An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XV Léiriú agus Forlíontach) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Oiriúnú ar an gCóras Liúntas Caipitiúil)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID XVI

Coigilteas, Athruithe, etc.

Cáin chorparáide do thosú i gcás cuideachtaí láithreacha, agus athrú ó cháin ioncaim.

173. —(1) Cuideachta nach bhfuil laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le bunadh ioncaim, ní thiocfaidh sí laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh sin d'aon tréimhse roimh dheireadh na bliana sin, agus chun na críche sin measfar nach raibh cuideachta faoi réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 má bhí teideal aici don bhliain sin, faoi chomhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, chun díolúine ó cháin ioncaim maidir le brabúis nó ioncam a d'eascair sa Stát.

(2) I gcás cuideachta a bheith laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le bunadh ioncaim, ní thiocfaidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith an bhunaidh sin d'aon tréimhse roimh dheireadh na bliana sin, mura mbeidh an muirear cánach ioncaim don bhliain sin le fionnadh faoi threoir tréimhse a chríochnóidh roimh dheireadh na bliana sin agus go mbeidh an bunadh i seilbh na cuideachta i ndeireadh na bliana sin, ach sa chás sin beidh sí laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh sin ó dheireadh na bonn-tréimhse do cháin ioncaim don bhliain sin nó, más déanaí ná sin é, ó dheireadh na bonn-tréimhse don bhliain 1974-75.

(3) Aon tagairt san alt seo don bhonn-tréimhse don bhliain 197475 nó 1975-76, is tagairt í, i ndáil le haon bhunadh ioncaim, don tréimhse a mbeidh an cháin ioncaim (más ann) is inmhuirearaithe ar a hioncam don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach maidir leis an mbunadh nó, i gcás é a bheith le meas, de bhua aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, gurb é ioncam aon tréimhse eile ioncam na tréimhse sin, don tréimhse eile sin.

(4) I gcás cuideachta a bheith laistigh de réim cánach ioncaim maidir le trádáil an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus go leanfaidh sí ag seoladh na trádála tar éis an dáta sin, ní bheidh feidhm ag alt 12 (2) (ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh) le go measfaí go raibh buanscortha den trádáil agus trádáil nua bunaithe agus tosaithe an tráth a tháinig an chuideachta i gcéaduair laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin.

(5) Más rud é, i gcás trádáil a sheolann cuideachta, gurb í an bhliain 1974-75 nó an bhliain 1975-76 an dara bliain eile tar éis na bliana measúnachta a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil agus go ndéanfaidh an chuideachta éileamh faoi alt 58 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (foras measúnachta), glacfar gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1975, deireadh na bonn-tréimhse do cháin ioncaim chun críche fho-alt (2) más 1974-75 an bhliain éilimh, agus gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1976, é más 1975-76 an bhliain éilimh.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 58 (5) (a) (ii) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1971 (tréimhse ríofa brabúis ar bhuanscor de thrádáil), i ndáil le cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta ar bhuanscor, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, de thrádáil a sheolann cuideachta; ná ní bheidh feidhm ag alt 77 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (bonn measúnachta faoi Chás III de Sceideal D), ná ag alt 81 (3) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cuireadh isteach mar alt ionaid le halt 22 den Acht Airgeadais, 1969 (bonn measúnachta faoi Chás V de Sceideal D), i gcás cuideachta i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76, murab í an bhliain sin an bhliain deiridh a mbeidh an bunadh i seilbh na cuideachta.

Cáin bhrabús corparáide a fhoirceannadh.

174. —(1) Ní áireofar chun críocha cánach brabús corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta brabúis a mbeidh cuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith, ná na suimeanna go léir ab inasbhainte le linn aon bhrabúis den sórt sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide (a mhéid is inasbhainte iad freisin le linn brabúis eile a bheith á ríomh chun na gcríocha sin) agus is inasbhainte i leith cánach corparáide, ach amháin i gcás gan an chuideachta sin a bheith laistigh de réim cánach corparáide ach i leith na mbrabús do chuid den tréimhse chuntasaíochta, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil leis an gcuid sin, agus déanfar a shamhail de chionroinnt idir an chuid sin agus an t-iarmhar, ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh an dá chuid.

(2) Ní bheidh éifeacht le halt 69 (6) den Acht Airgeadais, 1959 (a dhéanann socrú chun liúntais agus muirir chaipitiúla a thabhairt agus a dhéanamh i gcás gnóthaí nach inchurtha faoi cháin ioncaim), chun asbhaintí nó breisithe a dhéanamh faoi threoir na tréimhse tar éis na bliana 1975-76.

