|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XI Grúp-Fhaoiseamh) | Ar Aghaidh (CUID XIII Feidhmiú agus Oiriúnú Achtachán) |
AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID XII Gnóchain Chaipitiúla Cuideachtaí | |
[EN] |
Cáin chorparáide is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe: gnóthú ó scairschealbhóir. |
126. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás a bhfaighidh duine a bhfuil baint aige le cuideachta a chónaíonn sa Stát, nó go dtiocfaidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, i leith scaireanna sa chuideachta aon dáileadh caipitil ón gcuideachta, seachas dáileadh caipitil in ionannas laghdú ar chaipiteal, agus— |
[EN] | (a) gur dhíorthaigh an caipiteal a dháilfear amhlaidh ó shócmhainní a mbeidh gnóchan inmhuirearaithe faibhrithe ina leith chun na cuideachta a dhiúscairt tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976; nó | |
[EN] | (b) gur diúscairt sócmhainní mar a dúradh an dáileadh. | |
[EN] | (2) Má bhí ar áireamh sa cháin chorparáide a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar fhaibrigh an gnóchan inmhuirearaithe aon mhéid i leith gnóchan inmhuirearaithe, agus go mbeidh aon chuid den cháin a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse sin gan íoc laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh sé chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, féadfar méid den cháin chorparáide sin a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta) ar an duine sin trí mheasúnacht a dhéanfar laistigh de dhá bhliain ón dáta sin agus ar méid é— | |
[EN] | (a) nach mó ná méid nó luach an dáilte caipitil a fuair an duine sin nó ar tháinig sé i dteideal é a fháil; agus | |
[EN] | (b) nach mó ná cionúireacht, ar cóimhéid le scair an duine sin den dáileadh caipitil ón gcuideachta, den cháin chorparáide ar an méid agus de réir an ráta a muirearaíodh i leith an ghnóchain sin, sa mheasúnacht inar muirearaíodh an cháin sin. | |
[EN] | (3) Duine a mbeidh aon mhéid cánach íoctha aige faoin alt seo beidh sé i dteideal a chóimhéid de shuim a ghnóthú ón gcuideachta. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo dochar d'aon dliteanas de chuid an duine a gheobhaidh nó a thiocfaidh i dteideal go bhfaighidh sé an dáileadh caipitil i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige faoi threoir an dáilte caipitil ar diúscairt é ar leas i scaireanna sa chuideachta. | |
[EN] | (5) San alt seo tá le “dáileadh caipitil” an bhrí chéanna atá leis i mír 1 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus forléireofar “baint” de réir alt 157 (daoine bainteacha). | |
[EN] |
Athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí: aistriú sócmhainni. |
127. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás— |
[EN] | (a) a gcuimsíonn aon scéim athchóirithe nó cónasctha gnó uile, nó cuid de ghnó, cuideachta a aistriú chun cuideachta eile, agus | |
[EN] | (b) an dá chuideachta a bheith ina gcónaí sa Stát tráth an aistrithe, agus | |
[EN] | (c) nach bhfaighidh an chuideachta chéadluaite aon chuid de chomaoin an aistrithe (ach amháin an chuideachta eile do ghlacadh dliteanais uile, nó cuid de dhliteanais, an ghnó chuici féin), | |
[EN] | ansin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain chaipitiúla, déileálfar leis an dá chuideachta ionann is dá mba go bhfuair cuideachta amháin ón gcuideachta eile aon sócmhainní a bhí ar áireamh san aistriú ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig cuideachta na diúscartha ar an diúscairt trí aistriú, agus chun críocha Chuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974), déileálfar le cuideachta na fála ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag cuideachta na fála fáil na sócmhainní sin ag an gcuideachta eile. | |
[EN] | (2) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le sócmhainn ba chuid, go dtí an t-aistriú, de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta na diúscartha, ná i ndáil le sócmhainn a fuarthas mar stoc trádála chun críocha thrádáil a sheolann an chuideachta a fuair an tsócmhainn. | |
[EN] | (3) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “scéim athchóirithe nó cónasctha” scéim chun aon chuideachta nó cuideachtaí a athchóiriú nó chun aon dá chuideachta nó níos mó a chónascadh, | |
[EN] | tá le “stoc trádála” an bhrí a thugtar le halt 62 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] |
Us a mhuirearaítear ar chaipiteal. |
128. —I gcás— |
[EN] | (a) a dtabhóidh cuideachta caiteachas ag athchóiriú aon fhoirgnimh, déanmhais nó oibreacha, ar caiteachas é is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (caiteachas: forálacha ginearálta), le linn gnóchan a bheith a ríomh a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar an bhfoirgneamh, an déanmhas nó an obair, nó aon sócmhainn a chuimsigh an céanna, a dhiúscairt, agus | |
[EN] | (b) gur as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin, agus | |
