteach san fhoirceannadh barúlach,

a bheith, mar shealbhóir cothromais den sórt sin, i seilbh aon scaireanna nó urrúis lena ngabhann cearta i leith díbhinne nó úis nó sócmhainní le linn foirceanta, is cearta de chineál (mar shampla, má scoireann aon scaireanna de cheart díbhinne a bheith ag gabháil leo san am le teacht) a bhéarfadh, dá mba i dtréimhse chuntasaíochta eile a tharlódh an dáileadh brabús nó an foirceannadh barúlach, go mbeadh an céatadán brabús le linn an dáilte brabús nó an céatadán sócmhainní le linn an fhoirceanta bharúlaigh, a mbeadh teideal chuige de réir na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo ag an sealbhóir cothromais sin, éagsúil leis an gcéatadán arna chinneadh sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, cinnfear—

(a) an céatadán brabús a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal le linn an dáilte brabús, agus

(b) an céatadán sócmhainní a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1) ina theideal le linn an fhoircheanta bharúlaigh.

dá mba ionann cearta na sealbhóirí cothromais sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus na cearta a bheadh acu sa tréimhse chuntasaíochta éagsúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más rud é, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, go sealbhóidh sealbhóir cothromais, sa cháil sin, aon scaireanna nó urrúis a bhfuil comhshocraíochtaí ann ina leith a bhféadfadh, dá mbua, sa tréimhse chuntasaíochta sin nó in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, teideal an tsealbhóra cothromais chun brabús le linn an dáilte brabús nó chun sócmhainni le linn an fhoirceanta bharúlaigh a bheith éagsúil lena theideal dá mba nach dtabharfaí éifeacht do na comhshocraíochtaí, ansin, chun críocha an ailt seo—

(a) toimhdeofar go dtabharfaí éifeacht do na comhshocraíochtaí sin i dtréimhse chuntasaíochta dá éis sin, agus

(b) déileálfar leis na scaireanna nó na hurrúis sin ionann is dá mba de thoradh oibriú na gcearta sin a ghabhann leis na scaireanna no leis na hurrúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a tharla aon athrú ar theideal an tsealbhóra cothromais chun brabús nó sócmhainní de dhroim éifeacht a thabhairt do na comhshocraíochtaí.

(4) Beidh feidhm ag alt 112 (3) (4) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sa chéanna d'fho-alt (2) (a) (b) den alt sin a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt ((2) (a) (b) den alt seo.

(5) In aon chás a mbeidh feidhm ag alt 112 agus ag an alt seo freisin, cuirfear alt 112 i bhfeidhm ar leithligh (i ndáil leis an dáileadh brabús agus leis an bhfoirceannadh barúlach)—

(a) ar an mbonn a shonraítear i bhfo-alt (2), agus

(b) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin,

agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 112 (3) (4) i ndáil leis na céatadáin a chinnfear amhlaidh ach na focail “is ísle” a chur in ionad na bhfocal “is lú”.

Grúp-fhaoiseamh: céatadán tairbhiúil.

114. —Chun críocha ailt 108 agus 110 go 113, ciallaíonn—

(a) an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chuige d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta eile, agus

(b) an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chuige d'aon sócmhainní de chuid cuideachta eile le linn foirceanta,

an céatadán a bhfuil nó a mbeadh an chéad chuideachta ina theideal amhlaidh go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile.

Grúp-fhaoiseamh: “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”, etc.

115. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”—

(a) i gcás faoi réim alt 108 (1), an tréimhse chuntasaíochta reatha an tráth áirithe; agus

(b) i gcás faoi réim alt 108 (2), an tréimhse chuntasaíochta ar i ndáil léi atá an scair sa chomheagras le cinneadh.

(2) Chun críocha ailt 109 go 114 déileálfar le hiasacht chuig cuideachta mar urrús, cibé acu is iasacht urraithe í nó nach ea, agus, más iasacht urraithe í, déileálfar léi ar neamhaird le cineál an urrúis.

Na cineálacha grúp-fhaoisimh.