(3) I gcás a mbeadh, ar leith ón bhforáil seo, cáin bhrabús corparáide inmhuirearaithe de réir an ailt seo ar bhrabúis ó aon trádáil nó gnó, féadfaidh an chuideachta inmhuirearaithe, trí fógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Comisinéirí Ioncaim in aon chás áirithe, a roghnú nach mbeidh éifeacht leis an alt seo, ach amháin fo-alt (2) de, i ndáil leis an gcuideachta sin:

Ar choinníoll go measfar, i gcás rogha a bheith déanta faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, go ndearnadh na méideanna go léir a d'fhéadfaí, faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 (faoiseamh i leith caillteanas áirithe), a bhaint as brabúis thrádáil nó ghnó na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin, arna ríomh ar neamhaird leis an bhfo-alt seo, a asbhaint nó a fhritháireamh amhlaidh agus nach gcuirfear san áireamh iad le linn aon easnamh iomchuí a bheith á ríomh chun críocha alt 184.

Caillteanais cháin ghnóchan caipitiúil a d'fhaibhrigh roimh 6 Aibreán, 1976.

175. —Aon chaillteanais de chuid cuideachta is inlámhála in aghaidh gnóchan inmhuirearaithe chun críocha cánach gnóchan caipitiúil i leith na bliana measúnachta 1974-75 nó 1975-76, déileálfar leo, a mhéid nach féidir iad a lámháil in aghaidh gnóchan inmhuirearaithe chun críocha na cánach sin, chun críocha cánach corparáide ionann is dá mba chaillteanais inlamhála iad a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide.

Faoiseamh eatramhach do chuideachtaí láithreacha ar scor de thradáil, etc.

176. —(1) I gcás cuideachta a bheith, maidir le haon bhunadh ioncaim, laistigh de réim cánach corparáide faoi aon chás iomchuí de Sceideal D i gcaitheamh na bliana 1975-76 agus go scoirfidh sí den bhunadh sin a shealbhú tráth ar bith idir an bhliain sin agus an bhliain 1981-82, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, beidh an chuideachta i dteideal faoisimh ó cháin i leith aon mhéid a mbeadh, dá mba go raibh scortha ag an gcuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, den bhunadh a shealbhú, an t-ioncam cánaithe ón mbunadh le linn na tréimhse scoir níos lú ná an t-ioncam cánaithe iarbhír i gcaitheamh na tréimhse sin.

(2) Is é an faoiseamh faoin alt seo liúntas ar cóimhéid le cibé acu seo a leanas is lú—

(a) an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1); agus

(b) cóimhéid an chodáin iomchuí den ioncam cánaithe ón mbunadh i gcaitheamh tréimhse ar comhfad leis an tréimhse scoir ach dar críoch tráth an chuideachta scor den bhunadh a shealbhú:

Ar choinníoll, más sa bhliain 1978-79 a scoireann an chuideachta den bhunadh a shealbhú, go laghdófar an liúntas ceathrú, más sa bhliain 1979-80 é go laghdófar leath é, agus más sa bhlian 1980-81 é go laghdófar trí cheathrú é.

(3) I gcás cuideachta a bheith i dteideal liúntais faoin alt seo maidir le haon bhunadh ioncaim, ansin chun críche aon dliteanas cánach corparáide nó cánach ioncaim a bheidh ar an gcuideachta (ach ní chun aon chríche eile) déileálfar leis an méid ioncaim a d'eascair chuig an gcuideachta ón mbunadh mar mhéid arna laghdú méid an liúntais (agus an laghdú a dhéanamh, a mhéid is féidir é, ar an ioncam a d'eascair i dtréimhsí cuntasaíochta a bhfuil an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina n-aghaidh maidir leis an mbunadh agus, faoina réir sin, ar an ioncam is inchurtha faoi cháin ioncaim roimh an mbliain 1976-77, agus an laghdú sin a dhéanamh, a mhéid is féidir é, ar ioncam tréimhse nó bliana níos déanaí in ionad é a dhéanamh ar ioncam tréimhse nó bliana níos luaithe) agus tabharfar faoiseamh faoin alt seo i dtosaíocht ar aon fhaoiseamh eile.

(4) Chun críocha de chuid an ailt seo ciallaíonn “ioncam cánaithe”, i ndáil le haon bhunadh, an méid den ioncam a bheidh le háireamh i measúnachtaí chun cáin ioncaim nó cáin chorparáide a mhuirearú ar an gcuideachta i leith an bhunaidh.

(5) Chun críocha de chuid an ailt seo, is iad na Cásanna iomchuí de Sceideal D Cásanna I, II, III agus V; agus i ndáil le haon bhunadh ioncaim—

(a) ciallíonn “an tréimhse scoir” an tréimhse ina bhféadfaí measúnachtaí cánach ioncaim a athrú i gcás a raibh scortha ag an gcuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, den bhunadh a shealbhú (agus dá réir sin is tréimhse trí bliana í do Chásanna I agus II agus dhá bhliain do Chásanna III agus V); agus

(b) ciallaíonn “an codán iomchuí” an codán sin den tréimhse scoir atá tar éis an ama a bheidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide den chéad uair maidir leis an mbunadh (agus dá réir sin is leath an codán sin do Chásanna III agus V).