[EN] | (c) gur mhuirearaigh an chuideachta i leith caipitil an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin ab inchurtha i leith tréimhse nó coda de thréimse dar críoch tráth na diúscartha nó tráth roimhe sin, | |
[EN] | ansin, d'ainneoin fhomhír (3) (b) den mhír sin 3, folóidh na suimeanna is inlamhála amhlaidh méid an úis sin a muirearaíodh i leith caipitil. | |
[EN] |
Grúpaí cuideachtaí: mínithe. |
129. —(1) Chun críocha an ailt seo agus n-alt seo a leanas den Chuid seo— |
[EN] | (a) ní bhaineann tagairtí do chuideachta, faoi réir alt 138 (7), ach le cuideachta, mar atá an abairt sin teorannaithe le fo-alt (2), a chónaíonn sa Stát; | |
[EN] | (b) is grúpa príomh-chuideachta agus a fochuideachtaí 75 faoin gcéad go léir, agus i gcás príomh-chuideachta a bheith ina comhalta de ghrúpa mar fhochuideachta 75 faoin gcéad í féin cuimseoidh an grúpa sin a fochuideachtaí 75 faoin gcéad go léir; | |
[EN] | (c) ciallaíonn “príomh-chuideachta” cuideachta ar fochuideachta 75 faoin gcéad di cuideachta eile; | |
[EN] | (d) le linn an míniú ar “fochuideachta 75 faoin gcéad” in alt 156 (fochuideachtaí) a bheith á fheidhmiú, déileálfar le haon scairchaipiteal le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe mar ghnáth-scairchaipiteal; agus | |
[EN] | (e) déanfar “grúpa” agus “fochuideachta” a fhorléiriú, modhnaithe mar is gá, i gcás a bhfeidhmeofar iad ar chuideachta a bheidh corpraithe faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát. | |
[EN] | (2) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní bhainfidh tagairtí do chuideachtaí ach— | |
[EN] | (a) le cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus | |
[EN] | (b) le cuideachta arna comhdhéanamh faoi aon Acht eile nó faoi chairt nó faoi litreacha paitinne nó (cé gur sa Stát a chónaíonn sí) arna foirmiú faoi dhlí tíre nó críche lasmuigh den Stát, agus | |
[EN] | (c) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir brí alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (3) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), is é an grúpa céanna i gcónaí grúpa fad is í an chuideachta chéanna príomh-chuideachta an ghrúpa, agus má dhéanann aon tráth fochuideachta 75 faoin gcéad do chuideachta eile de phríomh-chuideachta grúpa déileálfar leis an ngrúpa dar phríomh-chuideachta í roimh an tráth sin amhail is dá mba é an grúpa céanna é leis an ngrúpa dar príomhchuideachta an chuideachta eile sin, nó ceann dar fochuideachta 75 faoin gcéad í, agus déanfar an cheist i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil scortha ag cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa a chinneadh dá réir sin. | |
[EN] | (4) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní mheasfar maidir le rún a rith nó ordú a dhéanamh, ná maidir le haon ghníomh eile, chun cuideachta a fhoirceannadh go dtagann de an chuideachta sin, nó aon fhochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin, scor de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht freisin leis na hailt seo a leanas den Chuid seo, ach amháin a mhéid a bhaineann siad le gnóthú cánach, i ndáil le comhlachtaí arna mbunú ó am go ham le haon achtachán nó faoi aon achtacháin chun aon tionscal nó cuid de thionscal, nó aon ghnóthas, faoi úinéireacht nó rialú náisiúnta, a sheoladh, ionann is dá mba chuideachtaí iad de réir brí na n-alt sin, agus ionann is dá mba ghrúpa aon chomhlachtaí den sórt sin ar cuireadh feidhmeanna gaolmhara de chúram orthu agus fochuideachtaí d'aon cheann díobh, agus ionann freisin is dá mba chomhaltaí de ghrúpa aon dá chomhlacht nó níos mó díobh ar cuireadh na feidhmeanna céanna nó feidhmeanna gaolmhara de chúram orthu tráthanna éagsúla: | |
[EN] | Ar choinníoll go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo faoi réir aon achtachán faoina mbeidh maoin, cearta, dliteanais nó gníomhaíochtaí de chuid comhlachta amháin den sórt sin le háireamh i ndáil le cáin chorparáide mar mhaoin, cearta, dliteanais nó gníomhaíochtaí de chuid comhlachta eile. | |
[EN] | (6) Chun críocha na Coda seo— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag alt 35 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (dlúthchuideachta a aistreoidh sócmhainní faoina luach), i gcás ar diúscairt lena mbaineann alt 130 (1) an t-aistriú; | |
[EN] | (b) déanfar mír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (páirt-diúscairt), agus na forálacha eile go léir chun cionroinnt a dhéanamh le linn páirt-diúscartha ar chaiteachas is inasbhainte le linn gnóchan a bheith á ríomh, a oibriú sula n-oibreoidh siad seo a leanas agus ar neamhaird leo, is é sin— | |
[EN] | (i) alt 130 (1), | |
[EN] | (ii) aon achtachán eile a dhéanann coigeartú d'áirithiú nach dtarlóidh gnóchan ná caillteanas le linn diúscartha; | |
[EN] | (c) maidir le “grúpa neamhchónaitheach” cuideachtaí— | |
[EN] | (i) i gcás grúpa, nach sa Stát a chónaíonn aon chomhalta de, ciallaíonn sé an grúpa sin, agus | |
