An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Díolúintí Speisialta) Ar Aghaidh (CUID IX Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID VIII

Dáiltí as Brabúis Airithe ó Mhianadóireacht

Dáiltí: brabúis mhianach áirithe.

81. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam díolmhaithe” ioncam a bhfuair cuideachta faoiseamh ina leith faoin Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , nó faoi Chaibidil II de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis Mhianach Airithe), agus

ciallaíonn “ioncam eile” ioncam de chuid cuideachta nach ioncam díolmhaithe.

(2) I gcás ar as ioncam díolmhaithe go huile a dhéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, ní mheasfar gur ioncam chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim an dáileadh agus, d'ainneoin forálacha alt 88 (creidmheas cánach d'fhaighteoirí áirithe dáiltí), ní bheidh faighteoir an dáilte i dteideal creidmheasa cánach ina leith.

(3) I gcás ar as ioncam díolmhaithe a dhéanfaidh cuideachta cuid de dháileadh, agus ar as ioncam eile a dhéanfaidh sí an chuid eile de, do thréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam díolmhaithe agus as ioncam eile agus bainfidh fo-alt (2) leis an gcuid sin den dáileadh a rinneadh as ioncam díolmhaithe mar a bhainfidh sé le dáileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam díolmhaithe.

(4) Aon dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam díolmhaithe, measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta a chónaíonn sa Stát an faighteoir, gur ioncam díolmhaithe de chuid na cuideachta é.

(5) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, i leith aon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam díolmhaithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (2).

(b) Bainfidh fo-alt (2) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh as ioncam díolmhaithe an dáileadh forlíontach agus beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith an alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

(6) Beidh feidhm ag ailt 64 (5) (6) (dáiltí i ndáil le faoiseamh do dhíolacháin onnmhairí) agus 76 (6) (dáiltí as brabúis ó thrádáil in Aerfort na Sionna) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha na n-alt sin.

(7) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam díolmhaithe, beidh feidhm ag ailt 5 agus 83 (5) (Sceideal F) ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam díolmhaithe a rinneadh an dáileadh.

Dáiltí as na brabúis ó oibríochtaí mianadóireachta guail, giopsaim agus ainhidríte.

82. —(1) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ioncam faosaithe” ioncam de chuid cuideachta—

(a) ar ar íocadh cáin ioncaim de réir ráta laghdaithe de bhua alt 395 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (faoiseamh —oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha), alt 7 (faoiseamh—nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta) nó alt 8 (faoiseamh—oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , nó alt 32 den Acht Airgeadais, 1960 (an faoiseamh i leith nua-oibríochtaí mianadóireachta a chur i mbaint le mianadóireachtaí giopsaim agus ainhidríte), nó

(b) ar ar iompraíodh cáin ioncaim trí asbhaint de réir ráta laghdaithe faoi alt 396 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (díbhinní), nó alt 9 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (díbhinní, etc.), nó

(c) is ioncam infheistíochta frainceáilte a bhfuil an creidmheas cánach ann laghdaithe faoin alt seo.

(2) D'ainneoin alt 88, is é an creidmheas cánach maidir le dáileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam faosaithe an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

A

_____

100-A

a fheidhmiú ar mhéid an dáilte

i gcás—

arb é A 50 faoin gcéad den ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh.

(3) I gcás ar as ioncam faosaithe a dhéanfar cuid agus ar as ioncam eile a dhéanfar an chuid eile de dháileadh, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam faosaithe agus as ioncam eile agus déanfar an creidmheas cánach i leith gach dáileadh díobh sin a ríomh de réir fho-alt (2) agus alt 88 faoi seach.

(4) Aon dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam faosaithe, measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta a chónaíonn sa Stát an faighteoir, gur ioncam faosaithe de chuid na cuideachta sin é.

(5) Faoi réir fho-alt (7), chun críocha Sceideal F agus críocha eile uile na nAchtanna Cánach, déileálfar le dáileadh a rinne cuideachta as ioncam faosaithe mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte sin agus méid an chreidmheasa cánach ina leith arna ríomh de réir an ailt seo.

(6) I gcás a mbeidh, do bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim inchánach pearsan aonair is inmhuirearaithe de réir an ráta laghdaithe nó an ráta chaighdeánaigh ioncam arb ionannas dó dáiltí as ioncam faosaithe, is é a dhliteanas cánach ioncaim i leith an ioncaim arb ionannas dó na dáiltí sin méid ar cóimhéid leis an gcáin ar an ioncam sin arna ríomh de réir 50 faoin gcéad den ráta laghdaithe nó den ráta caighdeánach, de réir mar a bheidh, don bhliain mheasúnachta a rinneadh na dáiltí.

(7) I gcás a mbeidh, do bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim inchánach pearsan aonair is inmhuirearaithe de réir na n-ard-rátaí ioncam arb ionannas dó dáiltí as ioncam faosaithe, is é a dhliteanas cánach ioncaim de réir na n-ard-rátaí i leith an ioncaim arb ionannas dó na dáiltí sin méid ar cóimhéid leis an gcáin, arna ríomh de réir na n-ard-rátaí don bhliain mheasúnachta a rinneadh na dáiltí, ar an ioncam arna laghdú 50 faoin gcéad agus tabharfar creidmheas in aghaidh na cánach sin ar cóimhéid leis an gcáin de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar mhéid an ioncaim arna laghdú amhlaidh.

(8) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi mar dháileadh faoi fho-alt (3)) maidir le ceart nó oibleagáid ar bith lena mbaineann alt 178 agus go ndéanfar an creidmheas cánach i leith an dáilte sin a ríomh de réir fho-alt (2), ansin, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid le breis an chreidmheasa cánach a bhainfeadh leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhainfidh, de réir fho-alt (2), leis an dáileadh agus measfar gur aon dáileadh amháin arbh éard é comhiomlán an dáilte agus an dáilte fhorlíontaigh a fuair an duine dar tugadh an dáileadh agus an dáileadh forlíontach.

(9) D'ainneoin alt 88, ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (8) i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte fhorlíontaigh sin agus beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

(10) Beidh feidhm ag ailt 64 (5) (6) agus 76 (6) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha na n-alt sin faoi seach.

(11) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a rinne cuideachta as ioncam faosaithe, beidh feidhm ag ailt 5 agus 83 (5) ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam faosaithe a rinneadh an dáileadh agus ionas go dtaispeánfar iontu freisin méid an chreidmheasa cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nárbh as ioncam faosaithe a rinneadh é.