|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) | Ar Aghaidh (CUID VII Díolúintí Speisialta) |
AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Cuideachtaí Comhlachaithe: Faoiseamh faoi Chodanna IV agus V | |
[EN] |
Faoiseamh i ndáil le hidirbhearta idir cuideachtaí comhlachaithe. |
78. —(1) San alt seo— |
[EN] | tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ; | |
[EN] | tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 69 (mínithe); | |
[EN] | tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158; | |
[EN] | ciallaíonn “oibríocht trádála dhíolmhaithe” oibríocht trádála a bhfuil i bhfeidhm ina leith deimhniú a tugadh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó, ar an dáta sin nó dá éis, faoin alt sin 3 (2) agus faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi alt 70 (2) (oibríochtaí trádála díolmhaithe) den Acht seo; | |
[EN] | tá le “earraí” gach áit a bhfuil an focal sin i bhfo-alt (3), an bhrí chéanna atá leis i gCuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú): | |
[EN] | ciallaíonn “oibríocht trádála eile” oibríocht trádála a sheoltar go hiomlán san aerfort seachas oibríocht trádála dhíolmhaithe; | |
[EN] | tá le “cuideachta cháilithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 70 (1). | |
[EN] | (2) I gcás a ndéanann cuideachta cháilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a sheolann trádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di earraí a dhíol i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála eile le cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus— | |
[EN] | (a) gurbh oibríochtaí trádála díolmhaithe na hoibríochtaí trádála eile dá mba gur onnmhairigh an díoltóir na hearraí as an Stát, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an gceannaitheoir agus ar an díoltóir freisin, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus | |
[EN] | (d) go bhfuil na hearraí curtha ag an gceannaitheoir faoi phróiseas monaraithe sa Stát, agus | |
[EN] | (e) gur deimhin leis an gcigire go ndearna an ceannaitheoir, nó go ndéanfaidh sé, na hearraí a onnmhairiú as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar dhóigh eile, agus | |
[EN] | (f) gurb éard iad na hoibríochtaí trádála eile go hiomlán díol earraí leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a díoladh aon earraí a dhíol an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát), | |
[EN] | ní dhéanfar an t-ioncam ná na caillteanais de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile a áireamh, d'ainneoin alt 70 (6) (a) nó aon deimhniú faoi alt 70 (2) nó aon deimhniú lena bhfuil, de bhua an choinníll a ghabhann le halt 70 (2), éifeacht ionann is da mba dheimhniú é faoin alt sin 70 (2), mar ioncam nó caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag Cuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna). | |
[EN] | (3) I gcás a ndéanann cuideachta (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) nach cuideachta cháilithe earraí a dhíol le duine (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) is cuideachta cháilithe a sheolann trádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di nó is cuideachta a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus | |
[EN] | (a) go mbeadh an díoltóir i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chuid IV maidir leis na brabúis ab inchurtha i leith díol na n-earraí dá mba gur onnmhairíodh as an Stát iad, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an gceannaitheoir agus ar an díoltóir freisin, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus | |
[EN] | (d) go bhfuil na hearraí curtha ag an gceannaitheoir faoi phróiseas monaraithe sa Stát, agus | |
[EN] | (e) gur deimhin leis an gcigire go ndearna an ceannaitheoir, nó go ndéanfaidh sé, na hearraí a onnmhairiú as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar dhóigh éigin eile, agus | |
[EN] | (f) go ndearnadh aon earraí a dhíol an díoltóir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát) a dhíol leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a díoladh aon earraí a dhíol an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát), | |
[EN] | beidh feidhm ag Cuid IV ionann is dá mba gur onnmhairigh an díoltóir na hearraí as an Stát agus, maidir le haon mhéid is infhaighte ag an díoltóir as na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir, measfar gur méid é is infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh. |