[EN] | (ii) i gcás grúpa, nach sa Stát a chónaíonn dhá chomhalta nó níos mó de, ciallaíonn sé na comhaltaí nach gcónaíonn sa Stát, | |
[EN] | agus chun críocha na míre seo forléireofar “grúpa” de réir fho-ailt (1) (gan mír (a)), (3) agus (4). | |
[EN] | (7) Chun críocha alt 36 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cuideachta neamhchónaitheach)— | |
[EN] | (a) beidh feidhm ag ailt 130 go 133 i ndáil le cuideachtaí neamhchónaitheacha is comhaltaí de ghrúpa neamhchónaitheach cuideachtaí, mar atá feidhm acu i ndáil le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar comhaltaí iad de ghrúpa cuideachtaí, | |
[EN] | (b) beidh feidhm ag ailt 135 agus 137 ionann is dá gcuirfí in ionad aon tagairt sna hailt sin do ghrúpa cuideachtaí tagairt do ghrúpa neamhchónaitheach cuideachtaí, agus ionann is dá mba thagairtí do chuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát tagairtí do chuideachtaí. | |
[EN] |
Aistrithe laistigh de ghrúpa. |
130. —(1) D'ainneoin aon fhoráil san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a shocraíonn méid na comaoine a mheastar a bheith faighte le linn diúscartha nó tugtha le linn fála, i gcás a ndéanfaidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn a dhiúscairt chun comhalta eile den ghrúpa, déileálfar, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-ailt (2) agus (3), leis an dá chomhalta sin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, ionann is dá mba rud é, maidir leis an tsócmhainn a fuair an comhalta chun a ndearnadh an diúscairt, go bhfuarthas í ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nuair a dhéanfadh an comhalta eile diúscairt nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig an gcomhalta eile sin; ach i gcás a dtoimhdeofar chun aon chríche sócmhainn a bheith díolta nó faighte ag comhalta de ghrúpa cuideachtaí, toimhdeofar freisin nár dhíol é le comhalta eile den ghrúpa ná fáil ó chomhalta eile den ghrúpa. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) nuair is éard í an diúscairt— | |
[EN] | (a) diúscairt féich ó chomhalta de ghrúpa cuideachtaí a cuireadh i gcrích tríd an bhfiach nó cuid den fhiach a ghlanadh; nó | |
[EN] | (b) diúscairt scaireanna infhuascailte i gcuideachta tráth a bhfuascailte; | |
[EN] | agus ní bheidh feidhm ag an tagairt san fho-alt sin do chomhalta de ghrúpa cuideachtaí a dhiúscraíonn sócmhainn maidir le haon ní a bheidh, faoi Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , le háireamh mar dhiúscairt leasa i scaireanna i gcuideachta mar chomaoin i leith dáileadh caipitil (mar a shainítear i mír 1 den Sceideal sin) ón gcuideachta sin, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh laghdú caipitil i gceist. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1), a mhéid gurb í comaoin na diúscartha airgead nó luach airgid ar mhodh cúitimh i leith aon chineál damáiste nó díobhála do shócmhainní, nó i leith sócmhainní a scriosadh nó a dhiomailt nó i leith aon ní a laghdaíonn nó a laghdódh luach sócmhainne, déileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt chun an duine, mar árachóir nó eile, ar a dtitfidh sé d'ualach faoi dheoidh an chomaoin sin a thabhairt. | |
[EN] |
Aistrithe laistigh de ghrúpa: stoc trádála. |
131. —(1) I gcás a bhfaighidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn mar stoc trádála ó chomhalta eile den ghrúpa, agus nár chuid de stoc trádála aon trádáil a bhí á seoladh ag an gcomhalta eile an tsócmhainn, déileálfar, chun críocha mhír 15 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (leithreasaí isteach i stoc trádála agus amach as) leis an gcomhalta a fuair í mar chomhalta a fuair an tsócmhainn ar dhóigh seachas mar stoc trádála agus a rinne í a leithreasú láithreach chun críocha na trádála mar stoc trádála. |
[EN] | (2) I gcás a ndiúscróidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn chun comhalta eile den ghrúpa agus gur chuid an tsócmhainn de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag comhalta a diúscartha ach go bhfaighidh an comhalta eile í ar dhóigh seachas mar stoc trádála thrádáil a sheolann sé, déileálfar, chun críocha na míre sin 15, le comhalta diúscartha na sócmhainne mar chomhalta a rinne, díreach roimh an diúscairt, an tsócmhainn a leithreasú chun críche éigin seachas a húsáid mar stoc trádála. | |
[EN] |
Diúscairt nó fáil lasmuigh de ghrúpa. |
132. —(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn a dhiúscairt a fuair sí ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, beidh feidhm ag mír 5 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (srian le caillteanais faoi threoir liúntas caipitiúil) i ndáil le haon liúntais chaipitiúla a tugadh don chomhalta eile (a mhéid nár cuireadh i gcuntas iad i ndáil le diúscairt na sócmhainne ag an gcomhalta eile sin), agus mar sin de maidir le haistrithe roimhe sin ar an tsócmhainn idir comhaltaí den ghrúpa (ach ní mheasfar go mbaineann sin leis an gcomaoin a mheasfar faoi alt 130 (1) gur uirthi a fuarthas sócmhainn). |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag Cuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i ndáil le diúscairt sócmhainne ag cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí, agus a fuair an tsócmhainn ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í. | |