(6)  (a)   (i) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, na tagairtí san alt seo do chuideachta scor de bhunadh ioncaim a shealbhú folóidh siad, i ndáil le trádáil, an chuideachta scor, maidir leis an trádáil, de bheith faoi réim cánach corparáide faoi Chás I nó II de Sceideal D; agus na tagairtí do chuideachta ag seoladh trádála nó aon choda de thrádáil nó aon ghníomhaíochtaí trádála, is tagairtí iad don chuideachta á dhéanamh sin in imthosca a thugann di bheith laistigh de réim cánach amhlaidh.

(ii) Chun críocha de chuid an ailt seo glacfar gur trí bliana an tréimhse scoir i ndáil le trádáil, d'ainneoin gur giorra ná trí bliana roimh an mbliain 1976-77 a bhí an trádáil á seoladh; ach i gcás an codán iomchuí (is é sin le rá an codán iomchuí faoi fho-alt (2) (b)) a bheith le feidhmiú maidir le hioncam ó thrádáil ar ghiorra ná trí bliana a bhí sí á seoladh ag an gcuideachta, méadófar an codán iomchuí ar aon-choibhneas leis an gcoibhneas idir tréimhse trí bliana agus an tréimhse níos giorra a dúradh.

(iii) Chun críocha de chuid an ailt seo, beidh feidhm ag alt 173 (7) i ndáil leis an tréimhse go léir tar éis an trádáil a bhunú agus a thosú mar atá feidhm aige, chun críocha eile a bhaineann le cáin chorparáide, ó dheireadh na bonn-tréimhse don bhliain 1975-76, ach déanfar (d'ainneoin aon ní in alt 173 (7)) aon liúntas don chuideachta maidir leis an trádáil, a thabhairt, a mhéid nach féidir é a thabhairt don chuideachta, do réamhtheachtaí na cuideachta.

(b) (i) Bainfidh na fomhíreanna seo a leanas le hioncam cuideachta ó thrádáil a ríomh chun críocha an ailt seo.

(ii) Ní thabharfar aird ar aon liúntas ná muirear a bheidh le tabhairt nó le gearradh le linn cáin a mhuirearú ar an trádáil.

(iii) Le linn bheith á chinneadh cé mhéad a bheadh san ioncam cánaithe ón trádáil dá mba go raibh scortha ag an gcuideachta den trádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim i ndeireadh na bliana 1975-76, déanfar an ríomh, más gá sin, trí ioncam do thréimhsí cuntasaíochta, lena n-áirítear aon tréimhse a shín thar dheireadh na bliana sin, a roinnt agus a chionroinnt nó a chomhiomlánú, agus sin ar neamhaird le hoibriú aon achtachán a dhéanfadh difear don ríomh ar scor iarbhír den trádáil ach amháin alt 58 (5) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1971 .

(iv) I gcás a mbeidh an t-ioncam cánaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (cibé acu is é an t-ioncam iarbhír nó an t-ioncam amhail ar scor é) le fionnadh i bpáirt faoi threoir tréimhse inar thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, fionnfar an t-ioncam sin ionann is dá mba nach raibh aon chaillteanas den sórt sin (ná aon ioncam) sa tréimhse sin; ach le linn an t-ioncam cánaithe d'aon tréimhse a bheith á fhionnadh chun críocha fho-alt (2) (b) déanfar caillteanais a tabhaíodh sa tréimhse sin agus aon chuid de chaillteanas is inchionroinnte i leith na tréimhse sin a bhaint as ioncam.

(c)   (i) Má leanann cuideachta, ar scor di tráth ar bith de thrádáil a shealbhú mar bunadh ioncaim, d'aon chuid de ghníomhaíochtaí na trádála a sheoladh mar ghníomhaíochtaí de chuid trádála eile, beidh an chuideachta ó theideal, amhail an tráth sin, chun na coda sin den liúntas i leith na trádála chéadluaite is inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí sin.

(ii) I gcás a dtarlóidh laistigh de dhá bhliain tar éis an tráth a scoirfidh cuideachta de thrádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim—

(I) go mbeidh an trádáil nó aon chuid di á seoladh ag an gcuideachta nó ag cuideachta chomhlachaithe; nó

(II) go mbeidh gníomhaíochtaí na trádála nó cuid díobh á seoladh ag cuideachta chomhlachaitha mar ghníomhaíochtaí de chuid trádála eile;

beidh an chuideachta ó theideal, amhail an tráth sin, chun an liúntais i leith na trádála chéadluaite:

Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith ag an bhfomhír seo ar an aon-chúis go bhfuil cuid den trádáil nó cuid dá gníomhaíochtaí á seoladh ag cuideachta chomhlachaithe, nach mbeidh an chuideachta ó theideal amhlaidh ach amháin chun na coda sin den liúntas is inchurtha i leith na coda sin den trádáil nó de na gníomhaíochtaí.

