|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Forálacha a bhaineann le Bronntanais agus le hOidhreachtaí) | Ar Aghaidh (CUID VII Cáin a Íoc agus a Ghnóthú) |
AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976
CUID VI Tuairisceáin agus Measúnachtaí | ||
[EN] |
Daoine cuntasacha. |
35. —(1) Is é an duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach— |
[EN] | (a) ach amháin mar a fhoráiltear i mír (b), an deontaí nó an comharba, de réir mar a bheidh; agus | |
[EN] | (b) sa chás dá dtagraítear in alt 23 (1), an t-aistrí dá dtagraítear san fho-alt sin a mhéid dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh na daoine seo a leanas freisin cuntasach in íoc aon mhéid den cháin a ndéantar na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cuntasach go príomha ann— | |
[EN] | (a) i gcás bronntanais— | |
[EN] | (i) an diúscróir; agus | |
[EN] | (ii) gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, ionadaí pearsanta, gníomhaire nó duine eile ar cuireadh aon mhaoin atá ar áireamh sa bhronntanas nó san ioncam aisti faoina chúram ar dháta an bhronntanais nó aon tráth dá éis sin agus gach duine dá mbeidh an mhaoin dílsithe tar éis an dáta sin, seachas ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, nó duine a dhíorthaigh teideal ó cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó faoi; | |
[EN] | (b) i gcás oidhreachta, gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, ionadaí pearsanta, gníomhaire nó duine eile ar cuireadh aon mhaoin atá ar áireamh san oidhreacht nó san ioncam aisti faoina chúram ar dháta na hoidhreachta nó aon tráth dá éis sin agus gach duine dá mbeidh an mhaoin dílsithe tar éis an dáta sin, seachas ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, nó duine a dhíorthaigh teideal ó cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó faoi; | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh an diúscróir cuntasach amhlaidh mar dhiúscróir i gcás inar dháta roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, dáta na diúscartha. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii) nó (b) (mura duine é atá cuntasach go príomha freisin faoi fho-alt (1)) faoi dhliteanas i leith cáin is inmhuirearaithe ar aon bhronntanas nó oidhreacht, go feadh méid is mó ná— | |
[EN] | (a) margadhluach an mhéid sin den mhaoin arb é an bronntanas nó an oidhreacht é; agus | |
[EN] | (b) an méid sin den ioncam ón maoin sin, | |
[EN] | a bheidh faighte aige nó a bheadh faighte aige mura mbeadh a fhaillí nó a mhainneachtain féin nó a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuige. | |
[EN] | (4) Ní bheidh duine a ghníomhaíonn go heisiatach i gcáil gníomhaire faoi dhliteanas i leith cáin is inmhuirearaithe ar bhronntanas nó ar oidhreacht go feadh méid is mó ná margadhluach an mhéid sin den mhaoin arb é an bronntanas nó an oidhreacht é agus den ioncam ón maoin sin a theacht sé, nó a tháinig ar a sheilbh, aon tráth tar éis an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a sheirbheáil air. | |
[EN] | (5) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine, a ghníomhaíonn go heisiatach i gcáil gníomhaire i ndáil le haon mhaoin atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht, ag insint a dhliteanais faoin alt seo dó. | |
[EN] | (6) Beidh an cháin inghnóthaithe ó aon duine nó daoine— | |
[EN] | (a) de na daoine cuntasacha; agus | |
[EN] | (b) d'ionadaithe pearsanta aon daoine cuntasacha atá éagtha, | |
[EN] | ar a mbeidh fógra i scríbhinn i dtaobh measúnú cánach seirbheáilte ag na Coimisinéirí i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 39: | |
[EN] | Ar choinníoll nach rachaidh dliteanas ionadaí phearsanta faoin bhfo-alt seo thar an méid a raibh an duine cuntasach, darb ionadaí pearsanta é, faoi dhliteanas ina leith. | |
[EN] | (7) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó (b) nó i bhfo-alt (6) (b) atá údaraithe nó faoi cheangal aon cháin a íoc, agus a bheidh tar éis í a íoc, i leith aon mhaoin atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht féadfaidh sé an méid a bheidh íoctha aige i leith cánach a ghnóthú ón duine a bheidh cuntasach go príomha sa cháin. | |
[EN] | (8) Duine— | |
[EN] | (a) atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc; nó | |
[EN] | (b) dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó (b) nó i bhfo-alt (6) (b) atá údaraithe nó faoi cheangal cáin a íoc | |