[EN] |
Athshuíomh sócmhainní gnó ag comhaltaí de ghrúpa. |
133. —Chun críocha alt 28 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní gnó a athshuíomh), déileálfar leis na trádálacha go léir a bheidh á seoladh ag comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí mar thrádáil aonair (murab éard é fáil na sócmhainní nua, nó an leasa sna sócmhainní nua, ag comhalta den ghrúpa ó chomhalta eile nó diúscairt na sean-sócmhainní, nó an leasa sna sean-sócmhainní, chuig comhalta eile). |
[EN] |
Cáin ar chuideachta a bheith inghnóthaithe ó chomhaltaí eile de ghrúpa. |
134. —(1) Más rud é tráth ar bith go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig cuideachta ar comhalta de ghrúpa cuideachtaí an tráth sin í agus má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh an cháin sin chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, ansin, má bhí aon mhéid i leith gnóchan inmhuirearaithe ar áireamh sa cháin a measúnaíodh amhlaidh— |
[EN] | (a) cuideachta arbh í príomh-chuideachta an ghrúpa í an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan; agus | |
[EN] | (b) aon chuideachta eile a bhí, le linn aon chuid den tréimhse dhá bhliain dar chríoch an tráth sin, ina comhalta den ghrúpa cuideachtaí sin agus ar léi an tsócmhainn a diúscraíodh nó aon chuid di, nó i gcás arb éard í an tsócmhainn sin leas nó ceart i sócmhainn eile nó thairsti, ar léi ceachtar de na sócmhainní sin nó aon chuid de cheachtar de na sócmhainní sin; | |
[EN] | féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, méid a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan imhuirearaithe) is méid áirithe den cháin chorparáide sin nach mó ná an cháin chorparáide ar an méid agus de réir an ráta a muirearaíodh i leith an ghnóchain sin sa mheasúnú ar an gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe. | |
[EN] | (2) Cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoi fho-alt (1), beidh sí i dteideal an méid sin de shuim a ghnóthú— | |
[EN] | (a) ón gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, nó | |
[EN] | (b) murab í an chuideachta sin an chuideachta ba phríomhchuideachta den ghrúpa an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, ón bpríomh-chuideachta sin, | |
[EN] | agus cuideachta a íocfaidh aon mhéid faoi mhír (b), beidh sí i dteideal an méid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, agus a mhéid nach ngnóthófar amhlaidh é, beidh sí i dteideal go ngnóthóidh sí ó aon chuideachta is comhalta den ghrúpa de thuras na huaire agus ar léi, le linn di bheith ina comhalta den ghrúpa, an tsócmhainn a diúscraíodh nó aon chuid den tsócmhainn sin (nó i gcás ar leas nó ceart i sócmhainn eile nó thairsti an tsócmhainn sin, ar léi an tsócmhainn sin nó aon chuid di) an chionúireacht sin den méid nár gnóthaíodh a bheidh cóir ag féachaint do luach na sócmhainne an tráth a rinne an chuideachta sin an tsócmhainn, nó leas nó ceart inti nó thairsti, a dhiúscairt. | |
[EN] |
Cuideachta a scoireann de bheith ina comhalta de ghrúpa. |
135. —(1) Má scoireann cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta inmhuirearaithe” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon sócmhainn a fuair an chuideachta inmhuirearaithe ó chuideachta eile a bhí tráth na fála ina comhalta den ghrúpa cuideachtaí sin, ach ní bheidh an éifeacht sin leis ach amháin má ba é tráth na fála— |
[EN] | (a) an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó aon lá dá éis, agus | |
[EN] | (b) tráth sa tréimhse deich mbliana dar críoch tráth na chuideachta do scor de bheith ina comhalta den ghrúpa; | |
[EN] | agus ní bhaineann tagairtí san alt seo do chuideachta a scoireann de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí le cásanna a scoireann cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa trína foirceannadh nó trína díscaoileadh nó de dhroim comhalta eile den ghrúpa a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (2) I gcás dhá chuideachta chomhlachaithe nó níos mó scor de bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa an tráth céanna, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir le fáil ag cuideachta amháin ó chuideachta eile de na cuideachtaí comhlachaithe sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, nuair a scoirfidh an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa, gur leis an gcuideachta inmhuirearaithe, nó le cuideachta chomhlachaithe ag fágáil an ghrúpa freisin, seachas mar stoc trádála— | |
[EN] | (a) an tsócmhainn, nó | |