(iii) I gcás a scoirfidh cuideachta aon tráth de bheith ag seoladh cuid de thrádáil, agus laistigh de dhá bhliain tar éis an trátha sin go mbeidh an chuid sin den trádáil nó a gníomhaíochtaí á seoladh ag cuideachta chomhlachaithe mar thrádáil dá cuid nó mar chuid dá trádáil, measfar an chuideachta a bheith, amhail ón tráth sin, ó theideal chun na coda sin d'aon liúntas i leith na trádála is inchurtha i leith na coda sin den trádáil nó i leith na ngníomhaíochtaí sin.

(iv) Más rud é, mar gheall ar chuideachta bheith ag seoladh trádála nó coda de thrádáil, nó bheith ag seoladh aon ghníomhaíochtaí i gcúrsa trádála, go dtiocfaidh an chuideachta sin nó cuideachta eile chun bheith ó theideal chun liúntais nó chun coda de liúntas, rachaidh an liúntas in astú, nó fanfaidh sé in astú, sa trádáil sin (cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil sin á seoladh sa bhliain 1975-76 nó chor ar bith ag an gcuideachta sin).

(v) Más rud é faoi fhomhír (iv) go rachaidh liúntas nó cuid de liúntas i leith trádála in astú i dtrádáil eile, déileálfar chun gach críche leis an liúntas nó leis an gcuid sin den liúntas, ach amháin maidir le méid, mar liúntas i leith na trádála, ach ní dhéanfar difear don méid ach amháin mar a leanas—

(I) feidhmeofar an codán iomchuí ar an ioncam cánaithe ón trádáil eile sin, agus bainfidh an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) leis an trádáil eile sin; agus

(II) ní rachaidh méid comhiomlán na liúntas a bheidh le tabhairt maidir leis an trádáil ar chuideachta scor dá sealbhú mar bhunadh ioncaim, má bhíonn níos mó ná liúntas amháin den sórt sin ann, thar an méid a shonraítear le fo-alt (2) (b) maidir leis an gceann sin de na liúntais ag a bhfuil an codán iomchuí is mó.

(vi) Chun críocha de chuid na míre seo, déanfar an chuid de liúntas is inchurtha i leith aon choda de thrádáil nó i leith aon ghníomhaíochtaí de chuid trádála a chinneadh, i ndáil le teagmhas a tharla tráth ar bith, trí mhéid an liúntais a ghlacadh (mar a dhéanfaí ar an gcuideachta scor an tráth sin den trádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim) agus an méid sin a chionroinnt idir an chuid sin nó na gníomhaíochtaí sin den trádáil agus an t-iarmhar, de réir an choibhneasa ina mbeidh ioncam cánaithe na cuideachta ón trádáil inchurtha ina leith i gcaitheamh na tréimhse trí bliana a chríochnaigh tráth an teagmhais sin (nó aon tréimhse ba ghiorra ná sin a bhí an chuideachta ag seoladh na trádála), nó, mura mbeidh aon ioncam cánaithe den sórt sin ann, ansin, trína chionroinnt i cibé slí eile is cóir sna himthosca; ach chun an chuid den liúntas a chinneadh a bheidh in astú i dtrádáil tar éis an teagmhais sin glacfar méid an liúntais ar neamhaird le mír (b) d'fho-alt (2) ná leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin.

(vii) I gcás cuideachta teacht faoin mír seo chun bheith ó theideal chun liúntais nó coda de liúntas tar éis an liúntas nó an chuid sin de a bheith tugtha di nó do chuideachta eile, déanfar an liúntas nó an chuid a tugadh amhlaidh a tharraingt siar a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

(viii) Chun críocha de chuid na míre seo, measfar maidir le cuideachta gur “cuideachta chomhlachaithe” de chuid chuideachta eile í tráth áirithe má bhíonn an tráth sin, nó tráth ar bith laistigh de bhliain roimh an tráth sin nó laistigh de dhá bhliain tar éis an trátha sin, rialú ag ceann den dá chuideachta ar an gcuideachta eile nó an dá chuideachta díobh faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna (agus an bhrí chéanna le “rialú” chun na críche sin atá leis in alt 102).

(7) Déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas aon duine i leith cánach corparáide nó cánach ioncaim, trí aisíoc cánach nó trí mheasúnacht nó ar shlí eile, is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus féadfar aon choigeartú den sórt a dhéanamh tráth ar bith nach déanaí ná deich mbliana tar éis an teagmhais ba bhun leis an gcoigeartú.

Faoiseamh ó cháin chorparáide ar ús ar iasachtaí áirithe.