116. —(1) Má thabhaigh an chuideachta ghéillte, in aon tréimhse chuntasaíochta, caillteanas, arna ríomh mar a dhéantar chun críocha alt 16 (2) (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh), ag seoladh trádála, féadfar méid an chaillteanais a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo leis an oiread sin de chaillteanas atá eiscthe ó alt 16 (2) le halt 16 (4) nó le halt 17 (srian le faoiseamh i leith caillteanas i bhfeirmeoireacht nó i ngarraíodóireacht mhargaidh).

(2) Má bhíonn, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, aon liúntais chaipitiúla le tabhairt don chuideachta ghéillte a bheidh le tabhairt trí urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn a hioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D agus a bheidh inchomhairimh go príomha in aghaidh cineál sonraithe ioncaim, féadfar an oiread sin de mhéid na liúntas caipitiúil sin (gan liúntais a tugadh ar aghaidh ó thréimhse is luaithe a áireamh) is mó ná a hioncam den chineál iomchuí a d'eascair sa tréimhse chuntasaíochta sin (roimh aon chaillteanais de chuid aon tréimhse eile nó aon liúntais chaipitiúla a asbhaint) a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

(3) Más rud é, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, go bhféadfaidh an chuideachta ghéillte (is cuideachta infheistíochta) faoi alt 15 (1) aon mhéid a asbhaint mar chostais bhainistí a eisíocadh i leith na tréimhse cuntasaíochta sin, féadfar an oiread sin den méid sin (gan aon mhéid is inasbhainte de bhua alt 15 (2) amháin a áireamh) is mó ná brabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh (cibé acu is cuideachta infheistíochta í nó nach ea) dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

(4) Déanfar brabúis na cuideachta géillte don tréimhse a chinneadh chun críocha fho-alt (3) gan aon asbhaint faoi alt 15 agus ar neamhaird le haon asbhaint a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó liúntais aon tréimhse eile.

(5) Ní fholaíonn tagairtí i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 15 tagairtí don alt sin arna chur chun feidhm le halt 33 ar chuideachtaí a sheolann gnó saoil.

(6) Má d'íoc an chuideachta ghéillte in aon tréimhse chuntasaíochta aon mhéid mar mhuirir ar ioncam, féadfar an oiread sin den méid sin is mó ná a brabúis don tréimhse a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

(7) Déanfar brabúis na cuideachta géillte don tréimhse a chinneadh chun críocha fho-alt (6) ar neamhaird le haon asbhaint a bheidh le dhéanamh i leith caillteanais nó liúntais aon tréimhse eile, ná le costais bhainistí is inasbhainte de bhua alt 15 (2) amháin.

(8) Le linn aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo a bheith á chur chun feidhme i gcás éileamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras ní fhéadfar ach codán den chaillteanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó den bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) nó (6), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh faoin bhfo-alt áirithe, agus beidh an codán ar cóimhéid le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 118 (2).

(9) Bainfidh an t-alt seo le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis.

An bhaint atá ag grúp-fhaoiseamh le faoiseamh eile.

117. —(1) Lamhálfar grúp-fhaoiseamh do thréimhse chuntasaíochta mar asbhaint in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh don tréimhse roimh laghdú trí aon fhaoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ach é a bheith arna laghdú d'aon fhaoiseamh eile ó cháin (lena n-áirítear faoiseamh i leith muirir ar ioncam faoi alt 10 (1) ).

(2) Déanfar an faoiseamh eile sin a chinneadh ar an toimhde go ndéanfaidh an chuideachta gach éileamh iomchuí faoi alt 16 (2) nó 14 (6).

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “faoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin”—

(a) faoiseamh faoi alt 16 (2) i leith caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta tar éis na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

(b) faoiseamh faoi alt 14 (6) i leith liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt i leith tréimhse chuntasaíochta tar éis na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

(c) faoiseamh faoi alt 176 (faoiseamh eatramhach ar scor de thrádáil, etc.) i gcás an chuideachta scor de sheilbh a bheith aici ar an mbunadh ioncaim áirithe tráth tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

(d) faoiseamh faoi alt 18 (caillteanas foirceannaidh i dtrádáil) i leith caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh.

(4) Na laghduithe a bheidh le déanamh ar bhrabúis iomlána tréimhse chuntasaíochta a mbeidh aon fhaoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin le fritháireamh ina n-aghaidh, folóidh siad aon ghrúp-fhaoiseamh don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite sin, agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo d'ainneoin nach foláir faoi alt 176 (3) tosaíocht a thabhairt d'fhaoiseamh faoin alt sin ar aon fhaoiseamh eile.