[EN] | i leith aon mhaoine beidh aige, chun an cháin a íoc, nó méid na cánach a chruinniú nuair a bheidh sé íoctha cheana féin, cumhacht, bíodh an mhaoin dílsithe dó nó ná bíodh, méid na cánach sin agus aon ús agus caiteachais a d'íoc nó a thabhaigh sé go cuí i leith an chéanna a chruinniú tríd an maoin sin nó aon chuid di a dhíol nó a mhorgáistiú nó trí mhuirear infhoirceannta ar an maoin sin nó ar aon chuid di. | |
[EN] | (9) Má bhíonn duine atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc i leith bronntanas nó oidhreacht (dá ngairtear an chéad bhronntanas nó an chéad oidhreacht san fho-alt seo agus i bhfo-alt (11)) a dhíorthaigh ó dhiúscróir gan an cháin a íoc ar an gcéad bhronntanas nó ar an gcéad oidhreacht, féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a sheirbheáil de réir fho-alt (11) ar aon duine atá, de bhua mhír (a) (ii) nó (b) d'fho-alt (2), cuntasach i gcáin a íoc ar aon bhronntanas nó oidhreacht eile (dá ngairtear an dara bronntanas nó an dara hoidhreacht i bhfo-ailt (10) agus (11)) a ghlac an deontaí céanna nó an comharba céanna ón diúscróir céanna, agus, air sin, tiocfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra chun bheith cuntasach i gcáin a íoc i leith an chéad bhronntanais nó na chéad oidhreachta. | |
[EN] | (10) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) i ndáil le duine a ndéanfar cuntasach é faoi fho-alt (9) mar atá feidhm acu i ndáil le duine dá dtagraítear i mír (a) (ii) nó (b) d'fho-alt (2) agus, chun críocha an fho-ailt seo, déanfar— | |
[EN] | (a) tagairtí i bhfo-ailt (3) agus (4) don mhaoin arb í an bronntanas nó an oidhreacht í; agus | |
[EN] | (b) an dara tagairt agus an tríú tagairt do mhaoin i bhfo-alt (8), | |
[EN] | a fhorléiriú mar thagairtí don mhaoin arb í an dara bronntanas nó an dara hoidhreacht í, a mhéid nach raibh an mhaoin sin is déanaí a luaitear íoctha amach go cuí ar dháta an fhógra faoi fho-alt (9) a sheirbheáil. | |
[EN] | (11) Tagróidh fógra faoi fho-alt (9) go sainráiteach don chéad bhronntanas nó don chéad oidhreacht agus don dara bronntanas nó don dara hoidhreacht, agus inseoidh sé don duine ar a seirbheálfar é faoina chuntasacht i leith an chéad bhronntanais nó na chéad oidhreachta. | |
[EN] | (12) Gach oifigeach poiblí a mbeidh ina choimeád aon rollaí, leabhair, taifid, páipéir, doiciméid, nó imeachtaí a dtiocfadh de iad a iniúchadh an cháin a fháil, nó aon chalaois nó mainneachtain i ndáil leis an gcáin a chruthú nó a fhionnadh, ceadóidh sé, gach tráth réasúnach, d'aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí na rollaí, na leabhair, na taifid, na páipéir, na doiciméid agus na himeachtaí a iniúchadh agus nótaí agus sleachta a thógáil de réir mar a mheasfaidh sé is gá. | |
[EN] |
Tuairisceáin a sheachadadh. |
36. —(1) San alt seo— |
[EN] | (a) d'ainneoin aon ní in ailt 6 agus 12— | |
[EN] | (i) is tagairt do bhronntanas inchánach a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, tagairt do bhronntanas inchánach; | |
[EN] | (ii) is tagairt d'oidhreacht inchánach a glacadh an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, tagairt d'oidhreacht inchánach; agus | |
[EN] | (iii) folaíonn tagairt, seachas i bhfomhír (i), do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt d'oidhreacht nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh; agus | |
[EN] | (b) folaíonn tagairt do dheontaí tagairt do chomharba. | |
[EN] | (2) Aon duine atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc de bhua alt 35 (1), seachadfaidh sé do na Coimisinéirí, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (5), tuairsceán iomlán fírinneach ina dtuairisceofar— | |
[EN] | (a) gach bronntanas a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh ina leith agus lena mbaineann an fo-alt seo; | |
[EN] | (b) an mhaoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas sin; agus | |
[EN] | (c) meastachán ar mhargadhluach na maoine sin. | |
[EN] | (3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas— | |
[EN] | (a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais inchánach a ghlac an deontaí ón diúscróir— | |
[EN] | (i) (I) ná £120,000; agus | |
[EN] | (II) arb é céile an diúscróra nó ar leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir an deontaí; | |
[EN] | (ii) (I) ná £12,000; agus | |
[EN] | (II) ar dírshinsear nó dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha) don diúscróir an deontaí; | |
[EN] | (iii) (I) ná £8,000; agus | |
[EN] | (II) arb é duine an deontaí— | |
[EN] | (A) deartháir nó deirfiúr don diúscróir; nó | |
[EN] | (B) leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr leis an diúscróir; nó | |
[EN] | (iv) (I) ná £4,000; agus | |