177. —(1) I gcás a mbeidh, chun críocha cánach corparáide, ar áireamh ioncaim cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ús is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, i leith buan-iasachta, beidh an chuideachta i dteideal, ar éileamh a dhéanamh go cuí, go ndéanfar a dliteanas cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta a laghdú mar a fhoráiltear le fo-alt (3).

(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “buan-iasacht” iasacht de bhuan-ghné a tugadh faoi chomhaontú a rinneadh roimh an 27ú lá de Shamhain, 1975, agus atá, faoin gcomhaontú—

(a) urraithe le morgáiste nó bintiúr nó eile ar shócmhainní nó ioncam cuideachta, agus

(b) más faoi réir a haisíoca di faoi réir a haisíoca ar fhógra trí mhí ar a laghad a thabhairt:

Ar choinníoll nach measfar gur buan-iasacht chun críocha an ailt seo iasacht más rud é go bhféadfaí, faoi théarmaí an chomhaontaithe iasachta, ráta úis nó coinniollacha eile na hiasachta a athrú le linn ré na hiasachta.

(3) Déanfar an laghdú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh de réir alt 184 (3), ar leith ón gcoinníoll, ionann is dá mba easnamh iomchuí, de réir brí fho-alt (1) den alt sin, an t-ús.

(4) I gcás, le linn an laghdú dá bhforáiltear le fo-alt (3) a bheith á ríomh, gurb é an méid iomchuí mar a chinnfear é de réir alt 184 (3) (a) (ii) ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta déanfar an bhreis a bheidh ag ús den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) don tréimhse chuntasaíochta ar an ioncam sin a chomhiomlánú, chun críocha an ailt seo, le méid aon úis den sórt sin don chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile agus lamhálfar faoiseamh don tréimhse sin maidir leis an méid comhiomlánaithe; agus más mó an méid comhiomlánaithe sin ná ioncam na tréimhse sin tabharfar an bhreis ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta díreach tar éis na tréimhse sin agus mar sin de.

(5) Déanfar éileamh faoin alt seo chun an chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Díbhínní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

178. —(1) I gcás aon cheart nó oibleagáid a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith sloinnte faoi threoir díbhinne de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán, glacfaidh an ceart nó ag an oibleagáid sin éifeacht i ndáil le díbhinn is iníoctha ar an dáta sin nó dá éis ionann is dá mba shloinneadh faoi threoir díbhinne é de mhéid arna chinneadh de réir na foirmle

D

A × D

_____

100

is gcás—

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77, agus

arb é D cóimhéid díbhinn de réir an ráta chomhláin sin nó den méid comhlán sin.

(2) Bainfidh fo-alt (1), modhnaithe mar is gá, le díbhinn go páirteach de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán agus bainfidh sé le haon dáileadh seachas díbhinn mar a bhaineann sé le díbhinn

Caillteanais a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte.

179. —(1) San alt seo ciallaíonn “tréimhse leathrasnach” tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bhfuil an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir le bunadh ioncaim agus dar tosach dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

(2) I gcás maidir le tréimhse chuntasaíochta—

(a) is tréimhse chuntasaíochta a bhfuil an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir le bunadh ioncaim agus dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó

(b) is tréimhse leathrasnach,

agus dáileadh a bheith faighte sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag an gcuideachta ó chuideachta a chónaíonn sa Stát (seachas dáileadh a meastar faoi Chuid IX gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a rinneadh é), féadfaidh an chuideachta éileamh a dhéanamh don tréimhse chuntasaíochta sin faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infhelstíochta fhrainceáilte) nó faoi alt 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais) ionann is dá mba éard iad na tagairtí sna hailt sin d'ioncam infheistíochta frainceáilte agus d'íoc creidmheasa cánach tagairtí, faoi seach, do dhíbhinní a fuarthas faoi asbhaint cánach ioncaim agus aisíoc cánach ioncaim:

Ar choinníoll, maidir le haon cháin ioncaim is inaisíoctha de bhua an ailt seo, gur cáin ioncaim í in ionad, agus nach cáin ioncaim í i dteannta, aon mhéid cánach ioncaim is inaisíoctha de bhua foráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim i leith an ioncaim chéanna.

(3) Bainfidh alt 25 (5), modhnaithe mar is gá, le haon aisíoc cánach ioncaim a thabharfar do chuideachta faoin alt seo, mar a bhaineann sé le creidmheas cánach a ghnóthú.

Formhuirearú ar dhlúthchuideachtaí a thosú.

180. —(1) Ní bheidh éifeacht le hailt 101 agus 162 (formhuirir ar dhlúthchuideachtaí) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, di.

(2) Maidir le hioncam a d'eascair chuig cuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, leanfaidh Caibidil II de Chuid XXXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'éifeacht a bheith léi, agus folóidh an t-ioncam de chuid cuideachta a bheidh le cur i gcuntas faoin gCaibidil sin ioncam is inchurtha faoi cháin chorparáide.