Tréimhsí cuntasaiochta comhréire.

118. —(1) Chun críocha grúp-fhaoisimh beidh aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta éilimh ar laistigh de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte di go léir nó d'aon chuid di ar comhréir leis an tréimhse chuntasaíochta sin.

(2) Mura mbeidh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta géillte agus tréimhse chuntasaíochta chomhréire de chuid na cuideachta éilimh i gcomhthráth le chéile—

(a) déanfar an méid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh don tréimhse

chuntasaíochta chomhréire a laghdú tríd an gcodán

A

_

B

(más lú ná aon an codán sin) a fheidhmiú, agus

(b) déanfar na brabúis sin a bhféadfar an méid a luaitear i mír (a) (arna laghdú i gcás ar gá sin) a fhritháireamh ina

n-aghaidh a laghdú tríd an gcodán

A

_

C

(más lú ná aon an

codán sin) a fheidhmiú,

i gcás—

arb é A fad na tréimhse is comhthréimhse don dá thréimhse chuntasaíochta,

arb é B fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, agus

arb é C fad tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta éilimh.

Cuideachtaí ag dul isteach i ngrúpa nó i gcomheagras nó á fhágáil.

119. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, ní thabharfar grúp-fhaoiseamh más rud é, agus ní thabharfar ach amháin más rud é, gur comhaltaí den ghrúpa céanna an chuideachta ghéillte agus an chuideachta éilimh, nó go gcomhlíonann gach cuideachta díobh sin na coinníollacha i gcóir faoisimh do chomheagras, ar feadh ré iomlán tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte lena mbaineann an t-éileamh, agus ar feadh ré iomlán tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta éilimh.

(2) Más rud é, ar aon ócáid, go dtiocfaidh dhá chuideachta chun bheith, nó go scoirfidh siad de bheith, ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna, ansin, chun na gcríocha a shonraítear i bhfo-alt (3), toimhdeofar, maidir le gach cuideachta díobh, go mbeidh ar an ócáid sin (mura dtosóidh nó mura gcríochnóidh tréimhse chuntasaíochta dhílis de chuid na cuideachta an tráth sin) deireadh le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, agus go mbeidh tús le ceann nua, agus deireadh a bheith leis an tréimhse chuntasaíochta nua nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta dhílis (mura dtarlóidh roimhe sin go mbeidh briseadh breise ann faoin bhfo-alt seo) agus—

(a) go ndéanfar caillteanais nó méideanna eile na tréimhse cuntasaíochta dílse a chionroinnt ar na tréimhsí cuntasaíochta cuidí ar bhonn ama de réir a bhfad, agus

(b) go ndéanfar méid na brabús iomlán do thréimhse chuntasaíochta dhílis na cuideachta a bhféadfar grúpfhaoiseamh a lamháil ina n-aghaidh de réir alt 117 (1) a chionnroinnt amhlaidh freisin ar na tréimhsí cuntasaíochta cuidí.

(3) I gcás arb í an chuideachta ghéillte ceann de na cuideachtaí agus arb í an chuideachta éilimh an chuideachta eile—

(a) déanfar tagairtí do thréimhsí cuntasaíochta, do bhrabúis agus do chaillteanais, liúntais, costais bhainistí nó muirir ar ioncam de chuid na cuideachta géillte, in alt 116 a fhorléiriú de réir fho-alt (2),

(b) déanfar tagairtí do thréimhsí cuntasaíochta in alt 118 agus i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú amhlaidh (sa dóigh, más comhaltaí iad an dá chuideachta den ghrúpa céanna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, nach foláir dóibh faoi alt 118 bheith ina gcomhaltaí freisin den ghrúpa céanna in aon tréimhse chuntasaíochta chomhréire de chuid na cuideachta éilimh),

(c) déanfar tagairtí do bhrabúis, agus do mhéideanna a bheidh le fritháireamh in aghaidh brabús, in alt 118 a fhorléiriú amhlaidh (sa dóigh go bhféadfaidh méid a chionroinnfear faoi fho-alt (2) ar thréimhse chuntasaíochta chuidí a bheith le laghdú faoi alt 118 (2)).

