|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XII Gnóchain Chaipitiúla Cuideachtaí) | Ar Aghaidh (CUID XIV Riarachán) |
AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID XIII Feidhmiú agus Oiriúnú Achtachán | |
[EN] |
Feidhmiú agus oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim agus an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
140. —(1) Gan dochar d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le ríomh ioncaim a fheidhmiú go ginearálta maidir le cáin chorparáide, beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal chun forálacha na nAchtanna sin a luaitear ansin a fheidhmiú maidir le cáin chorparáide nó a oiriúnú ar shlí eile. |
[EN] | (2) Gan dochar do na forálacha den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a bhaineann le ríomh gnóchan inmhuirearaithe, beidh éifeacht le Cuid II den Dara Sceideal chun na forálacha den Acht sin a luaitear ansin a fheidhmiú maidir le cáin chorparáide nó a oiriúnú ar shlí eile. | |
[EN] | (3) Tá na leasuithe i ngach Cuid den Dara Sceideal faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir forálacha na míre deiridh den Chuid sin. |