[EN] | (b) maoin a ndearnadh, ar í a fháil, gnóchan inmhuirearaithe i ndáil leis an tsócmhainn a iarchur le linn sócmhainní gnó a athshuíomh, | |
[EN] | déileálfar leis an gcuideachta inmhuirearaithe chun críocha uile an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ionann is dá mba rud é, díreach tar éis di an tsócmhainn a fháil, go ndearna sí an tsócmhainn a dhíol agus a fháil ar ais láithreach ar a margadhluach an tráth sin. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) is cuideachtaí comhlachaithe dhá chuideachta nó níos mó dá ndéanfaidís, leo féin, grúpa cuideachtaí, | |
[EN] | (b) déantar gnóchan inmhuirearaithe a iarchur le linn sócmhainní gnó a athshuíomh, má dhéantar trí bhíthin éileamh amháin nó níos mó faoi alt 28 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , gnóchan inmhuirearaithe ar na sócmhainní sin a dhiúscairt a áireamh mar ghnóchan nár fhaibhrigh go dtí gur scoireadh de na sócmhainní nua de réir brí an ailt sin, a úsáid chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an gcuideachta a rinne an t-éileamh, | |
[EN] | (c) déileálfar le sócmhainn a fuair an chuideachta inmhuirearaithe ionann is dá mba í an tsócmhainn chéanna í a bhí níos déanaí ar úinéireacht ag an gcuideachta sin nó ag cuideachta chomhlachaithe i gcás luach an dara sócmhainn a bheith díorthaithe go hiomlán nó go páirteach ón gcéad sócmhainn, agus go háirithe i gcás ar ruíleas an dara sócmhainn, agus ar léasacht an chéad sócmhainn agus go bhfuair an léasaí an fhrithdhílse. | |
[EN] | (5) Má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar chuideachta de dhroim an ailt seo gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha, ansin— | |
[EN] | (a) cuideachta arbh í, ar an dáta sin, nó díreach tar éis don chuideachta inmhuirearaithe scor de bheith ina comhalta den ghrúpa, príomh-chuideachta an ghrúpa í, agus | |
[EN] | (b) cuideachta ar léi an tsócmhainn ar an dáta sin, nó nuair a scoir an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa, | |
[EN] | féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, an cháin sin go léir nó aon chuid di a mheasúnú agus a mhuirearu orthu (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe); agus beidh cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoin bhfo-alt seo i dteideal a mhéid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta inmhuirearaithe. | |
[EN] | (6) D'ainneoin aon teorainn leis an am chun measúnachtaí a dhéanamh, féadfar measúnacht i leith cáin chorparáide is inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dheich mbliana ón tráth a scoir an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa, agus i gcás a mbeidh sé le háireamh faoin alt seo, maidir leis an gcuideachta inmhuirearaithe, gur dhiúscair sí agus go bhfuair sí ar ais sócmhainn, déanfar gach uile athríomh ar dhliteanas i leith diúscairtí eile, agus na coigeartuithe uile sin ar cháin, trí mheasúnacht nó trí dhíscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim forálacha an ailt seo. | |
[EN] |
Díolúine ó mhuirear faoi alt 135 i gcás cumasc áirithe. |
136. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, ní bheidh feidhm ag alt 135 i gcás ina dtarlóidh— |
[EN] | (a) mar chuid de chumasc, go scoirfidh cuideachta (dá ngairtear “cuideachta A” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí (dá ngairtear “grúpa A” san alt seo); agus | |
[EN] | (b) go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an cumasc agus nár sheachaint dliteanais chánach mórchuspóir ná ceann de mhór-chuspóirí an chumaisc. | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “cumasc” comhshocraíocht (a fholaíonn sraith comhshocraíochtaí san alt seo)— | |
[EN] | (a) faoina bhfaighidh cuideachta amháin nó níos mó (dá ngairtear “an chuideachta fála” nó, de réir mar a bheidh, “na cuideachtaí fála” san alt seo) nach comhalta de ghrúpa A aon ceann díobh, chun críche seachas diúscairt, leas amháin nó níos mó in iomlán an ghnó nó i gcuid den ghnó a bhí á sheoladh ag cuideachta A sular tháinig an chomhshocraíocht in éifeacht; agus | |
[EN] | (b) faoina bhfaighidh comhalta amháin nó níos mó de ghrúpa A, chun críche seachas diúscairt, leas amháin nó níos mó in iomlán an ghnó nó i gcuid den ghnó nó in iomlán gach gnó nó i gcuid de gach gnó a bhí, sular tháinig an chomhshocraíocht in éifeacht, á sheoladh ag an gcuideachta fála nó ag na cuideachtaí fála nó ag cuideachta a raibh 90 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht tairbhiúil an tráth sin ag dhá cheann nó níos mó de na cuideachtaí fála; agus | |
[EN] | (c) ar comhlíonadh na coinníollacha i bhfo-alt (4) ina leith. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2), déileálfar le comhalta de ghrúpa cuideachtaí mar chomhalta a sheolann gníomhaíochtaí an ghrúpa sin mar ghnó amháin. | |
[EN] | (4) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c)— | |