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) modhnaithe mar is gá i gcás a dtosóidh cuideachta ag comhlíonadh, nó ina scoirfidh sí de bheith ag comhlíonadh, na gcoinníollacha i leith faoiseamh do chomheagras, mar chuideachta ghéillte nó mar chuideachta éilimh, mar atá feidhm aige i gcás a dtagann dhá chuideachta chun bheith, nó a scoireann siad de bheith, ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna.

Grúp-fhaoiseamh: éifeacht comhshocraíochtaí chun cuideachta a aistriú go dtí grúpa eile, etc.

120. —(1) Más rud é go ndéileálfaí, ar leith ón alt seo, le dhá chuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” agus “an dara cuideachta” san fho-alt seo) mar chomhaltaí den ghrúpa céanna cuideachtaí agus—

(a) go mbeidh i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, caillteanais trádála nó méideanna eile a bheidh i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide tabhaithe ag ceann amháin den dá chuideachta agus a bheadh sí i dteideal, ar leith ón alt seo, a ghéilleadh mar a luaitear in alt 107 (1), agus

(b) go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin—

(i) go bhféadfadh an chéad chuideachta nó aon chomharba dá cuid scor de bheith ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an dara cuideachta agus go bhféadfadh sí teacht chun bheith ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí le tríú cuideachta, nó

(ii) go bhfuil rialú nó fáil ar rialú ar an gcéad chuideachta ag duine ar bith, nó ag daoine ar bith le chéile, ach nach bhfuil sin aige ná acu ar an dara cuideachta, nó

(iii) go bhféadfadh tríú cuideachta tosú ag seoladh trádála, nó aon chuid de thrádáil, a bheidh, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin, á seoladh ag an gcéad chuideachta agus go bhféadfadh sí sin a dhéanamh mar chomharba don chéad chuideachta nó mar chomharba cuideachta eile nach tríú cuideachta ach ar cuideachta í a thosaigh, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh na trádála sin nó aon choda di,

ansin, chun críocha na Coda seo, áireofar nach comhalta an chéad chuideachta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an dara cuideachta.

(2) Más le comheagras, nó más fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta le comheagras, cuideachta thrádála agus—

(a) go mbeidh, in aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, caillteanais trádála nó méideanna eile a bheidh i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide tabhaithe ag an gcuideachta thrádála a d'fhéadfadh sí, ar leith ón alt seo, a ghéilleadh mar a luaitear in alt 107 (1), agus

(b) go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua—

(i) go bhféadfadh an chuideachta thrádála nó aon chomharba di, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, teacht chun bheith ina fochuideachta 75 faoin gcéad do thríú cuideachta, nó

(ii) go bhfuil rialú nó fáil ar rialú ar an gcuideachta thrádála ag duine ar bith nó ag daoine ar bith le chéile ar leis nó ar leo le chéile cuid is lú ná 50 faoin gcéad de gnáth-scairchaipiteal na cuideachta trádála, nó go bhféadfadh an duine nó na daoine sin an rialú sin a fháil tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, nó

(iii) go mbeidh seilbh ag aon duine, seachas cuideachta shealbaíochta ar fochuideachta 90 faoin gcéad di an chuideachta thrádála, leis féin nó i dteannta daoine bainteacha, nó go bhféadfadh sé seilbh a fháil, nó go bhfeidhmíonn sé rialú nó go bhféadfadh sé rialú a fheidhmiú ar chuid nach lú ná 75 faoin gcéad de na vótaí is féidir a chaitheamh ar vótaíocht a dhéanfar ag cruinniú ginearálta den chuideachta thrádála sa tréimhse chuntasaíochta sin nó in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, nó

(iv) go bhféadfadh tríú cuideachta tosú, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh trádála nó aon chuid de thradáil a bheidh, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin, á seoladh ag an gcuideachta thrádála agus go bhféadfadh sí sin a dhéanamh mar chomharba don chuideachta thrádála nó mar chomharba do chuideachta eile nach tríú cuideachta ach a thosaigh, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh na trádála sin nó aon choda di,

ansin, chun críocha na Coda seo, déileálfar leis an gcuideachta thrádála ionann is dá mba nach raibh sí (i gcáil na cuideachta géillte di) faoi réim alt 107 (2) (a) (b) (c).