[EN] | (II) nach bhfuil ag an deontaí leis an diúscróir gaol dá dtagraítear i mír (i) (II), (ii) (II) nó (iii) (II); | |
[EN] | (b) i gcás ina méadaíonn luach inchánach bronntanais inchánach a ghlac deontaí ón diúscróir luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí ón diúscróir ó mhéid ba lú ná méid, nó ba comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) (i) (I), (a) (ii) (I), (a) (iii) (I) nó (a) (iv) (I), de réir mar a bheidh, go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh; | |
[EN] | (c) i gcás ar mó luach inchánach na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí ón diúscróir ná an méid a shonraítear i mír (a) (i) (I), (a) (ii) (I), (a) (iii) (I) nó (a) (iv) (I), de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh an deontaí bronntanas inchánach eile fós ón diúscróir; nó | |
[EN] | (d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh. | |
[EN] | (4) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (3) (b) nó (c) do luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir tagairt do luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir agus, chun críche an ailt seo, tá le “bronntanas inchomhiomlánaithe” agus le “luach inchomhiomlánaithe” na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, is é an data iomchuí— | |
[EN] | (a) an dáta luachála nó trí mhí tar éis an tAcht seo a rith, cibé acu is déanaí; nó | |
[EN] | (b) i gcás na Coimisinéirí á cheangal le fógra i scríbhinn tuairisceán a thabhairt, dáta an fhógra. | |
[EN] | (6) Aon duine atá cuntasach i gcáin a íoc de bhua fho-alt (2) nó (9) d'alt 35 déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air, trí fhógra i scríbhinn, sin a dhéanamh, tuairisceán a sheachadadh do na Coimisinéirí laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra. | |
[EN] | (7) Déanfaidh aon duine cuntasach, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é trí fhógra i scríbhinn, ráiteas ina mbeidh cibé sonraí. mar aon le cibé fianaise a iarrfaidh siad i dtaobh aon mhaoine, is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith an bhronntanais, a sheachadadh agus a fhíorú dóibh laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra, | |
[EN] | (8) Féadfaidh na Coimisinéirí, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cuntasach tuairisceán breise a sheachadadh dóibh laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra, más dealraitheach do na Coimisinéirí tuairisceán a thug an duine cuntasach sin a bheith lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní ann nó nár cuireadh ann. | |
[EN] | (9) I gcás fios a bheith ag aon duine cuntasach a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise nó i gcás dó fios a fháil aon tráth go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní ann nó nár cuireadh ann, déanfaidh sé, gan iarratas ó na Coimisinéirí agus laistigh de thrí mhí ó fhios a fháil amhlaidh, tuairisceán breise a sheachadadh dóibh. | |
[EN] |
Síniú tuairisceán, etc. |
37. —(1) Ní foláir tuairisceán nó tuairisceán breise a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo a bheith sínithe ag an duine cuntasach a sheachadfaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise agus beidh dearbhú ann ón duine a shínigh é go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise ceart iomlán de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé. |
[EN] | (2) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal gur faoi mhionn a thabharfar tuairisceán nó tuairisceán breise. | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo é, tuairisceán nó tuairisceán breise faoin Acht seo nach mbeidh sínithe de réir an ailt seo a ghlacadh agus measfar an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a bheith seachadta go cuí do na Coimisinéirí faoin Acht seo. | |
[EN] | (4) Is ar fhoirm a sholáthróidh na Coimisinéirí a thabharfar tuairisceán, tuairisceán breise, mionnscríbhinn, mionnscríbhinn bhreise, cuntas nó cuntas breise a sheachadfar faoin Acht seo. | |
[EN] | (5) Aon mhionn a bheidh le tabhairt, nó aon mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh, chun críocha an Achta seo, féadfar é a thabhairt nó í a dhéanamh— | |
[EN] | (a) os comhair na gCoimisinéirí; | |
[EN] | (b) os comhair aon oifigigh nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí; | |
[EN] | (c) os comhair aon Choimisinéara Mionn nó aon Fheidhmeannaigh Shíochána nó Nótaire Phoiblí sa Stát; nó | |
[EN] | (d) in aon áit lasmuigh den Stát, os comhair aon duine a bheidh cuí-údaraithe daoine a chur faoi mhionn ansin. | |
[EN] |
Mionnscríbhinní agus cuntais. 1894, c. 30. |