(3) I gcás cuid de thréimhse chuntais nó de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bheith sa bhliain 1975-76 agus cuid sa bhliain 1976-77 déileálfar, chun críocha na Caibidle sin II, nó, de réir mar a bheidh, chun críocha ailt 101 agus 162, leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh agus déanfar aon díbhinní d'aon tréimhse chuntais nó tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a chionroinnt de réir an choibhneasa idir ioncam na coda sa bhliain 1975-76, arna ríomh mar a dhéantar maidir leis an gCaibidil sin II (ach lúide cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh nó de réir an ráta sin arna laghdú faoi threoir aon fhaoisimh a tugadh don chuideachta) agus an t-ioncam indáilte don chuid sa bhliain 1976-77.

Faoiseamh cánach ioncaim maidir le caillteanais a tabhaíodh i 197475 agus i 1975-76.

181. —(1) I gcás a n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas), don bhliain 1974-75 nó don bliain 1975-76, ní dhéanfar difear don cheist i dtaobh ar thabhaigh an chuideachta caillteanas i dtrádáil an bhliain sin, ná d'aon cheist i dtaobh méid aon chaillteanais a tabhaíodh amhlaidh, an chuideachta a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála don bhliain sin go léir nó do chuid di, ach déanfar, chun críocha cánach corparáide, méid an chaillteanais a tabhaíodh sa trádáil i dtréimhse chuntasaíochta a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhliain sin a laghdú cóimhéid an chaillteanais a cuireadh, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin, i gcuntas le linn méid an chaillteanais ar lamháladh faoiseamh ina leith faoin alt sin 307 a bheith á chinneadh.

(2) Beidh feidhm ag alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas), i ndáil le héileamh ó chuideachta faoi alt 307 den Acht sin don bhliain 1975-76 agus chun críocha an ailt sin 318, arna fheidhmiú leis an bhfo-alt seo, déileálfar leis an gcuideachta i gcás nach í an bhliain 1975-76 an bhonn-bhliain don bhliain féin, ar an mbonn—

(a) nach raibh feidhm ag alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí) i ndáil leis an trádáil áirithe, agus

(b) gurbh í an tréimhse a mbeadh cáin ioncaim don bhliain 1976-77 le ríomh go críochnaitheach ar a brabúis nó a gnóchain an dá mhí dhéag dar tosach an tráth a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála,

agus féadfar faoiseamh faoin alt sin 318 a thabhairt dá réir sin faoi threoir an méid arbh é, ar an mbonn sin, liúntais chaipitiúla na cuideachta é don bhliain 1976-77 chun críocha cánach ioncaim.

(3) Déanfar an méid iomlán liúntas i leith caiteachas caipitiúil a bheidh faoi alt 14 (asbhaint agus breisiú i ndáil le liúntais chaipitiúla agus muirir) le háireamh mar chaiteachais trádála de chuid trádála do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach chorparáide ina leith maidir leis an trádáil a laghdú cóimhéid na liúntas caipitiúil a asbhainfear, de bhua fho-alt (2) den alt seo, le linn méid an chaillteanais a lamháiltear faoiseamh ina leith faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á chinneadh; agus na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí is tréimhsí cuntasaíochta iad go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhliain 197576, agus an laghdú a dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta níos luaithe in ionad é a dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta níos déanaí.

(4) Chun críocha de chuid an ailt seo folaíonn “trádáil” gairm nó fostaíocht, áitiú tailte chun críocha feirmeoireachta amháin agus áitiú talamh coille a bhainistítear ar fhoras tráchtála agus d'fhonn brabúis a dhéanamh.

Faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76.

182. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid iomchuí”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) cibé cuid d'aon chaillteanas, lena n-áirítear aon mhéid atá le háireamh mar chaillteanas faoi alt 316 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (méid measúnachta faoi alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a lamháil mar chaillteanas chun críocha áirithe), a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil roimh an dáta a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an tAcht seo, a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain 1976-77 faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceart chun caillteanais a thabhairt ar aghaidh go blianta todhchaí), agus

(b) cibé cuid d'aon liúntas caipitiúil a raibh an chuideachta a sheolann an trádáil ina theideal le linn brabúis nó gnóchain na trádála do bhlianta roimh an mbliain 197677 a bheith á muirearú agus nár tugadh éifeacht dóibh ar mhodh faoisimh roimh an mbliain sin;

ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” do thréimhse chuntasaíochta an cháin chorparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí), ó alt 184 agus ón alt seo, don tréimhse chuntasaíochta, gan an cháin chorparáide a muirearaiodh ar ghnóchain inmhuirearaithe na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a áireamh.

(2) Lamhálfar faoiseamh, mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), maidir le méid iomchuí in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta agus tabharfar an faoiseamh sin a mhéid is féidir é ón gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir leis an trádáil agus, a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ón gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de.