[EN] | (a) gur sealbhán gnáth-scairchaipitil cuid nach lú ná 25 faoin gcéad de réir luacha de gach ceann de na leasanna a fuarthas mar a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), agus gur sealbhán scairchaipitil (d'aon chineál) nó bintiúr nó sealbhán scairchaipitil agus bintiúr iarmhar an leasa, nó de réir mar a bheidh, iarmhar gach ceann de na leasanna, a fuarthas mar a luaitear sa mhír sin (b); agus | |
[EN] | (b) gurb ionann go substainteach luach nó, de réir mar a bheidh, luach comhiomlán, an leasa nó na leasanna a fuarthas mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a) agus luach nó, de réir mar a bheidh, luach comhiomlán, an leasa nó na leasanna a fuarthas mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b); agus | |
[EN] | (c) gurb é an leas nó gurb iad na leasanna a fuair comhaltaí de ghrúpa A mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b) an chomaoin i leith an leas nó na leasanna a fháil a fuair an chuideachta fála nó na cuideachtaí fála mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a), nó gur úsáideadh an chomaoin sin ag fáil an leasa nó na leasanna sin nó gurb éard cuid den chomaoin sin an leas nó na leasanna sin agus, maidir leis an iarmhéid, gur úsáideadh é ag fáil an leasa nó na leasanna sin, agus sin ar neamhaird le haon chuid den chomaoin sin is mionchuid i gcomórtas leis an iomlán; | |
[EN] | agus chun críocha an fho-ailt seo cinnfear luach leasa mar a bhí ar dháta a fhála. | |
[EN] | (5) D'ainneoin forálacha alt 129 (1) (a) folaíonn tagairtí san alt seo do chuideachta tagairtí do chuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát. | |
[EN] |
Scaireanna i bhfochuideachta de ghrúpa. |
137. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo má scoireann cuideachta (dá ngairtear “an fhochuideachta” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, agus má tharla ar ócáid níos luaithe go ndearna cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta inmhuirearaithe” san alt seo) a bhí an tráth sin ina comhalta den ghrúpa sin, scaireanna san fhochuideachta a dhiúscairt le linn cónascadh nó athchóiriú a bheith á dhéanamh ar an ngrúpa, ach ní bheidh éifeacht leis amhlaidh ach amháin más é tráth na hócáide níos luaithe sin— |
[EN] | (a) an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó aon lá dá éis, agus | |
[EN] | (b) tráth sa tréimhse deich mbliana dar críoch an dáta a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa; | |
[EN] | agus ní bhainfidh tagairtí san alt seo do chuideachta a scoir de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí le cásanna ar scoir cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa trína foirceannadh nó trina a díscaoileadh nó de dhroim comhalta eile den ghrúpa a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (2) Déileálfar leis an gcuideachta inmhuirearaithe, chun críocha uile an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ionann is dá mba rud é, díreach roimh an ócáid níos luaithe, gur dhíol sí na scaireanna sin, agus go bhfuair sí ar ais láithreach iad, ar a margadhluach an tráth sin, agus chun críocha an fho-ailt seo, má ba é tráth na hócáide níos luaithe sin an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe sin, measfar gurb é an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a tráth. | |
[EN] | (3) Más rud é, roimh scor don fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa, go mbeidh scortha ag an gcuideachta inmhuirearaithe de bheith ann, nó go mbeidh rún rite, nó ordú déanta, chun an chuideachta a fhoirceannadh, nó go mbeidh aon bheart eile déanta chun na críche céanna, féadfar aon cháin chorparáide a bheadh inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo ar an gcuideachta inmhuirearaithe, dá leanfadh an chuideachta sin de bheith ann, a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe) ar an gcuideachta arb í príomh-chuideachta an ghrúpa í an tráth a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa. | |
[EN] | (4) Má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar chuideachta de dhroim an ailt seo, nó de bhun fho-alt (3), gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha, ansin— | |
[EN] | (a) cuideachta arb í ar an dáta sin, nó arb í ar an ócáid níos luaithe, príomh-chuideachta an ghrúpa í, agus | |
[EN] | (b) aon chuideachta a ghlacfaidh leas san fhochuideachta mar chuid den chónascadh nó den athchóiriú ar an ngrúpa, | |