(3) In aon chás inar fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras cuideachta thrádála, déanfar aon tagairt i bhfo-alt (2) don chuideachta thrádála, seachas tagairt i mír (b) (iv) den fho-alt sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chuideachta shealbhaíochta.

(4) San alt seo ciallaíonn “tríú cuideachta” cuideachta nach bhfuil, ar leith ó aon fhoráil arna déanamh le haon chomhshocraíochtaí, nó faoi aon chomhshocraíochtaí, den sórt a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (2), ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an gcéad chuideachta, de réir brí fho-alt (1), nó, de réir mar a bheidh, leis an gcuideachta thrádála nó leis an gcuideachta shealbhaíochta lena mbaineann fo-alt (2).

(5) I bhfo-ailt (1) agus (2)—

forléireofar “daoine bainteacha” de réir alt 157, agus tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

(6) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) is comharba cuideachta do chuideachta eile má sheolann sí trádáil a bhfuil scortha go hiomlán nó go páirteach ag an gcuideachta eile de bheith á seoladh agus gurb amhlaidh do na himthosca—

(a) go bhfuil feidhm ag alt 20 (athchóiriú ar chuideachta gan athrú ar úinéireacht) i ndáil leis an dá chuideachta mar réamhtheachtaí agus mar chomharba de réir brí an ailt sin, nó

(b) go bhfuil baint ag an dá chuideachta le chéile de réir téarmaí alt 157.

Conarthaí léasúcháin: éifeacht athchóirithe cuideachtaí ar éilimh i leith caillteanas.

121. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, más rud é—

(a) faoi chonradh arna dhéanamh tar éis an 27ú lá de Shamhain, 1975, go dtabhóidh cuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san alt seo) caiteachas caipitiúil ag soláthar innealra nó gléasra a ligeann an chéad chuideachta chuig duine eile trí chonradh eile (dá ngairtear “conradh léasúcháin” san alt seo), agus

(b) go mbeadh an chéad chuideachta i dteideal, ar leith ón bhfo-alt seo, faoiseamh a éileamh faoi alt 16 (1) nó (2) (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) i leith caillteanais a tabhaíodh ar an gconradh léasúcháin, agus

(c) sa tréimhse chuntasaíochta a dtabharfar liúntas ina leith don chéad chuideachta faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (innealra agus gléasra: liúntas tosaigh), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 (liúntais chaithimh agus chuimilte d'innealra agus fearas áirithe i limistéir neamhfhorbartha), nó faoi alt 22 (liúntas infheistíochta d'innealra agus do ghléasra i limistéir ainmnithe) nó faoi alt 26 (méadú ar liúntais chaithimh agus chuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971 , i leith an chaiteachais dá dtagraítear i mír (a), go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, go mbeidh cuideachta chomharbais in ann aon chuid de thrádáil na chéad chuideachta a sheoladh arb éard í nó ar cuid di comhalladh na n-oibleagáidí go léir nó aon chuid de na hoibleagáidí arbh iad, ar leith ó na comhshocraíochtaí, oibleagáidí na chéad chuideachta faoin gconradh léasúcháin iad,

ansin, sa tréimhse chuntasaíochta a shonraítear i mír (c) agus in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ní bheidh an chéad chuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh mar a luaitear i mír (b) ach amháin le linn na brabúis (más ann) a d'eascair chuici faoin gconradh léasúcháin a bheith á ríomh.

(2) Chun críocha an ailt seo is comharba don chéad chuideachta cuideachta más rud é sna himthosca áirithe—

(a) go mbeidh feidhm ag alt 20 i ndáil leis an gcéad chuideachta agus leis an gcuideachta eile mar réamhtheachtaí agus mar chomharba de réir brí an ailt sin, nó

(b) go bhfuil baint ag an dá chuideachta le chéile de réir téarmaí alt 157.

(3) Chun críocha an ailt seo déanfar caillteanais a tabhaíodh ar chonradh léasúcháin agus brabúis a d'eascair faoi chonradh den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'ionann comhalladh an chonartha léasúcháin agus trádáil a thosaigh an chéad chuideachta a sheoladh, ar leithligh ó aon trádáil eile a bhí á seoladh aici, nuair a thosaigh an ligean faoin gconradh léasúcháin.

(4) Le linn bheith á chinneadh an mbeadh an chéad chuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b), déileálfar le haon chaillteanais a tabhaíodh ar an gconradh léasúcháin mar chaillteanais a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta sin ar leithligh ó aon trádáil eile a bhí á seoladh aici.

Comhpháirtíochtaí lena bhfuil baint ag cuideachtaí: éifeacht comhshocraíochtaí chun faoiseamh a aistriú.

122. —(1) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) i ndáil le cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomhpháirtíochta” san alt seo) is comhalta de chomhpháirtíocht a sheolann trádáil má bhíonn comhshocraíochtaí ann (mar chuid de théarmaí na comhpháirtíochta nó eile) faoina dtarlóidh—

(a) maidir le luach iomlán, nó le cuid de luach, scair na cuideachta comhpháirtíochta sna brabúis nó sa chaillteanas d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta, nó maidir le haon chuid den scair sin, go bhfaighidh comhalta eile den chomhpháirtíocht nó aon duine a bhfuil baint aige le comhalta eile den chomhpháirtíocht aon íocaíocht nó go bhfaighidh sé nó go dteachtfaidh sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon sochar eile i luach airgid; nó

(b) maidir le costas iomlán, nó le haon chuid de chostas, scair na cuideachta comhpháirtíochta sa chaillteanas d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta, nó maidir le haon chuid den scair sin, go bhfaighidh an chuideachta chomhpháirtíochta, nó aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, aon íocaíocht nó go bhfaighidh nó go dteachtfaidh sí nó sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon sochar eile i luach airgid, seachas íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh leis an gcuideachta chomhpháirtíochta ó chuideachta is comhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta chomhpháirtíochta chun críocha grúp-fhaoisimh.

(2) In aon chás a mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil leis an gcuideachta chomhpháirtíochta—

(a) ní bheidh scair na cuideachta den chaillteanas do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta agus a scair d'aon mhuirir ar ioncam, de réir brí alt 10, a d'íoc an chomhpháirtíocht sa tréimhse chuntasaíochta sin inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide ach amháin in aghaidh a brabús ón trádáil leithleach; agus

(b) ach amháin de réir mhír (a), ní bheidh aon chaillteanais trádála inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis thrádáil leithleach na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta; agus

(c) ach amháin de réir míreanna (a) agus (b), ní bheidh aon mhéid a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, inchomhairimh le haghaidh faoisimh in aghaidh brabús inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh an oiread sin de bhrabúis uile na cuideachta is brabúis ón trádáil leithleach do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta.

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta” aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, a mbeidh aon chomhshocraíochtaí ann den sórt a shonraítear i bhfo-alt (1) nó lena mbainfidh aon chomhshocraíochtaí den sórt sin.

(4) Más comhalta de comhpháirtíocht cuideachta agus go mbeidh cáin i leith aon bhrabúis de chuid na comhpháirtíochta inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D, beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le scair na cuideachta de bhrabúis nó de chaillteanas na comhpháirtíochta ionann is dá mba rud é—

(a) gurbh iad na brabúis ó thrádáil leithleach a bhí á seoladh ag an gcuideachta nó an caillteanas a tabhaíodh sa trádáil sin na brabúis nó an caillteanas ar inchurtha scair na cuideachta ina leith, agus

(b) dá mba liúntas a tugadh le linn cáin a ghearradh ar an trádáil sin aon liúntas a bheidh le tabhairt trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó le linn ioncam a mhuirearú faoi Chás V.

(5) Chun críocha an ailt seo, is é méid scair cuideachta de bhrabúis nó de chaillteanas aon tréimhse chuntasaíochta de chuid comhpháirtíochta cibé méid a chinnfear de réir forálacha alt 32 (comhpháirtíochtaí lena mbaineann cuideachtaí).

(6) San alt seo tá an bhrí chéanna le “grúp-fhaoiseamh” atá leis in alt 107 agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157.

Faisnéis i dtaobh comhshocraíochtaí chun faoiseamh a aistriú, etc.