(3) Is é an faoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an bhliain chuntasaíochta a fheidhmiú ar an gcuid sin den méid iomchuí nár lamháladh faoiseamh ó cháin ina leith:

Ar choinníoll—

(a) nach mó an méid a bhfeidhmeofar an ráta sin air ná an méid ioncaim ón trádáil a bheidh ar áireamh brabús inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid, más aon mhéid é, a bheidh ar áireamh i muirir ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasíocta maidir le híocaíochtaí a íocadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála;

(b) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi Chuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), go ndéanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith na tréimhse cuntasaíochta a laghdú ar aon-choibhneas leis an laghdú a dhéanfar amhlaidh ar an gcáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ón trádáil; agus gurb í an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ón trádáil méid is ionann agus an coibhneas céanna den cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta agus a bheidh idir an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta agus méid iomlán an ioncaim a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide;

(c) go measfar, chun críocha alt 64 (dáiltí as brabúis onnmhairí), gur laghdú ar an méid faoisimh a lamháladh faoi alt 58 an méid de laghdú a rinneadh do thréimhse chuntas aíochta faoi mhír (b) den choinníoll seo.

(4) Ní lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh cáin chor paráide is iníoctha ag cuideachta a bhí, de bhua comhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, i dteideal díolúine ó cháin ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le hioncam a d'eascair sa Stát.

Faoiseamh maidir le caillteanais nó easnaimh lena mbaineann Cás IV nó V de Sceideal D.

183. —I gcás cuideachta a bheith i dteideal faoisimh faoi alt 89 (faoiseamh faoi Chás V i leith caillteanas) nó faoi alt 310 (faoiseamh faoi Chás IV i leith caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó go mbeadh sí i dteideal faoisimh faoin alt sin 310 dá mba nach n-achtófaí alt 237 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , don bhliain 1975-76 nó do bhliain mheasúnachta níos luaithe i leith caillteanas lena mbaineann Cás IV de Sceideal D nó i leith easnamh nó anbharr easnamh lena mbaineann Cás V de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe i ngach cás, agus toisc nach bhféadfaí mar gheall ar neamhdhóthanacht ioncaim den chineál áirithe faoiseamh a thabhairt go hiomlán don chuideachta faoi na hailt sin in aghaidh aon bhliana de na blianta measúnachta sin, déileálfar leis an méid neamhfhaoisimh caillteanais, leis an easnamh nó leis an anbharr easnamh (mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe neamhfaoisimh), de réir mar a bheidh, ionann is dá mba chaillteanas é i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta agus, má éilíonn an chuideachta é, féadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoi alt 182 in aghaidh a shamhail d'ioncam de chuid na cuideachta laistigh de réim cánach corparáide ionann is dá mba ioncam ón trádáil chéanna an t-ioncam sin agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 182, modhnaithe mar is gá:

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo i leith caillteanas lena mbaineann Cás IV de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe, ach amháin in aghaidh ioncam de chuid na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D, agus mar an gcéanna nach dtabharfar faoiseamh i leith easnamh ná i leith anbharr easnamh lena mbaineann Cás V de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe, ach amháin in aghaidh ioncam de chuid na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chás V de Sceideal D; agus

(b) go n-áireofar nach easnamh ná caillteanas chun críocha an ailt seo an oiread sin d'aon easnamh nó an oiread sin d'aon mhéid a ndéileáiltear leis mar chaillteanas nach bhféadfaí faoi alt 62 den Acht Airgeadais, 1974 (cánachas ar chíosanna: srian i leith cíosa agus úis áirithe), a thabhairt ar aghaidh ná a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan chun críocha cánach ioncaim dá leanfadh an cháin sin de bheith ann.

Faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide.

184. —(1) San alt seo, faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 174 (3), ciallaíonn “easnamh iomchuí”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) iomlán na méideanna a d'fhéadfaí (ar an mbonn, chun críocha cánach brabús corparáide, gur chríochnaigh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta nua an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus nár aisghaireadh na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide a luaitear sa Tríú Sceideal), faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 , a bhaint as brabúis, nó a fhritháireamh in aghaidh brabús, gnó na cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976; agus

(b) iomlán na méideanna a dhéanfar, faoi alt 181 (1) (3), caillteanais agus liúntais i leith caiteachas caipitiúil a laghdú chun críocha cánach corparáide:

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas chun críocha mhír (a) aon chaillteanas ná aon anbharr easnamh thar bharrachais a bheadh, dá mba bhrabús nó anbharr barrachas thar easnaimh an caillteanas nó an t-anbharr sin, inchurtha faoi cháin chorparáide ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

(2) Lamhálfar faoiseamh, mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), maidir le heasnamh iomchuí in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta agus tabharfar an faoiseamh sin a mhéid is féidir é as an gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith, agus, a mhéid nach féidir an faoiseamh sin a thabhairt amhlaidh, tabharfar é as an gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de:

Ar choinníoll nach lamhálfar faoiseamh in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta in aghaidh na mbrabús sin dá cuid nach bhféadfaí (dá mba nach n-achtófaí an tAcht seo agus nach n-aisghairfí na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide dá dtagraítear sa Tríú Sceideal) caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 .