[EN] | féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, an cháin sin go léir nó aon chuid di a mheasúnú agus a mhuirearú orthu (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe); agus beidh cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoin bhfo-alt seo i dteideal a mhéid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta inmhuirearaithe nó, de réir mar a bheidh, ón gcuideachta a measúnaíodh faoi fho-alt (3). | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon teorainn leis an am chun measúnachtaí a dhéanamh, féadfar measúnacht i leith cáin chorparáide is inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dheich mbliana ón tráth a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa agus, i ndáil le haon diúscairt ar an maoin tar éis an ócáid níos luaithe, déanfar na coigeartuithe sin uile ar cháin, trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim forálacha an ailt seo. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, bíonn diúscairt déanta ar scaireanna le linn cónascadh nó athchóiriú ar ghrúpa cuideachtaí má bhíonn feidhm ag mír 4 nó 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cónascadh cuideachtaí), maidir le scaireanna i gcuideachta lena gcur in ionannas le scaireanna i gcuideachta eile nó le bintiúir de chuid cuideachta eile, agus gur comhaltaí den ghrúpa céanna na cuideachtaí, nó a dtarlóidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna de thoradh an chónasctha nó an athchóirithe. | |
[EN] | (7) I gcás ar gá de bhua mhír 5 den Sceideal sin 2 déileáil le scaireanna mar scaireanna atá cealaithe agus a bhfuil eisiúint nua curtha ina n-ionad, folaíonn tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna tagairtí don ócáid a ndéileáiltear leo amhlaidh. | |
[EN] |
Idirbhearta díluachála i ngrúpa. |
138. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le diúscairt scaireanna i gcuideachta nó urrúis de chuid cuideachta (dá ngairtear “diúscairt chríochnaitheach” san alt seo) má bhíonn luach na scaireanna nó na n-urrús laghdaithe go hábhartha mar gheall ar idirbheart díluachála a rinneadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis; agus chun na críche sin ciallaíonn “idirbheart díluachála”— |
[EN] | (a) aon diúscairt sócmhainní ar luach seachas margadhluach ag comhalta amháin de ghrúpa cuideachtaí chun comhalta eile den ghrúpa, nó | |
[EN] | (b) aon idirbheart eile a shásaíonn coinníollacha fho-alt (2): | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéileálfar mar idirbheart díluachála le hidirbheart a mhéid is íocaíocht é nach foláir a chur, no a bheidh curtha, i gcuntas, chun críocha cánach corparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ghnóchan inmhuirearaithe nó ar chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach. | |
[EN] | (2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b)— | |
[EN] | (a) gur pháirtí san idirbheart an chuideachta arb iad na scaireanna inti, nó ar urrúis dá cuid, ábhar na diúscartha críochnaithí, nó aon fhochuideachta 75 faoin gcéad de chuid na cuideachta sin, agus | |
[EN] | (b) gurb éard iad na páirtithe san idirbheart nó go raibh ar áireamh a lín dhá chuideachta nó níos mó ar chomhaltaí den ghrúpa céanna cuideachtaí iad tráth an idirbhirt. | |
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), i gcás a gcealófar aon scaireanna i gcomhalta, nó aon urrúis de chuid comhalta, de ghrúpa cuideachtaí faoi alt 72 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , measfar, a mhéid gur mhaoin le comhalta eile den ghrúpa na scaireanna nó na hurrúis sin díreach roimh an gcealú, gur idirbheart a chomhlíonann na coinníollacha atá i bhfo-alt (2) an cealú. | |
[EN] | (4) Más comhalta, nó má ba chomhalta aon tráth, den ghrúpa cuideachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach, déanfar aon chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh le linn na diúscartha a laghdú an oiread sin a mheasfaidh an cigire, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, nó ar athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda, an breitheamh sin, a bheith cóir réasúnach ag féachaint don idirbheart díluachála: | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfar, mura raibh an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach ina chomhalta den ghrúpa sin le linn dó na scaireanna nó na hurrúis a dhiúscairt, aon laghdú ar an gcaillteanas faoi threoir idirbheart díluachála a rinneadh nuair nár chomhalta den ghrúpa sin an duine sin. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an cigire nó na Coimisinéirí Achomhairc nó an breitheamh den Chúirt Chuarda an cinneadh faoi fho-alt (4) ar an mbonn nár chóir go mbeadh aon laghdú ar luach sócmhainní na cuideachta ab inchurtha i leith idirbhirt dhíluachála le brath sa chaillteanas inlamhála, ach féadfar lamháltas a dhéanamh d'aon idirbheart eile dar dáta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, a mhéadaigh luach sócmhainní na cuideachta agus a laghdaigh luach sócmhainní aon chomhalta eile den ghrúpa. | |
[EN] | (6) Má dhéantar caillteanas inlamhála a laghdú faoi fho-alt (4), déanfar aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh le linn diúscairt a dhéanamh ar scaireanna nó urrúis aon chuideachta eile ba pháirtí san idirbheart díluachála a ndearnadh an laghdú faoina threoir, is diúscairt a rinneadh tráth nár dhéanaí ná deich mbliana tar éis an idirbhirt díluachála, a laghdú an oiread sin a mheasfaidh an cigire, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, nó ar athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda, an breitheamh sin, a bheith cóir réasúnach ag féachaint d'éifeacht an idirbhirt díluachála ar luach na scaireanna nó na n-urrús sin tráth a ndiúscartha: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh méid iomlán aon laghdú nó laghduithe a dhéanfar ar ghnóchain inmhuirearaithe faoi threoir idirbhirt díluachála níos mó ná méid na laghduithe ar chaillteanais inlamhála a dhéanfar faoi threoir an idirbhirt díluachála sin. | |
[EN] | Féadfar na coigeartuithe sin uile, trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, nó eile, is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith. | |
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | folaíonn “urrúis” aon stoc iasachta nó urrús dá shórt, urraithe nó neamhurraithe; | |
[EN] | folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainní tagairtí d'aon mhodh faoina ngabhfaidh cuideachta amháin is comhalta de ghrúpa cáilmheas comhalta eile den ghrúpa chuici féin; | |
[EN] | féadfaidh gur “grúpa cuideachtaí” cuideachtaí nach gcónaíonn cuid díobh nó nach gcónaíonn aon cheann díobh sa Stát. | |
[EN] | (8) Folaíonn tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna nó urrús tagairtí d'ócáid déanta éilimh faoi alt 12 (4) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , go bhfuil luach scaireanna nó urrús imithe in ísle bhrí, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do dhuine a rinne diúscairt. | |
[EN] |
Scamhadh díbhinní. |
139. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás sealbhán a bheith ag cuideachta amháin (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san alt seo) i gcuideachta eile (dá ngairtear “an dara cuideachta” san alt seo) agus na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta— |
[EN] | (a) gur sealbhán é, nó gur comhábhar i sealbhán é, is ionann agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme chéanna sa dara cuideachta, | |
[EN] | (b) nach cuideachta dhéileála i ndáil leis an sealbhán an chéad chuideachta, | |
[EN] | (c) go ndéanfar nó go ndearnadh dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar an gcéad chuideachta i leith an tsealbháin, agus | |
[EN] | (d) gurb é éifeacht an dáilte laghdú ábhartha a dhéanamh nó a bheith déanta ar luach an tsealbháin. | |
[EN] | (2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo i ndáil le sealbhán beidh feidhm ag alt 138 i ndáil le haon diúscairt ar aon scaireanna nó urrúis atá cuimsithe sa sealbhán, cibé acu is diúscairt í ag an gcéad chuideachta nó ag aon chuideachta eile a n-aistrítear an sealbhán chuici trí aistriú lena mbaineann alt 130, ionann is dá mba idirbheart díluachála an dáileadh agus, i gcás nach comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí na cuideachtaí lena mbaineann, ionann is dá mba chomhaltaí de ghrúpa cuideachtaí iad: | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéileálfar mar idirbheart díluachála leis an dáileadh a mhéid is íocaíocht é nach foláir a chur, nó a bheidh curtha, i gcuntas, chun críocha cánach corparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ghnóchan inmhuirearaithe nó ar chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach. | |
[EN] | (3) Forléireofar an t-alt seo agus alt 138 le chéile. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo is “cuideachta dhéileála” cuideachta i ndáil le sealbhán dá gcuirfí brabús as díol an tsealbháin i gcuntas le linn brabúis trádála na cuideachta a bheith á ríomh. | |
[EN] | (5) Na tagairtí atá san alt seo do shealbhán i gcuideachta is tagairtí iad do shealbhán scaireanna nó urrús ar féidir leis an sealbhóir dáiltí a rinne an chuideachta a fháil dá mbua, ach sin ar shlí— | |
[EN] | (a) go ndéileálfar mar shealbháin leithleacha le sealbháin d'aicmí éagsúla de chuid cuideachta i gcuideachta eile, agus | |
[EN] | (b) go ndéileálfar mar shealbháin d'aicmí éagsúla le sealbháin scaireanna nó urrús nach ionann dóibh maidir leis na teidil nó na hoibleagáidí a thugann siad nó a fhorchuireann siad. | |
[EN] | (6) Chun críocha fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) déileálfar mar chomhábhair is sealbhán amháin leis na sealbháin uile den aicme chéanna de chuid cuideachta i gcuideachta eile, agus | |
[EN] | (b) déileálfar le sealbhán d'aicme áirithe de chuid chuideachta mar chomhábhar i sealbhán is ionann agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme sin más ionann comhiomlán an tsealbháin sin agus na sealbhán eile den aicme sin a shealbhaíonn daoine bainteacha agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme sin, | |
[EN] | agus beidh éifeacht le halt 157 i ndáil le mír (b) ionann is dá gcuirfí i bhfo-alt (7) den alt sin na focail “nó chun sealbhán a fháil inti” i ndiaidh na bhfocal “chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta sin” gach áit a bhfuil na focail sin. |