123. —(1) Má dhéanann cuideachta—

(a) éileamh ar ghrúp-fhaoiseamh, nó

(b) agus í ina páirtí i gconradh léasúcháin, mar a mhínítear in alt 121, faoiseamh a éileamh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin, nó

(c) agus í ina comhalta de chomhpháirtíocht, aon faoiseamh a éileamh nach mbeadh sí i dteideal a éileamh dá mbeadh feidhm i ndáil léi ag alt 122 (2),

agus go mbeidh cúis ag an gcigire lena chreidiúint go bhféadfadh aon chomhshocraíochtaí iomchuí a bheith ann, nó a bheith ann aon tráth ba thráth ábhartha i ndáil leis an éileamh, ansin, féadfaidh sé, aon tráth tar éis an t-éileamh a bheith déanta, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta á cheangal uirthi go dtabharfaidh sí dó, laistigh de cibé am a ordóidh sé agus nach giorra ná tríocha lá ó dháta an fhógra a thabhairt—

(i) dearbhú i scríbhinn á rá an bhfuil nó nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí den sórt sin ann nó an raibh nó nach raibh siad ann aon tráth ábhartha, nó

(ii) cibé faisnéis a theastóidh uaidh le réasún lena chinntiú dó féin an bhfuil nó nach bhfuil comhshocraíochtaí den sórt sin ann nó an raibh nó nach raibh siad ann aon tráth ábhartha, nó

(iii) an dearbhú sin agus an fhaisnéis sin le chéile.

(2) San alt seo ciallaíonn “comhshocraíochtaí iomchuí”, i ndáil le héileamh lena mbaineann aon cheann de na míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), cibé comhshocraíochtaí dá dtagraitear san achtachán a shonraítear sa mhír chomhréire thíos, is é sin le rá—

(a) alt 120 (1) nó (2) nó alt 113 (3),

(b) alt 121 (1) (c), nó

(c) alt 122 (1).

(3) I gcás lena mbaineann mír (a) d'fao-alt (1), féadfar fógra faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar an gcuideachta ghéillte, de réir brí alt 107, in ionad nó i dteannta é a sheirbheáil ar an gcuideachta a éilíonn faoiseamh.

(4) I gcás lena mbaineann mír (c) d'fho-alt (1), féadfar fógra faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar na comhpháirtithe in ionad nó i dteannta é a sheirbheáil ar an gcuideachta, agus dá réir sin, féadfaidh sé a cheangal orthu, in ionad nó i dteannta na cuideachta, an dearbhú nó an fhaisnéis, nó an dearbhú agus an fhaisnéis iomchuí a thabhairt.

(5) San alt seo, in alt 113 (3) agus in ailt 120 go 122 ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí d'aon sórt, i scríbhinn nó gan a bheith i scríbhinn.

Liúntais dúbailte a eisamh, etc.

124. —(1) Ní thabharfar faoiseamh níos mó ná uair amháin maidir leis an méid céanna, trí ghrúp-fhaoiseamh a thabhairt agus trí fhaoiseamh éigin eile a thabhairt (in aon tréimhse chuntasaíochta) don chuideachta ghéillte nó trí ghrúp-fhaoiseamh a thabhairt níos mó ná uair amháin.

(2) De réir fho-alt (1), ní féidir le dhá chuideachta éilimh nó níos mó, maidir le haon chaillteanas áirithe nó aon mhéid áirithe eile ar féidir grúp-fhaoiseamh a thabhairt ina leith, agus cibé tréimhsí cuntasaíochta dá gcuid a bhí i gcomhréir le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, níos mó faoisimh a fháil san iomlán ná a d'fhéadfadh cuideachta éilimh aonair a fháil ar chomhionann a tréimhse chuntasaíochta chomhréire le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte.

(3) Má éilíonn níos mó ná cuideachta éilimh amháin grúp-fhaoiseamh a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte céanna, agus—

(a) nach inghlactha na héilimh go léir a rinneadh amhlaidh ach amháin de bhua alt 119 (2) (3), agus

(b) go bhfuil cuid de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte nár chomhalta ar a feadh aon cheann de na cuideachtaí éilimh sin den ghrúpa céanna leis an gcuideachta ghéillte,

ní bhfaighidh na cuideachtaí éilimh sin níos mó faoisimh san iomlán ná a d'féadfadh cuideachta éilimh aonair a fháil nár chomhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta ghéillte ar feadh na coda sin de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte (ach ba chomhalta ar feadh na coda eile den tréimhse chuntasaíochta sin).

(4) Má éilíonn cuideachta éilimh grúp-fhaoiseamh i leith breis agus cuideachta ghéillte amháin go ndéanfar grúp-fhaoiseamh a fhritháireamh in aghaidh iomlán a brabús d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe, agus—

(a) nach inghlactha na héilimh go léir a rinneadh amhlaidh ach amháin de bhua alt 119 (2) (3), agus

(b) go bhfuil cuid de thréimhse chuntasíochta na cuideachta éilimh nár chomhalta ar a feadh den ghrúpa céanna leis an gcuideachta éilimh aon cheann de na cuideachtaí géillte ar faoina dtreoir a rinneadh na héilimh,

ní bhfaighidh an chuideachta éilimh níos mó faoisimh san iomlán a bheidh le fritháireamh in aghaidh a brabús don tréimhse chuntasaíochta ná a d'féadfadh sí a fháil ar éileamh maidir le cuideachta ghéillte aonair (le caillteanais gan teorainn agus méideanna eile atá i dteideal faoisimh) nár chomhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta éilimh ar feadh na coda sin de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta éilimh (ach ba chomhalta ar feadh na coda eile den tréimhse chuntasaíochta sin).

(5) Tá éifeacht le forálacha an fho-ailt seo maidir le héileamh ar ghrúp-fhaoiseamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras, dá ngairtear “éileamh comheagrais” san fho-alt seo—

(a) ní bheidh éifeacht le héileamh comheagrais, agus le héileamh seachas éileamh comheagrais, le chéile, maidir le caillteanas nó méid eile don tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte céanna, mura mbainfidh gach ceann den dá éileamh le caillteanas nó le méid eile arna chionroinnt faoi alt 119 (2) (a) ar chomhchuid den tréimhse chuntasaíochta sin, agus nach dtéann an dá chomhchuid thar a chéile,

(b) i bhfo-ailt (3) agus (4) déanfar neamhshuim d'éilimh chomheagrais,

agus glacfaidh mír (a) éifeacht de réir an oird a ndéanfar éilimh.

(6) Gan dochar d'fhorálacha alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (léiriú), folaíonn aon tagairt i gCuid XVI (Liúntais Bhliantúla i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe) den Acht sin do liúntas a thabhairt tagairt do liúntas a thabharfaí mura mbeadh gur deonaíodh grúp-fhaoiseamh nó mura mbeadh sin agus mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó ioncaim eile a bhféadfaí é a thabhairt ina n-aghaidh.

Eilimh agus coigeartuithe.

125. —(1) Maidir le héileamh ar ghrúp-fhaoiseamh—

(a) ní gá gur éileamh é ar an méid iomlán is inchomhairimh,

(b) ní foláir toiliú na cuideachta géillte a bheith leis agus an toiliú sin a chur in iúl don chigire i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(c) ní foláir é a dhéanamh laistigh de dhá bhliain ó dheireadh thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte lena mbaineann an t-éileamh.

(2) Ní foláir, i gcás éileamh ar ghrúp-fhaoiseamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras, toiliú gach comhalta eile den chomheagras a bheith leis agus an toiliú sin a chur in iúl don chigire i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar aon le toiliú na cuideachta géillte.

(3) Má fhaigheann an cigire amach go bhfuil aon ghrúp-fhaoiseamh a tugadh iomarcach nó go bhfuil sé éirithe iomarcach, féadfaidh sé an méid cánach corparáide is dóigh leis is cóir a mhuirearú a mheasúnú faoi Chás IV de Sceideal D.

(4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) dochar do mheasúnacht a dhéanamh faoi alt 144 (5) (a) (iii) (measúnachtaí breise) ná do na coigeartuithe eile sin go léir a dhéanamh trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó eile is gá a dhéanamh gcás an iomarca faoisimh a bheith faighte ag cuideachta éilimh, nó faoiseamh a bheith ligthe thar ceal ag cuideachta ghéillte i leith méid chomhréire.