38. —(1) San alt seo, tá le “mionnscríbhinn Ioncaim Intíre” an bhrí a shanntar do “Inland Revenue affidavit” le halt 22 (1) (n) den Finance Act, 1894. |
[EN] | (2) An mhionnscribhinn Ioncaim Intíre is gá le haghaidh iarratais ar phrobháid nó ar litreacha riaracháin sroichfidh sí go dtí fíorú ráitis ina bhfuil na sonraí seo a leanas— | |
[EN] | (a) sonraí na maoine go léir a mbeifear ag iarraidh deonú probháide nó riaracháin ina leith agus, i gcás éagaigh a d'éag agus sainchónaí sa Stát air, sonraí na maoine go léir, cibé áit a bhfuil sí, agus dá ndearna aon ní acu seo a leanas difear dá húinéireacht tairbhiúil ar éag dó— | |
[EN] | (i) a uacht; | |
[EN] | (ii) rialacha an dáilte ar dhíthiomnacht; nó | |
[EN] | (iii) Cuid IX nó alt 56 den Acht Comharbais, 1965 ; | |
[EN] | (b) sonraí aon mhaoine ab ábhar do dhiúscairt inter vivos a rinne an t-éagach i gcás ar dháta laistigh de dhá bhliain roimh éag dó dáta na diúscartha nó do donatio mortis causa; | |
[EN] | (c) sonraí na n-oidhreachtaí a d'éirigh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965 , nó faoi dhlí comhchineáil críche eile, mar aon le cóip d'aon uacht den sórt sin; | |
[EN] | (d) sonraí na n-oidhreachtaí (lena n-áirítear an mhaoin a bhí iontu) seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c), a d'éirigh ar éag don éagach; | |
[EN] | (e) ainm agus seoladh gach duine a ghlac oidhreacht ar éag don éagach agus a ghaol leis an diúscróir; agus | |
[EN] | (f) cibé sonraí eile a iarrfaidh na Coimisinéirí chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (3) I gcás inar leas teoranta leas an éagaigh agus gurbh é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin a d'éag an duine sin, seachadfaidh iontaobhaí na maoine ina raibh an leas teoranta cuntas ina mbeidh na sonraí seo a leanas— | |
[EN] | (a) sonraí gach oidhreachta a d'éirigh ar éag don éagach faoin diúscairt faoinar éirigh leas teoranta an éagaigh, lena n-áirítear ainm agus seoladh gach duine a ghlac oidhreacht den sórt sin agus a ghaol leis an diúscróir; agus | |
[EN] | (b) cibé sonraí eile a iarrfaidh na Coimisinéirí chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (4) Más dealraitheach aon tráth go ndearnadh aon earráid nó mainneachtain ábhartha i mionnscríbhinn nó i gcuntas dá dtagraítear san alt seo, beidh na daoine a dhligh mionnscríbhinn nó cuntas a sheachadadh faoi dhliteanas mionnscríbhinn bhreise nó cuntas breise a sheachadadh, ag ceartú na hearráide nó na mainneachtana. | |
[EN] |
Cáin a mheasúnú. |
39. —(1) Is iad na Coimisinéirí a dhéanfaidh measúnachtaí cánach faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Más dealraitheach aon tráth measúnacht a bheith mícheart ar aon chúis, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht cheartúcháin a dhéanamh a chuirfear in ionad na measúnachta céadluaite. | |
[EN] | (3) Más dealraitheach aon tráth gur cáin ró-bheag a measúnaíodh ar aon chúis, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht bhreise a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn faoi mheasúnacht cánach a sheirbheáil ar aon duine cuntasach, nó, ar iarratas ó dhuine cuntasach, ar a ghníomhaire, nó ar ionadaí pearsanta duine chuntasaigh má bhíonn an duine sin tar éis bháis. | |
[EN] | (5) I gcás nach feasach do na Coimisinéirí áit chónaí an duine chuntasaigh nó áit chónaí a ionadaí phearsanta féadfaidh siad fógra faoin measúnacht a dhéanamh mar aon le cibé sonraí ina thaobh sin is cuí leo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar an bhfógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil measfar go ndearnadh fógra faoin measúnacht a sheirbheáil, ar dháta an fhoilsithe sin, ar an duine cuntasach nó ar a ionadaí pearsanta, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (6) Féadfaidh na Coimisinéirí aon mheasúnacht, measúnacht cheartúcháin nó measúnacht bhreise faoin alt seo a dhéanamh ó aon tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadfar faoi fhorálacha alt 36 nó ó aon eolas eile i seilbh na gCoimisinéirí nó aon fhoinse nó foinsí de na foinsí sin. | |
[EN] | (7) Nuair a bheidh aon mheasúnacht, measúnacht cheartúcháin nó measúnacht bhreise á dhéanamh ag na Coimisinéirí ar shlí seachas ó thuairisceán nó ó thuairisceán breise lena mbeidh siad sásta, measúnóidh siad cibé méid cánach is cóir de réir mar is fearr is eol dóibh, mar a cuireadh i bhfios dóibh agus mar a chreideann siad, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc. | |
[EN] |
Cáin a ríomh. |
40. —Ríomhfar de réir forálacha an Dara Sceideal an méid cánach is iníoctha. |