(3) (a) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 (8) (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú),

(ii) is é an méid iomchuí an ceann is lú de mhéid an easnaimh iomchuí nár lamháladh faoiseamh ina leith agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

(b) Is é an faoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid arna chinneadh de réir na foirmle A - B

i gcás—

arb é A an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ón alt seo, ó alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí) agus ó alt 182, don tréimhse chuntasaíochta thar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, agus

arb é B an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58, 182 agus ón alt seo, don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí thar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí:

Ar choinníoll—

(i) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi alt 58 (1), go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas atá idir an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis dá dtagraítear in alt 58 (1) (c) agus an cháin chorparáide iomchuí;

(ii) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi alt 58 (3), go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas atá idir an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh agus an cháin chorparáide iomchuí; agus

(iii) go measfar, chun críocha alt 64, maidir le méid laghdú a dhéanfar do thréimhse chuntasaíochta faoi mhír (i) nó (ii) den choinníoll seo, gur laghdú é ar an méid faoisimh a lamháiltear faoi alt 58.

Chun críocha an choinníll seo tá le “cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis”, le “cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh” agus le “cáin chorparáide iomchuí” na bríonna a shanntar dóibh in alt 58.

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (2) agus (3) le cuideachta a bhí, de bhua comhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, i dteideal díolúine ó cháin ioncaim don bhliain 1975-76 i leith ioncaim a d'eascair sa Stát ach i gcás den sórt sin déanfar an t-easnamh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncam a thiocfaidh laistigh de réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus a mhéid nach féidir an t-easnamh iomchuí a fhritháireamh amhlaidh déanfar é a fhritháireamh in aghaidh ioncam a thiocfaidh laistigh de réim cánach corparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile agus mar sin de:

Ar choinníoll nach ndéanfar easnamh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncam a d'eascair in aon tréimhse chuntasaíochta nach bhféadfaí (dá mba nach n-achtófaí an tAcht seo agus nach n-aisghairfí na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide a luaitear sa Tríú Sceideal) caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a fhritháireamh in aghaidh a brabús faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 .

Caillteanais fhoirceannaidh.

185. —I gcás cuideachta a bheidh ag seoladh trádála an 6ú lá d'Aibreán, 1976, scor dá seoladh laistigh de cheithre bliana tar éis di teacht faoi réim cánach corparáide ina leith, beidh feidhm ag alt 18 (faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh i dtrádáil), modhnaithe mar is gá, ionas go bhféadfar faoiseamh a thabhairt faoin alt sin in aghaidh cánach ioncaim do bhlianta measúnachta roimh 1976-77 a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt in aghaidh cánach corparáide, ach sin sa dóigh—

(a) i gcás a dtabharfar faoiseamh in aghaidh cánach ioncaim, go mbeidh feidhm ag alt 313 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (méid brabús nó gnóchan chun críocha faoisimh i leith caillteanais fhoirceannaidh), mar atá feidhm aige i ndáil leis an bhfaoiseamh comhréire faoi alt 311 (faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh) den Acht sin; agus

(b) i gcás arb é is éifeacht d'alt 18 de bhua an ailt seo brabúis aon tréimhse a laghdú agus go ndearnadh cáin ioncaim do bhreis agus bliain mheasúnachta amháin a ríomh go hiomlán nó go páirteach faoi threoir na mbrabús sin, go ndéanfar cibé coigeartú is gá chun nach dtabharfar faoiseamh níos mó ná uair amháin.

Faoiseamh eatramhach maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe.

186. —Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal chun faoiseamh eatramhach a thabhairt maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe.

Cáin bhrabús corparáide a aisíoc.

187. —I gcás a mbeidh, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, aon mhéid aisíoctha le haon chuideachta is méid a d'íoc sí roimhe sin ar mhodh cánach brabús corparáide agus a ndearnadh asbhaint ina leith nó i leith coda de le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, déileálfar leis an méid a aisíocadh, a mhéid a asbhaineadh amhlaidh é, mar ioncam de chuid na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuarthas an aisíocaíocht agus déanfar, d'ainneoin forálacha alt 1 (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí), cáin chorparáide a mhuirearú air de réir ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta.

Gearrtheideal agus forléiriú.

188. —(1) Féadfar an tAcht Cánach Corparáide, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid bhaineann sé le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus déanfar, a mhéid a bhaineann sé le cáin ghnóchan caipitiúil, é a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .